Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach (Éire) a taisceadh an 2 Márta 2022 – Imeachtaí Coiriúla i gcoinne OM

(Cás C-142/22)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

Cúirt Uachtarach

Imeachtaí Coiriúla i gcoinne

OM

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Ar chóir go léireofaí Airteagal 27 den Chinneadh Réime1 sa tslí go gciallaíonn sé go gcruthaítear caidreamh dlíthiúil le cinneadh duine a thabhairt suas idir é, an Stát forghníomhaitheach agus an Stát iarrthach agus gur gá go dtuigfí aon saincheist a dtuigtear gur cinneadh í go críochnaitheach sa Chinneadh sin a bheith cinnte chomh maith chun críoch an nós imeachta chun comhthoiliú a fháil chun tuilleadh ionchúisithe nó pionóis maidir le cionta eile?

Más é freagra cheist 1 nach n-éilítear an léiriú sin le hAirteagal 27, an sáraítear prionsabal na héifeachtachta le riail nós imeachta náisiúnta má fheidhmíonn sí le cosc a chur ar an duine lena mbaineann, i gcomhthéacs iarratais ar chomhthoil, brath ar bhreithiúnas ábhartha de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh arna thabhairt sa tréimhse ama i ndiaidh an ordaithe chun tabhartha suas?

____________

1 2002/584/JHA: Cinneadh Réime an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit – Ráitis arna dtabhairt ag Ballstáit áirithe ar ghlacadh an Chinnidh Réime (IO 2002, L 190, lch. 1).