Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 21 Feabhra 2024 – Nextrend v EUIPO – Xiamen Axent Corporation agus Axent Switzerland (Aonaid leithreas (cuid de -))

(Cás T-82/23) 1

(Dearadh Comhphobail – Imeachtaí neamhbhailíochta – Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear aonaidleithreas (cuid de -) – Dearadh Comhphobail níos luaithe – Forais neamhbhailíochta – Saintréith aonair – Tuairim fhoriomlán éagsúil –Méid saoirse an dearthóra – Airteagal 6 agus Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Nextrend GmbH (Flörsheim am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: T. Weiland agus C. Corbet, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)

Páirtithe eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Xiamen Axent Corporation Ltd (Haicang, an tSín), Axent Switzerland AG (Rapperswil Jona, an Eilvéis) (ionadaithe: M. Ring agus A. Wan, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go bunúsach, go gcuirfí cinneadh an 7 Nollaig 2022 ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) ar neamhní (Cás R 1604/2021-3).

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Nextrend GmbH na costais arna dtabhú ag Xiamen Axent Corporation Ltd agus Axent Switzerland AG a íoc, i dteannta a chostais féin, le linn na n-imeachtaí os comhair na Cúirte.

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 121, 3.4.2023.