Language of document : ECLI:EU:C:2024:520

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

18 Meitheamh 2024 (*)

(Achomharc – Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – an tAontas Baincéireachta – Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 – an Sásra Réitigh Aonair – Nós imeachta réitigh is infheidhme i gcás ina bhfuil ag cliseadh ar eintiteas nó gur dócha go gclisfidh air – Airteagal 18(7) – Scéim réitigh a bheith glactha ag an mBord Réitigh Aonair – Formheas na scéime seo ag an gCoimisiún Eorpach – Airteagal 86(2) – Beart ar féidir imeachtaí a thionscnamh ina choinne – Caingean le haghaidh neamhniú – Inghlacthacht)

I gCás C‑551/22 P,

ACHOMHARC de bhun Airteagal 56 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, arna thabhairt an 17 Lúnasa 2022,

an Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag L. Flynn, P. Němečková, A. Nijenhuis, A. Steiblytė agus D. Triantafyllou, i gcáil Gníomhairí,

iarratasóir,

na páirtithe eile sna himeachtaí:

Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno, a bunaíodh i Maidrid (an Spáinn)

Stiftung für Forschung und Lehre (SFL), a bunaíodh in Zurich (an Eilvéis), arna ionadú ag R. Pelayo Jiménez agus R. Pelayo Torrent, abogados,

iarratasóirí ag an gcéad chéim,

an Bord Réitigh Aonair (BRA), arna ionadú ag H. Ehlers, S. Fernández Rupérez, A. R. Lapresta Bienz agus J. M. Rius Riu, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó F. B. Fernández de Trocóniz Robles, abogado agus B. Meyring agus S. Schelo, Rechtsanwälte,

cosantóir ag an gcéad chéim,

Ríocht na Spáinne,

Parlaimint na hEorpa, arna hionadú ag J. Etienne, P. López-Carceller, M. Menegatti, L. Stefani agus L. Visaggio, i gcáil Gníomhairí,

Comhairle an Aontais Eorpaigh, arna hionadú ag J. Bauerschmidt, J. Haunold, H. Marcos Fraile agus A. Westerhof Löfflerová, i gcáil Gníomhairí,

Banco Santander, SA, a bunaíodh in Santander (an Spáinn), arna ionadú ag J. Remón Peñalver, J. M. Rodríguez Cárcamo, A. M. Rodríguez Conde agus D. Sarmiento Ramírez-Escudero, abogados,

idiragraithe ag an gcéad chéim,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, T. von Danwitz (Rapóirtéir), F. Biltgen agus N. Piçarra, Uachtaráin Dlísheomra, S. Rodin, P. G. Xuereb, L. S. Rossi, N. Jääskinen, N. Wahl, I. Ziemele agus D. Gratsias, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,

Cláraitheoir: L. Carrasco Marco, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i dtaca le héisteacht an 13 Meitheamh 2023,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 9 Samhain 2023,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Trína achomharc, tá an Coimisiún ag iarraidh go gcuirfí breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 1 Meitheamh 2022, Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus SFL v BRA (T‑481/17, EU; ‘an breithiúnas faoi achomharc’, EU:T:2022:311) ar ceal, lenar dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don iarratas ar neamhniú a rinne Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno (‘an Fhondúireacht’) agus Stiftung für Forschung und Lehre (SFL) i gcoinne Chinneadh SRB/EES/2017/08 ó Sheisiún Feidhmiúcháin an Bhoird Réitigh Aonair (BRA), an 7 Meitheamh 2017 maidir le scéim réitigh a ghlacadh i leith Banco Popular Español SA (‘an scéim réitigh atá faoi cheist’).

 An dlí lena mbaineann

 Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013

2        Foráiltear le hAirteagal 6(4) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 ina dtugtar cúraimí sainiúla don Bhanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287, lch. 63):

‘4.      Maidir leis na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 4, cé is moite de phointí (a) agus (c) de mhír 1, beidh na cumhachtaí a leagtar síos i míreanna 5 agus 6 faoi seach den Airteagal seo ag [an mBanc Ceannais Eorpach (BCE)] agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta chun maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais, cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais measctha nó brainsí, atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha, d’institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit neamh-rannpháirteacha:

–        na brainsí sin nach bhfuil chomh suntasach céanna ar bhonn comhdhlúite, ar an leibhéal comhdhlúthaithe is airde laistigh de na Ballstáit rannpháirteacha, nó go haonarach i gcás sonrach brainsí, atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha, d’institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit neamh-rannpháirteacha. Déanfar an tábhacht a mheasúnú bunaithe ar na critéir seo a leanas:

(i)      an méid;

(ii)      tábhacht do gheilleagar an Aontais [Eorpaigh] nó d’aon Bhallstát rannpháirteach;

(iii)      tábhacht ghníomhaíochtaí trasteorann na hinstitiúide.

