Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) an 10 Deireadh Fómhair 2023 – rhtb: projekt gmbh v Parkring 14-16 Immobilienverwaltung GmbH
(Cás C-622/23, rhtb)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: rhtb: projekt gmbh
Cosantóir: Parkring 14-16 Immobilienverwaltung GmbH
Question préjudicielle
An bhfuil Airteagal 2(1)(c) de Threoir 2006/112/CE 1 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 73 den Treoir sin le léiriú sa chaoi go bhfuil an méid atá dlite ag an gcliant don conraitheoir faoi réir CBL freisin i gcás nár cuireadh i gcrích an saothar (go hiomlán), ach go raibh an conraitheoir réidh lena chur i gcrích agus gur cuireadh bac air é sin a dhéanamh mar gheall ar thosca atá inchurtha don chliant (mar shampla, cuireadh an obair ar ceal)?
____________
1 Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1).