Language of document :

Caingean arna tabhairt an 7 Samhain 2022 – Dr. Neumann & Kindler v EUIPO – Laboratory Corporation of America Holdings (LABCORP)

(Cás T-673/22)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Dr. Neumann & Kindler GmbH & Co. KG (Bochum, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Pfeifer agus N. Gottschalk, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Laboratory Corporation of America Holdings (Burlington, North Carolina, na Stáit Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh “LABCORP” – Iarratas Uimh. 15 174 766

Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 25 Lúnasa 2022 i gCás R 182/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a íoc agus a ordú don idiragraí ionchasach costais na n-imeachtaí achomhairc os comhair EUIPO a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 47(2) agus (3) de Rialachán 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________