Language of document :

Caingean arna tabhairt an 2 Meitheamh 2023 – Korkmaz v EUIPO – Intersnack Deutschland (CETOS)

(Cás T-308/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Elif Korkmaz (Köln, an Ghearmáin) (ionadaí: C. Weil, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Intersnack Deutschland SE (Köln)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh “CETOS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 514 974

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 5 Aibreán 2023 i gCás R 2031/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

seasamh leis an gcaingean;

diúltú do ghearán an pháirtí freasúra/achomharcóra agus seasamh leis an gcinneadh ón Rannán Freasúra an 14 Deireadh Fómhair 2022 ina iomláine;

a ordú don pháirtí freasúra is achomharcóir, Intersnack Deutschland SE, na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________