Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Lecce (an Iodáil) arna taisceadh an 24 Márta 2022 – BU v Comune di Copertino

(Causa C-218/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Lecce

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: BU

Cosantóir: Comune di Copertino

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre 1 agus Airteagal 31(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí (is é sin Airteagal 5(8) de decreto-legge an 6 Iúil 2012, Uimh. 95, Disposizioni urgenti per la revisione della spesa pubblica con invarianza dei servizi ai cittadini nonché misure di rafforzamento patrimoniale delle imprese del settore bancario (Dlí Foraithne Uimh. 95 an 6 Iúil 2012 maidir le forálacha práinneacha chun caiteachas poiblí a athbhreithniú gan aon athrú ar sheirbhísí do shaoránaigh agus bearta chun bonn caipitil na gcuideachtaí san earnáil baincéireachta a neartú), arna thiontú le leasuithe le hAirteagal 1(1) de legge 7 agosto 2012, (Dlí Uimh. 135 an 7 Lúnasa 2012)), nach gceadaíonn, ar chúiseanna srianta caiteachais phoiblí agus riachtanais eagraíochtúla na hearnála poiblí mar fhostóir, airgeadaíocht a chur ar shaoire i gcás go n-éireoidh fostaí sa tseirbhís phoiblí as?

agus, ina theannta sin,

I gcás freagra dearfach ar an gceist thuas, an gá Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre agus Airteagal 31(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú sa chiall go gceanglaítear ar an státseirbhíseach a léiriú go raibh sé dodhéanta saoire a ghlacadh le linn an chaidrimh fostaíochta?

____________

1 IO 2003 L 299, lch. 9