Language of document :

Caingean arna tabhairt an 14 Iúil 2023 — Poblacht na Polainne v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-442/23)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, Gníomhaire)

Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Rialachán (AE) 2023/839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/839 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, leis na rialacha tuairiscithe agus comhlíontachta a shimpliú, agus lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030, agus Rialachán (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú, 1 a chur ar neamhní ina iomláine;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tarraingíonn an Pholainn na saincheisteanna dlí seo a leanas anuas i gcoinne Rialachán 2023/839 atá faoi chonspóid:

Saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 192(2)(c) CFAE

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí Airteagal 192(2)(c) CFAE trí mhainneachtain an rialachán atá faoi chonspóid a ghlacadh ar bhonn na forála sin den Chonradh, lena n-éilítear go mbeadh an Chomhairle ar aon toil, cé go ndéanann an rialachán atá faoi chonspóid difear suntasach do rogha Ballstáit idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.

2. Saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an tríú fleasc d’Airteagal 192(2)(b) CFAE

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí an tríú fleasc d’Airteagal 192(2)(b) trí mhainneachtain an rialachán atá faoi chonspóid a ghlacadh ar bhonn na forála sin den Chonradh, lena n-éilítear aontoilíocht sa Chomhairle, cé go ndéanann an rialachán atá faoi chonspóid difear d’úsáid talún sna Ballstáit.

3. Saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 4(1) agus 5(2) CAE

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí prionsabal na tabhartha cumhachtaí, ós rud é go mbunaítear leis an Rialachán atá faoi chonspóid oibleagáidí agus cuspóirí a chuireann isteach go mór ar an gcaoi a ndéantar bainistiú foraoisí sna Ballstáit, cé nach dtugtar inniúlacht don Aontas Eorpach i réimse na foraoiseachta leis na Conarthaí.

4. Saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta (Airteagal 5(4) CAE) agus ar phrionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit (Airteagal 4(2) CAE) agus sárú ar Airteagal 191(2) CFAE

Measann an Pholainn, tríd an rialachán atá faoi á chonspóid a ghlacadh, gur sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí prionsabal na comhréireachta, prionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit agus gur mhainnigh siad aird leordhóthanach a thabhairt ar éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais. D’fhéadfadh iarmhairtí diúltacha, tromchúiseacha socheacnamaíocha agus airgeadais a bheith mar thoradh ar chomhlíonadh na ngealltanas agus na spriocanna maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe in earnáil LULUCF (earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta). Ina theannta sin, bunaítear leis an rialachán atá faoi chonspóid míchothromaíocht nach bhfuil údar léi idir leibhéil na ngealltanas agus na gcuspóirí idir na Ballstáit éagsúla.

5. Saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid anailís chuí a dhéanamh ar thionchar an rialacháin atá faoi chonspóid agus sárú ar Airteagal 191(3) CFAE.

Dar leis an bPolainn sháraigh na hinstitiúidí atá ina gcosantóirí an oibleagáid measúnú tionchair leordhóthanach a sholáthar, ós rud é go bhfuil easnaimh bhunúsacha sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an Rialachán atá beartaithe maidir le tionchar na n-oibleagáidí agus na gcuspóirí a leagtar amach sa Rialachán ar Bhallstáit aonair. Ag an am céanna, níor tugadh aird leordhóthanach ar na sonraí eolaíochtúla agus teicniúla atá ar fáil, ar dhálaí comhshaoil i réigiúin éagsúla an Aontais, ar na tairbhí agus na costais a d’fhéadfadh a bheith ag baint le gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht, chomh maith le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais ina iomláine ná ar fhorbairt inbhuanaithe a réigiún, de shárú ar Airteagal 191(3) CFAE.

____________

1 IO 2023, L 107, lch. 1