Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 5 Meitheamh 2023 – KCB, MB v BNP Paribas Bank Polska S.A.

(Cás C-348/23, BNP Paribas Bank Polska)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: KCB, MB

Cosantóir: BNP Paribas Bank Polska S.A.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra 1 agus prionsabail na héifeachtachta agus an chomhionannais a léiriú mar chosc ar léiriú breithiúnach ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir:

1.    ní fhéadfaidh an tomhaltóir leanúint go bailí d’éilimh i gcoinne trádálaí a eascraíonn as téarmaí éagóracha a áireamh i gcomhaontú go dtí go mbeidh sé nó sí tar éis a dhearbhú nach n-aontaíonn sé nó sí leis na téarmaí éagóracha atá fós i bhfeidhm, go gcomhaontaíonn sé nó sí a gcur i bhfeidhm a eisiamh, agus go dtuigeann sé nó sí na hiarmhairtí a bhaineann leis sin agus go nglacann sé nó sí leo, lena bhféadfaí neamhbhailíocht an chomhaontaithe ina iomláine a áireamh,

2.    ní fhéadfaidh an tomhaltóir suimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú go bailí ón trádálaí ar bhonn na dtéarmaí éagóracha go dtí go mbeidh an dearbhú thuas déanta aige nó aici,

3.    nach dtiocfaidh éileamh an tomhaltóra chun suimeanna a íocadh go míchuí a ghnóthú ar bhonn na dtéarmaí éagóracha chun bheith iníoctha go dtí go mbeidh an dearbhú thuas déanta aige nó aici,

4.    ní cheanglaítear ar an trádálaí ús reachtúil an tomhaltóra a íoc as comhlíonadh déanach go dtí go mbeidh an dearbhú thuas ón tomhaltóir ar eolas aige?

____________

1 IO 1993 L 95, lch. 29.