Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 14 Lúnasa 2023 — OS v Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság

(Cás C-525/23, Accra 1 )

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: OS

Cosantóir: Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság

Na ceisteanna a tharchuirtear

I bhfianaise na gcuspóirí a leagtar amach in aithrisí 2 agus 41 agus in Airteagal 1(a) agus Airteagal 4(1) de [Threoir (AE) 2016/801], 1 an bhfuil cleachtas Ballstáit i gcomhréir leis an discréid a cheadaítear do na Ballstáit le hAirteagal 7(1)(e) de, más rud é, chun glacadh leis go bhfuil cóir mhaireachtála ag iarratasóir ar náisiúnach tríú tír é a bhfuil sé ar intinn aige obair dheonach a dhéanamh – tar éis dó a chruthú gur féidir lena ghaol nach ball teaghlaigh dá chuid é soláthar dó agus go ndéanann sé amhlaidh, ioncam leordhóthanach do chothú an iarratasóra agus do thuras fillte an iarratasóra óna ioncam dleathach agus trí aistruithe rialta den mhéid is gá dá chothú – ar cleachtas é lena leagtar síos mar choinníoll breise nach mór don iarratasóir a léiriú go cruinn an é gur ioncam nó sócmhainní é an méid arna fháil agus, ina theannta sin, nach mór dó fianaise dhoiciméadach a sholáthar ar an mbonn dlíthiúil a bhí leis an ioncam sin nó na sócmhainní sin a fháil, agus go bhfuil an méid nó na sócmhainní ina sheilbh aige féin go cinntitheach agus go neamhtheoranta?

Ag féachaint do phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, don chóir chomhionann faoi Airteagal 79 CFAE, don tsaoirse chónaithe a chumhdaítear in Airteagal 45 den Chairt [um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh] agus do na cearta chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt, chomh maith le haithris 54 agus le haithris 61 de [Threoir 2016/801], go háirithe prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, an bhfuil éifeacht aige ar an bhfreagra ar an gcéad cheist nach bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad cheist arna tarchur le haghaidh réamhrialú sa reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le ceadanna cónaithe, ar an iomlán, ach gurb í an chúirt is uachtaraí sa Bhallstát, agus an dlí á chur i bhfeidhm aici a leagadh síos é, ar dlí é atá le bheith ina fhasach?

Sa mhéid go bhfuil gá freisin, agus an dlí náisiúnta á chur i bhfeidhm chun a bhunú go bhfuil cóir mhaireachtála ag an iarratasóir, leis an dearbhú agus leis an bhfianaise dhoiciméadach a bhaineann leis na coinníollacha thuasluaite, an gcaithfear Airteagal 7(1)(e) [de Threoir 2016/801] a léiriú sa chás seo, ag féachaint don cheanglas maidir le cóir chomhionann a leagtar síos in Airteagal 79 CFAE, ag féachaint do na cearta chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt, don cheanglas maidir le deimhneacht dhlíthiúil dá dtagraítear in aithris 2 [de Threoir 2016/801], agus dá bhforáiltear in aithrisí 41 agus 42 de maidir le coimircí nóis imeachta, ar chaoi nach bhfuil cleachtas Ballstáit - lena n-éilítear ar iarratasóir, i ndiaidh foláireamh a bheith tugtha dó maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla, na cúinsí breise a mheastar a bheith ceangailteach a léiriú agus a sholáthar go soiléir agus go comhleanúnach, agus nach féidir ceart cónaithe a dhiúltú ach amháin ar bhonn easpa fianaise i dtaca leis na ceanglais arna mbunú sa chásdlí - i gcomhréir lena bhforáiltear sa reachtaíocht ach amháin más rud é gur urramaíodh cearta an duine lena mbaineann agus gur cloíodh leis na coimircí nóis imeachta ar an gcaoi sin?

____________

1 Ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe náisiúnach tríú tír chun críoch taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí, tionscadal oideachais agus obair au pair (IO 2016 L 132, lch. 21).