Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Lúnasa 2023 – NW agus YS v Qatar Airways

(Cás C-516/23, Qatar Airways)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Frankfurt am Main

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: NW, YS

Cosantóir: Qatar Airways

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 1 a léiriú sa chaoi go dtaistealaíonn an paisinéir saor in aisce faoin gcéad rogha [den chéad abairt] d’Airteagal 3(3) den Rialachán sin sa chás go gceanglaítear air íoc as táillí agus cáin eitlíochta don ticéid eitilte, agus as an méid sin amháin?

Más freagra diúltach a thabharfar ar an gcéad cheist:

An gcaithfear Rialachán Uimh. 261/2004 a léiriú sa chaoi nach mbaineann sé le táille atá ar fáil don phobal (go hindíreach) de réir bhrí an dara rogha [sa chéad abairt] d’Airteagal 3(3) den Rialachán sa chaoi gur cuireadh an eitilt in áirithe mar chuid de thairiscint speisialta arna soláthar ag aeriompróir ar feadh tréimhse theoranta agus nach bhfuil ach líon teoranta díobh ar fáil, agus nár cuireadh ar fáil ach do ghrúpa áirithe gairmeacha?

3.    Más freagra diúltach a thabharfar ar an dara ceist agus má mheastar go bhfuil feidhm ag Rialachán Uimh. 261/2004:

(a)    An gcaithfear Airteagal 8(1)(c) den Rialachán sin a léiriú sa chaoi nach mór nasc ama a bheith ann idir, ar thaobh amháin, an eitilt bhunaidh a cuireadh in áirithe agus a cuireadh ar ceal agus, ar an taobh eile, an t-athródú atá á lorg ar dháta níos déanaí?

(b)    Conas ba cheart an nasc ama sin, más gá, a shainmhíniú?

____________

1 Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).