Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Corte costituzionale (an Iodáil) a taisceadh an 27 Feabhra 2024 – Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS) v V. M.

(Cás C-151/24, Luevi1 )

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte costituzionale

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS)

Cosantóir: V. M.

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 12(1)(e) de Threoir (AE) 2011/98 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le nós imeachta um iarratas aonair le haghaidh cead aonair do náisiúnaigh tríú tír chun cónaí agus obair a dhéanamh ar chríoch Ballstáit agus maidir le tacar coiteann de chearta d’oibrithe tríú tír a chónaíonn go dleathach i mBallstát1 , lena dtugtar léiriú sonrach ar chosaint na teidlíochta ar shochair slándála sóisialta dá bhforáiltear in Airteagal 34(1) agus (2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le léiriú sa chaoi a chiallaíonn go gcumhdaítear leis cúnamh amhail an liúntas sóisialta faoi Airteagal 3(6) de legge 8 agosto 1995, n. 335 (Riforma del sistema pensionistico obbligatorio empletare) (Dlí Uimh. 335 an 8 Lúnasa 1995 lena leasaítear an scéim pinsean éigeantaigh agus chomhlántach), agus an gcuirtear cosc le dlí an Aontais mar sin ar reachtaíocht náisiúnta lena mainnítear an cúnamh a deonaíodh cheana féin do náisiúnaigh choigríche a leathnú chuig náisiúnaigh choigríche a shealbhaíonn cead cónaithe aonair dá dtagraítear sa Treoir sin ar choinníoll go bhfuil cead cónaithe fadtéarmach de chuid an Aontais acu?

____________

1     Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     IO 2011 L 343, lch. 1.