Maidir leis an gcéad fhomhír thuas, ní mheasfar gur lú tábhacht atá le hinstitiúid creidmheasa ná le cuideachta sealbhaíochta airgeadais ná le cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha, ach amháin i gcás ina mbeidh bonn cirt leis de bharr imthosca ar leith a shonrófar sa mhodheolaíocht, má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(i)      gur mó ná EUR 30 billiún luach iomlán a sócmhainní;

(ii)      gur mó ná 20 % cóimheas a sócmhainní iomlána ná [olltáirgeacht intíre (OTI)] an Bhallstáit bunaíochta rannpháirtigh, mura rud é go mbeidh luach iomlán a sócmhainní faoi bhun EUR 5 bhilliún;

(iii)      tar éis fógra a fháil óna húdarás inniúil náisiúnta go measann sé go bhfuil ábharthacht shuntasach ag baint le hinstitiúid den sórt sin maidir leis an ngeilleagar intíre, déanann BCE cinneadh lena ndeimhnítear an tábhacht sin tar éis do BCE measúnú cuimsitheach a dhéanamh, lena n‑áirítear measúnú ar chlár comhardaithe na hinstitiúide creidmheasa sin.

Féadfaidh BCE, ar a thionscnamh féin, a mheas go bhfuil ábharthacht shuntasach ag institiúid i gcás ina bhfuil fochuideachtaí baincéireachta bunaithe aici i níos mó ná Ballstát rannpháirteach amháin agus gur cuid shuntasach dá sócmhainní nó dá dliteanais iomlána iad a sócmhainní nó a dliteanais trasteorann, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa mhodheolaíocht.

[...]

5.      Maidir leis na hinstitiúidí creidmheasa dá dtagraítear i mír 4, agus laistigh den chreat a shainítear i mír 7:

[...]

b)      i gcás inar gá sin chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach ardchaighdeán maoirseachta a áirithiú, féadfaidh BCE, tráth ar bith, ar a thionscnamh féin tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta, nó arna iarraidh sin d’údarás inniúil náisiúnta, a chinneadh na cumhachtaí ábhartha uile a fheidhmiú go díreach é féin i ndáil le hinstitiúid creidmheasa amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 4 [...]

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Rialachán SRA

3        Foráiltear in aithrisí 24, 26, 62, 90 agus 120 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1, ‘Rialachán SRA’), mar seo a leanas:

‘(24)      Ós rud é nach bhféadfaidh ach institiúidí an Aontais comhbheartas réitigh an Aontais a bhunú agus ós rud é go bhfanann lamháil discréide i nglacadh gach scéime réitigh ar leith, tá sé riachtanach foráil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht leordhóthanach [Chomhairle an Aontais Eorpaigh] agus an Choimisiúin, mar institiúidí a fhéadfaidh cumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 291 [CFAE]. Ba cheart go bhfeidhmeodh an Coimisiún meastóireacht ar ghnéithe lánroghnacha na gcinntí a thógann an Bord. Ráite an tionchar suntasach a bhíonn ag na cinntí réitigh ar chobhsaíocht airgeadais na mBallstát agus ar an Aontas, mar sin, agus ar fhlaithiúnas buiséadach na mBallstát chomh maith, tá sé tábhachtach go dtabharfar an chumhacht cur chun feidhme don Chomhairle chun cinntí áirithe a ghlacadh a bhaineann le réiteach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé faoin gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún, rialú éifeachtach a fheidhmiú ar an meastóireacht ón mBord go bhfuil leas an phobail ann agus chun measúnú a dhéanamh ar aon athrú ábhartha ar mhéid an Chiste a bheidh le húsáid i ngníomhaíocht réitigh ar leith. Thairis sin, ba cheart go gcumhachtófaí don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na critéir bhreise nó na coinníollacha breise a shonrú a bheidh le cur i gcuntas ag an mBord i bhfeidhmiú a chumhachtaí éagsúla. Níor cheart go gcuirfeadh bronnadh cúraimí réitigh den sórt sin isteach ar shlí ar bith ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí airgeadais. Dá bhrí sin, ba cheart don [Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE)] a ról a choimeád ar bun agus a chumhachtaí agus a chúraimí atá ann cheana féin a choinneáil: ba cheart go ndéanfadh sé reachtaíocht an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile a fhorbairt, agus rannchuidiú leis, agus ba cheart go ndéanfadh sé cóineasú na gcleachtas réitigh ar fud an Aontais ina iomláine a fheabhsú.

[...]

