Language of document :

Caingean arna tabhairt an 17 Iúil 2023 – Poblacht na Polainne v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-445/23)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, Gníomhaire)

Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Cinneadh (AE) 2023/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1814 a mhéid a bhaineann le méid na lamháltas atá le cur i gcúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí 20301 ;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 192(2)(c) CFAE

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí Airteagal 192(2)(c) CFAE trí mhainneachtain an rialachán atá faoi chonspóid a ghlacadh ar bhonn na forála sin den Chonradh, lena n-éilítear aontoilíocht sa Chomhairle, cé go ndéanann an rialachán atá faoi chonspóid difear suntasach do rogha Ballstáit idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.

2. Saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh a leagtar síos in Airteagal 194(1)(b) CFAE

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí Airteagal 194(1)(b) CFAE trí na luachanna a leagtar amach in Airteagal 1(5) CFAE de Chinneadh 2015/1814 a choimeád ar bun don tréimhse 2024-2030 – lena gcuirtear slándáil fuinnimh na Polainne i mbaol – gan leasanna na mBallstát éagsúil lena mbaineann a chur san áireamh agus gan a leasanna a chothromú i gcoinne leasanna an Aontais.

3. Saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 3(1) agus (3) CAE, trí Chinneadh 2023/852 a ghlacadh lena mbaintear an bonn d’fholláine phobail an Aontais Eorpaigh agus den chomhtháthú sóisialta idir na Ballstáit

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí Airteagal 3(1) agus (3) CAE, trí Chinneadh 2023/852 a ghlacadh, a d’fhéadfadh laghdú ar an bhfostaíocht mhianadóireachta agus méadú ar an dífhostaíocht dá bharr, rud a mhéadóidh leibhéal na n-éagothromaíochtaí sóisialta idir na Ballstáit agus a mhéadóidh an t-eisiamh sóisialta.

4. Saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 13(2) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2015/1814, trí mheasúnú tionchair neamhleor agus trí shárú ar phrionsabal na comhréireachta (Airteagal 5(4) CAE)

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí Airteagal 13(2) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2015/1814, trí Chinneadh 2023/852 a ghlacadh ar bhonn measúnú tionchair neamhiomlán, as dáta agus earráideach, a tarraingíodh suas ar bhonn sonraí nár cuireadh san áireamh iontu ionsaí armtha na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an ghéarchéim fuinnimh a d’eascair aisti. Sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí prionsabal na comhréireachta freisin (Airteagal 5(4) CAE) trí na luachanna a leagtar amach in Airteagal 1(5) CFAE de Chinneadh 2015/1814 a choimeád ar bun don tréimhse 2024-2030 gan aon anailís iontaofa a thabharfadh údar le cinneadh den sórt sin.

____________

1 IO 2023 L 110, lch. 21