Language of document : ECLI:EU:C:2024:97

Cás C-118/22

NG

v

Direktor na Glavna direktsia ‘Natsionalna politsia’ pri Ministerstvo na vatreshnite raboti - Sofia

(iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad)

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 30 Eanáir 2024

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil chun cionta coiriúla a chomhrac – Treoir (AE) 2016/680 – Airteagal 4(1)(c) agus (e) – Íoslaghdú sonraí – Teorannú stórála – Airteagal 5 – Teorainneacha ama iomchuí don léirscriosadh nó chun athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar an ngá le stóráil – Airteagal 10 – Próiseáil sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha – Géarghá – Airteagal 16(2) agus (3) – Ceart go ndéanfaí léirscriosadh – Srian a chur ar phróiseáil – Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Duine nádúrtha a ciontaíodh le breithiúnas críochnaitheach agus a ndéantar an taifead coiriúil sin a ghlanadh ina dhiaidh sin – Tréimhse choinneála sonraí go bás – Easpa cirt go ndéanfaí léirscriosadh nó go gcuirfí srian ar phróiseáil – Comhréireacht)

Comhfhogasú reachtaíochta – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil in ábhair choiriúla – Treoir 2016/680 – Stóráil sonraí pearsanta, sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha go háirithe, a bhaineann leis na daoine a ciontaíodh go cinntitheach i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear a leithéid de stóráil go dtí go bhfaighidh an duine lena mbaineann bás, fiú i gcás athinmheachán an duine sin – Easpa oibleagáid athbhreithniú rialta a dhéanamh an bhfuil gá leis an stóráil sin – Easpa cirt go ndéanfaí léirscriosadh nó go gcuirfí srian ar phróiseáil – Do-ghlacthacht

[An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagail 7, 8 agus 52(1); Rialachán 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Aithris 26 agus Airteagail 4(1), 1(c) agus (e), agus (13), agus 16(1) agus (3)(g)]

(féach míreanna 46-39, 41-45, 48-52, 59, 61, 66, an chuid oibríochtúil)

Achoimre

I ndiaidh iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Chúirt Riaracháin Uachtarach, an Bhulgáir), tugann Mór-Dhlísheomra na Cúirte Breithiúnais rialú maidir leis na teorainneacha ama a bhaineann le sonraí pearsanta daoine a bhí faoi réir ciontú coiriúil críochnaitheach a stóráil, chun cionta coiriúla a chomhrac, ag féachaint ar Threoir 2016/680. (1)

Cláraíodh NG i gclár na bpóilíní le linn imeachtaí imscrúdaithe as mionn éithigh a thabhairt. Ag deireadh na n-imeachtaí imscrúdaithe sin rinneadh díotáil air agus ina dhiaidh sin fuarthas ciontach sa chion sin é agus gearradh pianbhreith phromhaidh bliana air. Tar éis dó an phianbhreith sin a chur isteach, bhain sé tairbhe as athinmheachán.

Ar bhonn an athinmheacháin sin, rinne NG iarratas go ndéanfaí an clárú sin a bhaint ó chlár na bpóilíní. Diúltaíodh don iarratas sin ar an bhforas nach bhfuil ciontú coiriúil críochnaitheach, lena n-áirítear cásanna ina ndearnadh athinmheachán, ar cheann de na forais lena ndéanfaí a leithéid de scriosadh, forais a liostaítear ina n-iomláine sa dlí náisiúnta. I ndiaidh gur díbheadh caingean NG i gcoinne an chinnidh sin, thug NG achomharc os comhair na cúirte a rinne an tarchur, á mhaíomh go leanann sé ó Threoir 2016/680 nach féidir sonraí pearsanta a stóráil gan teorainn ama. Dar le NG, go mba amhlaidh a bheadh, de facto, nuair nach bhféadfadh an duine lena mbaineann na sonraí pearsanta a bailíodh i ndáil leis an gcion coiriúil ar ciontaíodh é go críochnaitheach ina leith a léirscriosadh riamh, fiú tar éis dó a phianbhreith a chur isteach agus tairbhe a bhaint as athinmheachán.

Sna himthosca sin, iarradh ar an gCúirt Bhreithiúnais, i gcomhthéacs réamhrialú, an gcuirtear cosc le Treoir 2016/680 (2), arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (3), ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go ndéanfaidh na húdaráis phóilíneachta stóráil, chun críocha cionta coiriúla a chosc, chun cionta coiriúla a imscrúdú, chun cionta coiriúla a bhrath nó chun cionta coiriúla a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta, go háirithe, ar shonraí bithmhéadracha agus géiniteacha a bhaineann le daoine a bhí faoi réir ciontú coiriúil deiridh i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí, go dtí go bhfaighidh an t ábhar sonraí bás, lena n-áirítear i gcás athinmheachán an ábhair sonraí, gan an ceart go ndéanfaí sonraí den sórt sin a léirscriosadh a aithint ar bhealach eile ná, i gcás inarb infheidhme, an ceart chun srian a chur ar a bpróiseáil.

Ina breithiúnas, tugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra dearfach ar an gceist sin.

