Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – enercity v an Coimisiún

(Cás T-65/21) 1

(Iomaíocht – Cumaisc – Margaí leictreachais agus gáis na Gearmáine – Cinneadh lena ndearbhaítear an tiúchan atá ag luí leis an margadh inmheánach – Coincheap an ‘chomhchruinnithe aonair’ – Teorannú an mhargaidh – Measúnú ar éifeachtaí na hoibríochta ar an iomaíocht – Earráidí follasacha measúnaithe – Dualgas cúraim – Mí-úsáid cumhachta)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: enercity AG (Hanover, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Schalast, H. Löschan agus Y. Salamati, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Meessen agus C. Zois, Gníomhairí, le cúnamh ó F. Haus, L. Rundel agus F. Schmidt, Dlíodóirí)

Idiragraithe, mar thaca leis an gcosantóir: E.ON SE (Essen, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. Grave, C. Barth agus D.-J. dos Santos Goncalves, Dlíodóirí), RWE AG (Essen) (ionadaithe: U. Scholz, J. Ziebarth agus J. Siegmund, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2019) 6530 final ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2019 ar neamhní, lena ndearbhaítear tiúchan atá ag luí leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE (Cás M.8870 – E.ON v Innogy).

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do enercity a chostais féin chomh maith leo siúd arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach, E. ON SE agus RWE AG a íoc.

____________

1 IO C 138, 19.4.2021.