Language of document :

Caingean arna tabhairt an 14 Feabhra 2024 – Skechers USA v EUIPO (GO HANDS FREE)

(Cás T-80/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Skechers USA, Inc. II (Manhattan Beach, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: J. Bogatz, Y. Stone agus J. Feigl, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘GO HANDS FREE’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 761 967

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 13 Nollaig 2023 i gCás R 1664/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a thabhaigh an t-iarratasóir a íoc;

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar phrionsabal na córa comhionainne mar a leagtar síos in Airteagal 20 i gcomhair le hAirteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

Sárú ar an gceart chun dea-riaracháin mar a leagtar sios in Airteagal 41(1) de Chairt um Cheart Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

____________