Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 17 Samhain 2023 – Flightright GmbH v Condor Flugdienst GmbH
(Cás C-705/23, Condor Flugdienst)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Düsseldorf
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir is achomharcóir: Flightright GmbH
Cosantóir is freagróir: Condor Flugdienst GmbH
An cheist a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 1 le léiriú sa chaoi go bhfuil cás ina ndiúltaítear bordáil do phaisinéir ag aeriompróir i bhfoirm diúltiú bordála réamhghabhálach ann fiú i gcás ina gcuireann tionscnóir turas in iúl don phaisinéir, trí fhógra a thabhairt faoi athrú áirithinte, go bhfuil an eitilt curtha ar ceal, ach nár chuir an t-aeriompróir an eitilt ar ceal agus, thairis sin, go leantar leis an eitilt mar a bhíothas ag súil leis?
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).