Language of document :

Caingean arna tabhairt an 26 Nollaig 2023 – Bimbo v EUIPO – Guangzhou Danxi Trade (Bimbys)

(Cás T-1185/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Bimbo, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. Carbonell Callicó, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Guangzhou Danxi Trade Co. Ltd (Guangzhou, an tSín)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais EorpaighBimbys’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 496 227

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Deireadh Fómhair 2023 i gCás R 635/2023-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, lena nglactar go sainráite le diúltú don iarratas ar an trádmharc faoi cheist.

a ordú do EUIPO agus don idiragraí iomlán chostais an cháis os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________