Language of document : ECLI:EU:C:2022:568

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

14 Iúil 2022 (*)

(Caingean le haghaidh neamhniú — Dlí institiúideach — Rialachán (AE) 2018/1718 — Suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) a shocrú in Amstardam (an Ísiltír) — Airteagal 263 CFAE — Inghlacthacht — Leas i gcaingean a thionscnamh — Locus standi — Dá chúram go díreach agus go leithleach — Cinneadh arna ghlacadh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar imeall cruinnithe den Chomhairle chun suíomh gníomhaireachta de chuid an Aontais a chinneadh — Easpa éifeachtaí ceangailteacha i ndlíchóras an Aontais — Sainchumais Pharlaimint na hEorpa)

I gCásanna Uamtha C-106/19 agus C-232/19,

IARRAIDH ar dhá chaingean le haghaidh neamhniú faoi Airteagal 263 CFAE, a tionscnaíodh an 11 Feabhra 2019 agus an 14 Márta 2019, idir

Poblacht na hIodáile, arna hionadú ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó C. Colelli, S. Fiorentino agus G. Galluzzo, avvocati dello Stato (C-106/19),


Comune di Milano, arna ionadú ag J. Alberti, M. Condinanzi, A. Neri agus F. Sciaudone, avvocati (C-232/19),

iarratasóirí,

agus

Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag M. Bauer, J. Bauerschmidt, F. Florindo Gijón agus E. Rebasti, i gcáil Gníomhairí,


Parlaimint na hEorpa, arna hionadú ag I. Anagnostopoulou, A. Tamás agus L. Visaggio, i gcáil Gníomhairí,

cosantóirí,

arna dtacú ag:

Ríocht na hÍsiltíre, arna hionadú ag M.K. Bulterman agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí,

An Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag K. Herrmann, D. Nardi agus P.J.O. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí,

idiragraithe,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra)

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, S. Rodin, I. Jarukaitis, N. Jääskinen agus J. Passer, Uachtaráin Dlísheomra, J.-C. Bonichot, M. Safjan, F. Biltgen, P.G. Xuereb, A. Kumin agus N.Wahl (Rapóirtéir), Breithiúna

Abhcóide Ginearálta: M. Bobek,

Cláraitheoir: R. Şereş, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 8 Meitheamh 2021,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 6 Deireadh Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Trína n-iarratais, iarrann Poblacht na hIodáile (C-106/19) agus Comune di Milano (C-232/19) go ndéanfaí Rialachán (AE) 2018/1718 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 maidir le láthair shuíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) (IO 2018 L 291, lch. 3; “an Rialachán atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní.

 An dlí lena mbaineann

2        An 12 Nollaig 1992, ghlac Ionadaithe Rialtais na mBallstát de thoil a chéile, ar bhonn Airteagal 216 de Chonradh CEE, Airteagal 77 de Chonradh CEGC agus Airteagal 189 de Chonradh CEFA, an Cinneadh maidir le suímh institiúidí na gComhphobal Eorpach agus suímh eagras agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach a shocrú (IO 1992 C 341, lch. 1, “Cinneadh Dhún Éideann”).

3        Socraíodh suímh Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an Choimisiúin Eorpaigh, Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta faoi seach le hAirteagal 1 de Chinneadh Dhún Éideann.

4        De bhun Airteagal 2 den Chinneadh sin:

“Cinnfidh Ionadaithe Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ag Comhairle Eorpach amach anseo suíomh comhlachtaí agus ranna eile atá curtha ar bun nó atá le cur ar bun, ag cur san áireamh buntáistí na bhforálacha thuas do na Ballstáit lena mbaineann agus ag tabhairt tosaíocht iomchuí do na Ballstáit sin nach bhfuil ina n-óstach ar shuíomh institiúide de chuid na gComhphobal faoi láthair.”

5        Foráiltear le hAirteagal 341 CFAE go “[g]Cinnfidh Rialtais na mBallstát, de thoil a chéile, suíomh institiúidí an Aontais”.

6        Faoi Phrótacal Uimh. 6 maidir le suímh institiúidí an Aontais Eorpaigh, suímh comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna áirithe de chuid an Aontais Eorpaigh a shocrú (“Prótacal Uimh. 6”), atá i gceangal le Conarthaí AE, FAE agus CEFA:

“Tá Ionadaithe Rialtais na mBallstát,

Ag féachaint d'Airteagal 341 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus d'Airteagal 189 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

Ag meabhrú dóibh agus ag deimhniú Chinneadh an 8 Aibreán 1965 agus gan dochar do na cinntí maidir le suíomh institiúidí, comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus ranna a bheidh ann amach anseo,

Tar éis comhaontú ar na forálacha seo a leanas [...]:

Airteagal Aonair

a)      Beidh suíomh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg [...]

b)      Beidh suíomh na Comhairle sa Bhruiséil. [...]

c)      Beidh suíomh an Choimisiúin sa Bhruiséil. [...]

d)      Beidh suíomh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

e)      Beidh suíomh na Cúirte Iniúchóirí i Lucsamburg.

f)      Beidh suíomh an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta sa Bhruiséil.

g)      Beidh suíomh Choiste na Réigiún sa Bhruiséil.

h)      Beidh suíomh an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta i Lucsamburg.

i)      Beidh suíomh an Bhainc Ceannais Eorpaigh in Frankfurt.

j)      Beidh suíomh na hOifige Eorpaí Póilíní (Europol) sa Háig.”

 Cúlra na díospóide

7        Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Meastóireacht ar Tháirgí Íocshláinte le Rialachán (CEE) Uimh. 2309/93 ón gComhairle an 22 Iúil 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Meastóireacht ar Tháirgí Íocshláinte (IO 1993 L 214, lch. 1). Ní raibh aon fhoráil sa Rialachán sin maidir le suíomh na gníomhaireachta sin a bhunú.

8        De bhua Airteagal 1(e) de Chinneadh 93/C 323/01 an 29 Deireadh Fómhair 1993 arna ghlacadh trí Chomhaontú idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, de thoil a chéile ar leibhéal na gCeannairí Stáit agus Rialtais, maidir leis an suíomh ina mbeidh suíocháin comhlachtaí agus ranna áirithe de chuid na gComhphobal Eorpach agus Europol (IO 1993 C 323, lch. 1), socraíodh suíomh na gníomhaireachta sin i Londain (an Ríocht Aontaithe).

9        Aisghaireadh Rialachán Uimh. 2309/93 agus ina ionad cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004 L 136, lch. 1). Leis an Rialachán sin, athainmníodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Meastóireacht ar Tháirgí Íocshláinte mar “An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach”. Ní raibh aon fhoráil sa Rialachán sin maidir le suíochán an tsuímh sin a shocrú.

10      An 29 Márta 2017, thug Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann fógra don Chomhairle Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE, go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach.

11      An 22 Meitheamh 2017, ar imeall cruinnithe den Chomhairle Eorpach maidir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 50 CAE, d’fhormheas Ceannairí Stáit nó Rialtais na 27 mBallstát eile nós imeachta, ar bhonn togra ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus ó Uachtarán an Choimisiúin, chun cinneadh a ghlacadh maidir le haistriú chuig suíomhanna eile de chuid EMA agus an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (“na rialacha roghnúcháin”).

12      Foráladh sna rialacha roghnúcháin go háirithe go ndéanfaí an cinneadh sin ar bhonn próiseas cinnteoireachta a bheadh cothrom agus trédhearcach, lena n-áirítear glao ar thairiscintí a eagrú bunaithe ar chritéir oibiachtúla shonracha.

13      Sa chomhthéacs sin, leagtar amach i bpointe 3 de na rialacha roghnúcháin sé chritéar, eadhon, (i) dearbhú gur féidir an ghníomhaireacht a chur ar bun sa suíomh atá beartaithe agus a feidhmeanna a chomhlíonadh ar an dáta a dtarraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar ón Aontas; ii) inrochtaineacht an láithreáin bheartaithe; (iii) scoileanna leordhóthanacha a bheith ann do leanaí na foirne gníomhaireachta; (iv) rochtain leordhóthanach ar mhargadh an tsaothair, ar shlándáil shóisialta agus ar chúram leighis do leanaí agus do chéilí; (v) leanúnachas gnó, agus (vi) cothromaíocht gheografach.

14      De réir na rialacha roghnúcháin, bunaíodh na critéir sin de réir analaí leo siúd a leagtar amach sa chur chuige comhchoiteann a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann le Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Iúil 2012 maidir le gníomhaireachtaí díláraithe (“Dearbhú Comhpháirteach 2012”), agus aird ar leith á tabhairt ar an bhfíoras go raibh EMA agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach bunaithe cheana féin agus go raibh leanúnachas a ngníomhaíochtaí bunriachtanach.

15      Luadh freisin i bpointe 2 de na rialacha roghnúcháin go ndéanfaí an cinneadh trí bhíthin nós imeachta vótála, ar aontaigh na Ballstáit ar an toradh de a urramú roimh ré. Go háirithe, tugadh le fios, i gcás go mbeadh comhionannas vótaí idir na tairiscintí a bhí fágtha sa tríú babhta vótála, go ndéanfaí crannchur idir na tairiscintí a bheadh cothrom.

16      An 30 Meán Fómhair 2017, d’fhoilsigh an Coimisiún a mheasúnú ar na 27 dtairiscint a chuir na Ballstáit isteach.

17      An 31 Deireadh Fómhair 2017, d’eisigh an Chomhairle nóta chun na rialacha roghnúcháin a fhorlíonadh maidir leis na saincheisteanna praiticiúla vótála.

18      An 20 Samhain 2017, fuair tairiscintí Phoblacht na hIodáile agus Ríocht na hÍsiltíre, ex aequo, an líon vótaí ab airde sa tríú ballóid. Tar éis crannchur a eagraíodh i gcomhréir le pointe 2 de na rialacha roghnúcháin, glacadh le tairiscint Ríocht na hÍsiltíre.

19      Dá bhrí sin, ar an dáta céanna sin, roghnaigh Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ar imeall cruinnithe den Chomhairle, cathair Amstardam mar shuíomh nua EMA (“Cinneadh an 20 Samhain 2017”). Luadh an méid seo a leanas i miontuairiscí agus preaseisiúint an chruinnithe seo:

“Ullmhóidh an Coimisiún tograí reachtacha anois agus vóta an lae inniu á chur san áireamh, d’fhonn iad a ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach, le rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa. Tá an Chomhairle agus an Coimisiún meáite ar a áirithiú go ndéanfar na tograí reachtacha sin a phróiseáil a luaithe is féidir i bhfianaise phráinn an ábhair.”

20      An 29 Samhain 2017, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 maidir le suíomh shuíochán na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí [COM (2017) 735 final]. Sonraíodh, sna forais leis an togra seo, “tar éis an fhógra a thug an Ríocht Aontaithe an 29 Márta 2017 go bhfuil sé ar intinn aici an tAontas a fhágáil i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, [gur] roghnaigh na 27 mBallstát eile, ag teacht le chéile dóibh ar imeall na Comhairle Gnóthaí Ginearálta (Airteagal 50), Amstardam san Ísiltír mar shuíomh nua EMA”. Foráiltear le hAirteagal 1 den togra sin Airteagal 71a a chur isteach i Rialachán Uimh. 726/2004, a leagadh amach sna téarmaí seo a leanas: “Beidh suíomh na Gníomhaireachta in Amstardam na hÍsiltíre.”

21      An 14 Samhain 2018, glacadh an Rialachán atá faoi chonspóid ar bhonn Airteagal 114 agus Airteagal 168(4)(c) CFAE.

22      Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 1, 2 agus 3 den Rialachán sin:

(1)      I gcomhthéacs an fhógra a thug an Ríocht Aontaithe an 29 Márta 2017 go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (“CAE”), roghnaigh na 27 mBallstát eile, ar theacht le chéile dóibh ar an 20 Samhain 2017 ar imeall na Comhairle, Amstardam na hÍsiltíre mar shuíomh nua na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí [“EMA”].

(2)      Ag féachaint d’Airteagal 50(3) CAE, ba cheart [do EMA] a suíomh nua a ghlacadh ón 30 Márta 2019.

(3)      Chun feidhmiú cuí na [EMA] ina láthair nua a áirithiú, ba cheart comhaontú ceanncheathrún a thabhairt i gcrích idir [EMA] agus an Ísiltír sula nglacfaidh [EMA] a suíomh nua.”
[Aistriúchán neamhoifigiúil]


23      Foráiltear le hAirteagal 1 den Rialachán atá faoi chonspóid Airteagal 71a a chur isteach i Rialachán Uimh. 726/2004, a leagadh amach sna téarmaí seo a leanas:

“Beidh suíomh [EMA] in Amstardam na hÍsiltíre.

Glacfaidh údaráis inniúla na hÍsiltíre gach beart is gá chun a áirithiú go mbeidh [EMA] in ann bogadh go dtí a láthair shealadach tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2019 agus go mbeidh sí in ann bogadh go dtí a láthair bhuan tráth nach déanaí ná an 16 Samhain 2019.

Cuirfidh údaráis inniúla na hÍsiltíre tuarascáil i scríbhinn faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn maidir le hoiriúnuithe ar an áitreabh sealadach agus ar thógáil an fhoirgnimh bhuain faoin 17 Feabhra 2019, agus gach 3 mhí ina dhiaidh sin, go dtí go mbeidh [EMA] tar éis bogadh go dtí a láthair bhuan.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

24      De bhun na chéad mhíre agus an dara mír d’Airteagal 2 de, tháinig an Rialachán atá faoi chonspóid i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tháinig sé i bhfeidhm ón 30 Márta 2019.

 An t-ordú atá á lorg

 Cás C-106/19

25      Iarrann Poblacht na hIodáile ar an gCúirt:

–        an Rialachán atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, agus

–        a ordú don Chomhairle agus don Pharlaimint na costais a íoc.

26      Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt:

–        an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith gan bhunús, agus

–        a ordú do Phoblacht na hIodáile na costais a íoc.

