Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 21 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour constitutionnelle (Cúirt Bhunreachtúil, an Bheilg)) – Ligue des droits humains v Conseil des ministres

(Cás C-817/19)1

(Tarchur chun réamhrialú – Próiseáil sonraí pearsanta – Sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 2(2)(d) – Raon Feidhme – Treoir (AE) 2016/681 – Úsáid shonraí PNR maidir le paisinéirí ar eitiltí idir an tAontas Eorpach agus tríu tíortha – Ceart chun sonraí na bpaisinéirí ar eitiltí laistigh den Aontas a chur san áireamh – Próiseáil uathoibríoch na sonraí sin – Tréimhse stórála – An comhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach – Bailíocht – Cairt um chearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 7, 8 agus 21, chomh maith le hAirteagal 52(1) – Reachtaíocht náisiúnta lena leathnaítear feidhmiú an chórais PNR chuig modhanna iompair eile laistigh den Aontas – Saoirse gluaiseachta laistigh den Aontas – An Chairt um Chearta Bunúsacha – Airteagal 45)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour constitutionnelle (an Bheilg)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Ligue des droits humains

Cosantóir: Conseil des ministres (Comhairle na nAirí, an Bheilg)

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 2(2)(d) agus ar Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil an Rialachán sin infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta dá bhforáiltear i reachtaíocht náisiúnta atá beartaithe chun forálacha Threoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid atá ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl, chomh maith le Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe i ndáil le longa atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht uathu agus lena n aisghairtear Treoir 2002/6/CE agus Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh maidir le, ar thaobh amháin, próiseáil sonraí arna déanamh ag oibreoirí príobháideacha agus, ar an taobh eile, próiseáil sonraí arna déanamh ag údaráis phoiblí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2004/82 nó Threoir 2010/65, amháin nó freisin. Os a choinne sin, níl an Rialachán sin infheidhme maidir le próiseáil sonraí dá bhforáiltear i reachtaíocht den sórt sin nach dtagann ach faoi Threoir 2016/681 arna déanamh ag Aonad ainmnithe um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí (PIU) nó ag na húdaráis inniúla chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir sin.

Ós rud é go n áirithítear le léirmhíniú ar Threoir 2016/681 i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 21 chomh maith le hAirteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go bhfuil an Treoir sin i gcomhréir leis na hAirteagail sin den Chairt um Chearta Bunúsacha, níor léirigh an scrúdú ar an dara, an ceathrú agus an séú ceist aon fhachtóir de chineál a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhailíocht na Treorach sin. 3.

Ní mór Airteagal 6 de Threoir 2016/681, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8, chomh maith le hAirteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena n-údaraítear próiseáil sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (sonraí PNR) arna mbailiú i gcomhréir leis an Treoir sin chun críocha seachas na críocha sin a luaitear go sainráite in Airteagal 1(2) den Treoir sin.

Ní mór Airteagal 12(3)(b) de Threoir 2016/681 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil stádas ag an údarás a bunaíodh mar Aonad ainmnithe um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí (PIU) mar údarás inniúil náisiúnta freisin a bhfuil cumhacht aige nochtadh shonraí PNR a fhormheas ar dhul in éag na tréimhse sé mhí tar éis aistriú na sonraí sin chuig PIU.

Ní mór Airteagal 12(1) de Threoir 2016/681, arna léamh in éineacht le hAirteagail 7 agus 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do thréimhse ghinearálta choinneála cúig bliana le haghaidh shonraí PNR, a bheidh infheidhme gan idirdhealú maidir le gach aerphaisinéir, lena n áirítear iad siúd nár nochtadh ina leith leis an réamh-mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) den Treoir sin, ná le haon seiceálacha a rinneadh le linn na tréimhse sé mhí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir sin, ná le haon chúinse eile go bhfuil fianaise oibiachtúil ann a d’fhéadfadh riosca a shuí i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach, a bhfuil nasc oibiachtúil acu, indíreach ar a laghad, le haeriompar paisinéirí.

Ní mór Treoir 2004/82 a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil feidhm aici maidir le heitiltí, bíodh siad sceidealta nó neamhsceidealta, de chuid aeriompróir atá ag eitilt ó chríoch Bhallstáit agus atá beartaithe tuirlingt ar chríoch ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit eile gan aon stadanna ar chríoch tríú tír (eitiltí laistigh den Aontas).

Ní mór dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 2 de Threoir 2016/681, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE agus, Airteagal 67(2), CFAE agus Airteagal 45 den Chairt um Chearta Bunúsacha a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar:

–     reachtaíocht náisiúnta, lena bhforáiltear, in éagmais bagairt dháiríre reatha sceimhlitheoireachta nó bagairt sceimhlitheoireachta intuartha don Bhallstát lena mbaineann, do chóras aistrithe ag aeriompróirí agus oibreoirí taistil, mar aon le próiseáil arna déanamh ag na húdaráis inniúla ar shonraí PNR gach eitilte laistigh den Aontas agus iompar a dhéantar ar mhodhanna eile laistigh den Aontas, ón mBallstát nó chuig an mBallstát nó fiú atá ar idirthuras tríd an mBallstát sin, chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chomhrac. I gcás den sórt sin, ní mór cur i bhfeidhm an chórais a bunaíodh le Treoir 2016/681 a theorannú d’aistriú agus do phróiseáil shonraí PNR eitiltí agus/nó iompair a bhaineann go háirithe le bealaí áirithe nó le patrúin taistil áirithe nó le fiú haerfoirt, le stáisiúin nó le calafoirt áirithe a bhfuil tásca ann go bhfuil údar maith le cur i bhfeidhm den sórt sin. Is faoin mBallstát lena mbaineann atá sé na heitiltí laistigh den Aontas agus/nó na hoibríochtaí iompair arna ndéanamh trí mhodhanna eile laistigh den Aontas a roghnú a bhfuil tásca den sórt sin ann ina leith agus an cur i bhfeidhm sin a athscrúdú go rialta de réir aon athrú ar na cúinsí a thug bonn cirt lena roghnú, chun a áirithiú go mbeidh cur i bhfeidhm an chórais sin ar na heitiltí agus/nó an iompar sin teoranta i gcónaí don mhéid atá fíor-riachtanach, agus

– reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do chóras den sórt sin maidir le sonraí den sórt sin a aistriú agus a phróiseáil chun críocha rialuithe teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac.

Ní mór dlí an Aontais a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar chúirt náisiúnta teorainn ama a chur le héifeachtaí dearbhaithe neamhdhleathachta atá de dhualgas ar an gcúirt sin a dhéanamh, faoin dlí náisiúnta, maidir le reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar aeriompróirí, ar iompróirí iarnróid agus ar iompróirí de thalamh agus ar oibreoirí taistil sonraí PNR a aistriú agus lena bhforáiltear do phróiseáil agus coinneáil na sonraí sin nach bhfuil ag luí le forálacha Threoir 2016/681, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE, Airteagal 67(2) CFAE, Airteagail 7, 8 agus 45 agus Airteagal 52(1) den Chairt. I gcomhréir le prionsabal neamhspleáchas na mBallstát ó thaobh nósanna imeachta de, tagann inghlacthacht na fianaise a fhaightear ar an gcaoi sin faoin dlí náisiúnta, faoi réir phrionsabal na coibhéise agus phrionsabal na héifeachtachta, inter alia, a chomhlíonadh.

____________

1 IO C 36, an 03.02.2020