Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiojo administracinio teismo a taisceadh an 21 Nollaig 2023 – I. J. v Registrų centrą

(Cás C-789/23, Registrų centras)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: I. J.

Cosantóir: Registrų centras

An cheist a tharchuirtear:

Maidir le hAirteagal 21(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir nach bhféadfaí conradh pósta arna thabhairt i gcrích i mBallstát eile an Aontais a chlárú sa Chlár um Chonarthaí Pósta más amhlaidh nach bhfuil sa chonradh sin uimhir aitheantais phearsanta duine de na páirtithe conarthacha, mar a fhoráiltear dó i gClár Daonra Phoblacht na Liotuáine, i gcás, dála an cháis i gceist, ina ndiúltaíonn údaráis inniúla an Bhallstáit inar tugadh an conradh i gcrích sliocht ón gconradh a sholáthar, agus í forlíonta leis an uimhir aitheantais phearsanta ábhartha?

____________