Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) a taisceadh an 15 Samhain 2023 – D.E. v Banco Santander, SA

(Cás C-626/23, Banco Santander)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Supremo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: D.E.

Cosantóir: Banco Santander

Na ceisteanna a tharchuirtear:

Maidir le hAirteagal 34(1)(a) agus (b), i ndáil le hAirteagal 53(1) agus (3), leis an gcéad fhomhír (b) agus (c) d’Airteagal 60(2) de Threoir 2014/59/AE, 1 an bhfuil léiriú le déanamh amhail go bhféadfaí a mheas gur dliteanas, dá ndéantar difear leis an bhforáil um dhíluacháil nó um maitheamh in Airteagal 53(3) de Threoir 2014/59/AE, mar oibleagáid nó éileamh ‘nár tháinig in aibíocht’, amhail go n-urscaoilfí é agus nach mbeadh sé infhorfheidhmithe i gcoinne Banco Popular, atá san éileamh nó ceart a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh ar bhreithiúnas lena n-ordaítear don eintiteas ar tháinig i gcomharbas ar Banco Popular cúiteamh a íoc i ndiaidh caingean chun cúiteamh a ghnóthú as siocair táirge airgeadais a mhargú (fobhannaí a bhfuil scaireanna indéanta díobh go riachtanach san aon bhanc) nach bhfuil ar na hionstraimí caipitil sa bhreis dá dtagraítear leis na bearta réitigh de chuid Banco Popular, ar ionstraimí caipitil iad a rinneadh scaireanna díobh sular glacadh na bearta réitigh bainc (7 Meitheamh 2017), i gcás ina ndearnadh an t-iarratas is bun leis an mbreithiúnas lena n-ordaítear go n-íocfaí cúiteamh sular cuireadh clabhsúr le himeachtaí réitigh an bhainc?

Nó mar mhalairt air sin, an bhfuil léiriú le déanamh ar na forálacha sin amhail gurb ionann an t-éileamh nó ceart sin agus oibleagáid nó éileamh ‘ar tháinig in aibíocht’ — Airteagal 53(3) den Treoir — nó ‘dliteanas atá fabhraithe cheana féin’ — Airteagal 60(2)(b) — agus nach mbaineann éifeachtaí urscaoileadh nó maitheamh na n-oibleagáidí nó na n-éileamh sin leis mar sin agus, dá bhrí sin, go mbeadh sé infhorfheidhmithe i gcoinne Banco Santander mar chomharba ar Banco Popular, i gcás ina ndearnadh an t-iarratas is bun leis an mbreithiúnas lena n-ordaítear go n-íocfaí cúiteamh sular cuireadh clabhsúr le himeachtaí réitigh an bhainc?

____________

1 Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/UE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190).