(26)       Ba cheart go mbeadh BCE, ina cháil mar mhaoirseoir laistigh [den Sásra Maoirseachta Aonair (SMA)], agus an Bord, in ann a mheas an bhfuil ag cliseadh ar institiúid chreidmheasa nó an bhfuil an dóchúlacht ann go gclisfear uirthi agus cibé an bhfuil aon ionchas réasúnach ann go ndéanfadh aon ghníomh de chineál eile san earnáil phríobháideach nó aon ghníomh maoirseachta eile cosc a chur lena cliseadh laistigh de thréimhse ama réasúnach. Ba cheart don Bhord, má mheasann sé go gcomhlíontar na critéir uile a bhaineann le réitigh a spreagadh, an scéim réitigh a ghlacadh. Neartaítear leis an nós imeachta a bhaineann le glacadh na scéime réitigh, lena mbaineann an Chomhairle agus an Coimisiún, an neamhspleáchas oibríochta atá riachtanach don Bhord agus prionsabal tharmligean na gcumhachtaí chuig gníomhaireachtaí, arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) á urramú san am céanna. Dá bhrí sin, foráiltear leis an Rialachán seo nach dtiocfaidh an scéim réitigh atá glactha ag an mBord i bhfeidhm ach amháin más rud é, nach mbeidh aon agóidí ón gComhairle nó ón gCoimisiún laistigh de thréimhse 24 huaire an chloig tar éis a glactha ag an mBord, nó má tá an scéim réitigh formheasta ag an gCoimisiún. Ba cheart na forais ar a bhféadfaidh an Chomhairle agóid a dhéanamh, ar thogra ón gCoimisiún, i gcoinne scéim réitigh an Bhoird a bheith teoranta go docht do leas an phobail a bheith ann agus do mhodhnuithe ábhartha ag an gCoimisiún ar mhéid úsáide an Chiste arna mholadh ag an mBord.

Ba cheart go measfaí athrú de 5 % nó níos mó i méid an Chiste i gcomparáid le togra bunaidh an Bhoird a bheith ábhartha. Ba cheart don Chomhairle an togra ón gCoimisiún a fhormheas nó agóid a dhéanamh ina aghaidh gan é a leasú. Mar bhreathnóir ar chruinnithe an Bhoird, ba cheart don Choimisiún ar bhonn leanúnach a sheiceáil go gcomhlíonann an scéim réitigh arna glacadh ag an mBord an Rialachán seo go hiomlán, go gcothromaíonn sí go hiomchuí na cuspóirí agus na leasanna éagsúla i gceist, go n‑urramaíonn sí leas an phobail agus go gcaomhnaítear sláine an mhargaidh inmheánaigh. Ós rud é go n‑éilíonn an ghníomhaíocht réitigh próiseas cinnteoireachta an‑tapa, ba cheart don Chomhairle agus don Choimisiún comhoibriú go dlúth le chéile agus níor cheart don Chomhairle an obair ullmhúcháin a bheidh déanta cheana féin ag an gCoimisiún a dhúbailt. Ba cheart don Bhord na húdaráis réitigh náisiúnta a threorú, agus ba cheart dóibhsean gach beart is gá a ghlacadh chun an scéim réitigh a chur chun feidhme.

[...]

(62)       Níor cheart cur isteach ar cheart maoine a bheith díréireach. Dá thoradh sin, níor cheart gur mhó na caillteanais a thabhódh scairshealbhóirí agus creidiúnaithe ná na caillteanais a thabhóidís dá ndéanfaí an t‑eintiteas a fhoirceannadh tráth déanta an chinnidh maidir le réiteach. I gcás páirtaistriú sócmhainní institiúide atá faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig droichead-institiúid, ba cheart an chuid iarmharach den institiúid atá faoi réiteach a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta. D’fhonn scairshealbhóirí agus creidiúnaithe an eintitis a chosaint le linn na n‑imeachtaí foirceanta, ba cheart go mbeidís i dteideal chun íoc as a n‑éilimh méid nach lú ná an méid a mheastar a ghnóthóidís a fháil, dá ndéanfaí an t‑eintiteas ina iomláine a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

[...]

(90) Nuair a bheidh uirlisí réitigh á gcur i bhfeidhm agus cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú, ba cheart don Bhord a threorú do na húdaráis réitigh náisiúnta a áirithiú go mbeidh ionadaithe fhostaithe an eintitis lena mbaineann ar an eolas agus, i gcás inarb iomchuí, go rachfar i gcomhairle leo, amhail dá bhforáiltear i dTreoir 2014/59/AE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190)].

[...]

(120) Tugann [an Bord Réitigh Aonair (SRA)] le chéile an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún, agus údaráis réitigh na mBallstát rannpháirteach. Tá dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcinntí arna nglacadh ag an mBord, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 263 [CFAE], mar aon lena ndliteanas neamhchonarthach a chinneadh. Ina theannta sin, tá an inniúlacht ag an gCúirt Bhreithiúnais, i gcomhréir le hAirteagal 267 [CFAE], chun réamhrialuithe a thabhairt, ar údaráis bhreithiúnacha náisiúnta dá iarraidh sin ar bhailíocht agus léiriú ar ghníomhartha institiúidí, chomhlachtaí nó ghníomhaireachtaí an Aontais. Ba cheart d’údaráis bhreithiúnacha náisiúnta a bheith inniúil, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcinntí arna nglacadh ag údaráis réitigh na mBallstát rannpháirteach i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh leis an Rialachán seo, agus chun a ndliteanas neamhchonarthach a chinneadh.’

4        Foráiltear le hAirteagal 1 de Rialachán SRA, dar teideal ‘Ábhar’:

‘Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach chun na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 a réiteach, arb eintitis iad atá bunaithe sna Ballstáit rannpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 4.

