Language of document :

Caingean arna tabhairt an 11 Lúnasa 2023 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Beilge

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-524/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: W. Roels agus A. Ferrand, Gníomhairí)

Cosantóir: Ríocht na Beilge

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú gur mhainnigh Ríocht na Beilge a hoibleagáidí faoi Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 a chomhlíonadh lena leagtar síos rialacha chun dul i ngleic le cleachtais um sheachaint cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh 1 , trí mhainneachtain Airteagal 8(7) de a thrasuí i gceart;

a ordú do Ríocht na Beilge na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Measann an Coimisiún nach bhfuil Airteagal 8(7) de Threoir (AE) 2016/1164 trasuite i gceart ag Ríocht na Beilge. Níl aon fhaisnéis ag an gCoimisiún a léireodh trasuí éifeachtach agus iomlán an Airteagail seo.

____________

1 IO 2016, L 193, lch. 1.