27      Iarrann an Pharlaimint ar an gCúirt:

–        an chaingean a dhíbhe, agus

–        a ordú do Phoblacht na hIodáile na costais a íoc.

 Cás C-232/19

28      Iarrann Comune di Milano ar an gCúirt:

–        an Rialachán atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

–        a dhearbhú go bhfuil cinneadh an 20 Samhain 2017 neamhéifeachtach, agus

–        a ordú don Chomhairle agus don Pharlaimint na costais a íoc.

29      Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt:

–        an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith do-ghlactha;

–        an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith gan bhunús agus

–        a ordú do Comune di Milano na costais a íoc.

30      Iarrann an Pharlaimint ar an gCúirt:

–        an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith do-ghlactha nó, in aon chás, gan bhunús, agus

–        a ordú do Comune di Milano na costais a íoc.

31      Le doiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 29 Aibreán 2019, rinne an Pharlaimint pléadáil maidir le do-ghlacthacht, i gcomhréir le hAirteagal 151(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

32      Ina chuid barúlacha arna dtaisceadh i gClárlann na Cúirte an 1 Iúil 2019, mhaígh Comune di Milano, go príomha, gur cheart diúltú don phléadáil sin maidir le do-ghlacthacht sin agus, de rogha air sin, gur cheart an phléadáil sin a uamadh le substaint an cháis.

 An nós imeachta os comhair na Cúirte

33      Le cinntí ó Uachtarán na Cúirte an 20 Bealtaine 2019 agus an 14 Meitheamh 2019 i gCásanna C-106/19 agus C-232/19, ceadaíodh do Ríocht na hÍsiltíre agus don Choimisiún, faoi seach, idiragairt a dhéanamh mar thaca leis na horduithe atá á lorg ag an gComhairle agus ag an bParlaimint.

34      Le cinneadh an 26 Samhain 2019, uamadh an phléadáil maidir le do-ghlacthacht arna déanamh ag an bParlaimint i gCás C-232/19 le substaint an cháis.

35      Le breith ó Uachtarán na Cúirte an 19 Nollaig 2019, uamadh Cásanna C-106/19 agus C-232/19 chun críocha na n-imeachtaí agus an bhreithiúnais.

36      An 19 Samhain 2020, d’iarr Parlaimint na hEorpa, de bhun an tríú mír d’Airteagal 16 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ar an gCúirt suí mar Mhór-Dhlísheomra sna cásanna seo.

 An t-iarratas ar nós imeachta brostaithe

37      Le hiarratas ar leith an 11 Feabhra 2019, d’iarr Poblacht na hIodáile go ndéileálfaí le Cás C-106/19 faoin nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 133 de na Rialacha Nós Imeachta. Mar thaca leis an iarratas sin, áitíonn sí go raibh aistriú sealadach shuíomh EMA chuig Amstardam ar siúl ar an dáta ar taisceadh a hiarratas agus gur beartaíodh an suíomh sin a aistriú go cinntitheach i mí na Samhna 2019, rud a chuir práinn ar leith le láimhseáil an cháis seo.

38      Foráiltear le hAirteagal 133(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ar iarratas ón iarratasóir nó ón gcosantóir, go bhféadfadh Uachtarán na Cúirte, tar éis páirtí eile, an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, cinneadh a dhéanamh go ndéanfar cás a chinneadh de bhun an nós imeachta brostaithe nuair a éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama.

39      Sa chás seo, ar an 15 Feabhra 2021, chinn Uachtarán na Cúirte, tar éis éisteacht leis na páirtithe eile, leis an mBreitheamh is Rapóirtéir agus leis an Abhcóide Ginearálta, gan an t-iarratas sin a dheonú.

40      Dá ndéanfaí an t-iarratas sin a dheonú, ní bheadh sé ar chumas Phoblacht na hIodáile fionraíocht a fháil ar chur chun feidhme leanúnach an Rialacháin atá faoi chonspóid agus, go háirithe, ar an bpróiseas chun suíomh EMA a aistriú ó Londain go dtí Amstardam. Thairis sin, is léir gur dheacair nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm, mar gheall ar chineál íogair agus casta na saincheisteanna dlíthiúla a eascraíonn as cás C-106/19, agus na cásanna gaolmhara ar thagair Poblacht na hIodáile dóibh ina hiarratas, go háirithe gur cosúil nach bhfuil sé oiriúnach an chuid i scríbhinn den nós imeachta os comhair na Cúirte a ghiorrú (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia “Forumul Judecătorilor din România” agus páirtithe eile, C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-291/19, C-355/19 agus C-397/19, EU:C:2021:393, mír 103 agus an cásdlí dá dtagraítear).

 Maidir leis na caingne

 Maidir le hinghlacthacht na caingne a thionscain Comune di Milano i gCás C-232/19

 Argóintí dlí na bpáirtithe

41      Áitíonn an Chomhairle gur léir go bhfuil an chaingean i gCás C-232/19 do-ghlactha go follasach, ós rud é nach bhfuil locus standi ná aon leas ag Comune di Milano maidir le himeachtaí a thionscnamh i gcoinne an Rialacháin atá faoi chonspóid.

42      Maidir leis, ar an gcéad dul síos, locus standi, áitíonn an Chomhairle nach bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid, de chúram Comune di Milano go díreach agus go leithleach, ar gníomh reachtach é, de réir bhrí Airteagal 289(3) CFAE, arna ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach a leagtar síos in Airteagal 294 CFAE.

43      Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gceist i dtaobh an bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid de chúram Comune di Milano go díreach, measann an Chomhairle nár léirigh Comune di Milano cad iad na héifeachtaí díobhálacha ábhartha a d’fhulaing sé mar thoradh ar an Rialachán sin a ghlacadh. Ní hionann gur roghnaigh Poblacht na hIodáile Comune di Milano i gcomhthéacs a hiarratais chun suíomh EMA a óstáil, agus a rá gur ábhar é a raibh an Rialachán sin dá chúram go díreach.

44      Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid de chúram Comune di Milano go leithleach, maíonn an Chomhairle gur theip ar Comune di Milano a léiriú conas a rinne glacadh an Rialacháin sin difear d’fheidhmiú a chumhachtaí, mar atá siad sainithe i ndlíchóras na hIodáile. Ina theannta sin, ós rud é nach raibh baint ag Comune di Milano leis an nós imeachta chun an Rialachán sin a ghlacadh, ní chruthaíonn an fíoras go raibh sé rannpháirteach in ullmhú na tairisceana Iodálaí agus an nós imeachta roghnúcháin go bhfuil an Rialachán sin dá chúram go leithleach.

45      I ndáil leis sin, tugann an Chomhairle dá haire nach dtugtar le dlí an Aontais, sna rialacha nós imeachta ná sna gníomhartha atá beartaithe chun suíomh EMA a roghnú, aon cheart sonrach rannpháirtíochta d’aon duine seachas na Ballstáit. Tá an cásdlí a luann Comune di Milano, lena n-aithnítear locus standi daoine aonair chun caingean a thionscnamh i gcás ina dtagraítear dóibh go sainráite sna doiciméid ullmhúcháin do na bearta a chonspóidtear agus go n-eascraíonn na bearta sin as gnéithe a bhaineann leis na daoine aonair sin a chur san áireamh go sonrach, neamhábhartha. Ar an gcaoi chéanna, níor léirigh Comune di Milano cad iad na himthosca sonracha atá mar shaintréith dá staid dhlíthiúil sa chaoi is go bhféadfaí a mheas go bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid á dhíriú air. Ina theannta sin, cuireann an Chomhairle i bhfios nach bhfuil an tagairt do na prionsabail a forbraíodh i réimse an tsoláthair phoiblí ábhartha. Ar deireadh, ní léiríonn an caiteachas líomhainte a thabhaigh Comune di Milano, a tabhaíodh ar a thionscnamh féin, go bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid dá chúram go leithleach.

46      Maidir leis, sa dara háit, an leas i gcaingean a thionscnamh, tá an Chomhairle den tuairim nár chruthaigh Comune di Milano go bhfuil leas pearsanta, dílsithe agus láithreach aige sa chaingean a tionscnaíodh. Ar an gcéad dul síos, is é an t-aon iarmhairt a bheadh ann dá n-éireodh leis an gcaingean sin ná an gníomh ina n-ionchorprófar an cinneadh a rinne na Ballstáit Amstardam a chinneadh mar shuíomh EMA a chur ar neamhní agus ní cathair Milano a ainmniú mar shuíomh nua na gníomhaireachta sin. Ina dhiaidh sin, ní leor an fhéidearthacht go n-éireodh leis an gcaingean seo chun a chinntiú go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir le cúiteamh a fháil. Ar deireadh, aon iarmhairtí eacnamaíocha nó sóisialta a thagann as gníomh de chuid an Aontais a ghlacadh, ní chruthaíonn siad, iontu féin, go bhfuil an gníomh atá faoi chonspóid de chúram údarás áitiúil nó réigiúnach go leithleach. Níl leas ag údarás áitiúil nó réigiúnach i gcaingean a thionscnamh ach amháin sa chás go bhféadfadh an cinneadh atá faoi chonspóid tionchar tairbhiúil a bheith aige ar a staid dhlíthiúil, is é sin le rá, i gcás ina mbeidh iarmhairtí ag an ngníomh atá faoi chonspóid d’fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an dlí náisiúnta.

47      Áitíonn an Pharlaimint freisin nach bhfuil locus standi ná leas dlíthiúil ag Comune di Milano in imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an Rialacháin atá faoi chonspóid. Cuireann sé i bhfios, go háirithe, ós rud é gur gníomh reachtach de chuid an Aontais Eorpaigh de réir bhrí Airteagal 289(3) CFAE é an Rialachán sin, gur faoin Comune di Milano atá sé a léiriú go bhfuil sé dá chúram go díreach agus go leithleach. Is amhlaidh nach bhfuil sé sin léirithe go soiléir sa chás seo.

48      Ar an gcéad dul síos, maidir le locus standi, áitíonn an Pharlaimint, ar an gcéad dul síos, nach léiríonn na himthosca ar a raibh Comune di Milano ag brath go raibh an Rialachán atá faoi chonspóid, atá teoranta d’Amstardam a ainmniú mar shuíomh nua EMA, dá chúram go díreach. Leis an Rialachán sin, ní bhunaítear ach suíomh nua EMA, go bunúsach, i ndiaidh an togra a rinne an Coimisiún. Ní bhfuair reachtas an Aontais Eorpaigh togra ag am ar bith chun an suíomh sin a lonnú in Milano. In éagmais aon nasc dlíthiúil idir an rogha a rinneadh i gcinneadh an 20 Samhain 2017 agus sa togra ón gCoimisiún atá mar bhunús don Rialachán sin, ní féidir a mheas go mbaineann forálacha an Rialacháin sin go díreach le Comune di Milano.

49      Ar an dara dul síos, cuireann an Pharlaimint in iúl nach bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid de chúram Comune di Milano go leithleach ach an oiread, a mhéid nach leor na himthosca ar a bhfuil an t-údarás áitiúil sin ag brath chun a shuí go bhfuil sé i gcás lena ndealaítear é féin ó gach duine eile de réir bhrí chásdlí na Cúirte. Go háirithe, aon idirghabháil a rinne Comune di Milano i ndáil leis an gcomhar arna dhéanamh ag na Ballstáit chun suíomh nua EMA a chinneadh, go háirithe faoi na rialacha roghnúcháin a formheasadh an 22 Meitheamh 2017, ní fhéadfadh sé a bheith d’éifeacht ar an idirghabháil sin, cathair Milano a dhealú, ar bhealach a shásóidh an coinníoll go bhfuil sé dá chúram go leithleach, dá dtagraítear sa cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE. Ina theannta sin, agus beag beann ar an luach atá le tabhairt do na rialacha sin, ní thugann siad aon ról ar leith d’údaráis áitiúla maidir le roghnú na dtairiscintí a dhéantar, ós rud é go ndéantar an ról sin á fhorchoimeád do Rialtais na mBallstát lena mbaineann. Maidir leis an bpointe sin, tá an staid atá faoi chaibidil sa chás seo difriúil ó na cinn atá i gceist i réimse na ndleachtanna frithdhumpála nó an tsoláthair phoiblí, ina bhforáiltear go sainráite do rannpháirtíocht gníomhaithe áirithe sa reachtaíocht atá i bhfeidhm.

50      Ar an dara dul síos, maidir le leas Comune di Milano i gcaingean a thionscnamh, tá an Pharlaimint den tuairim nach bhfuil na hargóintí a chuireann Comune Di Milano ar aghaidh ar an gcaighdeán dlíthiúil is gá chun leas pearsanta agus fíor den sórt sin a shuí. Ar an gcéad dul síos, bheadh sé deacair a shamhlú go ndéanfaí aon tairbhe dó, de réir bhrí an chásdlí ábhartha, dá ndéanfaí an Rialachán atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, in éagmais aon éifeacht dhíreach a bheith ag an Rialachán sin ar staid dhlíthiúil Comune di Milano. Ansin, áitíonn an Pharlaimint, in aon chás, nach féidir an leas a bhfuil Comune di Milano ag brath air a mheas mar leas “pearsanta”. Is léir nach gcuireann an Rialachán sin isteach ar bhealach ar bith ar neamhspleáchas reachtach ná airgeadais Comune di Milano ós rud é nach bhfuil ann ach suíomh nua EMA a lonnú in Amstardam. I ndáil leis sin, cuireann an Pharlaimint in iúl gurbh é Rialtas na hIodáile seachas Comune di Milano a ghlac páirt sa nós imeachta roghnúcháin. Ina theannta sin, fiú dá gcuirfí an Rialachán atá faoi chonspóid ar neamhní, bheadh aistriú shuíomh EMA go Milano hipitéiseach amháin agus ní fhéadfaí brath air mar bhonn do leas dlíthiúil Comune di Milano i gcaingean a thionscnamh. Ar deireadh, áitíonn an Pharlaimint nach bhféadfaí staid a chur ina ceart, ar staid í nár athraíodh leis an Rialachán sin.

