Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tallinna Halduskohus (an Eastóin) a taisceadh an 5 Eanáir 2022 – Est Wind Power OÜ v AS Elering

(Cás C-11/22)

Teanga an cháis: an Eastóinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tallinna Halduskohus

Na páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Est Wind Power OÜ

Cosantóir: AS Elering

Na ceisteanna arna dtarchur

An gcaithfear forálacha an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Státchabhair, go háirithe an chéad rogha don sainmhíniú ar “tús oibreacha” i mír 19(44) den Teachtaireacht ón gCoimisiún “Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020”, 1 eadhon, “tús oibreacha foirgníochta ar an infheistíocht”, a léirmhíniú sa chaoi is go gciallaíonn sé sin tús oibreacha foirgníochta a bhaineann le tionscadal infheistíochta ar bith nó tús oibreacha foirgníochta amháin a bhaineann le suiteáil an tionscadail infheistíochta lena soláthrófar fuinneamh inathnuaite?

An gcaithfear forálacha an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Státchabhair, go háirithe an chéad rogha don sainmhíniú ar “tús oibreacha” i mír 19(44) den Teachtaireacht ón gCoimisiún “Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020”, eadhon, “tús oibreacha foirgníochta ar an infheistíocht”, a léirmhíniú sa chaoi is go gciallaíonn sé sin, i gcás ina bhfuil tús na n-oibreacha foirgníochta a bhaineann leis an infheistíocht cinnte ag údarás inniúil an Bhallstáit, nach mór don údaráis inniúil sin, i gcomhréir leis an bprionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint, a mheas cén chéim forbartha ag a bhfuil an tionscadal infheistíochta agus a dhóchúla is atá sé go gcuirfear an tionscadal sin i gcrích?

Más freagra dearfach a gheofar ar an gceist roimhe seo: an féidir imthosca oibiachtúla eile, ar nós imeachtaí dlí nár críochnaíodh go fóill a chuireann bac ar leanúint den tionscadal infheistíochta, a chur san áireamh agus céim forbartha an tionscadail infheistíochta á meas?

An bhfuil sé ábhartha sa chás seo gur chinn Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i gCás C-349/17 1 , Eesti Pagar, i míreanna 61 agus 68, nach critéar soiléir ná critéar a bhfuil na húdaráis náisiúnta in ann a chur i bhfeidhm go héasca an cheist an bhfuil éifeacht dreasachta ann nó nach bhfuil, mar bheadh gá ann, chun é sin a fhíorú, measúnú casta eacnamaíoch a dhéanamh, cás ar chás, agus mar sin ní chomhlíonfar le critéar den sórt sin an riachtanas atá ann go mbeadh na critéir a bhaineann le díolúine a chur i bhfeidhm soiléir agus éasca le cur i bhfeidhm ag na húdaráis náisiúnta?

Más freagra dearfach a gheofar ar an gceist roimhe seo: an gcaithfear forálacha an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Státchabhair, go háirithe fonóta 66 le mír 126 den Teachtaireacht ón gCoimisiún “Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020”, i dteannta le mír 19(44) den teachtaireacht chéanna, a léirmhíniú sa chaoi is go gciallaíonn siadsan nach bhfuil ar an údarás náisiúnta, agus scrúdú á dhéanamh aige ar na critéir maidir le tús na n-oibreacha, measúnú eacnamaíoch ar an tionscadal infheistíochta a dhéanamh ar bhonn cás ar chás?

Más freagra dearfach a gheofar ar an gceist roimhe seo: an gcaithfear forálacha an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Státchabhair, go háirithe an rogha dheireanach sa téarma “tús na n-oibreacha” i mír 19(44) den Teachtaireacht ón gCoimisiún “Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020”, eadhon “gealltanas eile a fhágann go bhfuil an infheistíocht dochúlaithe”, a léirmhíniú sa chaoi is go gciallaíonn sé sin go bhfágann gealltanas ar bith eile – seachas talamh a cheannach agus réamhobair a dhéanamh (mar shampla, ceadúnas foirgníochta a fháil) – go bhfuil an infheistíocht dochúlaithe, beag beann ar na costais a bhaineann leis an ngealltanas a glacadh?

An gcaithfear forálacha an Aontais Eorpaigh a bhaineann le Státchabhair, go háirithe an téarma “tús na n-oibreacha” i mír 19(44) den Teachtaireacht ón gCoimisiún “Treoirlínte maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020”, a léirmhíniú sa chaoi is go gciallaíonn siad gur réamhchoinníollacha bunúsacha a bhaineann le tús na n-oibreacha iad ceart a bheith ag an táirgeoir fuinnimh an talamh a úsáid agus údarú ón Stát an tionscadal infheistíochta a chur chun feidhme?

Más freagra dearfach a gheofar ar an gceist roimhe seo: an gcaithfear an téarma “údarú ón Stát chun an tionscadal infheistíochta a chur i bhfeidhm” a léirmhíniú i bhfianaise an dlí náisiúnta, agus an é atá i gceist leis sin ná údarú amháin, arb é an t-údarú sin an bonn ar a dhéantar na hoibreacha foirgníochta a bhaineann leis an tionscadal infheistíochta?

____________

1 IO 2014 C 200, lch.1.

1 EU:C:2019:172.