Language of document :

Caingean arna tabhairt an 23 Feabhra 2024 – An Coimisiún Eorpach v An Ungáir

(Cás C-144/24)

Teanga an cháis: an Ungáiris

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Armati, M. Mataija agus A. Tokár, Gníomhairí)

Cosantóir: An Ungáir

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

(1) a dhearbhú gur theip ar an Ungáir a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagal 49 CFAE agus Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2015/1535 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht sa mhargadh aonair, le glacadh Korm. Rendelet 404/2021 (Foraithne Rialtais Uimh. 404/2021) agus 405/2021. sz. Korm. Rendele (Foraithne Rialtais Uimh. 405/2021) maidir leis an dleacht mianra sa bhreis a íoc agus leis an íosmhéid bainte mianra agus le glacadh 2021. évi CXXXVI. Törvény (Acht CXXXVI) lena bhforlíontar bányászatról szóló 1993. évi XLVIII. Törvény (Acht Mianach XLVIII 1993) trí Airteagail 27A, 27B agus 27C a thabhairt isteach;

(2) a ordú don Ungáir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt a dhearbhú gur sháraigh an Ungáir an tsaoirse bunaíochta faoi dhlí an Aontais agus Treoir 2015/1535 maidir le trédhearcacht sa mhargadh aonair.

In 2021, ghlac Rialtas na hUngáire dhá fhoraithne rialtais lena ndearnadh, ar thaobh amháin, gur lú ná praghas an mhargaidh an praghas oifigiúil ar bhunábhair thógála amhail gaineamh, gairbhéal agus stroighin. Ceanglaítear ar na gnóthais a bhfuil an t-ábhar sin á bhaint acu – ar gnóthais iad atá á rialú den chuid is mó ag gnóthais atá bunaithe i mBallstáit eile – dleacht mianra sa bhreis a íoc, de luach 90 % den difríocht idir an praghas oifigiúil agus an praghas díola . Tá ar ghnóthais atá faoi réir na Rialachán sin cloí le híosmhéid bainte mianra arna shocrú ag an rialtas i bpian a gceadúnas a chailleadh.

D’ainneoin gur glacadh na bearta rialtais sin le linn tréimhse idirthréimhseach, – i dtosach níor bhaineadar ach le tréimhse na paindéime COVID-19 amháin – leasaigh Parlaimint na hUngáire an tAcht um Mianaigh chomh maith agus d’údaraigh sí uachtarán an údaráis maoirseachta inniúil chun a leithéidí de bhearta a ghlacadh.

De réir an Choimisiúin, sáraítear an tsaoire bunaíochta a chumhdaítear i CFAE leis na dlíthe sin toisc go gcuirtear srian leo ar dhaoine agus ar ghnóthais atá bunaithe i mBallstáit eile agus gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme na ndlíthe sin á bhfeidhmiú nó á dtosú acu san Ungáir. Chomh maith leis sin, dlíodh ar an Ungáir na dréachtrialacha sin a chur in iúl don Choimisiún faoi Threoir 2015/1535, rud nach ndearna sí.

____________

1 Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).