Language of document : ECLI:EU:T:2022:523

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Seachtú Dlísheomra, Comhdhéanamh Leathnaithe)

7 Meán Fómhair 2022 (*)

(Státseirbhís — Foireann BEI — Luach saothair — Liúntas athlonnaithe — An áit ina bhfuil cónaí ar sheirbhíseach a bhunú ina bhaile féin nó ina baile féin tar éis dó nó di an tseirbhís a fhágáil — An dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 13, de na forálacha riaracháin is infheidhme maidir le foireann BEI — An coincheap “baile” — Léiriú litriúil de réir príomhleagan teanga — Dlínse gan teorainn — Díospóid de chineál airgeadais — Inghlacthacht)

I gCás T‑529/20,

LR, arna ionadú ag J. L. Gómez de la Cruz Coll agus Casado García-Hirschfeld, Dlíodóirí,

iarratasóir,

v

An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), arna ionadú ag A. V. García Sánchez agus I. Zanin, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó A. Manzaneque Valverde agus J. Rivas de Andrés, Dlíodóirí,

cosantóir,

tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Seachtú Dlísheomra, Comhdéanamh Leathnaithe)

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. Van der Woude, Uachtarán, S. Papasavvas, R. da Silva Passos, V. Valančius (Rapóirtéir) agus M. Sampol Pucurull, Breithiúna,

Cláraitheoir: P. Nuñez Ruiz, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta,

tar éis éisteacht an 24 Feabhra 2022,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE agus ar Airteagal 50a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, iarrann an t‑iarratasóir, LR, ar an gcéad dul síos, Cinneadh ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) an 9 Eanáir 2020 lena ndiúltaítear don liúntas athlonnaithe (“an cinneadh atá faoi chonspóid”) a chur ar neamhní agus, ar an dara dul síos, a ordú do BEI an liúntas athlonnaithe le cois ús mainneachtana arna ríomh de réir ráta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) móide 2 phointe a íoc.

 Cúlra na díospóide

2        D’earcaigh BEI an t‑iarratasóir an [faoi rún] agus chuaigh sé ar scor an [faoi rún].

3        Le linn na tréimhse sin, bhíodh cónaí ar an iarratasóir lena theaghlach i [faoi rún].

4        An 4 Meán Fómhair 2019, rinne an t‑iarratasóir iarraidh chuig BEI ar liúntas athlonnaithe a íoc ar an bhforas, tar éis dó dul ar scor, go ndeachaigh sé chun cónaithe i [faoi rún].

5        An 9 Eanáir 2020, leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, dhiúltaigh BEI d’iarraidh an iarratasóra ar na forais gur leis an teach ar athlonnaigh sé ann agus, dá bhrí sin, nár chomhlíon sé na coinníollacha maidir leis an liúntas athlonnaithe a dheonú dá bhforáiltear in Airteagal 13 de na forálacha riaracháin is infheidhme maidir le foireann BEI (“na forálacha riaracháin”).

6        An 19 Feabhra 2020, rinne an t‑iarratasóir iarraidh chuig Uachtarán BEI, go príomha, ar an liúntas athlonnaithe a dheonú i gcás inar rialaigh an Chúirt Ghinearálta i bhfábhar na n‑iarratasóirí ón gcás mar bhun le breithiúnas an 12 Bealtaine 2021, DF agus DG v BEI (T‑387/19, neamhfhoilsithe, EU:T:2021:258) agus, mar mhalairt air sin, ar athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh atá faoi chonspóid, i gcomhréir le hAirteagal 41 de Rialacháin Foirne BEI.

7        Le cinneadh an 15 Bealtaine 2020, a fógraíodh an 20 Bealtaine 2020, dhiúltaigh BEI d’iarraidh an iarratasóra ar athbreithniú (“an cinneadh lena ndiúltaítear don iarraidh ar athbhreithniú”) ar an bhforas, faoi mar a léiríodh é, gur cuireadh in iúl gur leis an seirbhíseach nó le duine atá muinteartha dó an mhaoin tríd an nath “baile féin” sa dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 13 de na forálacha riaracháin.

 An tordú á lorg ag na páirtithe

8        Iarrann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

–        an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

–        an cinneadh lena ndiúltaítear don iarraidh ar athbhreithniú a chur ar neamhní;

–        a ordú do BEI an liúntas athlonnaithe le cois ús mainneachtana arna ríomh de réir ráta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) móide 2 phointe a íoc;

–        a ordú do BEI na costais a íoc.

9        Iarrann BEI ar an gCúirt Ghinearálta:

–        an chaingean a dhiúltú;

–        a ordú don iarratasóir na costais a íoc.

 An dlí

 An t-éileamh go ndéanfar an cinneadh lena ndiúltaítear don iarraidh ar athbhreithniú a chur ar neamhní

10      Lena dhara cuntar éilimh, iarrann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta an cinneadh lena ndiúltaítear don iarraidh ar athbhreithniú a chur ar neamhní.

