Language of document : ECLI:EU:C:2023:463

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

COLLINS

arna tabhairt an 8 Meitheamh 2023 (1)

Cás C-178/22

Daoine aonair anaithnide

páirtí uamtha:

Procura della Repubblica presso il Tribunale di Bolzano

(iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Bolzano (an Chúirt Dúiche, Bolzano, an Iodáil))

(Tarchur chun réamhrialú — Sonraí pearsanta a phróiseáil san earnáil cumarsáide leictreonaí — Rúndacht na cumarsáide — Soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí — Treoir 2002/58/CE — Airteagal 1(3) agus Airteagal 15(1) — an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh — Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) — Iarratas ó Ionchúisitheoir Poiblí ar rochtain ar shonraí chun tromghadaíocht teileafóin póca a imscrúdú agus a ionchúiseamh — Sainmhíniú ar “choireacht thromchúiseach” lena bhféadfaí údar a thabhairt le cur isteach tromchúiseach ar chearta bunúsacha — Raon feidhme an athbhreithnithe roimh ré chun a áirithiú go gcomhlíonfar an ceanglas maidir le coir thromchúiseach a dhéanamh — Prionsabal na comhréireachta)






I.      Réamhrá

1.        Iarrann Procura della Repubblica presso il Tribunale di Bolzano (Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí ag Cúirt Dúiche, Bolzano, an Iodáil) (“an tIonchúisitheoir Poiblí (Bolzano)”) ar Tribunale di Bolzano (an Chúirt Dúiche, Bolzano, an Iodáil) rochtain a údarú ar shonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí de bhun an dlí náisiúnta lena bhféadfar, inter alia, foinse agus ceann scríbe na cumarsáide a rianú agus a shainaithint ó ghutháin phóca.

2.        Is i gcomhthéacs na hiarrata sin a iarrann an Tribunale di Bolzano (an Chúirt Dúiche, Bolzano) ar an gCúirt Bhreithiúnais Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE a léiriú. (2) Cuireann an fhoráil sin ar chumas na mBallstát eisceachtaí reachtacha a thabhairt isteach ón oibleagáid, atá leagtha síos sa treoir sin, (3) rúndacht na cumarsáide leictreonaí a áirithiú. Sa bhreithiúnas in Prokuratuur(4), chinn an Chúirt gurb ionann rochtain ar shonraí lenar féidir teacht ar chonclúidí beachta maidir le saol príobháideach úsáideora, de bhun bearta arna nglacadh faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, agus cur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha agus ar na prionsabail bhunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”). (5) Ní fhéadfar rochtain den sórt sin a údarú chun “cionta coiriúla i gcoitinne” a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh. Ní fhéadfar é a cheadú ach amháin i nósanna imeachta agus in imeachtaí chun “coireacht thromchúiseach” (6) a chomhrac agus ní mór é a bheith faoi réir athbhreithniú roimh ré ag cúirt nó comhlacht riaracháin neamhspleách chun comhlíonadh an cheanglais sin a chinntiú. (7) Iarrann an Tribunale di Bolzano (an Chúirt Dúiche, Bolzano) ar an gCúirt dhá ghné den bhreithiúnas in Prokuratuur a shoiléiriú: coincheap na “coireachta tromchúisí” agus fairsinge an athbhreithnithe roimh ré a chaithfidh cúirt a dhéanamh faoi fhoráil den dlí náisiúnta lena gceanglaítear uirthi rochtain ar shonraí arna gcoimeád ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí a údarú.

II.    Creat dlíthiúil

A.      Dlí an Aontais Eorpaigh

3.        Foráiltear le hAirteagal 5 den Treoir sin, dar teideal “Rúndacht na cumarsáide”:

“1.      Áiritheoidh na Ballstáit rúndacht na cumarsáide agus na sonraí tráchta gaolmhara trí mheán líonra cumarsáide poiblí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, le reachtaíocht náisiúnta. Cuirfidh siad toirmeasc go háirithe ar éisteacht, ar chúléisteacht, ar stóráil nó ar chineálacha eile idircheaptha nó faireachais ar chumarsáid agus na sonraí tráchta gaolmhara ag daoine seachas na húsáideoirí, gan toiliú ó na húsáideoirí lena mbaineann, ach amháin nuair a údaraítear amhlaidh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(1). […]

[…]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4.        De réir Airteagal 6 de Threoir 2002/58, dar teideal “Sonraí tráchta”:

‘1.       Ní mór sonraí tráchta a bhaineann le rannpháirtithe agus úsáideoirí arna bpróiseáil agus arna stóráil ag soláthraí líonra cumarsáide poiblí nó seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a scriosadh nó a dhéanamh anaithnid nuair nach bhfuil gá a thuilleadh leo chun cumarsáid a tharchur gan dochar do mhíreanna 2, 3 agus 5 den Airteagal seo agus d’Airteagal 15(1).

[…]

5. I gcomhréir le míreanna 1, 2, 3 agus 4, ní mór próiseáil sonraí tráchta a theorannú do dhaoine a ghníomhaíonn faoi údarás sholáthraithe na ngréasán cumarsáide poiblí agus na seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a láimhseálann billeáil nó bainistíocht tráchta, fiosrúcháin ó chustaiméirí, brath calaoise, seirbhísí cumarsáide leictreonaí a mhargú nó seirbhís bhreisluacha a sholáthar, agus ní mór iad a theorannú a mhéad is gá chun críocha gníomhaíochtaí den sórt sin.

[…]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5.        Foráiltear le hAirteagal 9 de Threoir 2002/58, dar teideal “Sonraí suímh seachas sonraí tráchta”:

‘1. I gcás inar féidir sonraí suímh seachas sonraí tráchta, a bhaineann le húsáideoirí nó le rannpháirtithe líonraí cumarsáide poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí, a phróiseáil, ní fhéadfar sonraí den sórt sin a phróiseáil ach amháin nuair a dhéantar anaithnid iad, nó le toiliú na n-úsáideoirí nó na rannpháirtithe a mhéad agus don tréimhse is gá chun seirbhís bhreisluacha a sholáthar. Ní mór don soláthraí seirbhíse na húsáideoirí nó na rannpháirtithe a chur ar an eolas, roimh a dtoiliú a fháil, maidir leis an gcineál sonraí suímh seachas sonraí tráchta a phróiseálfar, maidir le críocha agus tréimhse ama na próiseála agus bunaithe ar an gceist an dtarchuirfear na sonraí chuig tríú páirtí chun an tseirbhís bhreisluacha a sholáthar. Tabharfar an deis d’úsáideoirí nó do rannpháirtithe a dtoiliú maidir le próiseáil sonraí suímh seachas sonraí tráchta a tharraingt siar tráth ar bith.

[…]”

[Airteagal neamhoifigiúil]

6.        Tá Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 sna téarmaí seo a leanas:

“Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh chun raon feidhme na gceart agus na n‑oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 5 agus 6, Airteagal 8(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 9 den Treoir seo a shrianadh nuair is beart riachtanach, iomchuí, comhréireach é srianadh den chineál sin laistigh de shochaí dhaonlathach chun an tslándáil náisiúnta (i.e. slándáil an Stáit), an chosaint agus an tslándáil phoiblí a shlánchoimeád agus cionta coiriúla nó úsáid neamhúdaraithe an chórais cumarsáide leictreonaí a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, dá dtagraítear in Airteagal 13(1) de Threoir 95/46/CE. (8) Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit, inter alia, bearta reachtacha a ghlacadh ina bhforáiltear do shonraí a choinneáil ar feadh tréimhse shrianta le bonn cirt ar na forais a leagtar síos sa mhír seo. Beidh gach beart dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Chomhphobail, lena n‑áirítear iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.”

B.      An dlí náisiúnta

7.        In Airteagal 132(3) de decreto legislativo 30 giugno 2003, n. 196 – Codice in materia di protezione dei dati personali, (Foraithne Reachtach Uimh. 196, lena mbunaítear an Cód maidir le Cosaint Sonraí) an 30 Meitheamh 2003, (9) arna leasú le déanaí le hAirteagal 1 de decreto-legge 30 settembre 2021 n. 132 – Misure urgenti in materia di giustizia e di difesa, nonché proroghe in tema di referendum, assegno temporaneo e IRAP, convertito con modificazioni nella legge 23 novembre 2021 n. 178 (Dlí Foraithne Uimh. 132 an 30 Meán Fómhair 2021, (10) arna thiontú, maille le leasuithe, go Dlí Uimh. 178 an 23 Samhain 2021) (11) (“Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003”), foráiltear mar seo a leanas:

“3: Laistigh den tréimhse choinneála arna leagan síos le dlí [i.e. 24 mhí ó dháta na cumarsáide], má tá fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh cion dá bhforáiltear pionós príosúnachta saoil nó uastéarma príosúnachta trí bliana ar a mhéad le dlí, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Codice di procedura penale [(Cód um an Nós Imeachta Coiriúil)], nó cion i leith daoine a bhagairt agus a chiapadh nó i leith suaitheadh a chur ar dhaoine trí theileafóin,i gcás ina bhfuil an bhagairt nó an suaitheadh tromchúiseach, féadfar na sonraí a fháil, i gcás inarb ábhartha é chun na fíorais a shuíomh, le réamhúdarú na cúirte, le hordú réasúnaithe, arna iarraidh sin don Ionchúisitheoir Poiblí nó le hiarratas ó ionadaí dlíthiúil an chúisí, ón duine atá faoi imscrúdú, ón duine díobhálaithe agus aon pháirtí príobháideach eile;

[…]

3c: Ní fhéadfar aon úsáid a bhaint as sonraí a gheofar de shárú ar fhorálacha mhír 3 nó mhír 3a.”