Déanfaidh an Bord Réitigh Aonair, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 42 (BRA), na rialacha aonfhoirmeacha sin agus an nós imeachta aonfhoirmeach sin a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an gComhairle agus leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis réitigh náisiúnta faoi chuimsiú an tSásra Réitigh Aonair (SRA) arna bhunú leis an Rialachán seo. Tacóidh Ciste Réitigh Aonair (“an Ciste”) le SRA.

[...]’

5        Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 2 den Rialachán sin, dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘Beidh feidhm ag an Rialachán maidir leis na heintitis seo a leanas:

(a)      institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach;

(b)      máthairghnóthais, lena n‑áirítear cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais agus cuideachtaí sealbhaíochta airgeadais mheasctha, atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach, i gcás ina mbeidh siad faoi réir maoirseachta comhdhlúite arna déanamh ag BCE i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(g) de Rialachán [Uimh. 1024/2013];

[...]’

6        Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 7 de Rialachán SRA, dar teideal ‘Deighilt na gcúraimí laistigh de SRA’, i míreanna 1 agus 2 de:

‘1.      Beidh an Bord freagrach as feidhmiú éifeachtach agus comhsheasmhach SRA.

2.      Faoi réir na bhforálacha dá bhforáiltear in Airteagal 31(1), beidh an Bord freagrach as na pleananna réitigh a tharraingt suas agus na cinntí go léir a ghlacadh a bhaineann le réiteach maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)      na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 nach cuid de ghrúpa iad, agus maidir le grúpaí:

(i)      a mheastar a bheith suntasach i gcomhréir le hAirteagal 6(4) de Rialachán (AE) [Uimh. 1024/2013]; nó

(ii)      arb i ndáil leis a bheidh cinneadh déanta ag BCE i gcomhréir le hAirteagal 6(5)(b) de Rialachán [Uimh. 1024/2013] na cumhachtaí ábhartha go léir a fheidhmiú go díreach; agus

(b)      grúpaí eile trasteorann.’

7        Foráiltear le hAirteagal 14 de Rialachán SRA, dar teideal ‘Cuspóirí réitigh’:

‘1.      Agus iad ag gníomhú faoin nós imeachta réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18, cuirfidh an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún, agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta, san áireamh, i ndáil lena bhfreagrachtaí faoi seach, na cuspóirí réitigh, agus roghnóidh siad na huirlisí réitigh agus na cumhachtaí réitigh is fearr, dar leo féin, lenar féidir na cuspóirí réitigh atá ábhartha maidir le himthosca an cháis a bhaint amach.

2.      Is iad seo a leanas na cuspóirí réitigh dá dtagraítear i mír 1:

(a)      leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú;

(b)      éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint, go háirithe trí aicídiú a sheachaint, lena n‑áirítear ar bhonneagair an mhargaidh, agus trí smacht an mhargaidh a chothabháil.

(c)      cistí poiblí a chosaint tríd an méid a bhítear ag brath ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú;

(d)      taisceoirí atá cumhdaithe faoi Threoir 2014/49/AE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO 2014 L 173, lch. 149),] agus infheisteoirí atá cumhdaithe ag Treoir 97/9/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí (IO 1997 L 84, lch. 22)] a chosaint;

(e)      chun cistí cliant agus sócmhainní cliant a chosaint.

Agus na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á saothrú acu, féachfaidh an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún agus, nuair is ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta, le costas réitigh a íoslaghdú agus scriosadh luacha a sheachaint mura gá iad chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

3.      Faoi réir fhorálacha éagsúla an Rialacháin seo, is ionann tábhacht a bheidh ag na cuspóirí réitigh agus déanfar iad a chothromú, i gcás inarb iomchuí, do nádúr agus d’imthosca gach cáis.’

8        I gcomhréir le hAirteagal 15(1) den Rialachán sin, déanfaidh BRA, an Chomhairle, an Coimisiún agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis réitigh náisiúnta ‘na bearta ar fad is iomchuí’ chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht réitigh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos san fhoráil sin, agus iad ag gníomhú faoin nós imeachta réitigh a leagtar síos in Airteagal 18 den Rialachán sin.

9        Foráiltear le hAirteagal 18 de Rialachán SRA, dar teideal ‘Nós imeachta réitigh’:

‘1.      Déanfaidh an Bord scéim réitigh a ghlacadh de bhun mhír 6 i ndáil leis na heintitis agus leis na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus leis na hinstitiúidí agus leis na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4)(b) agus (5) i gcás ina mbeidh na coinníollacha do chur i bhfeidhm na míreanna sin comhlíonta, ach amháin nuair a dhéanfaidh sé measúnú orthu, ina sheisiún feidhmiúcháin, tar éis dó teachtaireacht a fháil de bhun an ceathrú fomhír nó ar a thionscnamh féin, go mbeidh na coinníollacha seo a leanas comhlíonta:

(a)      tá ag cliseadh ar an eintiteas nó is dócha go gclisfidh air;

(b)      ag féachaint d’uainiú agus d’imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bhearta malartacha ón earnáil phríobháideach lena n‑áirítear bearta ó IPS nó aon ghníomhaíocht maoirseachta, lena n‑áirítear bearta luath-idirghabhála nó díluachála nó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 21, a dhéanfaí i ndáil leis an eintiteas, cosc ar chliseadh an eintitis laistigh de thréimhse réasúnach ama;

(c)      is gá beart réitigh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail de bhun mhír 5.