11      I ndáil leis sin, de réir chásdlí socair maidir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) go háirithe, ba cheart a chur i bhfeidhm mutatis mutandis sa chás seo,  an éifeacht a bhaineann le héileamh atá dírithe go foirmiúil in aghaidh cinneadh lena ndiúltaítear do ghearán a chur ar neamhní, i gcás nach bhfuil inneachar neamhspleách sa chinneadh sin, ná cás a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta maidir leis an ngníomh a rinneadh gearán ina leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Márta 2021, EJ v BEI, T‑585/19, neamhfhoilsithe, EU:T:2021:142, mír 22 agus an cásdlí a luaitear).

12      Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara nach n‑athraítear, leis an gcinneadh lena ndiúltaítear don iarraidh ar athbhreithniú, brí ná raon feidhme an chinnidh atá faoi chonspóid lenar dhiúltaigh BEI don liúntas athlonnaithe a dheonú don iarratasóir ar a aistriú go [faoi rún].

13      Dá bhrí sin, ní mór a mheas, sa chinneadh lena ndiúltaítear don iarraidh ar athbhreithniú, nach ndearna BEI scrúdú ar chás an iarratasóra in athuair i bhfianaise tosca nua dlí agus fíorais a d’fhéadfadh an t‑iarratasóir brath orthu i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid, agus ní dhearnadh ach soiléiriú a thabhairt ar fhorais an chinnidh sin mar fhreagra ar iarraidh an iarratasóra ar athbhreithniú an 19 Feabhra 2020. Ní fhéadfadh soiléiriú den sórt sin bonn cirt a thabhairt le diúltiú d’iarraidh ar athbhreithniú a mheas mar ghníomh neamhspleách lena ndéantar dochar don iarratasóir.

14      Dá bhrí sin, ní mór a mheas gur ar an gcinneadh atá faoi chonspóid agus air sin amháin atá an t-éileamh le haghaidh neamhniú dírithe ina aghaidh, ar cinneadh é, áfach, atá le scrúdú leis na réasúin arna sonrú sa chinneadh lena ndiúltaítear don iarraidh ar athbhreithniú a chur san áireamh, atá in ainm a bheith comhionann leo atá sa chinneadh atá faoi chonspóid (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Iúil 2021, KO v an Coimisiún, T‑389/20, neamhfhoilsithe, EU:T:2021:436, mír 15 agus an cásdlí a luaitear).

 An t-éileamh go ndéanfar an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní

15      Mar thaca leis an gcéad chuntar éilimh, braitheann an t‑iarratasóir ar cheithre shaincheist dlí lena n‑éilíonn sé, ar an gcéad dul síos, go bhfuil Airteagal 13 de na forálacha riaracháin á shárú; ar an dara dul síos, go bhfuil an oibleagáid dul i gcomhairle le hionadaithe fhoireann BEI á sárú; ar an tríú dul síos, go bhfuil prionsabail na comhréireachta, na gceart faighte a chosaint, an ionchais dhlisteanaigh a chosaint agus an oibleagáid foráil a dhéanamh maidir le socrú idirthréimhseach á sárú; agus, ar an gceathrú dul síos, go bhfuil prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, an dualgais cúraim atá ann i leith leas na foirne agus prionsabal an dea-riaracháin á sárú.

16      Maidir leis an gcéad saincheist dlí, áitíonn an t‑iarratasóir go ndearna BEI Airteagal 13 de na forálacha riaracháin maidir le caiteachas a chúiteamh agus maidir leis an liúntas ar ráta comhréidh le linn dó an tseirbhís a fhágáil a mhíléiriú.

17      Maíonn an t‑iarratasóir gur san éagóir a léiríonn BEI an nath “baile féin” amhail go gcuirtear “réadmhaoin ina bhfuil leas úinéireachta, dá laghad é, ag an seirbhíseach nó ag a chéile nó a céile” in iúl leis fiú mura bhfuil cónaí ar an seirbhíseach nó ar a theaghlach nó a teaghlach inti nó nach raibh cónaí air nó uirthi inti riamh.

18      Dar le BEI, ní ar an nath “baile féin” a léiriú in athuair a bhunaítear an cinneadh atá faoi chonspóid ach ar chur i bhfeidhm ceart Airteagal 13 de na forálacha riaracháin, arna léiriú i bhfianaise a chomhthéacs, a leagan amach ginearálta agus a chuspóir. Measann BEI go mbainfí aon éifeacht úsáideach den fhoráil sin leis an dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 13 de na forálacha riaracháin a léiriú faoi mar a áitíonn an t‑iarratasóir.

