Language of document :

Caingean arna tabhairt an 3 Deireadh Fómhair 2023 – Hamster Polska v EUIPO – Budotechnika (Leithris allamuigh, Leithris phoiblí)

(Cás T-611/23)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Hamster Polska sp. z o.o. (Rybnik, an Pholainn) (ionadaí: A. Szczurek, radca prawny)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Budotechnika sp. z o.o. (Pilchowice an Pholainn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail “Leithris allamuigh, Leithris phoiblí” – Dearadh an Aontais Eorpaigh Uimh. 1 653 676-0005

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí neamhbhailíochta 

An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dTríú Bhord Achomhairc de EUIPO an 4 Lúnasa 2023 i gCás R 49/2023-3

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus é a leasú trí thrádmhairc Uimh. 1 653 676-0005 a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc, go háirithe na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Bhord Achomhairc de EUIPO;

a ordú don idiragraí na costais arna dtabhú sna n-imeachtaí os comhair EUIPO agus os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagail 25(1)(b), 8(1), 53(1) agus 63 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;

Sárú ar Airteagail 25(1)(b), 4(1), 5(2), 6, 7(1) agus 53(1) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.

____________