Is é BCE, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, a dhéanfaidh measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír. Féadfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin dó, measúnú den sórt sin a dhéanamh ach ní fhéadfaidh sé déanamh amhlaidh ach amháin tar éis dó a rún intinne a chur in iúl roimh ré do BCE agus sa chás amháin nach mbeidh measúnú den sórt sin déanta ag BCE laistigh de thrí lá féilire ón bhfaisnéis sin a fháil. Aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh an Bord ar BCE d’fhonn eolas a th[ab]hairt le haghaidh a mheasúnaithe, tabharfaidh BCE dó í gan mhoill.

I gcás ina measúnóidh BCE go bhfuil an coinníoll dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír comhlíonta i ndáil le heintiteas nó le grúpa dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh sé an measúnú sin in iúl don Choimisiún agus don Bhord gan mhoill.

Is é an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin dó, a dhéanfaidh an measúnú faoin gcoinníoll dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír, nó, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis réitigh náisiúnta, i ndlúthchomhar le BCE. Féadfaidh BCE an Bord nó na húdaráis réitigh náisiúnta lena mbaineann a chur ar an eolas go measann sé go bhfuil an coinníoll a leagtar síos sa phointe sin comhlíonta.

2.      Gan dochar do chásanna inar chinn BCE cúraimí maoirseachta a fheidhmiú go díreach a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 6(5)(b) de Rialachán (AE) [Uimh. 1024/2013] ag BCE, i gcás ina bhfaightear cumarsáid de bhun mhír 1, nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an mBord measúnú a dhéanamh faoi mhír 1 ar a thionscnamh féin, i ndáil le heintiteas nó le grúpa dá dtagraítear in Airteagal 7(3), déanfaidh an Bord a mheasúnú sin a chur in iúl gan mhoill do BCE.

[...]

4.      Chun críocha phointe (a) de mhír 1, measfar go bhfuil ag cliseadh ar an eintiteas nó gur dócha go gclisfear air i gceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

[...]

5.      Chun críocha phointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo, caithfear le gníomhaíocht réitigh amhail is le leas an phobail sin a dhéanamh más gá é le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh mar dá dtagraítear in Airteagal 14 a bhaint amach agus é comhréireach leo agus más rud é nach gcomhlíonfaí na cuspóirí réitigh sin go feadh an mhéid chéanna dá ndéanfaí an t‑eintiteas a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

6.      Má chomhlíontar na coinníollacha ar fad a leagtar síos i mír 1, glacfaidh an Bord scéim réitigh. Déanfar leis an scéim réitigh:

a)      [an t‑eintiteas] a chur faoi réiteach;

b)      cur i bhfeidhm na n‑uirlisí réitigh i leith na hinstitiúide faoi réiteach dá dtagraítear in Airteagal 22(2) a chinneadh, go háirithe aon eisiaimh ó chur i bhfeidhm na fortharrthála i gcomhréir le hAirteagal 27(5) agus (14);

c)      úsáid an Chiste a chinneadh chun tacaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht réitigh i gcomhréir le hAirteagal 76 agus i gcomhréir le cinneadh ón gCoimisiún a bheidh glactha i gcomhréir le hAirteagal 19.

7.      Díreach tar éis an scéim réitigh a ghlacadh, déanfaidh an Bord é a tharchur chuig an gCoimisiún.

Laistigh de 24 huaire an chloig den scéim réitigh a bheith tarchurtha ag an mBord, déanfaidh an Coimisiún an scéim réitigh a fhormhuiniú, nó agóid a dhéanamh ina haghaidh maidir le gnéithe lánroghnacha na scéime réitigh sna cásanna nach gcumhdaítear sa tríú fomhír den mhír seo.

Laistigh de 12 uair an chloig den scéime réitigh a tharchur chuig an mBord, féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a mholadh don Chomhairle:

a)      agóid a dhéanamh in aghaidh na scéime réitigh ar an bhforas nach bhfuil an critéar i leith leas an phobail dá dtagraítear i mír 1(c) á chomhlíonadh ag an mBord;

b)      modhnú ábhartha maidir le méid an Chiste dá bhforáiltear i scéim réitigh an Bhoird a fhormheas nó agóid a dhéanamh ina aghaidh.

Chun críocha an tríú fomhír, is trí thromlach simplí a ghníomhóidh an Chomhairle.

Ní fhéadfaidh an scéim réitigh teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid sainráite ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún laistigh de thréimhse 24 huaire tar éis don Bhord í a tharchur.

Déanfaidh an Chomhairle nó an Coimisiún, de réir mar a bheidh, cúiseanna a sholáthar chun a gcumhacht agóide a fheidhmiú.

