Caingean arna tabhairt an 4 Iúil 2023 – Verla-Pharm Arzneimittel v EUIPO – Converso (Pherla)
(Cás T-357/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Verla-Pharm Arzneimittel GmbH & Co. KG (Tutzing, an Ghearmáin) (ionadaí: M.-C. Seiler, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Valeria Converso (San Giorgio a Cremano, an Iodáil)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “Pherla” – Iarratas ar chlárú Uimh. l8 319 785
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Feabhra 2023 i gCás R 268/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid, ar tugadh fógra ina leith an 25 Aibreán 2023, a chur ar neamhní;
seasamh leis an uimhir freasúra B 3 139 093 ina iomláine, agus diúltú don iarratas atá faoi chonspóid i ndáil leis na hearraí uile atá faoi chonspóid in aicme 5;
de mhalairt air sin, an cás a tharchur chuig an mBord Achomhairc lena athscrúdú;
a ordú do EUIPO costais agus speansais an iarratasóra a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar an gcéad abairt d’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shárú ar oibleagáid an chosantóra cúiseanna lena chinntí a lua, dá bhforáiltear freisin in Airteagal 41(1), (2)(c) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
Sárú ar an dara habairt d’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shárú ar cheart an iarratasóra éisteacht a fháil, dá bhforáiltear freisin in Airteagal 41(1), (2)(a) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trína chur i bhfeidhm go mícheart agus trína shárú dá réir sin.
____________