8.        Le hAirteagal 4 den Chód um an Nós Imeachta Coiriúil, dar teideal “Rialacha chun inniúlacht a chinneadh”:

“Déanfar inniúlacht na cúirte a chinneadh trí bhreithniú a dhéanamh ar an bpionós a fhorchuirtear leis an dlí i leith gach ciona atá curtha i gcrích nó gach iarracht ar chion. Ní bhreathnófar ar chionta leanúnacha, ar atitimeachas ná ar na himthosca ina ndearnadh an cion, ach amháin i gcás imthosca lena gcuirtear tromchúisí leis an gcion a leagann an dlí cineál pionóis síos seachas an gnáthphionós don chion agus na himthosca sin a bhfuil éifeacht speisialta acu.”

9.        Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, féadfaidh an tIonchúisitheoir Poiblí an cion tromghadaíochta a ionchúiseamh ex officio. (12) Faoi Airteagal 625 den Codice penale (Cód Coiriúil), aon duine atá ciontach i dtromghadaíocht, dlífear pionós speisialta de théarma príosúnachta dhá bhliain go sé bliana agus fíneáil EUR 927 go EUR 1 500 a chur air. Foráiltear le hAirteagal 624 den Codice penale (Cód Coiriúil) go ndlitear téarma príosúnachta sé mhí go trí bliana agus fíneáil EUR 154 go EUR 516 a chur ar dhuine atá ciontach i ngnáthghadaíocht, ar féidir é a ionchúiseamh de bhun gearán ón bpáirtí díobhálaithe.

III. Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus an cheist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

10.      Thionscain an tIonchúisitheoir Poiblí dhá shraith imeachtaí coiriúla i gcoinne déantóirí coire anaithnide mar gheall ar ghadaíocht thromchúiseach gutháin póca de bhun Airteagail 624 agus 625 den Chód pionós (Cód Coiriúil). (13) Chun déantóirí na coire a rianú, chuir sé iarratas chuig an gcúirt a rinne an tarchur de bhun Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 ar “[...] údarú chun na sonraí go léir i seilbh na gcuideachtaí teileafóin go léir, le modhanna rianaithe agus logánaithe, a fháil (go háirithe, úsáideoirí agus cóid ionchasacha IMEI glaoite/glaoiteoirí, suíomhanna ar tugadh cuairt orthu/ar sroicheadh, amanna agus fad na nglaonna/na nasc agus sonraí na gcealla agus/nó na dtúr lena mbaineann, úsáideoirí agus IMEInna seoltóirí/glacadóirí SMS agus MMS agus, nuair is féidir, sonraí na sealbhóirí lena mbaineann) comhráite teileafóin isteach agus amach/cumarsáid agus naisc a rinneadh, lena n-áirítear faoi fhánaíocht agus lena n-áirítear iad siúd nár billeáladh (glaonna gan freagra) ó dháta na gadaíochta go dtí an dáta a phróiseáiltear an t-iarratas.”

11.      Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur go bhfuil Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 ag luí le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 arna léiriú sa bhreithiúnas in Prokuratuur. Tugann sí faoi deara, an 7 Meán Fómhair 2021, gur chinn an Corte suprema di cassazione (an Chúirt Uachtarach um Achomharc, an Iodáil) (14) nach bhfuil feidhm dhíreach ag an mbreithiúnas in Prokuratuurmaidir le cúirteanna náisiúnta, ós rud é go bhfuil discréid áirithe ag na cúirteanna náisiúnta maidir lena gcinneadh cé na cionta ar “bagairtí tromchúiseacha ar shlándáil náisiúnta agus ar coireacht thromchúiseach” iad. Tar éis bhreithiúnas an Corte di Cassazione (an Chúirt Uachtarach um Achomharc), ghlac reachtas na hIodáile Dlí Foraithne Uimh. 132 an 30 Meán Fómhair 2021, lena n-aicmítear le hAirteagal 132(3) cionta coiriúla tromchúiseacha chun críocha taifid teileafóin a fháil, inter alia, mar chionta is inphionóis le dlí le haghaidh “uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad […]”.

12.      Dar leis an gcúirt e a rinne an tarchur, mar gheall ar an tairseach atá in Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 maidir le haicmiú cionta coiriúla tromchúiseacha, tá an tairseach sin laistigh de raon cionta atá ina chúis le suaitheadh sóisialta teoranta agus nach féidir a ionchúiseamh ach amháin de bhun gearán ó dhuine aonair. (15) Is féidir rochtain a fháil ar thaifid teileafóin de bhun na forála sin chun réad íosluacha a ghoid, amhail teileafón soghluaiste nó rothar. Dá réir sin, mainnítear leis an tairseach atá leagtha síos in Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 prionsabal na comhréireachta a urramú i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, lena gceanglaítear, i ngach cás, nach mór tromchúis an chiona atá faoi imscrúdú a mheas i gcoinne teorannú ar theachtadh cirt bhunúsaigh. Ní thugtar údar, le hionchúiseamh mionchionta, le teorainneacha a chur ar theachtadh na gceart bunúsach maidir le hurraim don saol príobháideach, cosaint sonraí pearsanta agus saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. (16)

13.      Míníonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil discréid an-teoranta ag cúirteanna na hIodáile diúltú cead rochtana ar thaifid ghutháin a údarú ós rud é go gcaithfear údarú a dheonú i gcás ina bhfuil “fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh cion” agus go bhfuil sé “ábhartha chun [na fíorais] a shuíomh”. Níl aon dlínse ag na cúirteanna, go háirithe, chun tromchúis an chiona atá faoi imscrúdú a mheas. Rinne an reachtas an measúnú sin nuair a d’fhoráil sé, i dtéarmaí ginearálta agus gan idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla cionta, nach mór rochtain ar thaifid teileafóin a thabhairt i ndáil le, inter alia, imscrúdú a dhéanamh ar gach cion is inphionóis le huastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad.

14.      Sna himthosca sin, chinn an Tribunale di Bolzano (an Chúirt Dúiche, Bolzano) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“An gcuirtear bac le hAirteagal 15(1) de [Threoir 2002/58] ar fhoráil den dlí náisiúnta amhail an fhoráil atá in [Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196 de 2003] ina bhforáiltear:

‘Laistigh den tréimhse choinneála arna leagan síos le dlí, má tá fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh cion dá bhforáiltear pionós príosúnachta saoil nó uastéarma príosúnachta trí bliana ar a mhéad le dlí, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 den [Chód um Nós Imeachta Coiriúil], nó cion i leith daoine a bhagairt agus a chiapadh nó i leith suaitheadh a chur ar dhaoine trí theileafóin, i gcás ina bhfuil an bhagairt nó an suaitheadh tromchúiseach, féadfar nasonraíafháil, i gcás inarb ábhartha é chun na fíorais a shuíomh, le réamhúdarú na cúirte, le hordú réasúnaithe, arna iarraidh sin don Ionchúisitheoir Poiblí nó le hiarratas ó ionadaí dlíthiúil an chúisí, ón duine atá faoi imscrúdú, ón duine díobhálaithe agus aon pháirtí príobháideach eile’?”

IV.    An nós imeachta os comhair na Cúirte

15.      Chuir Rialtais na Seice agus Rialtas na hEastóine, Éire, Rialtais na Fraince, na hIodáile, na Cipire, na hUngáire, na hÍsiltíre, na hOstaire agus na Polainne agus an Coimisiún Eorpach barúlacha scríofa isteach.

16.      Chuir na páirtithe leasmhara sin agus an tIonchúisitheoir Poiblí argóint ó bhéal i láthair agus d’fhreagair siad ceisteanna arna gcur ag an gCúirt ag éisteacht an 21 Márta 2023.