19      De réir chásdlí socair na Cúirte, agus foráil de dhlí an Aontais á léirmhíniú aici, is gá aird a thabhairt ní hamháin ar a foclaíocht agus ar na cuspóirí atá á saothrú aici, ach ar a comhthéacs freisin. Féadfaidh gnéithe atá ábhartha dá léirmhíniú a bheith ag gabháil le bunús forála de dhlí an Aontais chomh maith (breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, CRCAM, C‑337/20, EU:C:2021:671, mír 31; féach freisin, chuige sin, breithiúnas an 10 Márta 2021, AM v BEI, T‑134/19, EU:T:2021:119, mír 60).

20      Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt chun cuimhne go bhfuil Airteagal 13 de na forálacha riaracháin, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid, sna focail seo a leanas:

“Dlífear an méid seo a leanas don pháirtí leasmhar ar athraigh a áit chónaithe nó a háit chónaithe tar éis dó nó di an tseirbhís a fhágáil, lena bunú laistigh de 50 [ciliméadar (km)] ón áit dheireanach inar fostaíodh é nó í:

–        an caiteachas thíosluaite a chúiteamh, a mhéid nach n‑íocann duine éigin eile iad, agus

–        an liúntas ar ráta comhréidh thíosluaite — i gcás inarb iomchuí, lúide na liúntais arna n‑íoc ag duine éigin eile — a mhéid nár bhunaigh sé nó sí a áit chónaithe nó a háit chónaithe ina bhaile féin nó ina baile féin.

[…]

13.3. Liúntas athlonnaithe

Tar éis dó nó di trí bliana seirbhíse a thabhairt — ar tréimhse seirbhíse í nach mbaineann le hábhar i gcás a fhoirceannfaidh [BEI] a chonradh nó a conradh nó nach n‑athnuafaidh [BEI] é — gheobhaidh an páirtí leasmhar, tar éis dó nó di é féin nó í féin a chur faoi nó fúithi ina áit chónaithe nó ina háit chónaithe nua, liúntas athlonnaithe ar comhshuim a bhuntuarastal míosúil is déanaí, ar an gcoinníoll nár dífhostaíodh é nó í ar bhonn foras tromchúiseach.

Ina theannta sin — ar an gcoinníoll go bhfuil siad faoin aon díon amháin leis nó léi — gheobhaidh an páirtí leasmhar an méid céanna an dara huair, más amhlaidh go gcuireann a theaghlach nó a teaghlach faoi ina áit chónaithe nua laistigh de 50 ciliméadar (km) ar a laghad i líne dhíreach trasna na tíre ón áit fostaíochta.

I gcás ina ndlífear liúntas athlonnaithe do lánúin á fhostú ag [BEI], ní íocfar é ach don chéile a bhfuil an buntuarastal míosúil is airde aige nó aici.”

[Aistriúcháin neamhoifigiúil]

21      Mar sin, maidir le foclaíocht Airteagal 13 de na forálacha riaracháin, ní mór a mheas go bhforáiltear leis an Airteagal sin do liúntas athlonnaithe ar ráta comhréidh a íoc le seirbhíseach BEI ar athraigh a áit chónaithe nó a háit chónaithe, tar éis dó nó di an tseirbhís a fhágáil, lena bunú laistigh de 50 ciliméadar (km) ón áit dheireanach inar fostaíodh é nó í.

22      Mar sin féin, leis an dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 13 de na forálacha riaracháin, tugfar an liúntas sin faoi réir an choinníll nár bhunaigh an seirbhíseach lena mbaineann a áit chónaithe nó a háit chónaithe ina bhaile féin nó ina baile féin.

23      In éagmais sainmhíniú ar na coincheapa áit chónaithe agus “baile” sna forálacha riaracháin, ba cheart na coincheapa sin a léiriú i gcomhréir leis an ngnáthbhrí a thugtar dóibh sa bheochaint (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2021, Phantasialand, C‑406/20, EU:C:2021:720, míreanna 28 agus 29).

24      Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, gurbh ón téarma Fraincise “foyer” atá sa leagan Fraincise de na forálacha riaracháin ar aistríodh an téarma “home” sa leagan Béarla de na forálacha sin agus gur bhraith BEI ar an leagan Béarla sin sa chinneadh atá faoi chonspóid agus sa chinneadh lena ndiúltaítear don iarraidh ar athbhreithniú.

25      Cuirtear teach nó árasán in iúl leis an téarma Béarla “home” freisin, ionas go bhfuil an nath “own home” inléirithe amhail go bhfuil coincheap na réadmhaoine i gceist leis freisin, mar a aítíonn BEI.

26      Os a choinne sin, tagraítear leis an téarma Fraincise “foyer”, de réir Dictionnaire de l’Académie français (an foclóir de chuid an phríomhchomhlachta ar son na Fraincise), don áit ina lastar tine agus, dá réir sin, an áit ina bhfuil cónaí ar theaghlach duine. Maidir leis an aidiacht Fraincise “propre” a chuirtear roimh an téarma “foyer”, níl sé d’aidhm aici, le neart a chur leis an aidiacht shealbhach “son”, ach cur i dtábhacht gur leis an seirbhíseach an baile atá i gceist.