Más rud é, laistigh de 24 huaire an chloig ón scéim réitigh a tharchur chuig an mBord, go mbeidh an togra ón gCoimisiún maidir le modhnú a dhéanamh ar an scéim réitigh formheasta ag an gComhairle ar an bhforas dá dtagraítear i bpointe (b) den tríú fomhír nó go mbeidh agóid déanta ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an dara fomhír, déanfaidh an Bord, laistigh d’ocht n‑uaire an chloig, scéim réitigh a mhodhnú i gcomhréir leis na cúiseanna a bheidh sainráite.

Nuair a fhorálfar i scéim réitigh arna glacadh ag an mBord chun dliteanais áirithe sna himthosca eisceachtúla dá dtagraítear in Airteagal 27(5), agus i gcás ina n‑éileofar ranníocaíocht ón gCiste nó ó fhoinse mhaoiniúcháin mhalartach leis an eisiamh sin chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, féadfaidh an Coimisiún leasuithe ar an eisiamh molta a thoirmeasc nó a éileamh, agus cúiseanna leormhaithe á leagan amach aige bunaithe ar shárú na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 27 agus sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 44(11) de Threoir [2014/59].

8.      I gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle agóid in aghaidh institiúid a chur faoi réiteach ar an bhforas nach mbeidh an critéar i leith leas an phobail dá dtagraítear i mír 1(c) comhlíonta, déanfar an t‑eintiteas ábhartha a fhoirceannadh go hordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

9.      Áiritheoidh an Bord go ndéanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta an ghníomhaíocht réitigh is gá chun an scéim réitigh a chur i gcrích. Díreofar an scéim réitigh chuig na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha agus tabharfar treoir inti do na húdaráis sin, a dhéanfaidh na bearta ar fad is gá chun cinneadh an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29, trí chumhachtaí réitigh a fheidhmiú. I gcás Státchabhair nó cabhair ón gCiste a bheith i gceist, gníomhóidh an Bord i gcomhréir le cinneadh maidir leis an gcabhair sin a bheidh glactha ag an gCoimisiún.

10.      Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún aon fhaisnéis a mheasann sé a bheith ábhartha chun a chúraimí a fheidhmiú faoin Rialachán seo a fháil ón mBord. Beidh sé de chumhacht ag an mBord, i gcomhréir le Caibidil 5 den Teideal seo, aon fhaisnéis is gá le gur féidir leis gníomhaíocht réitigh a ullmhú agus cinneadh a dhéanamh faoi, lena n‑áirítear faisnéis atá cothrom le dáta agus faisnéis fhorlíontach a thugtar sna pleananna réitigh, a fháil ó aon duine.’

10      Foráiltear le hAirteagal 22(2) agus (4) de Rialachán SRA, dar teideal ‘Na prionsabail ghinearálta maidir le huirlisí réitigh’:

‘2.      Is iad seo a leanas na huirlisí réitigh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 18(6):

(a)      an uirlis díolacháin gnó;

(b)      an uirlis droichead-institiúide;

(c)      an uirlis deighilte sócmhainní;

(d)      an uirlis fortharrthála.

[...]

4.      Déanfar na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ionas go gcomhlíonfar na cuspóirí réitigh a shonraítear in Airteagal 14, i gcomhréir leis na prionsabail réitigh a shonraítear in Airteagal 15. Féadfar iad a chur i bhfeidhm ina n‑aonar nó i gcomhcheangal ar bith, ach amháin i gcás na huirlise deighilte sócmhainní nach bhféadfar a chur i bhfeidhm ach amháin i dteannta uirlise réitigh eile.

[...]’

11      Foráiltear le hAirteagal 23 den Rialachán sin, dar teideal ‘Scéim réitigh’, mar seo a leanas:

‘I gcomhréir le haon chinneadh maidir le Státchabhair nó maidir le cabhair ón gCiste, leagfar síos sa scéim réitigh arna glacadh ag an mBord faoi Airteagal 18(8), mionsonraí na n‑uirlisí réitigh atá le cur i bhfeidhm maidir leis an institiúid faoi réiteach [...] agus cinnfear sa scéim sin na méideanna agus na cuspóirí sonracha ar ina leith a úsáidfear an Ciste.

[...]

Nuair a bheidh scéim réitigh á glacadh acu, déanfaidh an Bord, an Chomhairle agus an Coimisiún an plean réitigh amhail dá dtagraítear in Airteagal 8 a chur san áireamh agus a leanúint, mura rud é gurb é measúnú an Bhoird, agus imthosca an cháis á chur san áireamh aige, go mbainfear na cuspóirí réitigh amach ar bhealach níos éifeachtaí trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh nach bhforáiltear dóibh sa phlean réitigh.

Le linn an phróisis réitigh, féadfaidh an Bord an scéim réitigh a leasú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí i bhfianaise imthosca an cháis. I gcás leasuithe agus tabhairt cothrom le dáta, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18.

[...]’

