Iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus (an Eastóin) a taisceadh an 5 Nollaig 2023 – Maksu- ja Tolliamet v UT
(Cás C-745/23, Alenopik 1 )
Teanga an cháis: an Eastóinis
An chúirt a rinne an tarchur
Riigikohus
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Maksu- ja Tolliamet
Cosantóir: UT
An cheist a tharchuirtear
Cén chaoi ina bhfuil an ráta malairte atá le húsáid mar bhunús chun luach an airgid thirim de réir bhrí Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1672 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le cinneadh i gcás a bhaineann le hairgeadra nach bhfoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach a ráta malairte?
____________
1 Is ainm bréige é an t-ainm sa chás seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 (IO 2018 L 284, lch. 6).