27      I ndáil leis sin, de réir cásdlí socair, ní fhéadfar bunú ar an bhfoclaíocht atá á húsáid i leagan teanga amháin d’fhoráil dhlí an Aontais agus uirthi amháin chun an fhoráil sin a léiriú nó ní fhéadfar tús áite a thabhairt di ar na leaganacha teanga eile. Ní mór forálacha dhlí an Aontais a léiriú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach i bhfianaise na leaganacha a leagtar amach i dteangacha uile an Aontais Eorpaigh. I gcás nach bhfuil roinnt leaganacha teanga de théacs dhlí an Aontais ag teacht le chéile, ní mór an fhoráil atá i gceist a léiriú, i bprionsabal, de réir leagan amach ginearálta agus cuspóir na reachtaíochta a bhfuil sé ina chuid di (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Trapeza Peiraios, C‑243/20, EU:C:2021:1045, mír 32 agus an cásdlí a luaitear).

28      Sa chás seo, ba as togra a dréachtaíodh agus a glacadh trí mheán na Fraincise an leagan is infheidhme maidir leis an díospóid in Airteagal 13 de na forálacha riaracháin agus roghnaigh BEI a thabhairt le fios go sainráite, sa mhír dheiridh den réamhrá ar na forálacha riaracháin, gurbh “aistriúchán ar an mbunleagan Fraincise” [Aistriúchán neamhoifigiúil] a bhí sna leaganacha Béarla agus Gearmáinise de na forálacha sin.

29      Dá bhrí sin, sna himthosca áirithe sin, lena fhionnadh go hoibiachtúil rún údar na forála atá faoi dhíospóid agus é á ghlacadh aige nó aici, ní mór don Chúirt, sa chás seo, na coincheapa “résidence” (“áit chónaithe”) agus “foyer” (“baile”) a léiriú i gcomhréir leis an ngnáthchiall atá leo mar a úsáidtear iad i bhFraincis.

30      Mar sin, is ionann an téarma “résidence”, ar bhonn an tsainmhínithe arna sholáthar ag Dictionnaire de l’Académie française, agus a bheith bunaithe in áit go marthanach nó go fadtéarmach agus, dá réir sin, tagraítear don an áit ina bhfuil cónaí ar dhuine nó ina bhfuil sé nó sí bunaithe leis.

31      Dá bhrí sin, dlífear liúntas athlonnaithe do sheirbhíseach BEI ar athraigh a áit chónaithe nó a háit chónaithe tar éis dó nó di an tseirbhís a fhágáil lena bunú laistigh de 50 km ón áit dheireanach inar fostaíodh é nó í ar an gcoinníoll nach ionann an áit chónaithe seo agus an áit chónaithe ina bhfuil cónaí ar a theaghlach nó a teaghlach, mar thoradh ar fhoclaíocht Airteagal 13 de na forálacha riaracháin.

32      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, murab ionann agus an méid a áitíonn BEI, nach leor é go bhfuil réadmhaoin ag oifigeach nó ag gníomhaire i dtír, go háirithe ina thír thionscnaimh nó ina tír thionscnaimh, le cruthú go bhfuil buanchónaí nó gnáthchónaí air nó uirthi sa tír sin, nó go bhfuil sé beartaithe aige nó aici le cur faoi nó fúithi sa tír sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Samhain 2020, UI v an Coimisiún, T‑362/19, neamhfhoilsithe, EU:T:2020:562, mír 82).

33      Mar sin, ní fhéadfar a chruthú ann féin gur shocraigh an duine sin buanionad nó gnáthionad a leasanna sa tír sin toisc, agus dá toisc sin amháin, go raibh an t-oifigeach nó an gníomhaire ina thionónta nó ina tionónta ina áras nó ina háras i dtír nó gur leis nó léi an t‑áras sa tír sin, a thagann faoina shaoirse nó faoina saoirse a shaol nó a saol pearsanta agus teaghlaigh a eagrú (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Márta 2010, Tzvetanova v an Coimisiún, F‑33/09, EU:F:2010:18, mír 52).

34      Ar deireadh, ní hionann an t‑áras atá ag duine mar is gá nó córasach agus áit chónaithe daoine atá muinteartha don duine sin.

35      Dá bhrí sin, ní mór a thuiscint go gcuirtear cosc leis an bhfrása “a mhéid nár bhunaigh sé nó sí a áit chónaithe nó a háit chónaithe ina bhaile féin nó ina baile féin” sa dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 13 de na forálacha riaracháin ar an liúntas athlonnaithe a fháil i gcás ina n‑aistríonn an seirbhíseach lena mbaineann a ghnátháit chónaithe nó a gnátháit chónaithe go dtí an áit ina bhfuil cónaí ar dhaoine atá muinteartha dó nó di, agus ní i gcás inarb é an a áitreabh féin nó a háitreabh féin ar a fhilleann an seirbhíseach.