Breithniú na Cúirte Breithiúnais

Ar an gcéad dul síos, cuireann an Chúirt Bhreithiúnais in iúl go mbunaítear creat ginearálta le Treoir 2016/680 chun a áirithiú, inter alia, go bhfuil stóráil sonraí pearsanta agus, go háirithe, fad na stórála sin teoranta don mhéid atá riachtanach chun na gcríoch ar chucu a ndéantar iad a stóráil i bhfianaise na gcuspóirí dá gcoinnítear na sonraí sin, agus ag an am céanna fágtar faoi na Ballstáit é a chinneadh, i gcomhréir leis an gcreat sin, na cásanna sonracha ina n-éilítear, chun cearta bunúsacha an ábhair sonraí a chosaint, na sonraí sin a léirscriosadh agus an tráth is gá an léirscriosadh sin a dhéanamh. Os a choinne sin, ní cheanglaítear leis an Treoir sin ar na Ballstáit teorannacha ama daingne a shainiú maidir le sonraí pearsanta a stóráil agus thar a leithéid de theorainneacha ba cheart na sonraí sin a léirscriosadh go huathoibríoch.

Go háirithe, thar aon rud eile, bunaítear le hAirteagal 4(1)(c) de Threoir 2016/680 prionsabal an ‘íoslaghdaithe sonraí’, ar dá réir nach mór do na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil na sonraí pearsanta leordhóthanach, ábhartha agus nach bhfuil siad iomarcach i ndáil leis na cuspóirí dá ndéantar próiseáil orthu. Ina theannta sin, faoi Airteagal 4(1)(e) den Treoir sin, ní mór do na Ballstáit foráil a dhéanamh go stórálfar na sonraí sin i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, ceanglaítear ar na Ballstáit le hAirteagal 5 den Treoir sin, inter alia, teorainneacha ama iomchuí a leagan síos chun sonraí pearsanta a léirscriosadh nó chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an riachtanas atá leis na sonraí pearsanta a stóráil. Éilíonn ‘iomchuibheas’ na dteorainneacha ama sin, in aon chás, go gceadaítear leo na sonraí lena mbaineann a léirscriosadh mura bhfuil údar ann a thuilleadh leis na sonraí sin a stóráil ag féachaint ar chuspóir na próiseála.

Ansin, le hAirteagal 10 de Threoir 2016/680, lena rialaítear próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta, go háirithe sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha, ceadaítear próiseáil sonraí den sórt sin i gcásanna ‘ina mbeidh géarghá leis’ amháin.

Ar deireadh, le hAirteagal 16(2) de Threoir 2016/680 bunaítear an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a léirscriosadh i gcás inarb ionann an phróiseáil agus sárú ar na forálacha arna nglacadh de bhun na Treorach (4) sin nó i gcás inar gá na sonraí sin a léirscriosadh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh. (5) Tá sé le tuiscint go bhféadfar an ceart chun léirscriosta a fheidhmiú, inter alia, i gcás nach bhfuil gá leis na sonraí pearsanta atá i gceist a stóráil nó nach bhfuil gá leo a thuilleadh chun na gcríoch ar chucu a ndéantar iad a phróiseáil nó i gcás ina bhfuil gá leis an léirscriosadh sin chun na críche sin leis an dlí náisiúnta a chomhlíonadh.

Ar an dara dul síos, tugann an Chúirt Bhreithiúnais dá haire, sa chás seo, nach stóráiltear na sonraí pearsanta i gclár na bpóilíní agus a bhaineann le daoine a ionchúisítear i gcion intinniúil atá faoi réir ionchúiseamh poiblí ach amháin chun críche imscrúduithe oibríochtúla agus, go sonrach, chun iad a chur i gcomparáid le sonraí eile a bhailítear le linn imscrúduithe a bhaineann le cionta eile. I ndáil leis sin, áfach, is de chineál an-ghinearálta é an coincheap ‘cion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí’ agus go bhféadfadh feidhm a bheith ag an gcoincheap seo i leith líon mór cionta coiriúla, beag beann ar chineál agus ar thromchúis na gcionta sin. Mar sin féin, níl an baol céanna ann go mbeadh na daoine go léir a ciontaíodh go críochnaitheach i gcion den sórt sin páirteach i gcionta coiriúla eile, rud a thugann údar le tréimhse aonfhoirmeach stórála sonraí a bhaineann leo. I ndáil leis sin, i gcásanna áirithe, ag féachaint do thosca amhail cineál agus tromchúis an chiona a rinneadh nó easpa atitimeachais, ní gá go dtabharfaidh an riosca a léiríonn an duine ciontaithe údar cuí leis na sonraí a bhaineann leis a stóráil i gclár náisiúnta na bpóilíní dá bhforáiltear chun na críche sin go dtí a bhás agus mar gheall air sin ní bheidh an nasc riachtanach ann a thuilleadh idir na sonraí a stóráiltear agus an cuspóir atá á shaothrú. Dá bhrí sin, i gcásanna den sórt sin, ní bheidh a stóráil comhsheasmhach le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus rachaidh sé thar an tréimhse is gá chun na críocha sin ar chucu a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach.

