Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 29 Eanáir 2024 – DL v PQ
(Cás C-61/24, Lindenbaumer 1 )
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirithe sna príomhimeachtaí
Cosantóir agus achomharcóir: DL
Iarratasóir agus freagróir: PQ
An cheist a tharchuirtear
Cad iad na critéar ba cheart a úsáid chun a chinneadh cá bhfuil gnáthchónaí na gcéilí de réir bhrí Airteagal 8(a) agus (b) de Rialachán An Róimh III 1 , go háirithe
an bhfuil tionchar ag postáil mar thaidhleoir ar ghlacadh le gnáthchónaí sa stát glacaidh nó an gcuireann sé cosc air sin fiú?
an gá go mbeadh na céilí i láthair go fisiciúil i stát ar feadh tréimhse áirithe ama sular féidir glacadh leis go bhfuil gnáthchónaí bunaithe ann?
an bhfuil gá le méid áirithe imeascadh sóisialta agus teaghlaigh sa tír atá i gceist chun gnáthchónaí a bhunú?
____________
1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 Rialachán (AE) Uimh. 1259/2010 ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe i réimse an dlí is infheidhme maidir le colscaradh agus idirscaradh dlíthiúil (IO 2010 L 343, lch. 10).