Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 6 Nollaig 2023 ag Magnetrol International agus páirtithe eile i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 20 Meán Fómhair 2023 i gCásanna T 263/16 RENV, T-265/16, T-311/16, T-319/16, T-321/16, T-343/16, T-350/16, T-444/16, T-800/16 agus T-832/16, Magnetrol International agus páirtithe eile v An Coimisiún

(Cás C-757/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Magnetrol International, Puratos, Delta Light, Ontex, Siemens Industry Software, BASF Antwerpen NV, Ansell Healthcare Europe NV, Trane, Inc., Kinepolis Group, Vasco Group, Mayekawa Europe NV/SA (ionadaithe: H. Gilliams, L. Goossens, advocaten)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Celio International SA, Astra Sweets, Soudal NV, Esko-Graphics BVBA, Flir Systems Trading Belgium, Celio International SA, Anheuser-Busch InBev, Ampar, Atlas Copco Airpower, Atlas Copco AB, ZF CV Systems Europe, ar a dtugtaí Wabco Europe roimhe seo

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí arna dtabhú ag na hachomharcóirí maidir leis an gcás seo, agus i gcásanna T-263/16, T-263/16 RENV, C-337/19 P, T-265/16, T-311/16, T-319/16, T-321/16, T-343/16, T-350/16, T-444/16, T 800/16 a íoc, agus

Cinneadh 2016/1699 1 ón gCoimisiún, nó in aon chás, Airteagal 2 de, a chur ar neamhní.

Nó, de rogha air sin:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

an cás a chur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tá an chéad saincheist dlí dírithe i gcoinne an chinnidh sa bhreithiúnas atá faoi achomharc gur shainigh Cinneadh 2016/1699 ón gCoimisiún an creat tagartha i gceart agus go raibh údar lena chinneadh go maolaíonn an scéim ar an gcreat tagartha.

Tá an dara saincheist dlí dírithe i gcoinne an chinnidh sa bhreithiúnas atá faoi achomharc go raibh údar le Cinneadh 2016/1699 ón gCoimisiún an scéim a mheas mar bheart roghnaitheach.

Tá an tríú saincheist dlí dírithe i gcoinne an chinnidh sa bhreithiúnas atá faoi achomharc go raibh údar leis an ordú aisghabhála, mar a léirítear i gCinneadh 2016/1699 ón gCoimisiún.

    

____________

1 Cinneadh (AE) 2016/1699 an 11 Eanáir 2016 maidir leis an scéim Státchabhrach um dhíolúine ó iarmhéid an bhrabúis SA.37667 (2015/C) (ex 2015/NN) arna cur chun feidhme ag an mBeilg (IO 2016, L 260, lch. 61).