Achomharc arna thabhairt ag European Crop Care Association (ECCA) an 14 Nollaig 2023 i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra, Comhdhéanamh Méadaithe) a tugadh an 4 Deireadh Fómhair 2023 i gCás T-77/20, Ascenza Agro agus Industrias Afrasa v an Coimisiún
(Cás C-773/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: European Crop Care Association (ECCA) (ionadaithe: S. Pappas agus A. Pappas, avocats)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Ascenza Agro, SA, Industrias Afrasa, SA, an Coimisiún Eorpach, Ríocht na Danmhairge, Poblacht na Fraince agus an Chomhghuaillíocht um Shláinte agus um Chomhshaol (HEAL)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
An breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;
Tar éis an breithiúnas a bhfuil achomharc á dhéanamh ina choinne a chur ar ceal, an Rialachán atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; agus
A Ordú don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus costais an achomharcóra a íoc sna himeachtaí reatha agus sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Iarrann an t- achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar an mbreithiúnas faoi achomharc agus é a chur ar ceal, bunaithe ar cheithre fhoras.
Ar an gcéad dul síos, gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Rialachán (CE) Uimh. 1107/20091 trí sheasamh le húsáid an chur chuige léimh trasna agus thromachar na fianaise gan beann ar an easpa bunús dlí don iarratas sin;
Ar an dara dul síos, gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 296 CFAE;
Ar an tríú dul síos, gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta na ceanglais nós imeachta is infheidhme;
Ar an gceathrú dul síos, go sáraíonn an breithiúnas ata faoi chonspóid an modh léite trasna agus go bhfuil réasúnaíocht chodarsnach ann.
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO 2009 L 309, lch. 1).