Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Relação de Évora (an Phortaingéal) a taisceadh an 6 Aibreán 2022 — TL

(Cás C-242/22)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal da Relação de Évora

Páirtithe sna príomhimeachtaí

TL

Páirtí eile sna príomhimeachtaí: Ministério Público

An cheist a tharchuirtear:

An féidir Airteagail 1 go 3 de Threoir 2010/63/AE 1 agus Airteagal 3 de Threoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, 2 a léiriú, ina n-aonar nó i gcomhar le hAirteagal 6 den CEDH, sa chaoi nach gcoisctear foráil den Dlí náisiúnta leo lena bhfágtar gurb é an t-iarmhairt ar gan ateangaire a chur ar fáil agus gan aistriúchán na ngníomhartha nóis imeachta riachtanacha a sholáthar do chosantóir nach dtuigeann teanga an nós imeachta ná neamhniú coibhneasta an cháis, a chaithfear a agairt, agus lena gceadaítear neamhniú dá leithéid a leigheas le himeacht aimsire?

____________

1 Treoir 2010/64/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, lch. 1).

1 Treoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, lch. 1).