Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) an 13 Nollaig 2023 – Mara soc. coop. arl v Ministero della Difesa, Gruppo Samir Global Service Srl

(Cás C-769/23, Mara)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Mara soc. coop. arl

Cosantóirí: Ministero della Difesa, Gruppo Samir Global Service Srl

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le prionsabail na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar, atá leagtha amach in Airteagail 49 agus 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), chomh maith le prionsabal na comhréireachta [an tAontas Eorpach] agus Airteagal 67(2)) de Threoir 2014/24/AE 1 ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta náisiúnta maidir le soláthar poiblí, amhail an reachtaíocht Iodálach atá in Airteagal 95(3)(a) agus (4)(b) de Fhoraithne Reachtaíochta Uimh. 50, an 18 Aibreán 2016, agus i mír 1 d’Airteagal 50(1) den Fhoraithne Reachtaíochta chéanna, a eascraíonn freisin as prionsabal an dlí arna fhógairt ag Adunanza plenaria Consiglio di Stato (Seisiún Iomlánach na Comhairle Stáit) ina bhreithiúnas an 21 Bealtaine 2019, Uimh. 8, ar dá réir a gcuirtear toirmeasc ar an údarás conarthach, i gcás conarthaí a bhaineann le seirbhísí a bhfuil tréithe caighdeánaithe acu agus atá mórán oibre i gceist leo ag an am céanna, an praghas is ísle a úsáid mar chritéar dámhachtana, fiú i gcás ina bhforáiltear sna rialacha tairisceana don laghdú ar phréimh nó ar bhrabús ionchasach an ghnóthais amháin, gan dochar do na costais saothair?

____________

1     Direttiva 2014/24/UE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65).