V.      Measúnú

A.      Inghlacthacht

17.      Áitíonn Rialtas na hIodáile agus Éire nach bhfuil an chuid sin den iarratas ar réamhrialú inghlactha. De réir na bhfíoras san iarraidh ar réamhrialú, eascraíonn an t-iarratas ar rochtain as tromghadaíocht teileafón póca. Leagann Éire béim ar an bhfíoras go bhféadfaidh an tIonchúisitheoir Poiblí an cion sin a ionchúiseamh ex officio. Léiríonn an chumhacht sin an dearcadh go mbíonn tionchar ag nádúr agus éifeachtaí an chiona ar an tsochaí i gcoitinne. Dá bhrí sin tá an t-iarratas ar réamhrialú hipitéiseach sa mhéid is go dtagraíonn sé freisin do chionta coiriúla nach féidir a ionchúiseamh ach amháin de bhun gearán ó dhuine aonair. Tugann Rialtas na hIodáile faoi deara go ndéanann an chúirt a rinne an tarchur tagairt do shraith cionta nach mbaineann le hábhar sna cásanna atá ar feitheamh os a comhair. Áitíonn Rialtas na hIodáile agus an Coimisiún, i gcontrárthacht leis an tagairt san iarraidh do “phionós de théarma príosúnachta trí bliana ar a mhéad”, de bhun Airteagal 625 den Codice penale (Cód Coiriúil), is féidir téarma príosúnachta idir dhá bhliain agus sé bliana a ghearradh as cion na tromghadaíochta. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún go ndéanfadh an Chúirt an cheist a athchur ar chaoi eile. Iarrann Rialtas na Fraince ar an gCúirt an cheist a athchur ar chaoi eile freisin. Cé gur féidir leis an gCúirt forálacha de dhlí an Aontais Eorpaigh a léiriú, measann sé nach bhfuil sí inniúil measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht fhorálacha an dlí náisiúnta le dlí an Aontais Eorpaigh.

18.      Iarrtar le ceist na cúirte a rinne an tarchur, focal ar fhocal, ar an gCúirt rialú a thabhairt maidir le comhoiriúnacht forála den dlí náisiúnta le dlí an Aontais Eorpaigh. Ní haon chonstaic é sin, ann féin, ar léiriú ar dhlí an Aontais Eorpaigh a sholáthar don chúirt a rinne an tarchur, Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, a chuirfidh ar a cumas rialú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht aon rialach náisiúnta atá i gceist leis an bhforáil sin sna himeachtaí roimpi. (17)

19.      Is léir ón iarraidh ar réamhrialú gur lorg an tIonchúisitheoir Poiblí (Bolzano) rochtain ar shonraí, inter alia, chun dhá eachtra a imscrúdú agus a ionchúiseamh maidir leis an gcion maidir le tromghadaíocht gutháin póca de bhun Airteagal 625 den Codice penale (Cód Coiriúil). Sna himthosca sin, ní bhaineann na tagairtí a dhéantar le haghaidh cionta eile, lena n-áirítear Airteagal 624 den Codice penale (Cód Coiriúil) (gadaíocht shimplí), (18) le cinneadh na n-iarratas atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur. (19) Sa mhéid is go dtéann an cheist dá dtagraítear i ngleic le hiarratas an Ionchúisitheora Phoiblí (Bolzano) rochtain a fháil ar shonraí d’fhonn imscrúdú a dhéanamh ar chionta tromghadaíochta, níl sí hipitéiseach. Dá réir sin, déanfaidh mé mo mheasúnú ar chur i bhfeidhm Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 a theorannú do na fíorais sin a dtugann an chúirt a rinne an tarchur tuairisc orthu a bhaineann le tromghadaíocht teileafón póca.

B.      Substaint an cháis

1.      Réamhbharúlacha

20.      Eascraíonn an cás tarchurtha seo as iarratas ón Ionchúisitheoir Poiblí (Bolzano) ar rochtain a fháil ar shonraí lena gcoinnítear soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Ní bhaineann sé le coinneáil na sonraí sin ná lena dlíthiúlacht de bhun, inter alia, Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58. (20) Is éard atá sna sonraí, inter alia, sonraí faoi chumarsáid (21) isteach agus amach a rinneadh leis na teileafóin phóca a goideadh agus sonraí suímh. (22) Cé nach bhfuil ábhar cumarsáide san áireamh sna sonraí, ceadaítear teacht ar chonclúidí beachta maidir le saol príobháideach na ndaoine a mbaineann a gcuid sonraí leo, ar dealraitheach gurb ionann rochtain orthu agus cur isteach “tromchúiseach” ar a gcearta bunúsacha. (23) D’fhéadfadh go mbeadh bonn cirt leis an gcur isteach a bhaineann le rochtain ar shonraí den sórt sin leis an gcuspóir, (24) dá dtagraítear sa chéad abairt d’Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, “cionta coiriúla tromchúiseacha” a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh ach ní cionta coiriúla go ginearálta. Agus Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 á léiriú aici, déanann an Chúirt tromchúis an chur isteach ar chearta bunúsacha daoine a nascadh le tromchúis an chiona choiriúil atá faoi imscrúdú. (25)

2.      Inniúlacht na mBallstát “cionta coiriúla tromchúiseacha” a shainiú

21.      Rialaítear gníomhaíochtaí soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí maidir le próiseáil sonraí pearsanta le Treoir 2002/58. (26) Eisítear go sainráite le hAirteagal 1(3) ó raon feidhme Threoir 2002/58 gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí sonraithe amhail an tslándáil phoiblí, an chosaint, slándáil an Stáit agus an dlí coiriúil. Forluíonn na gníomhaíochtaí dá dtagraíonn Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 go substaintiúil leo siúd a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 1(3) de agus áirítear leo gníomhaíochtaí Stáit i réimse an dlí choiriúil atá eisiata go sainráite ó raon feidhme Threoir 2002/58. (27) Mar sin tá nasc soiléir idir gníomhaíochtaí an Stáit a eisíonn Airteagal 1(3) de Threoir 2002/58 ó raon feidhme na Treorach sin agus na bearta reachtacha a fhéadfaidh na Ballstáit a ghlacadh de bhun Airteagal 15(1) de. (28)

22.      D’ainneoin an naisc shoiléir sin, chinn an Chúirt go comhsheasmhach, ós rud é go n-údaraítear go sainráite le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 do na Ballstáit na bearta reachtacha náisiúnta a bhfuil tuairisc orthu inti a ghlacadh, go bhfuil bearta den sórt sin faoi raon feidhme na Treorach sin. Leanann sé ón gcásdlí sin nach n-áirítear sa choincheap “gníomhaíochtaí”, lena n-áirítear “gníomhaíochtaí an Stáit i réimsí an dlí choiriúil” in Airteagal 1(3) de Threoir 2002/58, na bearta reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 15(1) de. (29)

23.      Ní shainítear in Airteagal 2 de Threoir 2002/58, ina bhfuil roinnt sainmhínithe chun críocha chur i bhfeidhm na Treorach sin, ná in aon fhoráil eile de Threoir 2002/58, lena n-áirítear Airteagal 15(1), an téarma “cionta coiriúla”. Níl liosta de “chionta coiriúla” i dTreoir 2002/58. (30) Ina theannta sin, ní shainítear an téarma sin sa chásdlí lena ndéantar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a léiriú. (31)

24.      In ainneoin nach bhfuil aon sainmhíniú den sórt sin ann, ní fhoráiltear le Treoir 2002/58 go sainmhíníonn gach Ballstát “cionta coiriúla” i gcomhréir lena dhlí náisiúnta. (32) De réir chásdlí seanbhunaithe na Cúirte, éilíonn an gá atá le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais Eorpaigh agus prionsabal an chomhionannais ní mór go dtabharfaí léiriú neamhspleách agus aonfhoirmeach ar fud an Aontais Eorpaigh d’fhoráil de dhlí an Aontais nach dtagraítear go sainráite do dhlí na mBallstát chun brí agus raon feidhme na forála sin a chinneadh. I gcomhthéacs léiriú a dhéanamh ar Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, féadfar an téarma “cionta coiriúla” a mheas, i bprionsabal ar a laghad, mar choincheap uathrialach de dhlí an Aontais Eorpaigh a bheidh le léiriú ar bhealach aonfhoirmeach ar fud na mBallstát. (33)

25.      Tá an Coimisiún agus na 10 mBallstát a chuir barúlacha faoi bhráid na Cúirte, áfach, den tuairim d’aon toil gur faoi gach Ballstát atá sé “cionta coiriúla” a shainiú, lena n-áirítear cionta tromchúiseacha, dá ndéantar tagairt in Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 i leith a ndlíthe náisiúnta.

