Caingean arna tabhairt an 31 Nollaig 2023 v Funline International v EUIPO – MS Trade (AMSTERDAM POPPERS)
(Cás T-1187/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Funline International Corp. (Wilmington, Delaware, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: S. Hejdová, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: MS Trade s. r. o. (Prág, Poblacht na Seice)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh ‘AMSTERDAM POPPERS’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 8633984
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí neamhbhailíochta
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 2265/2022-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; nó
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an t-iarratas ar neamhbhailíochta a dhiúltú;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Sárú ar Airteagal 19(1) den Chomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (Comhaontú TRIPS).
____________