51      Áitíonn Comune di Milano, óna thaobh, go bhfuil locus standi aige chun a iarraidh go ndéánfar an Rialachán atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, ach freisin go bhfuil leas dlíthiúil aige i gcaingean a thionscnamh.

52      Maidir lena locus standi, go háirithe, cuireann Comune di Milano in iúl go ndéanann an Rialachán atá faoi chonspóid, a bhfuil éifeachtaí erga omnes aige agus atá infheidhme go díreach, dífear do-shéanta dá staid dhlíthiúil mar chathair is iarrthóir agus mar rannpháirtí gníomhach sa phróiseas chun suíomh nua EMA a chinneadh. Áitíonn sé, mar a cinneadh i réimse na frithdhumpála nó an tsoláthair phoiblí, go bhfuil seasamh speisialta ag daoine a aithníodh nó a ghlac páirt i nós imeachta ina ndéantar gníomh a ghlacadh i gcaingean a thionscnamh i gcoinne an ghnímh sin. Cuireann sé in iúl, le linn an nós imeachta roghnúcháin atá i gceist sa chás seo, ar cinneadh de thoradh an nós imeachta sin ábhar an Rialacháin atá faoi chonspóid, gur bhain Cathair Milano an líon is airde vótaí amach agus, ós rud é gur chomhlíon a iarratas na ceanglais riachtanacha go léir, gurb é an t-aon chúis nár ainmníodh é mar shuíomh nua EMA ná neamhdhleathacht an Rialacháin sin.

 Breithniú na Cúirte

53      I dtús báire, is ceart a thabhairt faoi deara nach féidir caitheamh le caingean arna tionscnamh ag eintiteas réigiúnach nó áitiúil ar an gcaoi chéanna le caingean arna tionscnamh ag Ballstát, ós rud é nach dtagraíonn an coincheap maidir le “Ballstát”, de réir bhrí Airteagal 263 CFAE, ach d’údaráis rialtasacha na mBallstát (breithiúnas an 13 Eanáir 2022, an Ghearmáin agus páirtithe eile v an Coimisiún, C-177/19 P go C-179/19 P, EU:C:2022:10, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear).

54      Tá eintitis den sórt sin, mar aon le haon duine nádúrtha nó dlítheanach dá dtagraítear sa cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE, faoi réir na gcoinníollacha sonracha a leagtar síos san fhoráil sin. Ní mór dóibh dá bhrí sin a shuí, go leithleach agus go carnach, go bhfuil leas acu i gcaingean a thionscnamh agus go bhfuil locus standi acu maidir leis an ngníomh ar iarr siad a neamhniú (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Mean Fómhair 2015, Mory agus páirtithe eile v an Coimisiún, C-33/14 P, EU:C:2015:609, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).

–       Leas Comune di Milano i gcaingean a thionscnamh

55      De réir chásdlí socair na Cúirte, níl caingean le haghaidh neamhniú arna tionscnamh ag duine nádúrtha nó dlítheanach inghlactha ach amháin a mhéid atá leas ag an duine sin an gníomh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní. Éilíonn leas den sórt sin nach mór go mbeadh sé d’acmhainn ag neamhniú an ghnímh sin iarmhairtí dlíthiúla a bheith aige ann féin agus go bhféadfadh an chaingean, dá bhrí sin, tairbhe a thabhairt don pháirtí a thug í, de bharr a toraidh. Ní mór don iarratasóir cruthúnas ar an leas sin a thabhairt ar aird, a mheasúnaítear ar an lá a thionscnaítear an chaingean agus arb é an chéad bhunchoinníoll é d’aon chaingean (breithiúnais an 18 Deireadh Fómhair 2018, Gul Ahmed Textile Mills v an Chomhairle, C-100/17 P, EU:C:2018:842, mír 37; agus an 27 Márta 2019, Canadian Solar Emea agus páirtithe eile. v an Chomhairle, C-236/17 P, EU:C:2019:258, mír 91).

56      Sa chás seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh glacadh rialacháin nua a bheadh difriúil go substaintiúil ón Rialachán atá faoi chonspóid mar thoradh ar an Rialachán atá faoi chonspóid a chur ar neamhní. De réir mar a áitíonn Comune di Milano, dá ndéanfaí an neamhniú sin, atosófaí an nós imeachta reachtach d‘fhonn an áit ina mbeidh suíomh EMA a chinneadh, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh sé mar iarmhairt air sin go molfaí agus go roghnófaí cathair Milano chun an suíomh sin a óstáil, agus, ag deireadh an nós imeachta roghnúcháin nua, go n-ainmneofaí an chathair sin mar shuíomh nua na gníomhaireachta sin.

57      Dá bhrí sin, tá leas ag Comune di Milano chun neamhniú an Rialacháin atá faoi chonspóid a iarraidh.

–       Locus standi Comune di Milano

58      I gcomhréir leis an gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chéad mhír agus sa dara mír, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh gnímh a díríodh chuig an duine sin nó gnímh is dá chúram go díreach agus go leithleach, agus in aghaidh gnímh rialúcháin is dá chúram go díreach agus nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil leis.

59      I ndáil leis sin, féadfaidh eintiteas réigiúnach nó áitiúil, a mhéid, amhail Comune di Milano, is a bhfuil pearsantacht dhlítheanach faoin dlí náisiúnta aige, caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE (breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Veiniséala v an Chomhairle (Éifeacht ar thríú Stát), C-872/19 P, EU:C:2021:507, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear).

60      Sa chás seo, ní mór a mheas nach mór an Rialachán atá faoi chonspóid a aicmiú mar ghníomh reachtach ós rud é gur glacadh é ar bhonn Airteagal 114 CFAE i gcomhar le hAirteagal 168(4)(c) CFAE agus i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Sna himthosca sin, ní bheidh a chaingean inghlactha ach amháin más féidir a mheas go bhfuil an Rialachán sin de chúram Comune di Milano go díreach agus go leithleach.

61      Ar an gcéad dul síos, maidir leis an gceist an bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid de chúram Comune di Milano go díreach, ba cheart a thabhairt faoi deara go n-éilíonn an ceanglas atá leagtha síos sa cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE, ar dá réir nach mór don bheart is ábhar do na himeachtaí a bheith de chúram an duine nádúrtha nó dlítheanach go díreach, go gcomhlíonfar dhá chritéar charnacha, is é sin le rá, ar thaobh amháin, go bhfuil éifeacht go díreach ag an mbeart atá faoi chonspóid, ar an gcéad dul síos, ar staid dhlíthiúil an duine sin agus, ar an dara dul síos, nach ceart go bhfágfadh sé aon rogha faoin an duine sin atá freagrach as é a chur chun feidhme, ar cur chun feidhme uathoibríoch amháin é agus é mar thoradh ar rialacha an Aontais amháin, gan rialacha idirmheánacha eile a chur i bhfeidhm [féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Samhain 2018, Scuola Elementare Maria Montessori v an Coimisiún; an Coimisiún v Scuola Elementare Maria Montessori agus an Coimisiún v Ferracci, C-622/16 P go C-624/16 P, EU:C:2018:873, mír 42, freisin an 22 Meitheamh 2021, Veiniséala v an Chomhairle (Éifeacht ar thríú Stát), C-872/19 P, EU:C:2021:507, mír 61 agus cásdlí dá dtagraítear].

62      Is gá a scrúdú, ceann i ndiaidh a chéile, an gcomhlíonann Comune di Milano gach ceann den dá cheanglas sin.

63      Ar an gcéad dul síos, ainmníonn an Rialachán atá faoi chonspóid cathair Amstardam mar shuíomh EMA le héifeacht cheangailteach láithreach. Ós rud é nach bhfágann an Rialachán sin rogha maidir le hainmniú na háite ina mbeidh suíomh EMA agus toisc go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige, i ndáil leis sin, gan gá le haon bheart breise, comhlíontar an dara ceanglas dá dtagraítear i mír 61 den bhreithiúnas seo.

64      Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 97 dá Thuairim, ní thugtar an cinneadh sin faoi amhras toisc go bhfuil sé beartaithe, de réir aithris 3 a ghabhann leis an Rialachán atá faoi chonspóid, go sonrófar cearta agus oibleagáidí sonracha chathair Amstardam i gcomhaontú ceanncheathrún a thabharfar i gcrích idir EMA agus Ríocht na hÍsiltíre.

65      Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an bhfuil éifeacht ag an Rialachán atá faoi chonspóid ar staid dhlíthiúil an iarratasóra go díreach, ba cheart a chur in iúl go raibh cathair Milano, arna hionadú ag Comune di Milano, mar eintiteas críochach ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, ar cheann de na cathracha is iarrthóirí do cheanncheathrú nua EMA a shocrú.

66      Thairis sin, tá comhthuiscint ann go ndearnadh scrúdú sainráite ar iarratas chathair Milano le linn an nós imeachta reachtach agus gur cuireadh roinnt leasuithe síos maidir leis an togra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 20 den bhreithiúnas seo i gcomhthéacs an nós imeachta os comhair na Parlaiminte.

67      Sna himthosca sin, bhí éifeacht dhíreach ag glacadh an Rialacháin atá faoi chonspóid ar staid dhlíthiúil Comune di Milano, sa mhéid go n-ainmnítear leis an Rialachán sin, ar bhealach atá ceangailteach ó thaobh dlí, cathair Amstardam mar shuíomh nua EMA, leis an éifeacht uathoibríoch gur fágadh Milano, cathair is iarrthóir, as an áireamh mar shuíomh don suíochán nua sin.

68      Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid de chúram Comune di Milano go leithleach, is léir ó chásdlí socair, ionas go mbeidh gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige de chúram duine go leithleach, ní mór don duine a thionscnóidh caingean le haghaidh neamhniú a léiriú go bhfuil an gníomh a chonspóidtear dá chúram go leithleach mar gheall go bhfuil tréithe áirithe atá sainiúil dó nó mar gheall ar imthosca lena ndealaítear é ó gach duine eile agus, dá bhrí sin, a dhealaíonn é go haonarach díreach mar a bheadh i gcás duine ar a ndírítear gníomh (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Iúil 1963, Plaumann v an Coimisiún, 25/62, EU:C:1963:17, lch. 223, freisin 20 Eanáir 2022, Deutsche Lufthansa v an Coimisiún, C-594/19 P, EU:C:2022:40, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

69      Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, gur glacadh an Rialachán sin, de réir aithris 1 den Rialachán atá faoi chonspóid, i ndiaidh an nós imeachta roghnúcháin as ar lean glacadh chinneadh an 20 Samhain 2017.

70      Tá comhthuiscint ann, i gcomhthéacs an nós imeachta roghnúcháin sin, gur shainigh Poblacht na hIodáile cathair Milano mar chathair is iarrthóir chun suíomh nua EMA a óstáil agus, ag deireadh an tríú babhta vótála, fuair sí, ex æquo le cathair Amstardam, a iomaitheoir díreach, an líon is airde vótaí. Dá bhrí sin, bhí Cathair Milano mar chuid den aicme iata de chathracha is iarrthóirí chun an suíomh sin a óstáil, agus dá bhrí sin, bhí sí, tráth a glacadh an Rialachán atá faoi chonspóid, i staid shonrach maidir leis sin, rud a thabharfadh an ceart chun cosanta éifeachtaí breithiúnaí di.

71      Ar an dara dul síos, mar a chuir an Chomhairle féin in iúl ina barúlacha i scríbhinn, tagraíodh go sainráite, roinnt uaireanta, do shuíomh chathair Milano mar shuíomh féideartha do EMA, le linn an nós imeachta reachtach as a lean glacadh an Rialacháin atá faoi chonspóid.

72      Dá bhrí sin, tá Comune di Milano, in imthosca an cháis seo, i staid fhíorasach a dhealaíonn é go leithleach díreach mar a bheadh i gcás an duine a ndírítear gníomh chuige.

73      Ní chaitear amhras ar an gconclúid sin toisc nár thug an nós imeachta roghnúcháin a reáchtáladh sular glacadh an Rialachán atá faoi chonspóid ról ach do na Ballstáit amháin agus ní do na húdaráis áitiúla. Is léir ón gcomhad a cuireadh faoi bhráid na Cúirte go raibh dlúthbhaint ag Comune di Milano le hullmhú na tairisceana a thíolaic Poblacht na hIodáile go foirmiúil agus leis na céimeanna riaracháin chun Cathair Milano a chur chun cinn d’fhonn suíomh nua EMA a chinneadh.

74      Ní dhéantar difear ach an oiread don chonclúid sin leis an gcásdlí, a léirítear, go háirithe, i mír 73 de bhreithiúnas an 13 Eanáir 2022, an Ghearmáin agus páirtithe eile v an Coimisiún (C-177/19 P go C-179/19 P, EU:C:2022:10), a bhaineann leis an staid speisialta, atá éagsúil leis an gceann atá i gceist sa chás seo, ina maíonn eintiteas fo-náisiúnta go cuireann an beart atá sé ag iarraidh a neamhniú cosc air ó fheidhmiú mar is cuí leis na cumhachtaí a thugtar dó leis an gcóras bunreachtúil náisiúnta.

75      Is fíor, mar atá curtha in iúl ag an bParlaimint agus ag an gComhairle, nach leor, chun inghlacthacht imeachtaí arna dtionscnamh ag údarás áitiúil nó réigiúnach de chuid Ballstáit a aithint, a áitiú go bhféadfadh cur i bhfeidhm nó cur chun feidhme ghníomh an Aontais difear a dhéanamh, ar bhealach ginearálta, do na dálaí socheacnamaíocha ina chríoch.

76      Mar sin féin, baineann an chaingean a thionscain Comune di Milano le staid ar leith, eadhon, an cás inar ainmníodh cathair mar shuíomh gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus mar thoradh air sin gur diúltaíodh d’iarratais ó chathracha eile, Milano san áireamh, agus d’éifeacht leis an gcinneadh ainmniúcháin sin toradh na n-iarratas eile go léir a chinneadh, fabhrach nó neamhfhabhrach.

