Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 14 Meán Fómhair 2023 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 5 Iúil 2023 i gCás T-126/21, Nevinnomysskiy Azot agus NAK “Azot” v an Coimisiún

(Cás C-568/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Luengo agus P. Němečková, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: AO Nevinnomysskiy Azot, AO Novomoskovskaya Aktsionernaya Kompania NAK “Azot”, Fertilizers Europe

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Cúigiú Dlísheomra Méadaithe) an 5 Iúil 2023 i gCás T-126/21 1 Nevinnomysskiy Azot agus NAK “Azot”an Coimisiún a chur ar ceal agus an chuid eile de na héilimh ag an gcéad chéim a dhíbhe toisc iad a bheith gan bhunús a chur ar leathtaobh; agus

a ordú do na hiarratasóirí ag an gcéad chéim costais an achomhairc agus an chéad chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearnadh earráid ag an gCúirt Ghinearálta i léiriú Airteagal 11(2) de Rialachán 2016/1036 1 (“an Bunrialachán”) mar ní lena gcuirtear cosc ar an gCoimisiún athbhreithniú éaga a thionscnamh ar bhonn na hiarrata comhdhlúite. Níl cosc ar bith in Airteagal 11(2) den Bhunrialachán lena gcuirtear srian ar an oibleagáid atá ar an gCoimisiún scrúdú cuí a dhéanamh an bhfuil “fianaise leordhóthanach” in iarraidh ar imscrúdú a thionscnamh (bíodh sé ina imscrúdú bunaidh nó ina imscrúdú athbhreithnithe).

An dara saincheist dlí, ;ena n-éilítear go ndearnadh earráid ag an gCúirt Ghinearálta agus Airteagal 11(2) den Bhunrialachán á chur i bhfeidhm aici agus í ag breithniú sa chás seo gur athraigh ríomh malartach dumpála bunaithe ar phraghsanna intíre na Rúise ar Níotráit Amóiniam substaint an Iarratais Bhunaidh ionas nach bhféadfadh an Coimisiún brath uirthi agus cinneadh á dhéanamh aige an t-athbhreithniú éaga a thionscnamh. Fiú dá mbeadh an Coimisiún teoranta ina anailís ar na héilimh nó ar na hargóintí a rinneadh san iarraidh ar athbhreithniú éaga bunaidh maidir le cén fáth ar dhócha go mbeadh dumpáil dhíobhálach ann, i gcás ina rachadh na bearta in éag, sa chás atá i gceist, ní dhearna an ríomh malartach dumpála a chuir táirgeoirí an Aontais ar fáil tar éis dóibh an iarraidh ar athbhreithniú éaga a chomhdú gan ach an líomhain maidir le dóchúlacht na dumpála a fhorlíonadh nó a chomhthacú i gcás ina rachadh na bearta in éag, rud a bhí bunaithe ar fhianaise lenar léiríodh gur leanadh den dumpáil san iarraidh bhunaidh. Ní athraítear bunús an éilimh a rinneadh ar dtús (eadhon dóchúlacht na dumpála dá rachadh na bearta in éag) toisc go raibh an líomhain bhunaidh bunaithe ar ríomh dumpála ag baint úsáid as gnáthluach tógtha cé gur úsáideadh praghsanna intíre iarbhír níotráite amóiniam sa ríomh dumpála breise. Léirigh an dá ríomh gan amhras dumpáil gan amhras agus, dá bhrí sin, bhí siad mar fhianaise de dhearbhú ar leanúint le dumpáil.

____________

1 EU:T:2023:376

1 Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016 L 176, lch. 21).