36      Ar an dara dul síos, cuirtear treise leis an Airteagal sin a léiriú go litriúil leis an gcéad mhír d’Airteagal 13 de na forálacha riaracháin a léiriú go comhthéacsúil.

37      Ar an gcéad dul síos, baintear feidhm as an téarma “baile” chun áit chónaithe an tseirbhísigh a chur in iúl i gcás ina bhfuil cónaí ar dhaoine atá muinteartha dó nó di sa chéad abairt den dara mír d’Airteagal 1.3 de na forálacha riaracháin maidir leis an liúntas suiteála, sa dara mír d’Airteagal 5 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na forálacha riaracháin maidir leis an liúntas suiteála le haghaidh baill foirne i gceann poist in oifigí seachtracha agus sa dara fomhír d’Airteagal 6 den Iarscríbhinn sin maidir le hárais na mball foirne atá i gceann poist in oifigí seachtracha lasmuigh den Aontas.

38      A dhála sin, forchuirtear le pointe (b) den chéad mhír d’Airteagal 3.10 agus an tríú mír d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na forálacha riaracháin, maidir le nósanna imeachta riaracháin i gcúrsaí leighis, ar an seirbhíseach lucht na seirbhísí sláinte BEI a chur ar an eolas gan mhoill faoi más amhlaidh go bhfuil sé nó sí nó “daoine eile atá muinteartha dá theaghlach nó dá teaghlach” buailte ag galar gabhálach tromchúiseach.

39      Mar sin, cuirtear treise le léiriú amhail gurb ionann an téarma “baile”, a leagtar amach sa dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 13 de na forálacha riaracháin agus áit ina bhfuil gnáthchónaí ar dhaoine atá muinteartha don seirbhíseach agus nach ionann é agus an t‑áitreabh ar leis an seirbhíseach é.

40      Ar an dara dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil clásal lena n‑eisítear an ceart chun liúntas suiteála a dréachtaíodh i dtéarmaí atá comhionann le téarmaí an dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 13 de na forálacha sin i gceist leis an dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 1 de na forálacha riaracháin maidir le caiteachais a chúiteamh agus maidir le liúntais ar ráta comhréidh ar dhul i mbun seirbhíse nó ar dhul i gceann poist in áit fostaíochta eile.

41      Thairis sin, tá clásal lena n‑eisítear an ceart chun liúntas suiteála i gcás ina dtagann an t‑oifigeach i gceann poist go dtí an áit ina bhfuil cónaí ar a theaghlach nó ar a teaghlach i gceist le hAirteagal 5(4) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialachán Foirne maidir le liúntas suiteála freisin.

42      I ndáil leis sin, is fíor go bhfuil neamhspleáchas feidhmiúil agus institiúideach ag BEI, de bhun Airteagal 308 CFAE agus, go háirithe, trí chur i bhfeidhm Airteagal 336 CFAE a eisiamh, lena gcuirtear Parlaimint na hEorpa agus Comhairle Eorpach an Aontais Eorpaigh ar chumas forálacha na Rialachán Foirne agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais a leagan amach, deonaítear neamhspleáchas feidhmiúil chun na Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir lena fhoireann a shocrú do EIB le Rialacháin BEI. Mar sin, i bhfeidhmiú a inniúlachta, roghnaigh BEI coinníollacha conarthacha seachas coinníollacha reachtúla, ionas nach bhféadfar forálacha an Rialacháin a chur i bhfeidhm maidir leis, amhail, an caidreamh fostaíochta idir BEI agus a fhoireann (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Iúil 2003, an Coimisiún v BEI, C‑15/00, EU:C:2003:396, mír 101, agus an 16 Nollaig 2004, De Nicola v BEI, T‑120/01 agus T‑300/01, EU:T:2004:367, mír 57 agus an cásdlí a luaitear).

43      Sa chás seo, áfach, níor cruthaigh BEI conas a shárófaí a neamhspleáchas feidhmiúil leis an dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 13 de na forálacha riaracháin a léiriú atá de thoradh ar an gcásdlí arna thabhairt faoi na Rialacháin Foirne agus an cásdlí a thagann as an mbreithiúnas dá dtagraítear i mír 44 thíos a chur i bhfeidhm mutatis mutandis.

44      Mar sin, ós rud é nach raibh caiteachas suiteála le híoc aige nó aici, tá feidhm ag an gclásal lena n‑eisítear an ceart chun liúntas suiteála dá bhforáiltear le hAirteagal 5(4) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne sa chás ina gcuirtear an seirbhíseach i gceann poist go dtí an áit ina bhfuil cónaí ar a theaghlach nó ar a teaghlach cheana féin agus a n-aistríonn sé nó sí leis (breithiúnas an 18 Samhain 2015, FH v an Pharlaimint, F‑26/15, EU:F:2015:137, mír 35).

