Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 28 Samhain 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Rayonen sad Montana – an Bhulgáir) – L.T.L. v Apelativen sad – Sofia
(Cás C-373/23 1 , Svivov 2 )
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte – Ceanglas comhthéacs dlíthiúil na díospóide sna príomhimeachtaí a leagan amach – Ceanglas na cúiseanna a lua lena dtugtar údar leis an ngá do fhreagra ón gCúirt agus an gaol idir forálacha dlí an Aontais Eorpaigh, a bhfuil léiriú á lorg orthu, agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme – Easpa sonraí leordhóthanacha – Do-ghlacthacht fhollasach)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Rayonen sad Montana
Páirtithe
Iarratasóir: L.T.L.
Cosantóir: Apelativen sad - Sofia
An chuid oibríochtúil
Tá an iarraidh ar réamhrialú ó Rayonen sad Montana (Cúirt Dúiche Montana, an Bhulgáir), a rinneadh le cinneadh an 6 Meitheamh 2023, do-ghlactha go follasach.
____________
1 Dáta taiscthe : 14.6.2023
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d'fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.