Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 10 Lúnasa 2023 - Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände - Verbraucherzentrale Bundesverband e.V. v NEW Niederrhein Energie und Wasser GmbH

(Cás C-518/23, NEW Niederrhein Energie und Wasser)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände - Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.

Cosantóir: NEW Niederrhein Energie und Wasser GmbH

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfidh an fhaisnéis arna soláthar ag trádálaí de bhun Airteagal 7(1) agus (4)(c) de Threoir 2005/29/CE 1 ar an gcaoi a gcaithfear an praghas a ríomh i gcóras praghsála a bhraitheann ar thomhaltas a fhágáil gur féidir leis an tomhaltóir, ar bhonn na faisnéise arna soláthar, an praghas a ríomh dó féin má tá a thomhaltas ar eolas aige?

____________

1 Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnólacht le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagóracha”) (IO 2005 L 149, lch. 22).