Language of document :

Caingean arna tabhairt an 18 Nollaig 2023 – ePURE agus Pannonia Bio v An Pharlaimint agus an Chomhairle

(Cás T-1165/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: ePURE, de Europese Producenten Unie van Hernieuwbare Ethanol (Etterbeek, an Bheilg), Pannonia Bio Zrt. (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: M.-S. Dibling agus G. Michaux, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

Mír 1(a) d’Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2023/1805 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin a úsáid sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE 1 a chur ar neamhní, a mhéid a mheastar ann go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna ag bithbhreoslaí a tháirgtear ó bharra bia agus beatha agus atá ag an gconair breosla iontaise is lú fabhar le haghaidh an chineáil sin breosla;

a ordú don Pharlaimint agus don Chomhairle a gcostais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna na cosantóirí earráid fhollasach mheasúnaithe trí mhainneachtain brath ar shonraí eolaíocha agus teicniúla agus a mbeartas i réimse an chomhshaoil á ullmhú acu mar a cheanglaítear le hAirteagal 191 CFAE agus toisc nár thug siad réasúin leordhóthanacha mar a cheanglaítear le hAirteagal 296 CFAE, agus é á mheas go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna ag bithbhreoslaí lena gcomhlíontar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED) agus atá ag an mbreosla iontaise is lú fabhar san iompar muirí.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh na cosantóirí prionsabal na comhréireachta faoi Airteagal 5(4) CAE trína mheas go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna ag bithbhreoslaí bunaithe ar bharra atá comhlíontach le RED agus atá ag an mbreosla iontaise is lú fabhar san iompar muirí, ós rud é nach bhfuil sé oiriúnach ná riachtanach i ndáil leis an gcuspóir dearbhaithe agus gurb ann do bhearta malartacha nach bhfuil chomh sriantach céanna chun an cuspóir céanna a bhaint amach.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh na cosantóirí prionsabal na córa comhionainne trína mheas go bhfuil na fachtóirí astaíochta céanna ag bithbhreoslaí bunaithe ar bharra atá comhlíontach le RED agus atá ag an mbreosla iontaise is lú fabhar san iompar muirí. Déantar prionsabal na córa comhionainne a shárú chomh maith céanna trí bhithbhreoslaí inbhuanaithe atá bunaithe ar bharra bia agus beatha, bithbhreoslaí a dhéantar as bunábhar lena ngabhann ardriosca iLUC, ar bithbhreoslaí iad a dtugtar faoi deara go gcuirtear síneadh suntasach ar an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige mar thoradh orthu (i.e. ola pailme), a chur trí chéile le bithbhreoslaí eile atá bunaithe ar bharra atá comhlíontach le RED, agus trí chaitheamh go héagsúil le bhithbhreoslaí inbhuanaithe atá bunaithe ar bharra atá comhlíontach le RED in earnáil an iompair de bhóthar agus d’iarnród agus in earnáil an iompair mhuirí. Sháraigh na cosantóirí prionsabal na neodrachta teicneolaíche freisin.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear nár chloígh na cosantóirí le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus na n-ionchas dlisteanach, ós rud é go bhfuil easpa comhsheasmhachta in RED 2018 agus san fhoráil den Rialachán Muirí FuelEU atá faoi chonspóid trí chaitheamh go héagsúil le bithbhreoslaí atá bunaithe ar bharra atá comhlíontach le RED, gan údar cuí a bheith leis sin, rud a fhágann go bhfuil easpa deimhneachta dlíthiúla agus ionchais dhlisteanacha ann d’oibreoirí lena mbaineann.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur bhain na cosantóirí mí-úsáid as a gcumhacht trí bheart a ghlacadh nach raibh faoi raon na gcumhachtaí a deonaíodh dóibh.

____________

1 IO 2023, L 234, lch. 48