Language of document :

(Cás C-259/22 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Arysta LifeScience Great Britain Ltd (ionadaí: C. Mereu, Dlíodóir)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Taminco BVBA

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh; agus

an Rialachán1 atá faoi chonspóid a neamhniú agus costais an achomhairc seo agus costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a dhámhachtain don iarratasóir nó costais an achomhairc seo a dhámhachtain don iarratasóir agus na cásanna a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta i gcomhair athscrúdú.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a dhearbhaigh sí go bhfuil cearta an iarratasóra um chosaint teoranta do na forálacha áirithe a leagtar amach in Airteagail 12(3) agus 14(1) de Rialachán 844/2012. Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí toisc gur mhainnigh sí a mheas gur próiseas riaracháin é an próiseas lena ndéantar substaintí a fhormheas agus, mar sin, féadfaidh an t-iarratasóir a chearta um chosaint a fheidhmiú ar bhealach a théann thar na forálacha a leagtar amach sa chreat dlithiúil ábhartha lena bhforáiltear do na cearta sin go follasach (m.sh. Rialacháin 1107/20091 agus 844/20122 ).

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trína chinneadh nach bhféadfadh an t-iarratasóir ceann de na húsáidí ionadaíocha a bhaint as an sainchomhad fógra. De bhun Rialacháin 1107/2009 agus 844/2012, is gá leis an tsaoirse úsáidí ionadaíocha a tharraingt siar le linn an nós imeachta athnuachana chun an tsaoirse iad a roghnú ag tús an nós imeachta sin a áirithiú, agus na próisis sin ina macasamhail dá chéile.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí eile trína chinneadh go bhfuil treoir riaracháin an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) infheidhme. Is aon phróiseas amháin é an próiseas athnuachana lena gceanglaítear dhá chéim idirnasctha. Mar sin, ní hábhartha é go mbaineann treoir riaracháin EFSA leis an bpróiseas a thosaíonn nuair a “dhéantar iarratas agus a chríochnaíonn nuair a ghlactar agus a fhoilsítear conclúidí EFSA”, agus, dá bharr sin, ní fhéadfaí an tarraingt siar a dhéanamh ach amháin sa chéad chéim roimh EFSA.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus/nó rinne sí an fhianaise a shaobhadh, agus tháinig sí ar chonclúid dlí mhícheart mar sin, trí thagairt a dhéanamh d’úsáid dhuilleach na substainte chun údar a thabhairt do na conclúidí maidir le húsáid cóireála síl. Rinne sí tagairt ar bhealach neamhréireach d’fhadhbanna a bhaineann leis na húsáidí duilleacha – ar tharraing an t-iarratasóir siar iad – chun teacht ar an gconclúid “nach raibh ar an gCoimisiún forais maidir le húsáid thiram mar chóireáil síl a úsáid mar an t-aon fhoras amháin den Rialachán cur chun feidhme atá faoi chonspóid”.

Ina theannta sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus/nó rinne sí an fhianaise a shaobhadh trína chinneadh gur leasaigh an Coimisiún an Rialachán atá faoi chonspóid i gceart chun tarraingt siar na húsáide duillí a léiriú. Leis an Rialachán atá faoi chonspóid, tugtar tacaíocht fós do neamh-athnuachan thiram ar bhonn fadhbanna a bhaineann le húsáid dhuilleach (m.sh., foráiltear le haithris 8 den Rialachán atá faoi chonspóid mar a leanas: “Shainaithin an t-údarás riosca fíorghéar d’oibrithe agus do thomhaltóirí ó thiram a scaoileadh trí spraeáil duilleach”), a rinne an t-iarratasóir a tharraingt siar.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí, rinne sí an fhianaise a shaobhadh, agus/nó bhunaigh sí a cuid conclúidí ar réasúnaíocht neamhréir agus/nó gan cúiseanna leordhóthanacha a shonrú, nuair a dhearbhaigh sí go bhfuil meitibilít M1 ábhartha agus measúnú á dhéanamh ar úsáidí cóireála síl. Ba cheart don Chúirt Ghinearálta neamhaird a bheith déanta aici ar aon tagairt do mheitibilít M1 – a bhfuil baint dhíreach aige le húsáid dhuilleach – toisc gur tarraingíodh a leithéid d’úsáid siar.

Rinne an Chúirt Ghinearálta an rud céanna trína chinneadh go raibh riosca ann le húsáid cóireála síl toisc go raibh meitibilít DMCS ann. Ní mór a mheas go bhfuil an riosca inghlactha don chóireáil síl maidir le meitibilít DMCS mar tá na rátaí i bhfad níos ísle do chóireáil síl agus gur faoi bhun thairseach aire a braitheadh iad.

Rinne an Chúirt Ghinearálta míléiriú ar phrionsabal an réamhchúraim agus/nó rinne sí earráid dlí agus/nó rinne sí an fhianaise a shaobhadh agus tháinig sí ar chonclúid dlí mhícheart mar sin trína chinneadh go ndearna an Coimisiún measúnú tionchair cuí de bhun phrionsabal an réamhchúraim. Mhainnigh an Coimisiún aon mheasúnú tionchair a dhéanamh, níor chinn sé ach “go bhfuil tionchar níos tréana ag na rioscaí agus na fadhbanna atá sainaitheanta ná an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann dá gcaillfí an tsubstaint”. D’fhéad an Coimisiún, ar a laghad, na heilimintí a líomhnaítear gur cuireadh san áireamh iad chun teacht ar an gconclúid sin a shonrú.

____________

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún 2018/1500 9 Deireadh Fómhair 2018 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí thiram, agus lena gcuirtear toirmeasc ar shíolta a chóireáiltear le tairgí cosanta plandaí ina bhfuil thiram a úsáid agus a dhíol, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO 2018 L 254, lch. 1).

1 Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO 2009 L 309, lch. 1).

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) ón gCoimisiún 844/2012 an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha atá riachtanach chun an nós imeachta athnuachana do shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, de réir mar a fhoráiltear le Rialachán Uimh. 1107/2009 (IO 2012 L 252, lch. 26)