Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir), arna taisceadh an 17 Feabhra 2022 – NG v Direktor na Glavna direktsia “Natsionalna politsia” pri MVR – Sóifia

(Cás C-118/22)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: NG

Freagróir ar phointe dlí: Direktor na Glavna direktsia “Natsionalna politsia” pri MVR – Sóifia

An cheist a tharchuirtear

An gceadaítear leis an léirmhíniú ar Airteagal 5 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13(2)(b) agus (3) de Threoir (AE) 2016/680 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, bearta náisiúnta reachtacha a bhfuil mar thoradh orthu go bhfuil ceart nach mór gan srian ag na húdaráis inniúla chun sonraí pearsanta a phróiseáil chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó pionóis choiriúla a chur i bhfeidhm, agus/nó chun ceart an ábhair sonraí chun próiseáil a shonraí a shrianadh nó chun iad a léirscriosadh nó a dhíothú?

____________

1 IO 2016 L 119, lch. 89.