77      Leanann sé as na breithnithe uile roimhe seo, beag beann ar an gceart uathrialach chun caingean a thionscnamh atá ar fáil do Phoblacht na hIodáile faoin dara mír d’Airteagal 263 CFAE, go bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid de chúram Comune di Milano go díreach agus go leithleach agus, dá bhrí sin, go bhfuil seasamh aige a iarraidh go ndéanfaí é a chur ar neamhní.

78      Dá bhrí sin, tá an chaingean a thionscnaítear i gCás C-232/19 inghlactha.

 Substaint an cháis

79      Mar thaca lena caingean i gCás C-106/19, d’ardaigh Poblacht na hIodáile dhá shaincheist dlí. Líomhnaítear leis an gcéad shaincheist dlí, go bunúsach, sárú ar Airteagail 10, 13 agus 14 CAE chomh maith le hAirteagal 114, Airteagal 168(4)(c) agus Airteagail 289 agus 294 CFAE, sa mhéid nár fheidhmigh an Pharlaimint a sainchumais go hiomlán i gcúrsaí reachtacha. Líomhnaítear leis an dara saincheist dlí go bhfuil cinneadh an 20 Samhain 2017 neamhdhleathach mar bhonn don Rialachán atá faoi chonspóid.

80      Mar thaca lena chaingean i gCás C-232/19, d’ardaigh Comune di Milano, ar a thaobhsa, ceithre shaincheist dlí. Líomhnaítear leis an gcéad saincheist, atá dírithe go díreach i gcoinne an Rialacháin atá faoi chonspóid, sárú ar phrionsabail an daonlathais ionadaíoch (Airteagal 10 CAE), ar an gcothromaíocht institiúideach agus ar an gcomhar dílis (Airteagal 13 CAE) agus ar na ceanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta (Airteagal 14 CAE agus Airteagail 289 agus 294 CFAE). Líomhnaítear sa dara go dtí an ceathrú saincheist dlí, a chaitheann amhras trí agóid ar dhlíthiúlacht chinneadh an 20 Samhain 2017 ar a bhfuil an Rialachán sin bunaithe, faoi seach, mí-úsáid cumhachtaí agus sárú ar phrionsabail na trédhearcachta, an dea-riaracháin agus na cothroime (an dara saincheist dlí), sárú ar phrionsabail an dea-riaracháin, na trédhearcachta agus an chomhair (an tríú saincheist dlí), agus sárú ar Chinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO 2009 L 325, lch. 35) agus ar na rialacha a leagtar amach i nóta ón gComhairle an 31 Deireadh Fómhair 2017.

 An chéad saincheist dlí i gCás C-106/19 agus an chéad saincheist dlí i gCás C-232/19

–       Argóintí dlí na bpáirtithe

81      Sa chéad saincheist dlí uaithi i gCás C-106/19, maíonn Poblacht na hIodáile gur glacadh an Rialachán atá faoi chonspóid de shárú ar Airteagail 10 agus 13 CAE, Airteagal 14(1) CAE, Airteagal 114 CFAE, Airteagal 168(4)(c) CFAE agus Airteagail 289 agus 294 CFAE, a mhéid a tugadh neamhaird ar ról na Parlaiminte mar chomhreachtóir.

82      Mar réamhphointe, cuireann Poblacht na hIodáile in iúl, i bhfianaise na bhforbairtí i ndlí an Aontais agus sa chleachtas institiúideach, nach dtagann ainmniú suíomh le haghaidh gníomhaireachtaí de chuid an Aontais faoi inniúlacht na mBallstát, mar atá i gcás shuíomh institiúidí an Aontais Eorpaigh a chinneadh faoi Airteagal 341 CFAE, ach faoi inniúlacht an Aontais Eorpaigh.

83      Dar le Poblacht na hIodáile, ní raibh ach ról foirmiúil ag an bParlaimint sa phróiseas cinnteoireachta as ar eascair roghnú shuíomh nua EMA agus glacadh an Rialacháin atá faoi chonspóid. Léirítear an méid sin leis na himthosca a bhaineann le glacadh an Rialacháin sin, go háirithe na ráitis ón bParlaimint atá i gceangal lena seasamh arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 15 Márta 2018 agus lena rún reachtach an 25 Deireadh Fómhair 2018, inar chuir an Pharlaimint in iúl go soiléir gur oth léi gur fágadh í ar lár ón bpróiseas cinnteoireachta sin. Níorbh fhéidir leis an bParlaimint a tuairimí a chur in iúl maidir leis an rogha sin ná, dá bhrí sin, a sainchumais a fheidhmiú mar chomhreachtóir, le linn na céime as ar eascair glacadh chinneadh an 20 Samhain 2017 ná le linn an nós imeachta chun an Rialachán atá faoi chonspóid a ghlacadh, ós rud é nár fhág an togra ón gCoimisiún agus an seasamh a ghlac an Chomhairle sa nós imeachta sin aon deis iarbhír chun idirghabháil a dhéanamh.

84      Sa chéad saincheist dlí a d’ardaigh sé i gCás C-232/19, mhaígh Comune di Milano gur sáraíodh sainchumais na Parlaiminte leis an Rialachán atá faoi chonspóid. Níl aon amhras ach gur roghnaíodh suíomh EMA ag deireadh an phróisis as ar tháinig cinneadh an 20 Samhain 2017, lenar socraíodh ábhar an Rialacháin sin agus, mar sin, suíomh EMA in Amstardam, lasmuigh den ghnáthnós imeachta reachtach. Ní raibh baint ar bith ag an bParlaimint leis an bpróiseas sin tráth ar bith, cé go bhfuil rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach i gceist leis an ngnáthnós imeachta reachtach faoi Airteagal 294 CFAE. Chinn an Chomhairle agus an Coimisiún cathair Amstardam a roghnú mar shuíomh nua EMA agus, dá bhrí sin, bhí an beart déanta acu cheana féin gan aon deis idirghabhála a thabhairt don Pharlaimint chun cur i gcoinne an chinnidh sin.

85      Is é an toradh a bheadh air sin ná sárú ar chothromaíocht institiúideach an Aontais Eorpaigh agus ar phrionsabail an daonlathais ionadaíoch agus an chomhair dhílis (breithiúnas an 21 Meitheamh 2018 an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-5/16, EU:C:2018:483, mír 90) agus ceanglas fíor-riachtanach nós imeachta (breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017 an tSlóvaic agus an Ungáir v an Chomhairle, C-643/15 agus C-647/15, EU:C:2017:631, mír 160).

86      Áitíonn sé gur léir go ndearnadh sárú ar shainchumais na Parlaiminte sa phróiseas reachtach as ar tháinig ainmniú chathair Amstardam mar shuíomh nua EMA soiléir ó ráitis na hinstitiúide seo agus ó na leasuithe a mhol sí ar an gcéad léamh.

87      Áitíonn an Chomhairle, le tacaíocht ó Ríocht na hÍsiltíre, gur cheart an chéad saincheist dlí i gCás C‑106/19 agus an chéad saincheist dlí i gCás C 232/19 a dhiúltú.

88      Ar an gcéad dul síos, áitíonn sí go léirítear go soiléir sa scrúdú ar an bpróiseas reachtach a leanadh sa chás seo, mar a léirítear go háirithe le líon na leasuithe a cuireadh síos don dréachtrún reachtach, gur phléigh an Pharlaimint go mion an togra a thíolaic an Coimisiún agus gur scrúdaigh sí na roghanna féideartha éagsúla, sular ghlac sí leis go socrófaí suíomh EMA in Amstardam. Chinntigh an Pharlaimint freisin gur tugadh isteach roinnt leasuithe ábhartha sa téacs reachtach deiridh. Léiríonn na himthosca sin, ó thaobh fíorasach de, agus gan aon ráiteas beartais a chur ar ceal, gur tugadh lánurraim do shainchumais na Parlaiminte.

89      Maidir leis an argóint atá bunaithe ar na ráitis ón bParlaimint, dearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún institiúide léirithe sna bearta atá le glacadh aici i gcomhréir leis na nósanna imeachta foirmiúla is infheidhme. Sna himthosca sin, cé go bhféadfadh na ráitis mhíniúcháin a ghabhann leis an bpróiseas foirmiúil sin, uaireanta, eilimintí de chomhthéacs polaitiúil a sholáthar nó na cúiseanna polaitiúla is bonn le cinneadh faoi leith a leagan amach, ní bhainfidís, dá bhrí sin, leis an measúnú ar fheidhmiú iarbhír inniúlachta.

90      Ar an dara dul síos, measann an Chomhairle gur ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag gníomhú dóibh de thoil a chéile, atá an inniúlacht a bhaineann le suíomh gníomhaireachta de chuid an Aontais a shocrú. Dá bhrí sin, níl ach luach dearbhaithe ag baint le hainmniú shuíomh EMA sa Rialachán atá faoi chonspóid, agus ní fhéadfadh an comhreachtóir imeacht uaidh, ach é fós saor gan reachtaíocht a dhéanamh ar an bpointe seo.

91      I ndáil leis sin, measann an Chomhairle, ar an gcéad dul síos, nach dtagann an inniúlacht, a bhaineann le suíomh gníomhaireachta de chuid an Aontais a shocrú, faoi inniúlacht an Aontais chun réimse ar leith a rialú go substaintiúil agus, dá bhrí sin, sa chás seo, nach dtagann sí faoin ngnáthnós imeachta reachtach. Dar leis an institiúid sin, tá an cinneadh a bhaineann le suíomh gníomhaireachta den sórt sin a shocrú de chineál atá difriúil go bunúsach ó na cinntí lena rialaítear sainiú na gcumhachtaí, na rialacha oibriúcháin nó fiú eagraíocht na gníomhaireachta sin. Tá gné láidir pholaitiúil agus shiombalach ag baint le cinneadh den sórt sin, nach mbeadh teoranta do shainréimse ábhartha na gníomhaireachta lena mbaineann agus a rachadh níos faide ná cúinsí eacnamaíocha nó éifeachtúlachta amháin. Déanann an Chomhairle tagairt, i ndáil leis sin, do na dearbhuithe idir-rialtasacha éagsúla ar an ábhar, go háirithe do Chinneadh Dhún Éideann, ach déanann an Chomhairle tagairt freisin don dlíthíocht faoi shuíomh na Parlaiminte.

92      Ar an dara dul síos, tá an Chomhairle den tuairim go mbunaítear le hAirteagal 341 CFAE inniúlacht na mBallstát suíomh gníomhaireachta de chuid an Aontais a chinneadh de chomhthoil. Leanann sé ó anailís ar fhorbairt stairiúil na forála sin agus a comhthéacs nach ceart an tagairt do “institiúidí” a léirmhíniú go sriantach, mar thagairt do na hinstitiúidí dá dtagraítear in Airteagal 13(1) CAE amháin. Freagraíonn an léiriú sin, ina theannta sin, don chleachtas seanbhunaithe sa réimse sin, cleachtas ar tugadh aitheantas idir-institiúideach dó, mar a léirítear in Airteagal 2 de Chinneadh Dhún Éideann agus i nDearbhú Comhpháirteach 2012. Léiríonn an cleachtas sin go soiléir, go háirithe, go bhfuil, i bhfad ó bheith polaitiúil amháin, cinneadh arna ghlacadh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ina cheangal dlí a oiread sin go féidir leis, i gcásanna áirithe, a bheith ina choinníoll le teacht i bhfeidhm an bhunghnímh.

93      Dar leis an gComhairle, níor cheart cineál inniúlachta an Aontais i réimse ar leith a mheascadh suas leis na rialacha mionsonraithe faoina mbeidh sí le feidhmiú i gcomhréir leis na Conarthaí. Dá bhrí sin, d‘fhéadfadh inniúlacht a bheith eisiach, toisc go bhfuil baint aici le hábhar a éilíonn gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, ach d’fhéadfaí foráil a dhéanamh ag an am céanna chun í a fheidhmiú trí chinneadh ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát seachas ó institiúidí an Aontais. Is amhlaidh atá, mar shampla, maidir le Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais a cheapadh faoi Airteagal 253 CFAE agus ceapadh chomhaltaí na Cúirte Ginearálta faoi Airteagal 254 CFAE.

94      Ar deireadh, cuireann an Chomhairle in iúl nach gciallaíonn an fíoras go bhfuil sé de cheangal ar na comhreachtóirí an rogha a rinne na Ballstáit a leanúint, nach bhfuil aon bhreisluach ag baint leis an áit ina bhfuil suíomh ghníomhaireacht an Aontais lena mbaineann a bheith luaite sa bhunghníomh reachtach. Go deimhin, seachas go mbeadh an tásc sin ina fhachtóir tábhachtach maidir le deimhneacht dhlíthiúil, d’fhéadfadh an téacs reachtach, mar atá sa chás seo nuair a cuireadh Airteagal 71a isteach i Rialachán Uimh. 726/2004 le Rialachán 2018/1718, an tásc sin a chomhcheangal le sraith d’eilimintí normatacha eile, idir shubstainteach agus nós imeachta, chun socrú geografach an tsuíocháin a chomhlánú. Is amhlaidh atá sa chás seo, ós rud é go luaitear in Airteagal 71a ní hamháin go mbeidh suíomh EMA in Amstardam, ach go gceanglaítear freisin ar údaráis inniúla na hÍsiltíre, ar an gcéad dul síos, na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-aistreofar EMA chuig a shuíomh sealadach agus ansin a shuíomh buan roimh dhátaí sonracha agus, ar an dara dul síos, tuarascálacha i scríbhinn a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle go tráthrialta go dtí go n-aistríonn EMA chuig a shuíomh buan. Dá bhrí sin, eascraíonn éifeachtaí breise ceangailteacha den sórt sin go díreach agus go heisiach ón Rialachán atá faoi chonspóid, ar fheidhmigh an Pharlaimint a sainchumais go hiomlán mar chomhreachtóir chun é a ghlacadh, agus ní ón rogha suímh a rinne Ionadaithe Rialtais na mBallstát.