12      Sonraítear in Airteagal 30 den Rialachán sin, dar teideal ‘Oibleagáid an chomhair agus malartú faisnéise laistigh de SRA’, i míreanna 1 agus 2:

‘1.      Cuirfidh an Bord an Coimisiún ar an eolas maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfaidh sé chun ullmhú i gcomhair réitigh. Maidir le haon fhaisnéis a gheobhaidh an Bord, beidh comhaltaí na Comhairle, an Coimisiún chomh maith le foireann na Comhairle agus an Choimisiúin faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 88.

2.      Agus a bhfreagrachtaí faoi seach faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu, oibreoidh an Bord, an Chomhairle, an Coimisiún, BCE agus na húdaráis réitigh náisiúnta agus na húdaráis inniúla náisiúnta i ndlúthchomhar le chéile, go háirithe le linn chéimeanna na pleanála réitigh, na luath-idirghabhála agus an réitigh de bhun Airteagal 8 go hAirteagal 29. Soláthróidh siad dá chéile an fhaisnéis uile is gá chun a gcuid cúraimí a fheidhmiú.’

13      Seo a leanas foclaíocht Airteagal 43(3) de Rialachán SRA:

‘Ainmneoidh an Coimisiún agus BCE araon ionadaí a bheidh i dteideal páirt a ghlacadh i gcruinnithe na seisiún feidhmiúcháin agus i seisiúin iomlánacha mar bhreathnadóir buan.

Beidh ionadaithe ón gCoimisiún agus ó BCE i dteideal páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí agus rochtain a fháil ar na doiciméid uile.’

14      Faoi Airteagal 86 den Rialachán sin, dar teideal ‘Caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais’:

‘1.      Féadfar imeachtaí a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 263 [de Chonradh FAE] chun cur in aghaidh cinnidh arna dhéanamh ag an bPainéal Achomhairc nó, nuair nach bhfuil aon cheart achomhairc ann os comhair an Coiste Achomhairc, ag an mBord.

2.      Féadfaidh Ballstáit agus institiúidí an Aontais, mar aon le duine nádúrtha nó dlítheanach, imeachtaí a thionscnamh os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcoinne cinntí ón mBord, i gcomhréir le hAirteagal 263 [de Chonradh FAE].

3.      I gcás ina mbeidh oibleagáid ar an mBord gníomhú agus ina mainneoidh sé cinneadh a dhéanamh, féadfar imeachtaí mar gheall ar mhainneachtain gníomhú a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 265 [de Chonradh FAE].

4.      Déanfaidh an Bord na bearta is gá chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh.’

 Cúlra na díospóide

15      Tá cúlra na díospóide leagtha amach i míreanna 24 go 80 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Chun críocha an achomhairc seo, is féidir achoimre a dhéanamh orthu mar seo a leanas.

16      Institiúid creidmheasa ab ea Banco Popular Español SA (‘Banco Popular’) a bhí faoi réir maoirseacht stuamachta dhíreach ag BCE.

17      Le linn sheisiúin feidhmiúcháin an 7 Meitheamh 2017, lena chinneadh SRB/EES/2017/08, ghlac BRA, ar bhonn Rialachán SRA, an scéim réitigh atá i gceist i leith Banco Popular.

18      Faoi Airteagal 1 den scéim réitigh sin, chinn BRA go gcuirfí Banco Popular faoi réiteach ó dháta an réitigh, ar an bhforas gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1) den Rialachán sin.

19      Mar is léir ó Airteagail 2 go 4 den scéim réitigh sin, mheas BRA, ar an gcéad dul síos, go raibh ag cliseadh ar Banco Popular nó gur dócha go gclisfidh air, ina dhiaidh sin, nach raibh aon bhearta eile ann a d’fhéadfadh cosc a chur ar an mbanc sin teip laistigh de thréimhse ama réasúnta agus, ar deireadh, go raibh gá le gníomhaíocht réitigh i bhfoirm uirlis díolacháin gnó de chuid an bhainc sin chun leanúnachas a fheidhmeanna criticiúla a áirithiú agus chun éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint.

20      Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 5(1) den scéim réitigh atá i gceist:

‘Is éard a bheidh san uirlis réitigh a chuirfear i bhfeidhm maidir le Banco Popular ná díol gnó de bhun Airteagal 24 de Rialachán [SRA] trí na scaireanna a aistriú chuig ceannaitheoir. Déanfar ionstraimí caipitil a dhíluacháil agus a chomhshó díreach sula gcuirfear an uirlis díolacháin gnó i bhfeidhm.’

21      Sonraítear le hAirteagal 6 den scéim réitigh sin na socruithe maidir leis an díluacháil sin agus le díol gnó.

22      Ina theannta sin, luaitear in Airteagal 12(1) den scéim réitigh sin ‘go dtiocfaidh sí i bhfeidhm’ an 7 Meitheamh 2017 ag 6.30 a.m.

23      An 7 Meitheamh 2017 ar 5.13 a.m., cuireadh an scéim réitigh atá i gceist faoi bhráid an Choimisiúin lena formheas.