26.      Aontaím leis na haighneachtaí sin ar na cúiseanna seo a leanas.

27.      Ar an gcéad dul síos, tá sé ráite ag an gCúirt roimhe seo, i gcomhthéacs Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, gur faoi na Ballstáit atá sé a leasanna slándála sár-riachtanacha a shainiú agus bearta iomchuí a ghlacadh chun a slándáil inmheánach agus sheachtrach a áirithiú. (34) Cé nár chinn sí amhlaidh, is dealraitheach dá bhrí sin gur ghlac an Chúirt leis an tuairim nach coincheap uathrialach de dhlí an Aontais é an téarma “slándáil náisiúnta” in Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 d’ainneoin nach bhfuil sainiú ar an téarma sin ná aon tagairt shainráite do dhlí na mBallstát. (35) Ní fheicim aon chúis nár cheart go mbeadh feidhm ag an gcur chuige céanna sin maidir le cumhachtaí na mBallstát chun “cionta coiriúla” nó “cionta coiriúla tromchúiseacha” a shainiú chun críocha Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58. Féadfar na téarmaí “cionta coiriúla”, “slándáil phoiblí” agus “slándáil náisiúnta” a mheas san fhoráil sin mar go ndealraíonn sé go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais Eorpaigh go ndéileálfaí le gach ceann acu ar an mbealach céanna, lena n-áirítear a mhéad a bhaineann leis an modh ina ndéanfaí iad a shainmhíniú. (36)

28.      Ar an dara dul síos, ceanglaítear le hAirteagal 4(2) CAE ar an Aontas Eorpach féiniúlachtaí náisiúnta na mBallstát is gné dhílis dá struchtúir bhunúsacha, idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, a urramú. Aithnítear freisin i mbrollach na Cairte, cé go rannchuidíonn an tAontas le caomhnú agus le forbairt na gcomhluachanna, go n-urramaíonn sé, inter alia, éagsúlacht chultúir agus thraidisiúin phobail na hEorpa. Léiríonn an sainmhíniú ar chionta coiriúla agus ar phionóis (37) údair íogaireachta agus traidisiúin náisiúnta atá an-éagsúil ní hamháin idir na Ballstáit ach le himeacht ama freisin in éineacht le hathrú sochaíoch. (38)

29.      Féadfar a thabhairt faoi deara sa chomhthéacs sin, agus cionta coiriúla agus pionóis á sainiú acu, go gcuireann na Ballstáit raon fachtóirí éagsúla san áireamh go pointe áirithe. Is minic, mura rud é go hiondúil, a léirítear measúnú Ballstáit ar “thromchúis” cion áirithe le tromchúis an phionóis a ghearrann sé de dheasca a dhéanta. D’fhéadfadh go léireodh fad pianbhreithe coimeádta anailís ar roinnt fachtóirí, lena n-áirítear “tromchúis” intreach an chiona agus a “thromchúis” coibhneasta i gcomparáid le cionta eile. Níor cuireadh aon chúis chun cinn maidir le cén fáth nár chóir do na Ballstáit an chumhacht sin a fheidhmiú nó, go deimhin, cén fáth ar cheart cur chuige difriúil a chur i bhfeidhm maidir leis an sainmhíniú ar “chionta coiriúla”, “cionta coiriúla tromchúiseacha” nó “cionta coiriúla i gcoitinne” sa comhthéacs faoi leith atá á mheas.

30.      Tá inniúlacht na mBallstát i réimse an dlí choiriúil gan dochar don inniúlacht atá ag an Aontas Eorpach, i gcásanna áirithe, rialacha íosta a bhunú, mar shampla, lena sainmhínítear cionta coiriúla agus pionóis maidir le coireacht thar a bheith tromchúiseach a bhfuil gné thrasteorann mar thoradh ar chineál nó ó thionchar na gcionta sin nó ó riachtanas speisialta chun iad a chomhrac ar bhonn coiteann. (39) Níor bhunaigh reachtas an Aontais Eorpaigh, áfach, rialacha a rialaíonn an sainmhíniú ar chionta coiriúla in Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58. (40) Go deimhin, mar a cuireadh in iúl (41) roimhe seo, is léir ó théacs Airteagal 1(3) de Threoir 2002/58, tríd an treoir sin a achtú, nár airbheartaigh reachtas an Aontais aon inniúlacht a fheidhmiú i réimse an dlí choiriúil.

31.      Is leor an dá chúis sin chun a mhíniú cén fáth, d’ainneoin go dtagann bearta reachtacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 chun cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh faoi raon feidhme an bhirt sin, go gcoimeádann na Ballstáit an chumhacht chun “cionta coiriúla”, lena n-áirítear “cionta coiriúla tromchúiseacha”, agus chun pionóis a shocrú as gabháil d’iompar den sórt sin. (42)

3.      Caighdeán an athbhreithnithe ar fheidhmiú rogha Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 chun maolú ar phrionsabal na rúndachta

32.      Tá béim curtha ag an gCúirt nach mór an rogha chun maolú (43) a dhéanamh, inter alia, ar phrionsabal na rúndachta dá bhfhorordaítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2002/58, a léiriú go docht ionas nach mbeidh sí ina riail ghinearálta, rud a d’fhágfadh nach mbeadh brí ag baint leis an bprionsabal. (44) Dá bhrí sin, ní mór go n-urramódh feidhmiú na rogha sin, inter alia, prionsabail na coibhéise (45) agus na héifeachtachta. (46) Ní mór dó prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh freisin, lena n-áirítear prionsabal na comhréireachta, (47) agus Airteagail 7, 8 agus 11 (48) agus Airteagal 52(1) den Chairt. (49) Ní mór an cuspóir maidir le coireacht thromchúiseach a chomhrac a réiteach i gcónaí le leas a bhaint as na cearta bunúsacha a ndéanann sé difear dóibh. Níl na cearta atá cumhdaithe in Airteagail 7, 8 agus 11 den Chairt iomlán agus ní mór a bhfeidhmiú a mheas maidir lena bhfeidhm sa tsochaí. (50) Mar sin samhlaítear le hAirteagal 52(1) den Chairt teorainneacha ar fheidhmiú na gceart sin dá bhforáiltear sa dlí, go n-urramóidh siad a mbunús agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, go mbeidh gá leo agus go gcomhlíonfar i ndáiríre cuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas leo nó an riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. Mar sin ní mór do bhearta reachtacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 freagairt go fírinneach agus go docht do cheann de na cuspóirí a leagtar amach san fhoráil sin. Caithfidh siad a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla, a bheith ina gceangal dlí agus rialacha soiléire beachta a leagan síos a léiríonn na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta faoina gcaithfidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí rochtain a cheadú d'údaráis náisiúnta inniúla ar shonraí. (51)

33.      Chun a áirithiú go n-urramófar na coinníollacha sin go hiomlán i gcleachtas, ní mór rochtain na n-údarás náisiúnta inniúil ar shonraí arna gcoimeád a bheith, i bprionsabal, (52) faoi réir athbhreithniú roimh ré ag cúirt nó ag comhlacht neamhspleách riaracháin (53) tar éis iarraidh réasúnaithe ó na húdaráis sin agus fógra a thabhairt maidir leis na daoine lena mbaineann. (54) Tá sé socraithe sa chásdlí go gcaithfidh cúirt nó comhlacht riaracháin neamhspleách, agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh acu roimh ré, na leasanna agus na cearta éagsúla atá i gceist a thabhairt le chéile chun cothromaíocht chóir a bhaint amach idir riachtanais an imscrúdaithe agus an gá atá leis an gceart bunúsacha chun príobháideachais agus an ceart bunúsach chun sonraí pearsanta na ndaoine lena mbaineann a chosaint. (55)

34.      Sa chás seo, bunaítear le hAirteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 na coinníollacha faoina gcaithfidh cúirt náisiúnta a ordú do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí rochtain a dheonú don Ionchúisitheoir Poiblí ar shonraí arna iarraidh sin don Ionchúisitheoir Poiblí. Níl sé faoi dhíospóid (56) go leagtar amach in Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 i dtéarmaí soiléire beachta na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh cúirt náisiúnta ordú a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí rochtain den sórt sin a thabhairt. Tá an chúirt a rinne an tarchur den tuairim, go bhfuil an pionós “uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad” ró-fhairsing toisc go dtagann sé laistigh dá raon feidhme cionta amhail gadaíocht shimplí ar beag an suaitheadh sóisialta a bhaineann leo.