95      Áitíonn an Pharlaimint freisin gur cheart an chéad saincheist dlí i gCás C‑106/19 agus an chéad saincheist dlí i gCás C‑232/19 a dhiúltú, ach ar chúiseanna atá difriúil ó na cinn a chuir an Chomhairle ar aghaidh.

96      Mar réamhphointe, deir an Pharlaimint go n-aontaíonn sí go hiomlán le conclúid na n-iarratasóirí nach féidir le gníomh amhail Cinneadh an 20 Samhain 2017 srian dlisteanach a chur ar aon bhealach ar fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do reachtóir an Aontais leis na Conarthaí. Mar sin féin, contrártha le haighneachtaí na bpáirtithe sin, measann an Pharlaimint nach féidir leis na lochtanna sa chinneadh sin a fhágáil go mbeadh an Rialachán atá faoi chonspóid neamhdhleathach, go díreach nó go hindíreach.

97      Áitíonn an Pharlaimint, go substaintiúil, nach féidir, ós rud é nach bhfuil aon inniúlacht ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát suíomh chomhlachtaí an Aontais a chinneadh, nach féidir aon éifeacht cheangailteach a thabhairt do chinneadh an 20 Samhain 2017, a d’fhéadfadh raon feidhme idirghabháil reachtóir an Aontais a theorannú. Dá nglacfaí lena mhalairt, b’ionann sin agus dlisteanú a dhéanamh ar phróiseas cinnteoireachta nach mbaineann leis an dearadh institiúideach arna cheapadh leis na Conarthaí, nach dtugtar de chumhacht do na Ballstáit leis suíomh chomhlachtaí, oifigí nó ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a chinneadh, go háirithe a ghníomhaireachtaí. Ní fhéadfaí forchoimeád inniúlachta den sórt sin a bhaint as Airteagal 341 CFAE ach an oiread, a thagraíonn go heisiach do “institiúidí an Aontais” dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) CAE. Ina theannta sin, ós rud é nach féidir le hinstitiúidí an Aontais feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh leis na Conarthaí a tharscaoileadh ar bhonn deonach, ní fhéadadh an Coimisiún, as a thaobh féin de, a leagan síos, gan forchoimeádas, ina thogra le haghaidh Rialacháin an rogha a rinne Ionadaithe Rialtais na mBallstát i gcinneadh an 20 Samhain 2017, gan measúnú lánroghnach a dhéanamh é féin, agus ní fhéadfadh na comhreachtóirí iad féin gealltanas dlíthiúil a thabhairt togra den sórt sin a ghlacadh. Dá bhrí sin, tá na comhaontuithe a tugadh i gcrích i ndiaidh a chéile idir na Ballstáit maidir leis na rialacha roghnúcháin a glacadh ar an 22 Meitheamh 2017, ar an gcéad dul síos, agus, ar an dara dul síos, roghnú chathair Amstardam mar shuíomh nua EMA faoi chinneadh an 20 Samhain 2017, ina ngníomhartha comhair pholaitiúil amháin, nach féidir leo cumhachtaí institiúidí an Aontais a theorannú.

98      Cuireann an Pharlaimint in iúl go soiléir nár thréig sí ar dhóigh ar bith na sainchumais reachtacha a thugtar di leis na Conarthaí. Meabhraíonn sí nach féidir an tionchar polaitiúil a d’fhéadfadh a bheith ag seasamh na mBallstát ar nós imeachta cinnteoireachta dá bhforáiltear sna Conarthaí, agus go háirithe ar chumhacht thionscnamh reachtach an Choimisiúin agus ar chumhacht reachtach na Parlaiminte agus na Comhairle, a bheith ina fhoras chun an gníomh arna ghlacadh faoin nós imeachta sin a chur ar neamhní.

99      Sa chás seo, d’áirithigh an Pharlaimint gur caomhnaíodh a seasamh institiúideach trí na modhanna ar fad a bhí ar fáil di, agus ba é an príomhábhar imní a bhí aici ar feadh an nós imeachta reachtach leanúnachas ghníomhaíochtaí EMA a áirithiú, ionas nach gcuirfí feidhmiú cuí mhisean tábhachtach na gníomhaireachta sin den Aontas i réimse chosaint na sláinte poiblí i mbaol le haistriú a shuíomh. Is chuige sin a rinneadh foráil, ar thionscnamh na Parlaiminte, do chlár ama aistrithe agus do shásra faireacháin sa dara mír agus sa tríú mír faoi seach d’Airteagal 71a de Rialachán Uimh. 726/2004, mar a cuireadh isteach leis an Rialachán atá faoi chonspóid. Léirítear an imní chéanna sin freisin in aithrisí 3 go 5 den Rialachán sin, a tugadh isteach freisin le linn an nós imeachta reachtaigh.

100    Ar deireadh, cuireann an Pharlaimint in iúl, cé gur fíor go bhfuil luach polaitiúil ar leith ag baint le rogha suíocháin comhlachta nó gníomhaireachta de chuid an Aontais do na Ballstáit, ní thugann an imthoisc sin údar le cumhacht nach dtugtar dóibh leis na Conarthaí, amhail an chumhacht chun rogha den sórt sin a dhéanamh, a thabhairt do na Ballstáit (féach chuige sin, Tuairim 2/00 (Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht) an 6 Nollaig 2001, EU:C:2001:664, mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear).

101    Dá bhrí sin, níor cheart go dtabharfaí don tionscnamh atá á chur i gcrích i gcomhthéacs an chomhair idir-rialtasaigh d’fhonn suíomh nua EMA a chinneadh ach luach comhair pholaitiúil amháin, as ar tháinig cinneadh an 20 Samhain 2017, ar cinneadh polaitiúil é freisin agus nach raibh aon chineál ceangailteach de réir dlí aici. Tá an cinneadh sin gan dochar do na hinniúlachtaí a thugtar d’institiúidí an Aontais i gcomhthéacs an ghnáthnós imeachta reachtach, arb é sin amháin atá infheidhme sa chás seo. Ina theannta sin, agus thar aon rud eile, ní féidir an moladh a rinne na Ballstáit i gcinneadh an 20 Samhain 2017 agus sa phróiseas roghnúcháin roimhe sin a mheas mar chéim ullmhúcháin don nós imeachta reachtach as ar eascair glacadh an Rialacháin atá faoi chonspóid. Ar bhonn níos ginearálta, níor cheart aon idirdhealú a dhéanamh idir luach dlíthiúil agus éifeachtaí polaitiúla chinneadh an 20 Samhain 2017.

102    Áitíonn an Pharlaimint, cé gur chinn sí ar deireadh, sa chás seo, rogha chathair Amstardam a fhormheas mar shuíomh nua EMA, rinne sí amhlaidh tríd an lánrogha a thugtar di ina ról mar chomhreachtóir a fheidhmiú, agus ní toisc gur chuir seasamh na mBallstát iallach uirthi déanamh amhlaidh. Ina theannta sin, ní aithnítear i ráiteas na Parlaiminte, atá i gceangal le rún reachtach an 25 Deireadh Fómhair 2018, ag pointe ar bith go bhfuil cinneadh an 20 Samhain 2017 ceangailteach ó thaobh dlí.

103    Áitíonn an Coimisiún, agus é ag tacú leis an ordú atá á lorg ag an gComhairle agus ag an bParlaimint, gur cheart na chéad saincheisteanna dlí i gCás C-106/19 agus i gCás C-232/19 a dhiúltú.

104    Ar aon dul leis an bParlaimint, measann an Coimisiún nach bhféadfadh an rogha a rinne Ionadaithe Rialtais na mBallstát bac a chur ar a chumhacht tionscnaimh ná ar shainchumais an dá institiúid is cosantóirí ina gcáil mar chomhreachtóirí. Míníonn sé, cé gur spreag Airteagal 341 CFAE gan amhras an cleachtas a leanadh go dtí seo nuair a chuirtear comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí éagsúla an Aontais ar bun, agus cé gur úsáid an Coimisiún a chumhacht tionscnaimh go ginearálta trí aitheantas a thabhairt d’ábharthacht na gceisteanna polaitiúla ginearálta a bhaineann go príomha leis an ngá atá le cothromaíocht gheografach a áirithiú maidir leis na suíomhanna éagsúla a shocrú agus trí staonadh ó fhoráil a dhéanamh do shuíomh ghníomhaireachtaí an Aontais sna tograí le haghaidh gníomhartha lena mbunaítear iad, go bhfuil sé saor, dá ainneoin sin, imeacht ón gcleachtas sin, mar a rinne sé i gcúinsí éagsúla, go háirithe trí shuíomh gníomhaireachtaí áirithe de chuid an Aontais a lua sna tograí le haghaidh na ngníomhartha lena mbunaítear iad. Mar sin, níl aon oibleagáid dhlíthiúil ar an gCoimisiún an rogha a rinne Ionadaithe Rialtais na mBallstát nó Ballstáit áirithe a thrasuí. Ar an gcuma chéanna, níl an Pharlaimint faoi cheangal dlíthiúil, i gcás ar bith, ag cinneadh Ionadaithe Rialtais na mBallstát arna ghlacadh i gcomhréir leis an gcleachtas seo.

105    Cuireann an Coimisiún in iúl nach mór an tionchar polaitiúil atá ag seasamh na mBallstát a idirdhealú óna luach ceangailteach ó thaobh dlí de, rud atá in easnamh sa chás seo. Deimhnítear an t-idirdhealú sin, dar leis an gCoimisiún, leis an gcásdlí ar dá réir, ar an gcéad dul síos, is faoin bParlaimint agus faoin gComhairle amháin atá sé ábhar gnímh reachtaigh a chinneadh agus, ar an dara dul síos, ní fhéadfaidh éifeacht pholaitiúil a bheith ina foras le gníomh arna ghlacadh ag deireadh an nós imeachta reachtaigh a chur ar neamhní (breithiúnas an 21 Meitheamh 2018, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-5/16, EU:C:2018:483, míreanna 84 agus 86 agus an cásdlí dá dtagraítear).

106    Cuireann an Coimisiún in iúl nach bhfuil aon chúis le ceapadh nach bhféadfaidh an comhreachtóir, ar aithin an Chúirt cheana féin go bhféadfaidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le cruthú comhlachta amhail gníomhaireacht de chuid an Aontais (breithiúnas an 2 Bealtaine 2006, an Ríocht Aontaithe v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-217/04, EU:C:2006:279, míreanna 44 agus 45) a chinneadh go neamhspleách, mar a rinneadh sa chás seo, an áit ina mbeidh suíomh na gníomhaireachta sin. Tugann an Coimisiún dá aire, le linn na díospóireachta os comhair na Parlaiminte ar a thogra le haghaidh an Rialacháin atá faoi chonspóid, gur cinneadh gan cathair Milano a ainmniú mar shuíomh EMA tar éis é a bheith ina ábhar plé sonrach. Cruthaíonn an méid sin nach féidearthacht theoiriciúil amháin atá ann chun imeacht ó chinneadh polaitiúil Ionadaithe Rialtais na mBallstát agus, sa chás seo, nach raibh an beart déanta cheana féin tráth a bhí ról ag an bParlaimint.

–       Breithniú na Cúirte

107    Leis an gcéad saincheist dlí i gCás C-106/19 agus an chéad saincheist dlí i gCás C-232/19, ar cheart iad a scrúdú le chéile, áitíonn Poblacht na hIodáile agus Comune di Milano, go bunúsach, nár urramaíodh sainchumais na Parlaiminte le linn an phróisis as ar eascair chinneadh chathair Amstardam a ainmniú mar shuíomh nua EMA, de shárú ar fhorálacha na gConarthaí, go háirithe Airteagail 10, 13 agus 14 CAE, Airteagal 114, Airteagal 168(4)(c) agus Airteagail 289 agus 294 CFAE.

108    Chun na saincheisteanna dlí sin a scrúdú is gá a chinneadh, roimh ré, cé acu, na Ballstáit nó reachtas an Aontais, atá inniúil chun suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh a shocrú, agus chuige sin is gá, inter alia, a chinneadh an bhfuil feidhm freisin ag Airteagal 341 CFAE, faoina gcinnfidh Rialtais na mBallstát, de thoil a chéile” suíomh “institiúidí” an Aontais, maidir le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

109    Más rud é, mar a áitíonn an Chomhairle, gur cheart a chinneadh go bhfuil an inniúlacht sin forchoimeádta do na Ballstáit ag gníomhú dóibh de thoil a chéile, ní fhéadfadh reachtóir an Aontais imeacht go dleathach ón gcinneadh a ghlac na Ballstáit ar an ábhar sin, fiú amháin dá mbeadh sé de shaoirse aige gan reachtaíocht a rith maidir leis an bpointe sin, agus gur gníomh dearbhaitheach nó deimhnitheach amháin a bheadh sa ghníomh a nglacfadh sé.

110    Ar an taobh eile, sa chás go gcinnfí go mbaineann an inniúlacht sin le reachtóir an Aontais de bhua na gcumhachtaí a thugtar dó leis na Conarthaí, is gá a mheas ar chuir, mar a áitíonn Poblacht na hIodáile agus Comune di Milano, cinneadh an 20 Samhain 2017 teorainn le sainchumais reachtóir an Aontais agus, ar bhonn níos leithne, ar cuireadh as do chothromaíocht institiúideach sa nós imeachta arna leanúint d’fhonn an Rialachán atá faoi chonspóid a ghlacadh.

(1)    Inniúlacht chun suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a shocrú

111    De réir chásdlí socair na Cúirte, agus foráil de dhlí an Aontais á léirmhíniú aici, is gá aird a thabhairt ní hamháin ar a foclaíocht agus ar na cuspóirí atá á saothrú aici, ach ar a comhthéacs freisin. Féadfaidh gnéithe atá ábhartha dá léirmhíniú a bheith ag gabháil le bunús forála de dhlí an Aontais chomh maith (féach, chuige sin breithiúnas an 10 Nollaig 2018, Wightman agus páirtithe eile, C-621/18, EU:C:2018:999, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).