45      Thairis sin, is léir ón gcásdlí maidir leis na Rialacháin Foirne, a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm sa chás seo, ag féachaint don fhoclaíocht chomhionann arna dréachtú ag Airteagail 1 agus 13 de na forálacha riaracháin, ní hamháin nach bhfuil aon difríocht fheidhmiúil idir an liúntas suiteála agus an liúntas athlonnaithe, ach, a mhalairt ar fad, go bhfuil an dá liúntas inchurtha go mór le chéile i bhfianaise a gcuspóirí (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Aibreán 2001, Miranda v an Coimisiún, T‑37/99, EU:T:2001:122, mír 29).

46      Mar sin, tá an cásdlí a luaitear i mír 44 thuas, a bhaineann leis an liúntas suiteála dá bhforáiltear in Airteagal 5 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, infheidhme mutatis mutandis maidir leis an liúntas athlonnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Iarscríbhinn sin chomh maith le hAirteagal 13 de na forálacha riaracháin agus maidir leis an liúntas suiteála a rialaítear le hAirteagal 1 de na forálacha sin.

47      Is deimhin nach mar a chéile faoi mar a dréachtaíodh, ar an gcéad dul síos, an dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 1 agus an dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 13 agus, ar an dara dul síos, faoi mar a dréachtaíodh Airteagal 5(4) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

48      Ní cosúil, áfach, go bhfuil sé dodhéanta an léiriú ar an gclásal lena n‑eisítear an ceart chun liúntas suiteála dá bhforáiltear le hAirteagal 5(4) d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne maidir le liúntais suiteála agus athlonnaithe le haghaidh sheirbhísigh BEI dá bhforáiltear leis na forálacha riaracháin a chur i bhfeidhm mar gheall ar an difríocht seo atá go hiomlán dréachtaithe.

49      Ar an tríú dul síos agus faoi dheireadh, daingnítear an dara fleasc den chéad fhomhír d’Airteagal 13 de na forálacha riaracháin a léiriú go litriúil agus comhthéacsúil lena léiriú go teileolaíoch.

50      I ndáil leis sin, mar a thug BEI dá aire mar is ceart, is éard is cuspóir leis an liúntas athlonnaithe, mar is léir ón gcásdlí maidir leis an liúntas athlonnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 6 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ná na muirir a bhaineann le hathlonnú iaroifigigh nó iarghníomhaire go dtí áit nua ar feadh tréimhse éiginnte ach sách fada a íoc agus a mhaolú toisc gur athraigh sé nó sí a phríomháit chónaithe nó a príomháit chónaithe tar éis dó nó di a dhualgais nó a dualgais a fhoirceannadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Aibreán 2001, Miranda v an Coimisiún, T‑37/99, EU:T:2001:122, mír 29).

51      Bíodh is nach ndeonaítear an liúntas athlonnaithe leis an gcéad mhír d’Airteagal 13 de na forálacha riaracháin ach d’aistriú ar áit chónaithe an tseirbhísigh lena mbaineann go háit atá 50 km ar a laghad ón áit fostaíochta, is gá gurb éard atá i gceist leis an áit chónaithe a aistriú mar a thagraítear dó san fhoráil sin mar is gá ná gurb amhlaidh go n‑aistríonn an seirbhíseach seo a ghnátháit chónaithe nó a gnátháit chónaithe go dtí an áit nua a sonraíodh gurbh í sin an áit athlonnaithe (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 24 Aibreán 2001, Miranda v an Coimisiún, T‑37/99, EU:T:2001:122, mír 30 agus an cásdlí a luaitear).

52      Sna himthosca sin, glactar leis go bhfuil na muirir a ndlitear ar an iarseirbhíseach a íoc toisc gur athraigh sé nó sí a phríomháit chónaithe nó a príomháit chónaithe tar éis dó nó di an tseirbhís a fhágáil níos airde i gcás ina n‑athlonnaíonn sé nó sí lena theaghlach nó lena teaghlach, rud a thugann bonn cirt leis, ina leithéid de chás, i gcomhréir leis an dara mír d’Airteagal 13.3 de na forálacha riaracháin, go bhfaigheann seirbhíseach den sórt sin liúntas athlonnaithe ar comhshuim a bhuntuarastal míosúil is déanaí faoi dhó (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 19 Samhain 2015, van der Spree v an Coimisiún, F‑37/15, EU:F:2015:139, mír 29 agus an cásdlí a luaitear).

53      Sna himthosca atá i gceist sa chás seo, ina n‑athlonnaíonn seirbhíseach, ar fhágáil a chuid seirbhíse, lena theaghlach in ainneoin go raibh cónaí ar a theaghlach leis san áit dheireanach inar fostaíodh é, ní cosúil go ndíolmhaítear an seirbhíseach ó na muirir go léir a bhaineann lena phríomháit chónaithe a aistriú agus lena lánpháirtiú in áit chónaithe nua ar feadh tréimhse mhaith fhada a ghlacadh ag an seirbhíseach sin agus ag daoine atá muinteartha dó toisc gur leis an seirbhíseach an t‑áras a athlonnaíonn sé ann.

