Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Nollaig 2023 – Crédit agricole agus páirtithe eile v BRA

(Cás T-388/21)1

(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta –Aontas baincéireachta– Sásra réitigh aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Ciste réitigh aonair (CRA) – Cinneadh BRA maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante le haghaidh 2021 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Prionsabal an dea-riaracháin – Prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí – Pléadáil neamhdhleathachta – Éifeachtaí an bhreithiúnais a theorannú ó thaobh ama de)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Crédit agricole SA (Montrouge, an Fhrainc) agus 48 n-iarratasóir eile a bhfuil a n-ainmneacha in iarscríbhinn leis an mbreithiúnas (ionadaithe A. Gosset-Grainville agus M. Trabucchi, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. Kerlin, C. De Falco agus C. Flynn, Gníomhairí, le cúnamh ó H.-G. Kamann, F. Louis, P. Gey agus V. Del Pozo Espinosa de los Monteros, Dlíodóirí)

Idiragraithe, ag tacú leis an gcosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: J. Etienne, O. Denkov agus M. Menegatti, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. d’Ursel, A. Westerhof Löfflerová agus J. Bauerschmidt, Gníomhairí), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou, A. Nijenhuis agus A. Steiblytė, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an na hiarratasóirí go gcuirfear ar neamhní Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na rannaíocaíochtaí ex ante le haghaidh 2021 leis an gCiste Réitigh Aonair, a mhéid a bhaineann leo.

An chuid oibríochtúil

Cuirtear ar neamhní Cinneadh SRB/ES/2021/22 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 14 Aibreán 2021 maidir le ríomh na rannaíocaíochtaí ex ante le haghaidh 2021 leis an gCiste Réitigh Aonair, a mhéid a bhaineann le Crédit agricole SA agus leis na páirtithe eile is iarratasóirí a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn.

Coimeádtar éifeachtaí chinneadh SRB/ES/2021/22 ar bun, a mhéid a bhaineann le Crédit agricole SA agus na páirtithe eile is iarratasóirí a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn, go dtí go dtiocfaidh i bhfeidhm, laistigh de thréimhse réasúnta nach mbeidh níos faide ná sé mhí ó dháta fógartha an bhreithiúnais seo, cinneadh nua ó BRA lena socrófar ranníocaíocht ex ante na n-institiúidí sin leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh thréimhse ranníocaíochta 2021.

Ordaítear do BRA a chostais féin a íoc, chomh maiht leis na costais a thabhaigh Crédit agricole SA agus na páirtithe eile is iarratasóirí a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn.

Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Choimisiún Eorpach a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 338, 23.8.2021.