112    Dá bhrí sin, is gá a scrúdú, ar bhonn na modhanna léirmhínithe sin, an bhfuil feidhm ag Airteagal 341 CFAE maidir le cinntí a bhaineann le suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.

113    Ar an gcéad dul síos, maidir le téarmaí Airteagal 341 CFAE, ní thagraítear leo ach do “institiúidí an Aontais”. I gcomhréir le hAirteagal 13(1) CAE, tagraítear leis an gcoincheap “institiúidí” do liosta beacht eintiteas, nach n-áirítear comhlachtaí, oifigí agus, go háirithe gníomhaireachtaí an Aontais leis.

114    Sa dara háit, maidir le comhthéacs Airteagal 341 CFAE, ní mór a chur in iúl, ar an gcéad dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta Bobek faoi deara i mír 94 dá Thuairim i gcásanna an Iodáil v an Chomhairle (Suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí) agus an Pharlaimint v An Chomhairle (Suíomh an Údaráis Eorpaigh Saothair) (C-59/18, C-182/18 agus C-743/19, EU:C:2021:812), gur leasaíodh roinnt forálacha de na Conarthaí le Conradh Liospóin chun go n-áireofaí tagairt shainráite do “chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais”, a raibh sé d’éifeacht acu idirdhealú sainráite a dhéanamh, ar thaobh amháin, idir institiúidí an Aontais dá dtagraítear go sainráite in Airteagal 13(1) CAE agus, ar an taobh eile, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Dá bhrí sin, cé nach mbaineann forálacha áirithe CFAE ach le hinstitiúidí an Aontais, tagraíonn forálacha eile dá chuid, amhail Airteagail 15, 16, 123, 124, 127, 130, 228, 263, 265, 267, 282, 298 agus 325 den Chonradh sin, ar bhonn níos leithne, d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais. Is amhlaidh atá go háirithe, maidir le dlínse na Cúirte, i gcás Airteagal 263, 265 agus 267 CFAE.

115    Ní mór a rá go bhfreagraíonn foclaíocht Airteagal 341 CFAE, nach dtagraíonn ach do “institiúidí”, do na forálacha a tháinig roimh an Airteagal sin, eadhon, Airteagal 216 de Chonradh CEE (Airteagal 216 de Chonradh CE ina dhiaidh sin, agus Airteagal 289 CE anois).

116    Mar atá curtha in iúl ag an gComhairle, luann forálacha Chuid a Seacht (“Forálacha Ginearálta agus Críochnaitheacha”) CFAE, a bhfuil Airteagal 341 CFAE ina chuid de, na “hinstitiúidí”, ach ní féidir é a léirmhíniú dá bhrí sin cé, mar is léir ó mhír 114 den bhreithiúnas seo, ar chaoi go ndéantar idirdhealú soiléir in CAE idir institiúidí an Aontais, ar thaobh amháin, agus a chomhlachtaí, a oifigí agus a ghníomhaireachtaí, ar an taobh eile, mar léiriú ar rún údair na gConarthaí tuiscint leathan a thabhairt ar an gcoincheap “institiúidí”, sa chiall go gcuimseofaí leis an gcoincheap sin ní hamháin na heintitis atá liostaithe in Airteagal 13(1) CAE, ach chomh maith leis sin, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais arna mbunú leis na Conarthaí nó de bhun na gConarthaí agus atá beartaithe chun rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach. Tá sé seo níos fíre fós toisc gur bunús aonadach bunreachtúil don Aontas iad conarthaí CAE agus CFAE de bhua an tríú mír d’Airteagal 1 CAE agus Airteagal 1(2) CFAE, agus is é an toradh atá air sin ná go gcaithfidh an sainmhíniú ar an gcoincheap “institiúidí” in Airteagal 13(1) CAE agus an t-idirdhealú idir na hinstitiúidí sin, ar thaobh amháin, agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ar an taobh eile, a bheith ag feidhmiú ar bhealach trasnach agus aonfhoirmeach sa dá chonradh.

117    Ní féidir ach an oiread leis an léirmhíniú leathan a thugann an Chúirt ar an gcoincheap “institiúidí” de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, ina sonraítear, “[i] gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an tAontas, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a sheirbhísigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.”

118    Go deimhin, cé gur chinn an Chúirt go gcuimsítear leis an gcoincheap “institiúidí”, de réir bhrí na forála deiridh sin, ní hamháin na hinstitiúidí de chuid an Aontais atá liostaithe in Airteagal 13(1) CAE, ach freisin comhlachtaí agus oifigí uile an Aontais arna gcur ar bun leis na Conarthaí, nó dá mbua, agus atá ceaptha chun rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a ghnóthú (breithiúnas an 16 Nollaig 2020, an Chomhairle agus páirtithe eile v K. Chrysostomides & Co. agus páirtithe eile, C-597/18 P, C-598/18 P, C-603/18 P agus C-604/18 P, EU:C:2020:1028, mír 80 agus cásdlí dá dtagraítear), bhraith sí go sainráite, chun an cásdlí sin a shuíomh, ar an imthoisc, ar an gcéad dul síos, go bhfuil sé beartaithe ag comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais arna mbunú leis na Conarthaí nó faoi na Conarthaí rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais agus, ar an dara dul síos, go mbeadh sé contrártha leis an rún a bhí ag údair na gConarthaí don Aontas, agus é ag gníomhú trí chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht, a bheith saor ó iarmhairtí fhorálacha na gConarthaí lena rialaítear dliteanas neamhchonarthach an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Nollaig 1992, SGEEM agus Etroy v BEI, C-370/89, EU:C:1992:482, míreanna 13 go 16).

119    Mar sin, comhlíonann an léirmhíniú leathan a thugann an Chúirt ar an gcoincheap “institiúidí”, chun críocha an dara mír d'Airteagal 340 CFAE a chur i bhfeidhm, an riachtanas, a bhfuil údar maith leis de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát dá dtagraítear go sainráite san fhoráil sin, chun an tAontas a chosc ó dhul timpeall ar chur i bhfeidhm an chórais dliteanais neamhchonarthaigh faoi Airteagal 268 CFAE, arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, agus an t-athbhreithniú breithiúnach iarmhartach ón gCúirt, i gcás ina ngníomhaíonn sé trí chomhlacht nó ghníomhaireacht de chuid an Aontais seachas na hinstitiúidí atá liostaithe in Airteagal 13(1) CAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Nollaig 1992, SGEEM agus Etroy v BEI, C-370/89, EU:C:1992:482, míreanna 14 agus 16). Ní mór gur fíre an méid sin fós ós rud é, mar atá luaite ag an Abhcóide Ginearálta i bpointe 100 dá Thuairim, go gcumhdaítear leis an gcoincheap “seirbhísigh” dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 340 CFAE, ó thaobh feidhme de, an fhoireann uile atá ag obair don Aontas Eorpach, bíodh sin in institiúidí nó i gcomhlachtaí, in oifigí agus i ngníomhaireachtaí an Aontais.

120    Dá bhrí sin, ní féidir brath ar an léiriú a thugtar don choincheap “institiúidí”, de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 340 CFAE, lena rialaítear méid dhliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh, chun críche raon feidhme Airteagal 341 CFAE a shainiú de réir analaí, raon feidhme a bhaineann le méid na gcumhachtaí arna bhforchoimeád do na Ballstáit faoi na Conarthaí.

121    Ní féidir leis an gComhairle brath ach oiread go fóinteach ar an gcoincheap “institiúidí” in Airteagal 342 CFAE, ar dá réir go “(n)déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú trí bhíthin rialachán di d'aon toil, na rialacha i dtaobh theangacha institiúidí an Aontais a chinneadh, gan dochar do na forálacha atá i Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.” Go deimhin, mar atá luaite ag an Abhcóide Ginearálta, i mír 98 dá Thuairim, i gcásanna an Iodáil v an Chomhairle (Suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí), Comune di Milano v an Chomhairle (Suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí) agus an Pharlaimint v an Chomhairle (Suíomh an Údaráis Eorpaigh Saothair) (C-59/18, C-182/18 agus C-743/19, EU:C:2021:812), ní gá an coincheap “institiúidí”, de réir bhrí an Airteagail dheireanaigh seo, a léirmhíniú mar ní lena n-áirítear comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, a mhéid a d’fhéadfadh réimeas teanga comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais a bheith éagsúil leis an gceann atá i bhfeidhm sna hinstitiúidí.

122    Maidir le Prótacal Uimh. 6, de réir mar a áitíonn an Chomhairle, cé go socraítear leis ní hamháin suíomh institiúidí an Aontais ach suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí áirithe an Aontais chomh maith, lena n-áirítear Europol, agus go dtagraítear leis d’Airteagal 341 CFAE, ní fhoráiltear leis, áfach, go gcinnfidh na Ballstáit suímh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais ar bhonn comhchoiteann i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar síos san Airteagal sin. I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb í an tsaintréith atá coiteann do na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais ná gur chruthaigh na Ballstáit iad, ach nach amhlaidh an cás do ghníomhaireacht de chuid an Aontais amhail EMA, a cruthaíodh ar bhonn na gconarthaí bunaidh, ag reachtóir an Aontais. Dá bhrí sin, ní féidir a thuiscint ón bprótacal sin go raibh sé beartaithe ag na Ballstáit an prionsabal a leagtar amach san Airteagal sin a chur i bhfeidhm, go díreach nó de réir analaí, maidir le suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh a shocrú.

123    Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta Bobek faoi deara i mír 112 dá Thuairim, i gcásanna an Iodáil v an Chomhairle (Suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí), Comune di Milano v an Chomhairle (Suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí) agus an Pharlaimint v an Chomhairle (Suíomh an Údaráis Eorpaigh Saothair) (C-59/18, C-182/18 agus C-743/19, EU:C:2021:812), léiríonn glacadh prótacail ar leith, i gcodarsnacht leis sin, gur mheas na Ballstáit gur cheart a gcinneadh comhchoiteann maidir le socrú suíomh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí áirithe de chuid an Aontais atá liostaithe go cuimsitheach a bheith cumhdaithe go sonrach sa dlí príomha d’fhonn éifeachtaí dlíthiúla a bheith acu i ndlí an Aontais.

124    Maidir leis an tagairt shainráite, i bPrótacal Uimh. 6, d’Airteagal 341 CFAE, mínítear go dtagraítear sa Phrótacal sin go príomha do na hinstitiúidí atá luaite in Airteagal 13(1) CAE.

125    Ina theannta sin, is fíor, mar is léir ó Airteagal 2 de Chinneadh Dhún Éideann, gur chuir Ionadaithe Rialtais na mBallstát in iúl gur mhian leo, ar an gcaoi chéanna a dtugtar cumhacht dóibh go sainráite agus go soiléir le hAirteagal 341 CFAE suíomh institiúidí an Aontais Eorpaigh a bhunú, cinntí a fhorchoimeád dóibh féin maidir le suímh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, ag an gcomhdháil idir-rialtasach as ar eascair glacadh Chonradh Amstardam, glacadh téacs Chinneadh Dhún Éideann mar Phrótacal atá i gceangal le Conarthaí AE, CE, CEGC agus CEFA, arb ionann é anois agus Prótacal Uimh. 6, atá i gceangal le Conarthaí AE, FAE agus CEFA anois.

126    Mar sin féin, ar thaobh amháin, socraítear leis an airteagal aonair den Phrótacal deiridh sin, i dtéarmaí atá inchomparáide le téarmaí Airteagal 1 de Chinneadh Dhún Éideann, suíomh institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais arna gcruthú ag na Ballstáit amháin. Ar an taobh eile, cé gur aithin an Chúirt luach ceangailteach dlíthiúil an chinnidh seo i mbreithiúnas an 1 Deireadh Fómhair 1997, an Fhrainc v an Pharlaimint (C-345/95, EU:C:1997:450), dá ndearna sí tagairt i mbreithiúnais eile ina dhiaidh sin [Féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Nollaig 2012, an Fhrainc v an Pharlaimint, C-237/11 agus C-238/11, EU:C:2012:796, míreanna 36 go 42, agus an 2 Deireadh Fómhair 2018, An Fhrainc v an Pharlaimint (Cumhacht bhuiséadach a fheidhmiú), C-73/17, EU:C:2018:787, mír 33], ní fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar Airteagal 2 den chinneadh sin go ndéanfaí léirmhíniú ar Airteagal 341 CFAE a bheadh contrártha lena fhoclaíocht shoiléir.

127    Braitheann an Chomhairle freisin, mar ghné chomhthéacsúil, ar an gcleachtas institiúideach a bhí ann roimhe seo a bhaineann le suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a shocrú agus áitíonn sí go bhfuil “aitheantas institiúideach” ag baint leis an gcleachtas sin trí bhíthin Dhearbhú Comhpháirteach 2012 agus an chur chuige choitinn atá i gceangal leis sin.

128    Is léir, áfach, ón eolas atá curtha faoi bhráid na Cúirte i gcomhthéacs na gcásanna atá ann faoi láthair go bhfuil an cleachtas líomhainte i bhfad ó bheith ginearálaithe. Go deimhin, is iad na Ballstáit amháin a rinne na nósanna imeachta a leanadh chun suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a ainmniú, nó bhí baint ag institiúidí an Aontais leo, bíodh sin mar ina gcáil mar ghníomhairí sa nós imeachta reachtach nó nach ea, i méideanna éagsúla agus ar bhoinn éagsúla.