35.      Cé go bhféadfadh raon leathan cionta coiriúla a bheith cumhdaithe le hAirteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003, níl aon rud os comhair na Cúirte mar fhianaise sna himeachtaí láithreacha a chuimsíonn líon chomh mór cionta go dtugann sé rochtain ar shonraí faoin riail seachas mar eisceacht. (57) Is cosúil nach bhfuil an tairseach d’uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad san fhoráil sin ró-íseal. (58) De réir analaí, sainmhínítear “coireacht thromchúiseach” le hAirteagal 3(9) de Threoir 2016/681 (59) mar “na cionta a liostaítear in Iarscríbhinn II atá inphionóis le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad faoi dhlí náisiúnta Ballstáit.” (60) Dúirt an Chúirt, áfach, ós rud é go dtagraíonn Airteagal 3(9) de Threoir 2016/681 don uasphionós is infheidhme seachas don íosmhéid, nach féidir a chur as an áireamh go bhféadfaí na “sonraí ábhartha a phróiseáil chun críocha cionta a chomhrac, cé gur comhlíonadh an critéar a leagtar síos leis an bhforáil sin maidir le tairseach na déine, arb ionann é agus gnáthchoireacht seachas coireacht thromchúiseach, ag féachaint do ghnéithe ar leith an chórais ceartais choiriúil náisiúnta.” (61)

36.      Tagraíonn an pionós trí bliana in Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 don phionós uasta is infheidhme agus d’fhéadfadh feidhm a bheith aige, dá bhrí sin, maidir le cionta amhail gadaíocht shimplí. (62) Is gá, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 i bhfeidhm go praiticiúil. Faoi réir fhíoraithe na cúirte a rinne an tarchur, dealraíonn sé go mbunaítear dhá chaighdeán éagsúla réamh-athbhreithnithe ag cúirt náisiúnta ag brath ar chineál na gcionta atá faoi imscrúdú le hAirteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003.

37.      Ceanglaítear (63) leis an gcéad cheann de na caighdeáin athbhreithnithe seo ar chúirteanna náisiúnta údarú a thabhairt don Ionchúisitheoir Poiblí rochtain a fháil ar shonraí arna gcoimeád ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí má tá sé ábhartha chun na fíorais a shuíomh agus má tá fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh cion arb é atá ann bagairt agus ciapadh a dhéanamh ar dhaoine nó cur isteach orthu ar an teileafón, i gcás ina bhfuil bagairt nó suaitheadh tromchúiseach ann. Ní mór don chúirt náisiúnta, dá bhrí sin, measúnú aonair a dhéanamh ar thromchúis an chiona atá i gceist agus a fhíorú an bhfuil sé tuillte ag imscrúdú agus ionchúiseamh an chiona sin na cearta ginearálta atá cumhdaithe in Airteagail 7, 8 agus 11 den Chairt agus na cearta sonracha in Airteagail a theorannú. 5, 6 agus 9 de Threoir 2002/58. Ceadaíonn an caighdeán sin measúnú indibhidiúlaithe nó in concreto, i gcás ar leith, ar chomhréireacht an chur isteach ar na cearta sin i gcomparáid le cuspóir an leasa phoiblí chun coireacht a chomhrac.

38.      Os a choinne sin, ceanglaítear leis an dara ceann de na caighdeáin athbhreithnithe sin, atá ábhartha i gcomhthéacs na n-imeachtaí reatha, (64) ar chúirteanna náisiúnta údarú a thabhairt don Ionchúisitheoir Poiblí rochtain a fháil ar shonraí arna gcoinneáil ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí más ábhartha iad chun na fíorais a shuíomh agus go bhfuil fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh cion ar a ndlitear pionós a ghearradh, inter alia, d’uastréimhse príosúnachta trí bliana ar a laghad. Sa chás sin tá ról na cúirte náisiúnta teoranta d’fhíorú an bhfuil na ceanglais oibiachtúla sin á gcomhlíonadh gan deis a thabhairt di measúnú comhréireachta aonair a dhéanamh ar leasanna an cháis atá idir lámha. (65) Dá bhrí sin, tá an t-athbhreithniú a dhéanann an chúirt náisiúnta de bhun Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 scoite ó aon fhíornasc le himthosca sonracha an cháis atá os a comhair.

39.      Cé nach bhféadfaidh dlínse a bheith ag cúirteanna náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh ar shainmhíniú an reachtais ar chionta ná ar chinneadh an reachtais maidir le tromchúis na gcionta, (66) ní mór dlínse a bheith ag na cúirteanna sin, mar sin féin, chun measúnú aonair nó measúnú nithiúil a dhéanamh ar chomhréireacht na rochtana a dheonú, de bhun bearta reachtacha arna nglacadh faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, do shonraí íogaire lena bhféadfaí teacht ar chonclúidí beachta maidir le saol príobháideach úsáideora agus ar an dóigh sin cur isteach tromchúiseach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7, 8, 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt.

40.      Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 rochtain a thabhairt ar shonraí íogaire mura rud é (i) go mbaineann an cion faoi chaibidil an tairseach thromchúise arna cinneadh roimh ré ag an reachtas náisiúnta amach, agus (ii) go measann cúirt nó comhlacht neamhspleách eile, tar éis measúnú nó athbhreithniú aonair go bhfuil an cur isteach ar chearta bunúsacha a bhaineann le rochtain comhréireach i dtaca le cuspóir an leasa phoiblí maidir le coireacht a chomhrac i gcás áirithe. I gcásanna áirithe, áfach, ní fhéadfar rochtain a thabhairt ar shonraí den sórt sin fiú nuair a bhaineann an cion tairseach na tromchúise faoin dlí náisiúnta amach.

41.      Meastar go bhfuil cion na tromghadaíochta sa chás seo “tromchúiseach” faoin dlí náisiúnta mar go ndlitear pionós a chur air, inter alia, téarma príosúnachta dhá bhliain go sé bliana, agus ar an gcaoi sin baintear amach an tairseach thromchúise in Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003. (67) Agus bearta arna nglacadh faoi threoir Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 á gcur i bhfeidhm acu, ní dealraitheach go bhfuil dlínse ag cúirteanna na hIodáile chun rangú na tromghadaíochta mar “chion tromchúiseach” sa dlí náisiúnta a cheistiú. I gcás nár comhlíonadh an tairseach a shocraítear leis an dlí náisiúnta, ní fhéadfaidh an chúirt a rinne an tarchur rochtain a dheonú ar na sonraí atá á lorg. (68)

42.      I gcás ina mbainfear amach an tairseach arna socrú ag an reachtas náisiúnta, ní mór don chúirt a rinne an tarchur, de bhun Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, athbhreithniú a dhéanamh d’fhonn a fhéachaint an bhfuil an cur isteach ar chearta bunúsacha atá i gceist le rochtain ar shonraí íogaire a éascú, i bhfianaise na n-imthosca uile a bhaineann leis an gcás sonrach atá idir lámha, comhréireach le cuspóir leasa an phobail maidir leis an gcion sin a chomhrac. Ní mór don chúirt a rinne an tarchur, i ndáil leis sin, na cearta agus na leasanna ábhartha uile a chur san áireamh agus a mheá, lena n-áirítear, inter alia, an damáiste a dhéantar do chearta maoine íospartach a chosnaítear faoi Airteagal 17 den Chairt agus go bhféadfadh faisnéis an-íogair a bheith ar theileafóin phóca a bhaineann le saol príobháideach, gairmiúil agus airgeadais a n-úinéirí. (69) D’fhéadfadh sé gurb é rochtain ar na sonraí atá i gceist an t-aon mhodh éifeachtach atá ar fáil chun na cionta i dtrácht a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus chun a áirithiú nach ngníomhóidh a gciontóirí, nach eol dúinn go fóill, gan phionós. Tá cearta tríú páirtithe (70) le cur san áireamh freisin.

43.      Maidir le cearta tríú páirtithe, dealraíonn (71) sé ó chomhaid na cúirte a rinne an tarchur gur lorg an tIonchúisitheoir Poiblí (Bolzano) rochtain ar shonraí a bhaineann le cumarsáid ó na teileafóin phóca a goideadh ón 29 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an gcéad ghadaíocht a rinneadh an 27 Deireadh Fómhair 2021 (72) agus ón 20 Samhain 2021 maidir leis an dara gadaíocht a rinneadh ar an dáta sin. (73) Léiríonn na dátaí sin go gcuireann na hiarratais ar rochtain isteach go pointe an-teoranta ar chearta na n-íospartach a ráthaítear, inter alia, le hAirteagail 7, 8 agus 11 den Chairt. (74) Dúirt Rialtas na hIodáile freisin ina bharúlacha scríofa nach mbaineann na himeachtaí náisiúnta ach le sonraí a bheadh úsáideach chun déantóir(í) na ngadaíochtaí atá i gceist a shainaithint. Sa chás go n-aithneofaí glaonna chuig tríú páirtithe nó uathu nach mbaineann leis an ngadaíocht, scriostar na sonraí sin, i gcomhréir le hAirteagal 269 den Code di Procedura Penale (Cód um an Nós Imeachta Coiriúil). (75) Ar deireadh, foráiltear le hAirteagal 132(3c) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 nach bhféadfar sonraí a fuarthas de shárú ar mhír 3 nó ar mhír 3a de a úsáid. (76)

VI.    Conclúidí

44.      I bhfianaise na mbreithnithe thuas, molaim don Chúirt an cheist a chuir an Tribunale di Bolzano (an Chúirt Dúiche, Bolzano, an Iodáil) a fhreagairt mar a leanas:

Maidir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideacht a chosaint in earnáil na cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideacht agus cumarsáid leictreonach), mar arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 agus Airteagail 7, 8, 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

ní mór é a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta a éilíonn ar chúirt rochtain a údarú don Ionchúisitheoir Poiblí ar shonraí arna gcoimeád go dleathach ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí lena gceadaítear teacht ar chonclúidí beachta maidir le saol príobháideach úsáideora más ábhartha é chun na fíorais a shuíomh agus go bhfuil fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh cion tromchúiseach mar a shainmhínítear faoin dlí náisiúnta é ar a ndlitear pionós a ghearradh, inter alia, d’uastréimhse príosúnachta trí bliana ar a laghad. Sula ndeonófar rochtain, ní mór don chúirt náisiúnta measúnú aonair a dhéanamh ar chomhréireacht an chur isteach ar chearta bunúsacha a bhaineann leis an rochtain sin i bhfianaise, inter alia, thromchúis na coireachta sonraí agus fhíorais an cháis.