54      Ba cheart a thabhairt faoi deara nach sainmhínítear na muirir a íoctar leis an liúntas athlonnaithe dá bhforáiltear sa dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 13 de na forálacha riaracháin iontu féin, lena simplítear, faoi mar atá an scéal, cúram na n‑údaráis riaracháin ós rud é go n-eisítear an gá dóibh an caiteachas arna thabhú i ndáiríre ag an seirbhíseach a dhearbhú (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 9 Samhain 1978, Verhaaf v an Coimisiún, 140/77, EU:C:1978:197, mír 17).

55      Mar sin, tá sé d’aidhm ag an liúntas seo ar ráta comhréidh caiteachas a íoc nach féidir a sheachaint ach atá deacair a mheas agus a bheadh róchostasach agus róchiotach a shocrú do na húdaráis riaracháin (féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Slynn in Evens v an Chúirt Iniúchóirí, 79/82, EU:C:1982:389, lch. 4045).

56      Is fíor gur féidir caiteachais athlonnaithe áirithe a laghdú ó tharla, go háirithe, nach bhfuil costas an chíosa ar an áras nua le híoc toisc go n‑athlonnaíonn an seirbhíseach, ar fhágáil na seirbhíse, go dtí áitreabh ar leis nó léi é nó go dtí áitreabh ar leis nó léi é go páirteach.

57      Murab ionann agus an méid atá á áitiú ag BEI, áfach, níl sé le tuiscint ó imthosca den sórt sin go nglactar go ginearálta leis nach dtabhóidh an seirbhíseach lena mbaineann costais ar bith toisc go ndearna sé é féin a lánpháirtiú i dtimpeallacht atá difriúil ón áit dheireanach inar fostaíodh é nó í.

58      Ní fhéadfar a chur as an áireamh go bhféadfadh, mar shampla, obair dheisiúcháin nó feistithe arb ionann í, i gcás ina n‑athlonnaítear tar éis an tseirbhís a fhágáil, agus muirir arb é is aidhm don liúntas athlonnaithe iad a íoc, a bheith a ghabháil le rogha duine a ghnátháit chónaithe nó a gnátháit chónaithe a aistriú go dtí áit chónaithe thánaisteach.

59      I ndáil leis sin, ní hionann cás an oifigigh nó an ghníomhaire a athlonnaíonn go dtí áras ar leis nó léi é agus cás an oifigigh nó an ghníomhaire a bhunaíonn a áit chónaithe nua nó a háit chónaithe nua ina bhaile féin nó ina baile féin.

60      Sa chás deireanach sin, glactar leis nach dtabhaíonn an t‑oifigeach nó an gníomhaire lena mbaineann caiteachais athlonnaithe ar an tuiscint loighciúil gur dian an caidreamh, i bprionsabal, atá idir duine agus daoine atá muinteartha dó nó di agus go bhfillfeadh an duine sin chomh minic agus is féidir ar an áit ina bhfuil cónaí ar a theaghlach nó ar a teaghlach mar sin.

61      I bhfianaise gur dian an caidreamh sin, ní fhéadfar a mheas go réasúnta, le linn don seirbhíseach an tseirbhís a fhágáil agus a áit chónaithe nó a háit chónaithe a aistriú go dtí a bhaile féin nó a baile féin, go bhfuil ar an seirbhíseach sin dul i dtáithí ar thimpeallacht nua.

62      Is léir ó na breithnithe go léir roimhe seo, trí liúntas athlonnaithe a dhiúltiú don iarratasóir ar an bhforas gur leis an t‑áitreabh ar athlonnaigh sé ann, bhraith BEI ar fhoras nach bhforáiltear dó leis an dara fleasc den chéad mhír d’Airteagal 13 de na forálacha riaracháin agus sháraigh sé an fhoráil sin dá dheasca sin.

63      Mar sin, ní mór an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, gan aon ghá le forais an iarratais eile a scrúdú.

 An t-éileamh go ndéanfar a ordú do BEI an liúntas athlonnaithe a íoc

64      Ina thríú cuntar éilimh, maíonn an t‑iarratasóir go ndéanfar a ordú do BEI an liúntas athlonnaithe le cois ús mainneachtana arna ríomh de réir ráta BCE móide 2 phointe a íoc, go dtí go n‑íocfar an liúntas sin ina iomláine.

65      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt chun cuimhne, de réir an chásdlí, nach bhféadfaidh breithiúnacht an Aontais, gan dul i bhfeidhm ar shainchearta an údaráis riaracháin, a ordú d’institiúid nó do chomhlacht an Aontais na bearta speisialta a ghlacadh, lena gcuirfí breithiúnas neamhnithe cinnidh chun feidhme (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2014, Strack v an Coimisiún, C‑127/13 P, EU:C:2014:2250, mír 145 agus an cásdlí a luaitear).

