Language of document :

Caingean arna tabhairt an 17 Eanáir 2024 – Kaili v an Pharlaimint

(Cás T-29/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Eva Kaili (Ixelles, an Bheilg) (ionadaí: S. Pappas, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 7 Samhain 2023 ó Stiúrthóir na Stiúrthóireachta um Theidil Airgeadais agus Shóisialta na bhFeisirí, Ard-Stiúrthóireacht Airgeadais Pharlaimint na hEorpa, lena n-ordaítear cuid de liúntas caiteachais ghinearálta an iarratasóra a ghnóthú a chur ar neamhní agus

a ordú don chosantóir a chostais chomh maith le costais an Iarratasóra as na himeachtaí reatha a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nach raibh Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um Theidil Airgeadais agus Shóisialta na bhFeisirí, Ard-Stiúrthóireacht Airgeadais Pharlaimint na hEorpa, inniúil ar an gcinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh ós rud é go dtugann Airteagal 68 de bhearta cur chun feidhme don reacht do chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa (IMMS) an inniúlacht sin d'Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur cuireadh Airteagal 43 IMMS i bhfeidhm go hearráideach ina cás, ós rud é go mbaineann a coinneáil le staid force majeure.

____________