Breithiúnas na Cúirte (Céad Dlísheomra) an 30 Meitheamh (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas – an Liotuáin) – M.A.
(Cás = "n" "Case" IF = "o" "Joined Cases" C-72/22 PPU) 1
(Tarchur chun réamhrialú – Nós imeachta práinne um réamhrialú – Polasaí um Thearmann agus Imirce – Treoir 2011/95/AE – Airteagal 4 – Nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar – Treoir 2013/32/AE – Airteagail 6 agus 7 – Caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta – Airteagal 18 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Treoir 2013/33/AE – Airteagal 8 – An t-iarratasóir á chur faoi choinneáil – Cúis na coinneála – Cosaint na slándála náisiúnta nó cosaint an oird phoiblí – An t-iarratasóir á chur faoi choinnéail ar an mbonn go bhfuil cónaí neamhdhlíthiúil air ar chríocha an Aontais)
Teanga an cháis: an Liotuáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: M.A.
Páirtí leasmhar: Valstybės sienos apsaugos tarnyba
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 6 agus Airteagal 7, mír 1 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar rialachán Ballstáit lena mbaintear go héifeachtúil an fhéidearthacht de náisiúnaigh tríú tír, a bhfuil cónaí neamhdhlíthiúil orthu, rochtain a fháil ar an nós imeachta chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú, i gcás go bhfógraítear staid chogaidh nó staid éigeandála nó i gcás go bhfógraítear éigeandáil mar gheall ar mhórphlódú isteach eachtrannach.
Ní mór Airteagal 8, míreanna 2 agus 3, de Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar dhlí Ballstáit lenar féidir iarrathóir tearmainn a chur faoi choinneáil ar an mbonn amháin go bhfuil cónaí neamhdhlíthiúil air ar chríocha an Bhallstáit sin, i gcás go bhfógraítear staid chogaidh nó staid éigeandála nó i gcás go bhfógraítear éigeandáil mar gheall ar mhórphlódú isteach eachtrannach.
____________
1 IO C 171, 25.04.2022.