Ina dhiaidh sin, ós rud é go n-áirítear sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha ar shonraí pearsanta i gclár na bpóilíní atá i gceist, thug an Chúirt Bhreithiúnais dá haire gur dócha go mbeidh géarghá le sonraí den sórt sin daoine a bhí faoi réir ciontú coiriúil deiridh cheana féin a stóráil, lena n-áirítear go dtí go bhfaighidh na daoine sin bás, (6)inter alia ar mhaithe le deimhniú an raibh baint acu le cionta coiriúla eile agus, ar an mbealach sin, ciontóirí a imscrúdú agus a pianbhreith a ghearradh orthu. Mar sin féin, ní chomhlíonann stóráil na sonraí sin ceanglas den sórt sin ach amháin má chuirtear san áireamh cineál agus tromchúis an chiona ónar eascair an ciontú coiriúil críochnaitheach, nó imthosca eile amhail an comhthéacs ar leith ina ndearnadh an cion sin, an nasc a d’fhéadfadh a bheith aige le himeachtaí eile atá ar feitheamh nó cúlra coiriúil nó próifíl an duine ar gearradh pianbhreith air. Dá réir sin, más rud é, amhail mar a fhoráiltear dó sa reachtaíocht náisiúnta sna príomhimeachtaí, go stórálfar na sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha a iontráladh i gclár na bpóilíní go dtí go bhfaighidh na daoine lena mbaineann bás i gcás a gciontaithe choiriúil chríochnaithigh, tá raon feidhme na stórála sin, thar a bheith leathan i bhfianaise na gcríoch ar chucu a ndéantar na sonraí sin a phróiseáil.

Ar deireadh, maidir leis, ar thaobh amháin, an oibleagáid foráil a dhéanamh maidir le teorainneacha ama iomchuí a leagan síos, (7) ní féidir a mheas go bhfuil teorainn ama ‘iomchuí’, maidir le sonraí bithmhéadracha agus géiniteacha aon duine a ciontaíodh go cinntitheach i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí a stóráil, ach amháin má chuirtear san áireamh na himthosca ábhartha a fhágann go bhfuil gá le tréimhse stórála den sórt sin. Dá bhrí sin, fiú más féidir leis an tagairt do bhás an ábhair sonraí a bheith ina ‘teorainn ama’ chun sonraí stórálta a léirscriosadh, ní féidir a mheas go bhfuil teorainn den sórt sin ‘iomchuí’ ach amháin in imthosca sonracha lena dtugtar údar cuí léi. Is léir nach amhlaidh atá cás ina gcuirtear a leithéid i bhfeidhm go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach maidir le haon duine a ciontaíodh go cinntitheach. Is fíor go bhfágtar faoi na Ballstáit é cinneadh a dhéanamh an riachtanas le teorainneacha ama a shocrú chun na sonraí sin a léirscriosadh nó le hathbhreithniú rialta a dhéanamh ar an riachtanas atá leis na sonraí pearsanta a stóráil. (8) Mar sin féin, éilítear le ‘hiomchuibheas’ na teorainneacha ama le haghaidh athbhreithniú rialta den sórt sin a cheadaítear leo na sonraí lena mbaineann a léirscriosadh mura bhfuil údar ann a thuilleadh leis na sonraí sin a stóráil. Ní chomhlíontar ceanglas den sórt sin más rud é gurb é bás an duine lena mbaineann an t-aon chás amháin ina bhforáiltear do léirscriosadh den sórt sin.

Ar an taobh eile, maidir leis na coimircí dá bhforáiltear i dTreoir 2016/680 lena leagtar síos coimircí maidir leis na coinníollacha a bhaineann leis na cearta go ndéanfaí léirscriosadh agus go gcuirfí srian ar phróiseáil, cuirtear cosc leis na forálacha sin freisin ar reachtaíocht náisiúnta nach gceadaítear leo do dhuine a ciontaíodh go cinntitheach i gcion coiriúil intinniúil a thagann faoi raon feidhme an ionchúisimh phoiblí, na cearta sin a fheidhmiú.


1      Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO 2016 L 119, lch. 89), (IO 2016 L 119, lch. 89).


2      Go sonrach, Airteagal 4(1)(c) agus (e) de Threoir 2016/680, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 5 agus 10, Airteagal 13(2) (b) agus Airteagal 16(2) agus (3) di.


3      Cumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, faoi seach, an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú agus saol an teaghlaigh agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.


4      Go háirithe, Airteagail 4, 8 nó 10 di.


5      Mar sin féin, de bhun Airteagal 16(3) de Threoir 2016/680, ní mór a fhoráil leis an dlí náisiúnta go gcuirfidh an rialaitheoir srian le próiseáil na sonraí sin seachas iad a léirscriosadh i gcás ina ndéanfaidh an t-ábhar sonraí cruinneas na sonraí pearsanta a chonspóid agus nach féidir a gcruinneas nó a míchruinneas a fhionnadh.


6      Féach Airteagal 10 de Threoir 2016/680.


7      Féach Airteagal 5 de Threoir 2016/680.


8      Féach Airteagal 5 de Threoir 2016/680.