1      Bunteanga: an Béarla.


2      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideacht a chosaint in earnáil na cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 (IO 2009 L 337, lch. 11).


3      Féach Airteagal 5 de Threoir 2002/58. Tá feidhm ag cosaint rúndacht na cumarsáide leictreonaí a ráthaítear le hAirteagal 5(1) de Threoir 2002/58 maidir le bearta arna nglacadh ag gach duine seachas úsáideoirí, bíodh siad poiblí nó príobháideach. Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:788, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).


4      Breithiúnas an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach ) (C‑746/18, EU:C:2021:152) (‘an breithiúnas in Prokuratuur’).


5      Gan beann ar fhad na tréimhse a bhfuil rochtain ar na sonraí sin á lorg ina leith agus ar chainníocht nó ar chineál na sonraí atá ar fáil i leith na tréimhse sin.


6      Nó chun bagairtí tromchúiseacha ar shlándáil phoiblí a chosc. Féach an breithiúnas in Prokuratuur, míreanna 35, 39 agus 45. Féach freisin breithiúnais an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:788, mír 56) agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net and Others (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 140).


7      An breithiúnas in Prokuratuur, míreanna 48 go 52.


8      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31).


9      Gnáth-Fhorlíonadh Uimh. 123 le GURI Uimh. 174 an 29 Iúil 2003 — lch. 11.


10      GURI Uimh. 234 an 30 Meán Fómhair 2021, lch. 1.


11      GURI Uimh. 284 an 29 Samhain 2021, lch 1.


12      Is mar ghadaíocht “thromchúiseach” a aicmítear an ghadaíocht atá faoi imscrúdú os comhair na cúirte a rinne an tarchur faoi dhlí na hIodáile.


13      Rinneadh an chéad ghoid an 27 Deireadh Fómhair 2021 (uimhir thagartha RGNR 9228/2021). Tharla an dara ceann an 20 Samhain 2021 (uimhir thagartha RGNR 9794/2021). Tharla goid na nguthán póca in Bolzano agus chuir úinéirí na nguthán in iúl do na Carabinieri (Póilíní) iad.


14      Cass. Pen. SEZ. II, n. 33116, ud. 7.9.2021, est. Pellegrino.


15      Dar leis an gcúirt a rinne an tarchur “is amhlaidh sin, mar shampla, i gcás go ndéantar sárú ar an mbaile, rud atá inphionóis faoi Airteagal 614 den Chód Coiriúil arb téarma príosúnachta idir bliain amháin agus ceithre bliana é. Is iad na cionta eile, nach gcuirtear bac leis na pionóis dlí uasta a ghabhann leo ar thaifid teileafóin a fháil, ach nach ndéantar [ionchúiseamh] orthu ach amháin má dhéanann an páirtí leasmhar gearán, toisc nach gcuirtear mórán corraíola ar an tsochaí dá ndeasca, na cinn dá dtagraítear in Airteagal 633 den Chód Coiriúil (foghail a dhéanamh ar thalamh nó ar fhoirgnimh: téarma príosúnachta idir bliain amháin agus trí bliana agus fíneáil idir EUR 103 agus EUR 1 032) agus in Airteagal 640 den chód sin (gnáthchalaois: téarma príosúnachta ar feadh téarma idir sé mhí agus trí bliana agus fíneáil idir EUR 51 agus EUR 1 032).”


16      Féach Airteagail 7, 8 agus 11 den Chairt.


17      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 17 Márta 2021, Consulmarketing (C-652/19, EU:C:2021:208, mír 33). Is cásdlí seanbhunaithe é gurb faoin gCúirt, de bhun Airteagal 267 CFAE, freagra a thabhairt do chúirt náisiúnta a chuirfidh ar a cumas an cás os a comhair a chinneadh. Chuige sin, féadfaidh an Chúirt na ceisteanna a tarchuireadh a athchur ar chaoi eile. Breithiúnas an 25 Iúil 2018, Dyson (C-632/16, EU:C:2018:599, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).


18      Aon duine a dhéanann cion na gnáthghadaíochta, dlífear téarma príosúnachta idir sé mhí agus trí bliana a chur air agus dá bhrí sin tagann sé faoi raon feidhme Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003.


19      A mhéid a léiríonn na tagairtí sin go bhféadfar brath ar Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 chun cionta nach coireanna tromchúiseacha iad a imscrúdú, féach míreanna 35 go 39 den tuairim seo.


20      Dá bhrí sin, tá an iarraidh ar réamhrialú bunaithe ar an réamhrialú go bhfuil coinneáil na sonraí atá á lorg dleathach. Is ionann coinneáil agus rochtain ar shonraí a chumhdaítear le Treoir 2002/58 agus cur isteach ar leithligh ar na cearta bunúsacha a ráthaítear le hAirteagail 7, 8 agus 11 den Chairt agus éilíonn siad údar maith ar leith de bhun Airteagal 52(1) de. Féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (C-140/20, EU:C:2022:258, mír 47). I míreanna 29 go 33 den bhreithiúnas in Prokuratuur tugtar forléargas ar na rialacha lena rialaítear coinneáil na sonraí sin.


21      Foráiltear le hAirteagal 2(d) de Threoir 2002/58 go gciallaíonn “cumarsáid” “aon fhaisnéis a dhéantar a mhalartú nó a iompar idir líon teoranta páirtithe trí mheán seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí […]”


22      Foráiltear le hAirteagal 2(c) de Threoir 2002/58 go gciallaíonn “sonraí suímh” “aon sonraí […] a léiríonn suíomh geografach an trealaimh teirminéil d’úsáideoir seirbhíse cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.”


23      An breithiúnas in Prokuratuur, míreanna 34 agus 35. Féach, de réir analaí, breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:788, míreanna 59 go 62). Is faoin gcúirt náisiúnta atá sé measúnú a dhéanamh an ionann rochtain ar na sonraí atá i gceist agus cur isteach “tromchúiseach” ar chearta bunúsacha na ndaoine a bhfuil a sonraí i gceist. Tá an Tuairim reatha bunaithe ar an mbonn go bhfuil an cur isteach a bhaineann le rochtain ar na sonraí a bhfuil cur síos orthu i bpointe 10 den Tuairim reatha tromchúiseach.


24      Tá liosta na gcuspóirí in Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 uileghabhálach. Breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970, mír 90).


25      Féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Saugmandsgaard Øe in Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:300, pointí 79 go 82 agus an cásdlí dá dtagraítear). Maidir le cuspóir na coireachta a chomhrac, ní féidir rochtain a dheonú, mar riail ghinearálta, ach ar shonraí daoine aonair a bhfuil amhras orthu go bhfuil coir thromchúiseach á pleanáil, á déanamh nó déanta acu nó go bhfuil baint acu leis an gcoir sin ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (C-140/20, EU:C:2022:258, mír 105).


26      Féach, chuige sin, Airteagal 3 de Threoir 2002/58, a shonraíonn go mbeidh feidhm ag an Treoir maidir le próiseáil sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí a sholáthar. Féach freisin breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970, míreanna 70 agus mír 74) agus, de réir analaí, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar in La Quadrature du Net agus páirtithe eile (Sonraí pearsanta agus gníomhaíocht chun góchumadh a chomhrac) (C-470/21, EU:C:2022:838, pointe 38).


27      Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 97).


28      Chun an tslándáil náisiúnta, an chosaint, an tslándáil phoiblí a chosaint, cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh agus úsáid neamhúdaraithe an chórais cumarsáide leictreonaí.


29      Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 98). Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, Privacy International (C-623/17, EU:C:2020:790, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).