129    Ag glacadh leis, áfach, gur féidir, mar a áitíonn an Chomhairle, cleachtas atá bunaithe agus comhsheasmhach san am a chuaigh thart a shainaithint, faoinar socraíodh suímh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais go córasach ar bhonn rogha pholaitiúil arna déanamh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát amháin, ní féidir leis an léirmhíniú ar Airteagal 341 CFAE a mholann an Chomhairle ar bhonn an chleachtais sin leas a bhaint as “aitheantas institiúideach” trí bhíthin Dhearbhú Comhpháirteach 2012 agus an chur chuige choitinn atá i gceangal leis. Go deimhin, níl aon chineál ceangailteach ó thaobh dlí de leis an dearbhú seo, mar a leagtar béim air sa chúigiú mír de, agus ní áirítear leis, ina theannta sin, aon aitheantas d’aon fhorchoimeád inniúlachta atá ag na Ballstáit maidir le suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a chinneadh.

130    In aon chás, ní fhéadfaidh cleachtas den sórt sin, a bheadh contrártha le rialacha CFAE agus, go háirithe, le hAirteagal 341 CFAE, trí raon feidhme an Airteagail sin a leathnú, in ainneoin a fhoclaíochta soiléire, chun suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a chinneadh, fasach a chruthú a bheadh ina cheangal ar na hinstitiúidí (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Bealtaine 2008, an Pharlaimint v an Chomhairle, C-133/06, EU:C:2008:257, mír 60 agus an cásdlí dá dtagraítear).

131    Sa tríú háit agus san áit dheireanach, maidir le cuspóir Airteagal 341 CFAE, is é an cuspóir sin cumhachtaí cinnteoireachta na mBallstát a chaomhnú agus suíomh institiúidí an Aontais Eorpaigh amháin a chinneadh. I gcodarsnacht leis an seasamh a ghlac an Chomhairle ag an éisteacht, ní fhéadfaidh sé a bheith d’éifeacht ag léirmhíniú ar an Airteagal sin sa chiall nach mbainfeadh sé le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh gach éifeacht phraiticiúil a bhaint de, mar a thugtar faoi deara ag an Abhcóide Ginearálta Bobek i mír 138 dá Thuairim i gcásanna an Iodáil v an Chomhairle (Suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí), Comune di Milano v an Chomhairle (Suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí) agus an Pharlaimint v an Chomhairle (Suíomh an Údaráis Eorpaigh Saothair) (C-59/18, C-182/18 agus C-743/19, EU:C:2021:812). Cé gur fíor go socraítear suíomh institiúidí an Aontais Eorpaigh leis an dlí príomha cheana féin, sa chás seo le Prótacal Uimh. 6, tá Airteagal 341 CFAE fós ábhartha d’aon chinneadh amach anseo lena modhnófar suíomh institiúide atá ann cheana nó lena socrófar suíomh institiúide nua.

132    Sa chomhthéacs sin, ní mór a mheabhrú, murab ionann agus institiúidí AE, a ndéantar foráil sna Conarthaí féin maidir lena gcruthú agus lena bhfeidhmeanna, mar gheall ar a dtábhacht bhunreachtúil, nach bhfuil comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, amhail EMA, a bhfuil sé mar chuspóir acu cuspóirí beartais áirithe de chuid an Aontais a bhaint amach, mar riail ghinearálta, cruthaithe leis na Conarthaí. Sna himthosca sin, mura dtagann a gcruthú ón dlí príomha, ní mór é a bheith mar thoradh ar ghníomh reachtaíochta tánaistí arna ghlacadh ar bhonn na bhforálacha substainteacha lena gcuirtear chun feidhme beartas an Aontais Eorpaigh ina bhfuil an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht lena mbaineann ag gníomhú agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos leis na forálacha sin.

133    In éagmais sonraí breise ina leith sin sna Conarthaí, is amhlaidh gur faoi reachtóir an Aontais atá sé, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos le forálacha na gConarthaí atá infheidhme go hábhartha, suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais atá bunaithe aige féin a chinneadh le gníomh reachtaíochta tánaistí arna ghlacadh ar bhonn na bhforálacha sin, sa chaoi chéanna leis an gcumhacht atá aige, faoi na forálacha sin, cumhachtaí, eagrú agus modh oibríochta an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta sin a shainiú.

134    Dá bhrí sin, tá an cinneadh maidir le suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais a shocrú, amhail gníomhaireacht de chuid an Aontais, in aghaidh áitiú na Comhairle, i gcomhréir leis an gcinneadh maidir lena bunú. Is cinneadh den chineál céanna é cinneadh a bhaineann le hathlonnú suíomh gníomhaireachta den sórt sin.

135    Go deimhin, is féidir cúinsí polaitiúla a chur san áireamh i socrú suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais, amhail an gá atá ann, agus comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais á gcur ar bun, cothromaíocht gheografach áirithe a áirithiú nó tacú le Ballstáit nach bhfuil suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais acu go fóill.

136    Mar sin féin, ní thugann cineál polaitiúil an chinnidh lena socraítear suíomh comhlachta nó gníomhaireachta den sórt sin de chuid an Aontais ann féin údar maith go mbeidh an cinneadh sin saor ó inniúlacht reachtóir an Aontais, a dtreoraítear go rialta chun roghanna polaitiúla a dhéanamh i bhfeidhmiú chumhachtaí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2016, an Ghearmáin v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-113/14, EU:C:2016:635, mír 55).

137    Thairis sin, caithfidh cinneadh den sórt sin a bheith in ann a áirithiú go gcuirfí i gcrích na cúraimí a chuirtear ar an gcomhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais lena mbaineann d’fhonn cuspóirí beartais ar leith a bhaint amach.

138    Ní féidir ach oiread seasamh leis an argóint lena maítear, i gcás go nasctar socrú suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais leis an mbonn substainteach ar a bhfuil a gcruthú bunaithe, go bhféadfadh go n-eascródh sé as an méid sin, i gcomhréir leis an mbunús ábhartha dlí, go mbeadh an cinneadh sin faoi réir vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle, agus ní faoi réir cinnidh arna ghlacadh de thoil a chéile ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát, agus an socrú sin ina ghné chomhréitigh i gcomhthéacs na díospóireachta reachtaí.

139    Mar a tugadh le fios i mír 136 den bhreithiúnas seo, cé go bhféadfadh gné thábhachtach pholaitiúil a bheith ag gabháil leis an gcinneadh maidir le suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais, sa mhéid is nach mór dó freagairt, inter alia, do thosca a bhaineann le cothromaíocht gheografach, ní chuirtear cosc leis an méid sin ar fhéidearthacht reachtóir an Aontais an cinneadh sin a ghlacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos le forálacha na gConarthaí atá infheidhme go hábhartha, ós rud é go bhféadfadh an ghné pholaitiúil sin a bheith, i ndáil leis sin, ina gné a fhéadfaidh reachtóir an Aontais a chur san áireamh agus a lánrogha á feidhmiú aige. Thairis sin, ní mór a chur in iúl, ós rud é go bhfuil prionsabal na trédhearcachta i leith na saoránach mar threoir do phróiseas reachtach an Aontais, faoin dara mír d’Airteagal 1 i gcomhar le hAirteagal 10(3) CAE, gurb é an toradh atá ar an bpróiseas sin ná go neartófar an bonn daonlathach do chinneadh maidir le suíomh chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht an Aontais a ainmniú, amhail EMA.

140    I ndáil leis sin, agus ar bhonn níos bunúsaí, toisc go bhfuil cinneadh, amhail an cinneadh a bhaineann le suíomh comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais, íogair ó thaobh na polaitíochta de, ní féidir na cumhachtaí a thugtar d’institiúidí an Aontais leis na Conarthaí a athrú, nó feidhmiú na gcumhachtaí sin a eisiamh ó na nósanna imeachta reachtacha atá leagtha síos sna Conarthaí. Ní fhéadfadh cinneadh maidir le raon feidhme den fhoráil de chuid na gConarthaí lena rialaítear inniúlacht shubstainteach an Aontais a bheith ag brath, dá bhrí sin, ar bhreithnithe a bhaineann le híogaireacht pholaitiúil an ábhair lena mbaineann nó ar an ábhar imní chun éifeachtacht gníomhaíochta a áirithiú.

141    Leanann sé as na breithnithe sin go léir, agus go háirithe as foclaíocht Airteagal 341 CFAE, nach féidir an fhoráil sin a léirmhíniú sa chiall go rialaítear socrú shuíomh chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht an Aontais léi, amhail EMA.

142    Sna himthosca sin, ní ag na Ballstáit ach ag reachtóir an Aontais Eorpaigh atá an chumhacht chun cinneadh a dhéanamh maidir le socrú shuíomh na gníomhaireachta sin, agus ceanglaítear air gníomhú chun na críche sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i bhforálacha ábhartha na gConarthaí, sa chás seo Airteagal 114 CFAE agus Airteagal 168(4) CFAE, ina ndéantar foráil maidir le húsáid an ghnáthnós imeachta reachtaigh.

143    I bhfianaise an chinnidh sin, is gá, ina dhiaidh sin, measúnú a dhéanamh ar raon feidhme chinneadh an 20 Samhain 2017 agus scrúdú a dhéanamh ar urramaigh shainchumais na Parlaiminte.

(2)    Raon feidhme chinneadh an 20 Samhain 2017 agus lánurraim do shainchumais na Parlaiminte

144    Áitíonn Poblacht na hIodáile agus Comune di Milano, go bunúsach, gur sháraigh glacadh chinneadh an 20 Samhain 2017, ina cháil sin, sainchumais na Parlaiminte. Ar a laghad, maíonn siad gur mheas an Pharlaimint í féin a bheith faoi cheangal ag an gcinneadh sin.

145    Ar an gcéad dul síos, maidir leis an ngearán gur sháraigh cinneadh an 20 Samhain 2017 sainchumais na Parlaiminte, is léir ó na forais a leagtar amach i míreanna 111 go 142 den bhreithiúnas seo gur ag reachtas Aontais Eorpaigh seachas ag na Ballstáit atá an chumhacht suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a chinneadh.

146    Ciallaíonn an chumhacht reachtach atá forchoimeádta don Pharlaimint agus don Chomhairle, in Airteagal 14(1) CAE agus d’Airteagal 16(1) CAE, atá mar chuid de phrionsabail na tabhartha cumhachtaí a chumhdaítear in Airteagal 13(2) CAE agus, ar bhonn níos leithne, i bprionsabal na cothromaíochta institiúidí, ar saintréith de struchtúr institiúideach an Aontais é, gur faoi na hinstitiúidí sin amháin atá sé inneachar gnímh reachtaigh a chinneadh (breithiúnas an 21 Meitheamh 2018, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-5/16, EU:C:2018:483, mír 84 agus an cásdlí dá dtagraítear).

147    Dá bhrí sin, ionas nach dtiocfaí salach ar struchtúr institiúideach agus ar leithdháileadh na n-inniúlachtaí a eascraíonn as na Conarthaí, ní féidir aon luach ceangailteach a thabhairt do chinneadh amhail cinneadh an 20 Samhain 2017, a ghlac na Ballstáit ar bhonn rialacha sonracha substainteacha agus nós imeachta a chomhaontaigh na Ballstáit lasmuigh de chreat arna shainiú faoi dhlí an Aontais, lena bhféadfaí lánrogha reachtóir an Aontais a theorannú, fiú má bhí an Coimisiún rannpháirteach sa phróiseas roghnúcháin as ar eascair glacadh an chinnidh sin. Dá bhrí sin, tá luach gnímh um chomhar polaitiúil ag baint le cinneadh den sórt sin nach féidir, in imthosca ar bith, cur isteach ar na cumhachtaí a thugtar d’institiúidí an Aontais i gcomhthéacs an ghnáthnós imeachta reachtaigh.

148    I ndáil leis sin, ní féidir a mheas, áfach, gur sárú nó gur teacht timpeall ar shainchumais na Parlaiminte mar chomhreachtóir é an fíoras nach raibh baint ag an bParlaimint leis an bpróiseas as ar lean glacadh chinneadh an 20 Samhain 2017. Seachas gur tharla an próiseas sin lasmuigh den chreat a shainítear le dlí an Aontais agus nach bhfuil aon fheidhm cheangailteach ag an gcinneadh sin i ndlí an Aontais, ní raibh tús curtha leis an nós imeachta reachtach a bhaineann le suíomh nua EMA a shocrú fós nuair a glacadh é.

149    Dá bhrí sin, ní mór diúltú don ghearán gur sháraigh glacadh chinneadh an 20 Samhain 2017, mar sin, sainchumais na Parlaiminte.

150    Maidir leis an ngearán, ar an dara dul síos, gur mheas an Pharlaimint í féin a bheith faoi cheangal ag cinneadh an 20 Samhain 2017 agus mar sin gur tharscaoil sí a cuid cumhachtaí in ábhair reachtacha trína ról a theorannú do ghnéithe foirmiúla amháin, is léir ón gcomhad a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, ar an gcéad dul síos, go ndearna roinnt coistí parlaiminteacha anailís ar an togra is bunús leis an Rialachán atá faoi chonspóid, dá dtagraítear i mír 20 den bhreithiúnas seo, lenar foráladh go roghnófaí cathair Amstardam mar shuíomh nua EMA. Chuir chuid de na coistí sin, amhail an Coiste um Rialú Buiséadach agus an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, a dtuairimí in iúl maidir leis an togra sin an 11 Eanáir 2018 agus an 26 Feabhra 2018 faoi seach.

151    Ina dhiaidh sin, mar thoradh ar na díospóireachtaí sa Pharlaimint, cuireadh síos leasuithe, agus bhí cuid acu ag moladh gur cheart cathair seachas Amstardam, go háirithe Milano, a roghnú mar shuíomh EMA, agus mhol cuid eile go nglacfaí critéir roghnúcháin nua agus socruithe nua nós imeachta chun an suíomh sin a roghnú. Tar éis na vótála sa Choiste Parlaiminteach agus ina dhiaidh sin sa suí iomlánach, áfach, dhiúltaigh an Pharlaimint do na leasuithe sin ina n-iomláine, agus roghnaigh an Pharlaimint an suíochán a luadh sa togra ón gCoimisiún. Mar sin, léiríonn seoladh an phróisis reachtaigh agus an toradh a bhí air gur pléadh le linn imeachtaí na Parlaiminte cathair Milano a ainmniú go féideartha mar shuíomh nua EMA sular diúltaíodh dó ar deireadh.

