Caingean arna tabhairt an 6 Nollaig 2023 – Ferrero Duetschland v EUIPO – Kondyterska korporatsiia “Roshen” (ROSHEN CONFECTIONERY CORP.)
(Cás T-1140/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Ferrero Deutschland GmbH (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Kefferpütz agus K. Wagner, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Dochirnie pidpryiemstvo Kondyterska korporatsiia “Roshen” (Cív, an Úcráin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “ROSHEN CONFECTIONERY CORP.” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 026 424
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí Freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bhord Achomhairc de EUIPO an 9 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 2428/2022-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an t-iarratas ar thrádmharc atá i gceist a dhiúltú ina iomláine
a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcás ina gcinnfidh an Bord Achomhairc idiragairt a dhéanamh, a gcuid costais féin a íoc;
a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, i gcás ina gcinnfidh an Bord Achomhairc idiragairt a dhéanamh, na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc;
mar mhalairt air sin, an cás a tharchur chuig an mBord Achomhairc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Glacadh mícheart fianaise;
Sainiú neamhiomlán an phobail ábhartha;
Míbhreith a thabhairt ar úsáid “Rocher” mar thrádmharc neamhspleách;
Míbhreith ar shaincháilíocht neamhspleách “Rocher” laistigh de “Ferrero Rocher”;
Mainneachtain a shuíomh go bhfuil dóchúlacht mearbhaill ann.
____________