Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 30 Samhain 2023 ag ZF CV Systems Europe ar a dtugtaí Wabco Europe roimhe seo i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 20 Meán Fómhair 2023 i gCás T-637/16 ZF CV Systems Europe v An Coimisiún

(Cás C-736/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: ZF CV Systems Europe, ar a dtugtaí Wabco Europe roimhe seo (ionadaithe: E. Righini, avvocato, S. Völcker, Rechtsanwalt agus K. Beikos-Paschalis, dikigoros)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

Cinneadh (AE) 2016/1699 an 11 Eanáir 2016 maidir leis an scéim Státchabhrach um dhíolúine ó iarmhéid an bhrabúis SA.37667 (2015/C) (ex 2015/NN) arna cur chun feidhme ag an mBeilg 1 a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí arna dtabhú ag an achomharcóir maidir leis an gcás seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I dtaca leis an achomhairc, maíonn an t-achomharcóir trí shaincheist dlí :

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear earráidí dlí maidir leis an gcaighdeán athbhreithnithe arna chur i bhfeidhm ag an mbreithiúnas atá faoi achomharc. Gan é féin a theorannú do sheiceáil dealraitheachta do mhaolú follasach ar an gcreat tagartha a aithint, teipeann ar an mbreithiúnas atá faoi achomharc an chaighdeán athbhreithnithe ceart a chur i bhfeidhm don mheasúnú ar bhearta cánach faoi Airteagal 107 CFAE.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráidí dlí maidir leis an gcreat tagartha a aithint. Go háirithe, ní chuireann an breithiúnas atá faoi achomharc gnéithe atá mar chuid den chreat tagartha san áireamh, déanann sé earráidí ina léiriú ar Airteagal 185(2)(b) de Chód Cánach Ioncaim na Beilge 1992, déanann sé saobhadh ar ábhar na forála sin, agus níor tháinig sé ar na conclúidí cearta ón gcuspóir a aithníodh arna saothrú leis an bhforáil sin.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráidí dlí maidir le measúnú de chuid an bhreithiúnais atá faoi achomharc ar roghnaíocht na scéime agus mainneachtain cúiseanna a lua maidir lena chinneadh go ndéanann sé idirdhealú leis idir oibreoirí eacnamaíocha atá i staid inchomparáide.

____________

1 IO 2016 L 260, lch. 61.