152    Os a choinne sin, tar éis caibidlíochtaí neamhfhoirmiúla idir an Chomhairle agus an Pharlaimint, glacadh leasuithe eile maidir leis an tagairt do dháta sonrach chun suíomh EMA a aistriú agus maidir le sásra a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na hoibríochta aistrithe. Cuireadh na nithe sin isteach, ina dhiaidh sin, i dtéacs an Rialacháin atá faoi chonspóid, mar is léir ó aithrisí 2 agus 3 i mbrollach an Rialacháin sin.

153    Ar deireadh, vótáil an Pharlaimint ar dhréachtghníomh reachtach an 25 Deireadh Fómhair 2018, ag cur san áireamh roinnt malartuithe neamhfhoirmiúla a tharla idir an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún agus é ar intinn acu teacht ar chomhaontú maidir le ceist shuíochán nua EMA, ar an gcéad léamh, agus an gá atá le dara léamh nó fiú nós imeachta idir-réitigh a sheachaint.

154    Ní féidir a mhaíomh go bailí mar sin gur ról foirmiúil amháin a bhí in idirghabháil na Parlaiminte.

155    Is fíor, sa dearbhú atá i gceangal le rún reachtach an 25 Deireadh Fómhair 2018, gur luaigh an Pharlaimint gur oth léi “nach raibh a ról mar chomhreachtóir curtha san áireamh go cuí, ós rud é [nach raibh] sí páirteach sa nós imeachta maidir le suíomh nua a roghnú do [EMA]” [Aistriúchán neamhoifigiúil] (an chéad mhír), ba mhian léi “a sainchumais mar chomhreachtóir a mheabhrú di” [Aistriúchán neamhoifigiúil] agus, d'éiligh sí “go gcomhlíonfar go huile agus go hiomlán an gnáthnós imeachta reachtach agus suíomh comhlachtaí agus gníomhaireachtaí á gcinneadh” [Aistriúchán neamhoifigiúil] (an dara mír), cháin sí “an nós imeachta a leanadh chun an suíochán nua a chinneadh, ós rud é [gur] baineadh de facto a cumhachtaí sa mhéid is [nach] raibh baint i ndáiríre aici leis an bpróiseas, ach [go bhfuiltear] ag súil anois nach ndéanfaidh sí ach an rogha a rinneadh don suíochán a dheimhniú tríd an ngnáthnós imeachta reachtach” [Aistriúchán neamhoifigiúil] (an ceathrú mír).

156    Ní féidir tátal a bhaint as an ráiteas sin, áfach, gur mheas an Pharlaimint go raibh cinneadh an 20 Samhain 2017 ceangailteach ó thaobh dlí. Is fíor gur féidir go raibh luach suntasach polaitiúil ag an gcinneadh sin agus ag an bpróiseas roghnúcháin a tháinig roimhe, ag féachaint go háirithe don fhíoras a rinne an Pharlaimint tagairt dó, go raibh sé ríthábhachtach leanúnachas ghníomhaíochtaí EMA a áirithiú agus, dá bhrí sin, suíochán nua a shocrú don ghníomhaireacht sin a luaithe ab fhéidir. É sin ráite, ní féidir le tionchar polaitiúil an chinnidh sin ar chumhacht reachtach na Parlaiminte agus na Comhairle a bheith ina fhoras chun go ndéanfadh an Chúirt an Rialachán atá faoi chonspóid a chur ar neamhní (féach, de réir analaí, breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2017, an tSlóvaic agus an Ungáir v an Chomhairle, C-643/15 agus C-647/15, EU:C:2017:631, míreanna 145 go 149, agus an 21 Meitheamh 2018, an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-5/16, EU:C:2018:483, míreanna 85 agus 86).

157    Ar deireadh, níl an tagairt in aithris 1 den Rialachán atá faoi chonspóid do chinneadh an 20 Samhain 2017, de chineál lena léirítear ach oiread nach ndearna an Pharlaimint measúnú ceart ar mhéid a sainchumais ná gur sáraíodh na sainchumais sin.

158    Dá bhrí sin, ní mór an gearán ina líomhnaítear gur mheas an Pharlaimint féin go raibh sí faoi cheangal ag cinneadh an 20 Samhain 2017 a dhiúltú freisin.

159    Sna himthosca sin, ní mór diúltú don chéad saincheist dlí i gCás C-106/19 agus don chéad saincheist dlí i gCás C-232/19.

 An dara saincheist dlí i gCás C 106/19 agus an dara go dtí an ceathrú saincheist dlí i gCás C 232/19

–       Argóintí na bpáirtithe

160    Leis an dara saincheist dlí a d’ardaigh sí i gCás C-106/19, maíonn Poblacht na hIodáile, fiú mura ndearnadh sárú ar shainchumais na Parlaiminte agus i gcás, go háirithe, nach bhfuil sa Rialachán atá faoi chonspóid ach “cinntiú go bhfaighfear” cinneadh an 20 Samhain 2017, go bhfágann na gnéithe neamhdhleathach den chinneadh sin, a tugadh faoi cheist i gCás C 59/18, Poblacht na hIodáile v An Chomhairle, go bhfuil an Rialachán sin neamhdhleathach, ar bhealach díorthaithe. Agus í ag tagairt do na hargóintí a cuireadh chun cinn sa chás sin, cuireann Poblacht na hIodáile in iúl go bhfuil mí-úsáid cumhachtaí ag baint leis an gcinneadh sin.

161    Sa dara go dtí an ceathrú saincheist dlí i gCás C-232/19, atá ag teacht leis an dara saincheist dlí a d’ardaigh Poblacht na hIodáile i gCás C-106/19, áitíonn Comune di Milano freisin, ós rud é go bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid bunaithe ar chinneadh an 20 Samhain 2017, déanann gnéithe neamhdhleathacha an chinnidh sin agus an próiseas roghnúcháin a chuaigh roimhe difear do dhlíthiúlacht an Rialacháin sin.

162    I gcomhthéacs an dara saincheist dlí i gCás C-232/19, déanann Comune di Milano agóid, ar an gcéad dul síos, i gcoinne dhlíthiúlacht an nós imeachta roghnúcháin a glacadh an 22 Meitheamh 2017, a mhéid a foráladh leis go bhféadfaí leas a bhaint as crannchur chun cinneadh a dhéanamh faoi shuíomh EMA. Dar le Comune di Milano, is ionann rogha modh ainmnithe atá chomh treallach sin agus mí-úsáid cumhachtaí sa mhéid is go n-imíonn sé ón gcuspóir atá á shaothrú ag an nós imeachta roghnúcháin, eadhon, a áirithiú go nglacfar leis an tairiscint is fearr chun suíomh nua EMA a óstáil, ag féachaint do na critéir réamhshainithe.

163    Sa dara háit, áitíonn Comune di Milano go bhfuil an nós imeachta roghnúcháin neamhdhleathach freisin toisc nár ghlac an Coimisiún na bearta faisnéise dá bhforáiltear sa nós imeachta sin, rud ba chúis le saobhadh suntasach ar thairiscint Ríocht na hÍsiltíre ó na Ballstáit a ghlac páirt sa vótáil.

164    Trína thríú saincheist dlí, maíonn Comune di Milano gur sháraigh an nós imeachta roghnúcháin a glacadh an 22 Meitheamh 2017 prionsabail an dea-riaracháin agus an chomhair dhílis, a mhéid a bhí foráil ann do chrannchur deiridh, ar modh roghnúcháin mí-chuí é do phróiseas cinnteoireachta de chuid institiúidí an Aontais. Líomhnaíonn sé freisin gur sháraigh an nós imeachta prionsabal na trédhearcachta sa ghníomhaíocht riaracháin, sa mhéid nach ndearnadh miontuairiscí oibríochtaí vótála a tharraingt suas agus, go ginearálta, nach raibh aon chineál poiblíochta ná faireacháin ann ar an nós imeachta.

165    Ar deireadh, trína cheathrú saincheist dlí arb í a shaincheist dlí dheireanach í, líomhnaíonn Comune di Milano, go bunúsach, sárú ar shraith forálacha de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a bhaineann le miontuairiscí a ullmhú, le cinntí a dhéanamh, le foirm na ngníomhartha agus leis an oibleagáid cúiseanna a shonrú. Ina theannta sin, maíonn Comune di Milano go raibh an nós imeachta roghnúcháin, go háirithe céim na ballóide, ina shárú ar na rialacha a leagtar amach i nóta an 31 Deireadh Fómhair 2017, dá dtagraítear i mír 17 den bhreithiúnas seo, go háirithe a mhéid a fhoráiltear ann do bhriseadh 30 nóiméad idir gach ballóid.

166    Áitíonn an Chomhairle gur cheart na pléadálacha a saincheisteanna a thugtar ar aird a dhiúltú, agus í ag áitiú, inter alia, nach bhfuil Poblacht na hIodáile ná Comune di Milano i dteideal agóid a dhéanamh in aghaidh dhlíthiúlacht chinneadh an 20 Samhain 2017.

167    Tugann an Pharlaimint dá haire, go foirmiúil, nach sásaíonn iarratas Phoblacht na hIodáile, ó thaobh cur in iúl na n-argóintí de, na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 21 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 120(c) de na Rialacha Nós Imeachta. Maidir leis an tsubstaint, measann sí go bhfuil na saincheisteanna dlí a ardaíodh neamhéifeachtach, in éagmais nasc dlíthiúil idir cinneadh an 20 Samhain 2017 agus an Rialachán atá faoi chonspóid.

168    Áitíonn an Coimisiún freisin gur cheart diúltú do na saincheisteanna dlí a ardaíodh in éagmais aon éifeacht atá ceangailteach ó thaobh dlí de a bheith ag gabháil le cinneadh an 20 Samhain 2017.

–       Breithniú na Cúirte

169    Tá an dara saincheist dlí i gCás C-106/19 agus an dara go dtí an ceathrú saincheist dlí i gCás C-232/19, ina n-áitíonn Poblacht na hIodáile agus Comune di Milano, go bunúsach, go bhfuil sé d’éifeacht ag na gnéithe neamhdhleathacha i gcinneadh an 20 Samhain 2017 go bhfuil Rialacháin atá faoi chonspóid neamhdhleathach, bunaithe ar an réamhthuiscint go bhfuil nasc dlí idir an cinneadh sin agus an Rialachán sin.

170    Mar is léir, áfach, ó na breithnithe atá leagtha amach i míreanna 111 go 142 den bhreithiúnas seo, ní ag na Ballstáit ach ag reachtóir an Aontais Eorpaigh atá an inniúlacht chun cinneadh a dhéanamh maidir le socrú shuíomh chomhlachtaí, ghníomhaireachtaí agus oifigí an Aontais Eorpaigh, agus a fheidhmíonn an reachtóir an inniúlacht sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i bhforálacha ábhartha na gConarthaí, sa chás seo Airteagal 114 CFAE agus Airteagal 168(4) CFAE, ina ndéantar foráil maidir le húsáid an ghnáthnós imeachta reachtaigh. Thairis sin, mar a luaitear i mír 147 den bhreithiúnas seo, níl aon éifeacht cheangailteach dlí ag cinneadh an 20 Samhain 2017 faoi dhlí an Aontais, agus dá thoradh sin ní fhéadfaidh sé a bheith mar bhunús dlí leis an Rialachán atá faoi chonspóid agus, thairis sin, níl aon nasc dlíthiúil aige leis.

171    Mar sin, fiú amháin más rud é, mar a mhaíonn na hiarratasóirí, gur glacadh cinneadh an 20 Samhain 2017 tar éis nós imeachta lochtach agus ar mhodh neamhdhleathach, ní bheadh aon éifeacht ag an bhfíoras sin, inti féin, ar dhlíthiúlacht an Rialacháin atá faoi chonspóid.

172    Sna himthosca sin, ní mór an dara saincheist dlí i gCás C-106/19 an dara go dtí an ceathrú saincheist dlí i gCás C-232/19 a dhiúltú mar shaincheisteanna neamhéifeachtacha.

173    Ós rud é nár tacaíodh le haon cheann de na saincheisteanna dlí a thacaíonn leis na caingne reatha, ní mór na caingne sin a dhíbhe ina n-iomláine.

 Costais

174    Faoi Airteagal 138(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc má tá iarraidh ina leith sin sna pléadálacha.

175    I gcomhréir le hAirteagal 138(3) de na Rialacha Nós Imeachta, i gcás go n éiríonn le gach páirtí i roinnt de na pointí agus go dteipfidh orthu i roinnt eile, íocfaidh gach páirtí a chostais féin. Más dealraitheach údar maith a bheith leis de réir imthosca an cháis, áfach, féadfaidh an Chúirt a ordú go n íocfaidh páirtí amháin, chomh maith lena chostais féin, sciar de chostais an pháirtí eile.

176    Sa chás seo, agus é mar phríomhthréith an cháis go bhfuil cleachtas éagsúil agus léirmhínithe éagsúla ar cheist na hinniúlachta cinnteoireachta maidir le suíomh chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais a shocrú sna himthosca a bhaineann le glacadh an Rialacháin atá faoi chonspóid, is cosúil go bhfuil údar maith le cinneadh a dhéanamh go n-íocfaidh gach ceann de na príomhpháirtithe, eadhon, Poblacht na hIodáile, Comune di Milano, an Chomhairle agus an Pharlaimint, a chostais féin.

177    I gcomhréir le hAirteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, íocfaidh Ríocht na hÍsiltíre agus an Coimisiún, idiragraithe, a gcostais féin.

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Déantar na caingne a dhíbhe.

2.      Íocfaidh Poblacht na hIodáile, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa a gcostais féin i gCás C-106/19.

3.      Íocfaidh Comune di Milano, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa a gcostais féin i gCás C-232/19.

4.      Íocfaidh Ríocht na hÍsiltíre agus an Coimisiún a gcostais féin.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Iodáilis.