30      Féach, os a choinne sin, Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1), arna leasú ag an gComhairle Cinneadh Réime 2009/299/CGB an 26 Feabhra 2009 (IO 2009 L 81, lch. 24) lena liostaítear na cionta coiriúla as a n-eascraíonn tabhairt suas de bhun barántas gabhála Eorpach agus Iarscríbhinn II de Threoir (AE) 2016/681 den Rialachán seo ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le sonraí taifid ainmneacha paisinéirí (PNR) a úsáid chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO 2016 L 119, lch. 132) ina liostaítear na “coireanna tromchúiseacha” arna sainiú in Airteagal 3(9) den Treoir sin.


31      Ní thagraítear i dTreoir 2002/58 do na téarmaí “cionta coiriúla ginearálta”, “cionta coiriúla tromchúiseacha” ná “coireacht/coireanna”. Déanann an Chúirt tagairt do na téarmaí sin ina cásdlí gan iad a shainiú ná gan aon chritéar a thabhairt maidir le conas a d’fhéadfadh reachtais náisiúnta amhlaidh a dhéanamh. Féach, mar shampla, breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970, míreanna 115 agus 125) agus an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:78, míreanna 54, 56 agus 63). Féach freisin mír 45 den bhreithiúnas in Prokuratuur freisin.


32      Féach, os a choinne sin, Airteagal 1(1) de Threoir 2006/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinneáil sonraí arna nginiúint nó arna bpróiseáil i dtaca le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí nó líonraí cumarsáide poiblí agus lena leasaítear Treoir 2002/58/CE (IO 2006 L 105, lch. 54) ar choinníoll gurb “[…] é […] is aidhm don Treoir seo comhchuibhiú a dhéanamh ar fhorálacha na mBallstát maidir leis na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí nó ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí i ndáil le sonraí áirithe a choinneáil a ghineann nó a phróiseálann siad, chun a áirithiú go bhfuil na sonraí ar fáil chun coireacht thromchúiseach a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, mar atá sainmhínithe ag gach Ballstát ina dhlí náisiúnta.” (béim curtha leis). Le breithiúnas an 8 Aibreán 2014, Digital Rights Ireland agus páirtithe eile (C-293/12 agus C-594/12, EU:C:2014:238) dhearbhaigh an Chúirt Treoir 2006/24 neamhbhailí.


33      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Cineál an chirt cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE) (C-624/20, EU:C:2022:639, míreanna 19 agus 20).


34      Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, míreanna 99 agus 136).


35      Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 4(2) CAE gur ar gach Ballstát amháin atá an fhreagracht as an tslándáil náisiúnta. Má ghlactar beart náisiúnta chun an tslándáil náisiúnta a chosaint, ní fhágann sé sin dlí an Aontais Eorpaigh neamh-infheidhmithe agus díolmhaítear na Ballstáit ó aon oibleagáid é a chomhlíonadh. Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, míreanna 99 agus 135).


36      Cé go dtagann tábhacht an chuspóra maidir leis an tslándáil náisiúnta a choimirciú in ionad an chuspóra a bhaineann le coireacht thromchúiseach a chomhrac agus go bhfuil sé in ann údar a thabhairt do thrasnuithe níos tromchúisí ar chearta bunúsacha, ní chuireann an cuspóir sin isteach ar cheart na mBallstát “cionta coiriúla” nó “cionta coiriúla tromchúiseacha” a shainiú. Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C 512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 136).


37      Agus cúinsí maolaitheacha agus géaraitheacha.


38      Mheas an tAbhcóide Ginearálta Saugmandsgaard Øe go dtagann an reachtaíocht choiriúil agus rialacha an nós imeachta choiriúil faoi inniúlacht na mBallstát, cé go bhféadfadh forálacha dhlí an Aontais Eorpaigh arna nglacadh sa réimse sin, inter alia, difear a dhéanamh dá ndlíchórais mar sin féin ar bhonn, inter alia, Airteagal 83(2) CFAE. Mar sin níl aon fhoráil maidir le cur i bhfeidhm ginearálta a sholáthródh sainmhíniú comhchuibhithe ar choincheap na “coireachta tromchúisí”. An Tuairim in Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:300, pointe 95). Dúirt an tAbhcóide Ginearálta Pitruzzella gur cheart an sainmhíniú ar ‘choireacht thromchúiseach’ a fhágáil faoi rogha na mBallstát. Ag brath ar an gcóras dlí náisiúnta, d’fhéadfaí pionós níos mó nó níos lú a ghearradh ar an gcion céanna. D’fhéadfadh na himthosca géaraitheacha a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. Tuairim in Prokuratuur (Coinníollacha rochtana ar shonraí maidir le cumarsáid leictreonach) (C-746/18, EU:C:2020:18, pointí 91 agus 92). Os a choinne sin, mheas an tAbhcóide Ginearálta Szpunar “nach mór […] léiriú neamhspleách a thabhairt ar an gcoincheap ‘coir thromchúiseach’. Ní fhéadfaidh sé a bheith ag brath ar an gcur chuige aonair a ghlacfaidh gach Ballstát mar go gceadódh sé sin ceanglais Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58 a shárú ag brath ar cibé an bhforléiríonn Ballstáit gníomhaíocht chun an choireacht thromchúiseach a chomhrac go ginearálta.” Tuairim in La Quadrature du Net agus páirtithe eile (Sonraí pearsanta agus gníomhaíocht chun góchumadh a chomhrac) (C-470/21, EU:C:2022:838, pointe 74).


39      An chéad fhomhír d’Airteagal 83(1) CFAE. Féach freisin breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2021, Okrazhna prokuratura – Varna (C-845/19 agus C-863/19, EU:C:2021:864, mír 32).


40      Féach, de réir analaí, breithiúnas in Prokuratuur , míreanna 41 agus 42. Dúirt an Chúirt, in éagmais rialacha an Aontais Eorpaigh ar an ábhar agus de réir phrionsabal an neamhspleáchais nós imeachta, “gur faoin dlí náisiúnta amháin atá sé, i bprionsabal, na rialacha a bhaineann le hinghlacthacht agus measúnú a chinneadh, in imeachtaí coiriúla i gcoinne daoine a bhfuil amhras ann go bhfuil cionta coiriúla déanta acu, faisnéis agus fianaise a fuarthas trí shonraí den sórt sin a choinneáil go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach atá contrártha do dhlí an Aontais Eorpaigh”. Is é Airteagal 114 CFAE (Airteagal 95 CCE roimhe seo) bunús dlí Threoir 2002/58 agus ní, mar shampla, an chéad fhomhír d’Airteagal 83(1) CFAE. Os a choinne sin, is iad bunúis dlí Threoir 2016/681 pointe (d) den dara fomhír d’Airteagal 82(1) CFAE (comhar breithiúnach in ábhair choiriúla) agus pointe (a) d’Airteagal 87(2) CFAE (comhar póilíneachta).


41      Féach pointe 21 den Tuairim reatha.


42      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 23 Deireadh Fómhair 2007, An Coimisiún v An Chomhairle (C-440/05, EU:C:2007:625, míreanna 66, 70 agus 71 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach freisin breithiúnas an 28 Aibreán 2011, El Dridi (C-61/11 PPU, EU:C:2011:268, mír 53).


43      Foráiltear le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58 go “bhféadfaidh” na Ballstáit bearta reachtacha “a ghlacadh” a shrianann cearta agus oibleagáidí áirithe dá bhforáiltear sa Treoir sin.


44      Breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970, mír 89). Mheas an tAbhcóide Ginearálta Saugmandsgaard Øe “cé go bhfuil an chumhacht ag gach Ballstát measúnú a dhéanamh ar cad í an tairseach pionóis iomchuí chun cion tromchúiseach a shainiú, tá sé mar dhualgas mar sin féin gan an tairseach sin a shocrú ar leibhéal chomh híseal sin, ag féachaint do ghnáthleibhéal na bpionós is infheidhme sa Stát sin, go ndéanfaí na heisceachtaí ón toirmeasc ar stóráil agus ar úsáid sonraí pearsanta atá leagtha síos in Airteagal 15(1) a chlaochlú ina bprionsabail […]” Tuairim in Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:300, pointe 114).


45      Ní thugann aon ní le fios nach gcomhlíontar an prionsabal seo e leis an gcuid de dhlí na hIodáile atá i gceist.


46      Breithiúnas an 5 Aibreán 2022, Coimisinéir an Gharda Síochána agus páirtithe eile (C-140/20, EU:C:2022:258, mír 127).


47      Féach freisin aithris 11 de Threoir 2002/58.


48      Féach freisin aithris 2 de Threoir 2002/58.


49      Breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus Others (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970, mír 89) agus an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, míreanna 111 go 113). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Saugmandsgaard Øe in Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:300, pointí 116 go 120). I mbreithiúnas an 8 Márta 2022, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (Éifeacht dhíreach)(C-205/20, EU:C:2022:168, mír 31), mheabhraigh an Chúirt go bhfuil prionsabal na comhréireachta ina cheangal ar na Ballstáit agus dlí an Aontais Eorpaigh á chur chun feidhme acu. Ní mór do na Ballstáit Airteagal 49(3) den Chairt a chomhlíonadh nuair a ghlacann siad pionóis choiriúla sa chomhthéacs sin, fiú in éagmais reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a chomhchuibhíonn na pionóis sin.


