Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État (an Fhrainc) an 10 Márta 2022 - Saint-Louis Sucre v Premier ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation, SICA des betteraviers d’Etrepagny
(Cás C-183/22)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil d'État
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Saint-Louis Sucre
Cosantóirí: Premier ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation, SICA des betteraviers d’Etrepagny
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcaithfear an riail a leagtar amach in Airteagal 153(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 an 17 Nollaig 2013,1 lena gceanglaítear le reacht eagraíochta táirgeoirí ar a comhaltaí “gan a bheith ina gcomhaltaí ach d'aon eagraíocht táirgeoirí amháin i dtaca le haon táirge áirithe den ghabháltas,” a léirmhíniú sa chaoi nach bhfuil feidhm aici ach maidir le comhaltaí ar táirgeoirí iad?
D’fhonn a áirithiú go n-urramaítear an prionsabal a leagtar síos in Airteagal 153(2)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, lena bhforáiltear go bhfuil ar na comhaltaí ar táirgeoirí iad a n-eagraíocht agus na cinntí a dhéanann sí a scrúdú go daonlathach:
an iomchuí, d’fhonn neamhspleáchas na gcomhaltaí den eagraíocht a mheas, a chur san áireamh, go heisiach, go bhfuil seilbh ag an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna ar a gcaipitil, nó naisc eile freisin ar nós, le haghaidh na gcomhaltaí nach táirgeoirí iad, a mballraíocht sa chónaidhm ceardchumann chéanna, nó le haghaidh na gcomhaltaí ar táirgeoirí iad, cur i gcrích freagrachtaí bainistíochta i gcónaidhm den sórt sin?
an leor é, d’fhonn smacht iarbhír na gcomhaltaí ar tairgeoirí iad ar an eagraíocht a shuí, go mbeadh tromlach na vótaí acu, nó an mbeadh sé iomchuí a scrúdú, ag cur in áireamh dáileadh na vótaí idir comhaltaí atá neamhspleách go hiarbhír, an gcuirtear ar chumas comhalta amháin nó níos mó nach táirgeoirí iad le roinn a vótaí, fiú gan thromlach, cinntí na heagraíochta a scrúdú?
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 671).