66      Mar sin féin, i ndíospóidí de chineál airgeadais, cuirtear de chúram ar bhreithiúnacht an Aontais leis an dlínse gan teorainn á deonú uirthi in Airteagal 91(1) de na Rialacháin Foirne na díospóidí a cuireadh faoina bráid a réiteach go hiomlán, is é sin le rá, breith a thabhairt ar chearta agus ar oibleagáidí uile an tseirbhísigh, seachas an cás a tharchur ar ais chuig an institiúid lena mbaineann, agus faoina maoirseacht, cuid áirithe den bhreithiúnas a chur chun feidhme faoi na coinníollacha beachta a shocraítear leis (breithiúnas an 18 Nollaig 2007, Weißenfels v an Pharlaimint, C‑135/06 P, EU:C:2007:812, mír 67).

67      Mar sin, ní hiad na caingne maidir le dliteanas a dhíríonn na seirbhísigh i gcoinne institiúide amháin, ach freisin na caingne go léir lena n‑iarrtar ar shuim a íoc ag institiúid do sheirbhíseach a mheasann sé atá dlite dó de bhua na Rialachán Foirne nó de bhua gnímh eile lena rialaítear a gcaidreamh fostaíochta, atá ina “ndíospóidí de chineál airgeadais” de réir bhrí Airteagal 91(1) de na Rialacháin Foirne (breithiúnas an 18 Nollaig 2007, Weißenfels v an Pharlaimint, C‑135/06 P, EU:C:2007:812, mír 65).

68      Is faoi bhreithiúnacht an Aontais, i gcás inarb iomchuí, a ordú d’insitiúid suim atá dlite don iarratasóir de bhua na Rialachán Foirne nó de bhua gnímh dlí eile a dhéanann institiúide (breithiúnais an 18 Nollaig 2007, Weißenfels v an Pharlaimint, C‑135/06 P, EU:C:2007:812, mír 68, agus an 10 Meán Fómhair 2015, Athbhreithniú Missir Mamachi di Lusignano v an Coimisiún, C‑417/14 RX-II, EU:C:2015:588, mír 40).

69      Ina theannta sin, de réir an chásdlí, ba cheart an riail atá sa dara habairt d’Airteagal 91(1) de na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm maidir le díospóidí idir BEI agus a sheirbhísigh (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2001, BEI v Hautem, C‑449/99 P, EU:C:2001:502, mír 95).

70      Sa chás seo, is de chineál airgeadais de réir bhrí Airteagal 91(1) de na Rialacháin Foirne í iarraidh an iarratasóra go n-íocfaidh BEI an suim liúntas athlonnaithe dó agus gur suim móide an t-ús mainneachtana í.

71      Ina theannta sin, níor chruthaigh BEI nó níor líomhnaigh sé fiú nár chomhlíon an t‑iarratasóir na coinníollacha dá bhforáiltear le hAirteagal 13 de na forálacha riaracháin maidir leis an liúntas athlonnaithe a dheonú.

72      Mar sin, ag féachaint don chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, ní mór iarraidh an iarratasóra a cheadú agus a ordú do BEI an liúntas athlonnaithe atá dlite dó ón dáta a fuarthas an iarraidh, eadhon, 4 Meán Fómhair 2019, a íoc leis agus an t‑ús mainneachtana ar íocaíocht an liúntais sin go dtí go bhfuil an liúntas ar fad íoctha, ar ús mainneachtana é a shocraítear ag an ráta úis arna chur i bhfeidhm ag BCE i ndáil lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe agus atá i bhfeidhm ón gcéad lá den mhí a bhfuil an íocaíocht dlite, le méadú dhá phointe air.

 Costais

73      Faoi Airteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ordófar don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis. Ós rud é nár éirigh le BEI, ní mór a ordú dó na costais a íoc i gcomhréir leis an ordú atá á lorg ag an iarratasóir.

Ar na forais sin,

dearbhaíonn agus rialaíonn AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Seachtú Dlísheomra, Comhdhéanamh Leathnaithe):


1.      Cuirtear Cinneadh ón mBanc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) an 9 Eanáir 2020 lena ndiúltaítear do LR faoin liúntas athlonnaithe a chur ar neamhní.

2.      Ordaítear do BEI an liúntas dá dtagraítear i mír 1 den chuid oibríochtúil, le méadú an úis mhainneachtana air, ón 4 Meán Fómhair 2019 go dtí an dáta íocaíochta iarbhír, a íoc ag an ráta arna shocrú ag an mBanc Ceannais Eorpaigh (BCE) i gcomhair na bpríomhoibríochtaí athmhaoinithe agus ag a bhfuil feidhm aige maidir leis an tréimhse lena mbaineann, móide 2 phointe.

3.      Ordaítear do BEI na costais a íoc.

Van der Woude

Papasavvas

da Silva Passos

Valančius

 

      Sampol Pucurull

Arna léamh amach i gcúirt oscailte i Lucsamburg an 7 Meán Fómhair 2022.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Spáinnis.