50      Airteagal 52(1) den Chairt. Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, mír 120).


51      Breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970, míreanna 117 go 119). Féach freisin breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C-511/18, C-512/18 agus C-520/18, EU:C:2020:791, míreanna 110 agus 129 go 133).


52      Mar shampla, bunaítear le hAirteagal 132(3a) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003 rialacha speisialta chun rochtain a fháil ar shonraí i gcásanna práinneacha. Ina Thuairim in La Quadrature du Net agus páirtithe eile (Sonraí pearsanta agus gníomhaíocht chun góchumadh a chomhrac)(C-470/21, EU:C:2022:838, pointí 99 go 105), mheas an tAbhcóide Ginearálta Szpunar nach raibh gá ach le hathbhreithniú roimh ré i gcás ina bhfuil cur isteach tromchúiseach ar shaol príobháideach úsáideoirí seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Tá gá le hathbhreithniú roimh ré ós rud é go bhfuil cur isteach tromchúiseach ar na himeachtaí reatha mar gheall ar chineál na sonraí a bhfuil an tIonchúisitheoir Poiblí ag iarraidh rochtain a fháil orthu.


53      Bhunaigh cásdlí na Cúirte, ní Treoir 2002/58, an réamhriachtanas athbhreithnithe: breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970, míreanna 120 agus 121 agus an cásdlí dá dtagraítear).


54      Breithiúnas an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C-203/15 agus C-698/15, EU:C:2016:970, míreanna 120 agus 121).


55      An breithiúnas in Prokuratuur, mír 52.


56      Faoi réir a fhíoraithe ag an gcúirt a rinne an tarchur.


57      Féach an anailís i dTuairim an Abhcóide Ghinearálta Saugmandsgaard Øe in Ministerio Fiscal (C-207/16, EU:C:2018:300, pointí 116 go 120). Ar deireadh thiar is ceist é seo don chúirt a rinne an tarchur le measúnú.


58      Ní féidir difear a dhéanamh do chomhréireacht na reachtaíochta toisc go bhfuil an sainmhíniú ar chionta agus ar chóras na bpionós i mBallstát amháin difriúil leis an sainmhíniú i mBallstát eile. Féach de réir analaí breithiúnas an 8 Iúil 2010, Sjöberg agus Gerdin (C-447/08 agus C-448/08, EU:C:2010:415, mír 38).


59      Baineann Treoir 2016/681 le haistriú agus próiseáil sonraí paisinéirí chun críocha cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.


60      Chinn an Chúirt go bhfuil na ceanglais a eascraíonn ón bhforáil sin, a bhaineann le cineál agus le déine an phionóis is infheidhme, den sórt sin, i bprionsabal, chun feidhmiú an chórais a bunaíodh le Treoir 2016/681 a theorannú do chionta a bhfuil an leibhéal riachtanach dáiríreachta acu chun údar a thabhairt le cur isteach ar na cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagail 7 agus 8 den Chairt. Breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains (C-817/19, EU:C:2022:491, mír 150).


61      Chinn an Chúirt mar sin nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an córas a bunaíodh le Treoir 2016/681 teoranta do chomhrac na coireachta tromchúisí, seachas gnáthchoireacht. Breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains (C 817/19, AE:C:2022:491, míreanna 151 agus 152). Ní fhorluíonn ábhar agus raon feidhme Threoir 2016/681 lena bhforáiltear, inter alia, maidir le sonraí PNR a mhalartú idir na Ballstáit, le hábhair Threoir 2002/58. Dá réir sin tá forálacha na dtreoracha seo le measúnú ar leithligh agus ar a dtuillteanas féin. Chuige sin, agus contrártha leis an seasamh maidir le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58, is coincheap uathrialach de dhlí an Aontais Eorpaigh é coincheap na “coireachta tromchúisí” i dTreoir 2016/681. Féach freisin, chuige sin, aithris 12 agus Airteagal 3(9) de Threoir 2016/681 agus Iarscríbhinn II a ghabhann léi.


62      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains (C-817/19, EU:C:2022:491, mír 151).


63      Úsáidtear na téarmaí “i dati sono acquisti” sa téacs sa bhunteanga.


64      Faoi réir fhíoraithe na cúirte tagartha, tugtar le tuiscint le húsáid an táscaigh in Airteagal 132(3) d’Fhoiraithne Reachtach Uimh. 196/2003 (‘i dati sono acquisiti’) go ndeonóidh an chúirt náisiúnta a sholáthrófar rochtain ar na sonraí i dtrácht go gcomhlíontar na coinníollacha oibiachtúla a fhorchuirtear leis an bhforáil sin.


65      Ag an éisteacht, tháinig éagsúlacht idir tuairimí an Ionchúisitheora Phoiblí (Bolzano) agus tuairimí Rialtas na hIodáile ar ról na cúirte náisiúnta agus raon feidhme an athbhreithnithe roimh ré de bhun Airteagal 132(3) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 196/2003. Cé gur mhaígh an tIonchúisitheoir Poiblí (Bolzano) go gcaithfeadh an chúirt náisiúnta tástáil comhréireachta in concreto a dhéanamh sula ndeonófaí rochtain ar shonraí den sórt sin, chuir Rialtas na hIodáile béim go bhfuil an chúirt náisiúnta faoi cheangal, i gcomhréir le hAirteagal 101 den Costituzione della Repubblica Italiana (Bunreacht na hIodáile) agus in Airteagal 1 den Codice penale (Cód Coiriúil), de réir phrionsabal na dlíthiúlachta agus dá bhrí sin ní féidir leo an rud ar chuir sé síos air mar léiriú cruthaitheach ar an dlí a ghlacadh. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé léiriú a dhéanamh ar fhorálacha infheidhme an dlí náisiúnta.


66      Mura gceadaítear amhlaidh leis an dlí náisiúnta agus faoi réir, inter alia, Airteagal 49 den Chairt a chomhlíonadh.


67      Pionós d’uastréimhse príosúnachta trí bliana ar a laghad.


68      Foráiltear le hAirteagal 52(1) den Chairt nach mór don dlí foráil a dhéanamh d’aon teorainn ar fheidhmiú cirt a aithnítear sa Chairt. Tugann sé sin le tuiscint go bhfuil cúirteanna náisiúnta, i bprionsabal, faoi cheangal ag reachtaíocht náisiúnta ina bhfuil teorainneacha den sórt sin.


69      D’fhéadfadh grianghraif, sonraí sláinte, ráitis bhainc, pasfhocail, etc. a bheith ar theileafóin phóca. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh gadaíocht fóin póca céannacht dhigiteach a úinéara i mbaol agus d’fhéadfadh go mbeadh a héifeachtaí i bhfad níos mó ná an caillteanas dá luach airgeadaíochta. Ba cheart don chúirt a rinne an tarchur aon damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta na n-íospartach a chur san áireamh freisin de bhun, inter alia, Airteagail 7, 8 agus 17 den Chairt.


70      Ar nós íospartaigh an chiona líomhnaithe.


71      Faoi réir fíoraithe ag an gcúirt tagartha.


72      Uimhir thagartha RGNR 9228/2021.


73      Uimhir thagartha RGNR 9794/2021.


74      Cé go bhféadfadh baint a bheith ag na sonraí le cumarsáid a rinneadh leis an íospartach tar éis dháta na gadaíochta, ní bhaineann siad i ndáiríre le cumarsáid ar bith a rinne an t-íospartach ná lena shonraí ná lena sonraí suímh.


75      Foráiltear le hAirteagal 269(2) den Codice di Procedura Penale (Cód um an Nós Imeachta Coiriúil) “[…] go gcoinneofar na taifeadtaí go dtí go dtabharfar breithiúnas críochnaitheach. Mar sin féin, d’fhonn rúndacht a chosaint, féadfaidh na páirtithe leasmhara a iarraidh ar an mbreitheamh a d’údaraigh nó a bhailíochtaigh an t-idircheapadh na taifeadtaí nár cuireadh san áireamh sa chomhad a scriosadh” (ós rud é nach mbaineann siad le hábhar). Cé go bhfuil rochtain neamhtheoranta ar shonraí a bhaineann le tríú páirtithe neamhchiontacha, is cosúil, faoi réir fhíorú na cúirte a rinne an tarchur, go bhfuil úsáid na sonraí sin le bheith imscríofa ag an dlí náisiúnta.


76      Ní mhíníonn an tarchur le haghaidh réamhrialú brí bheacht na forála seo ná a cur i bhfeidhm go praiticiúil.