24      An lá céanna ar 6.30 a.m., ghlac an institiúid sin Cinneadh (AE) 2017/1246 lenar formhuiníodh an scéim réitigh do Banco Popular Español SA (IO 2017 L 178, lch. 15) agus thug sí fógra do BRA faoi. Luaitear an méid seo a leanas in aithris 4 den chinneadh sin, arna cheartú an 6 Nollaig 2017 (IO 2017 L 320, lch. 31):

‘Aontaíonn an Coimisiún leis an scéim réitigh. Go háirithe, aontaíonn sé leis na cúiseanna a chuir BRA ar fáil maidir leis an bhfáth a bhfuil gá le réiteach ar mhaithe le leas an phobail i gcomhréir le hAirteagal 18(5) de Rialachán [SRA].’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

25      An 7 Meitheamh 2017 freisin, ghlac Fondo de Reestructuración Ordenada Bancaria (FROB) (Ciste le haghaidh Athstruchtúrú Ordúil Bainc, an Spáinn) na bearta ba ghá chun an scéim réitigh atá i gceist a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán SRA.

 An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta agus an breithiúnas faoi achomharc

26      Le hiarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 2 Lúnasa 2017, thionscain an Fundación  agus SFL, scairshealbhóirí Banco Popular ag an am, caingean chun an scéim réitigh atá i gceist a chur ar neamhní.

27      Le cinntí an 1 Lúnasa 2018 agus an 12 Aibreán 2019 faoi seach, tugadh cead idiragartha do Ríocht na Spáinne, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún, ar thaobh amháin, agus do Banco Santander SA, ar an taobh eile, chun tacú leis an ordú atá á lorg ag BRA.

28      Cé nár mhaígh BRA ach gur cheart an chaingean a dhíbhe maidir lena substaint gan agóid a dhéanamh maidir lena hinghlacthacht, d’ardaigh an Coimisiún do-ghlacthacht na caingne ina ráiteas idiragartha. D’áitigh sé nach raibh sa scéim réitigh atá i gceist ach gníomh idirmheánach, nach raibh éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha aige, ós rud é, le Cinneadh 2017/1246, gur fhormheas sé an scéim réitigh sin, gur ghlac sé í agus go raibh éifeachtaí den sórt sin aici dá bharr.

29      D’áitigh an Pharlaimint agus an Chomhairle freisin, ina ráitis idiragartha, nach raibh éifeachtaí dlíthiúla ag an scéim réitigh atá i gceist inti féin i leith tríú páirtithe de réir bhrí Airteagal 263 CFAE.

30      I gcomhthéacs an scrúdaithe a bhaineann le hinghlacthacht na caingne, mheabhraigh an Chúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, i mír 112 den bhreithiúnas faoi achomharc, go ndealraíonn sé go n‑admhaítear i gcásdlí socair nach bhfuil an cumas ag páirtí idiragartha pléadáil do-ghlacthachta a ardú go neamhspleách agus nach gceanglaítear uirthi, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh ar na forais do-ghlacthachta arna n‑agairt go heisiach ag an bpáirtí sin. Mar sin féin, i mír 113 den bhreithiúnas sin, mheas sí, i gcás pléadáil do-ghlacthachta a bhí bunaithe ar bheartas poiblí, gur ghá scrúdú ex officio a dhéanamh ar inghlacthacht na caingne.

31      Ina dhiaidh sin, mheas an Chúirt Ghinearálta an bhféadfaí an scéim réitigh atá i gceist a mheas mar ghníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne de réir bhrí Airteagal 263 CFAE. I ndáil leis sin, mheabhraigh sí, i míreanna 114 agus 115 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur gá, de réir cásdlí socair, aon fhorálacha arna nglacadh ag na hinstitiúidí, is cuma cén fhoirm ina bhfuil siad, a mheas amhlaidh agus, chun a chinneadh an bhfuil éifeachtaí den sórt sin ag gníomh, substaint an ghnímh sin a scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí sin i bhfianaise critéir oibiachtúla, amhail inneachar an ghnímh sin, agus aird á tabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar an gcomhthéacs inar glacadh é agus ar chumhachtaí na hinstitiúide a ghlac é.

32      I ndáil leis sin, i míreanna 116 go 123 den bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt Ghinearálta mar a leanas:

‘116 […] ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfeidhmíonn BRA na cumhachtaí a thugtar dó le [Rialachán SRA], go háirithe an chumhacht dá bhforáiltear in Airteagal 16(1) den Rialachán sin, chun “cinneadh [a dhéanamh] faoi ghníomhaíocht réitigh i ndáil le hinstitiúid airgeadais atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1)”. Ar an gcaoi sin, thug reachtas an Aontais cumhacht chinnteoireachta go sainráite do BRA.

117      Is gníomh é cinneadh BRA maidir le gníomhaíocht réitigh a d’fhéadfadh teacht i bhfeidhm. Luaitear in Airteagal 12 den scéim réitigh [atá faoi cheist] gur tháinig sé i bhfeidhm ar 6.30 a.m. an7 Meitheamh 2017.

118      Ina theannta sin, de réir na chéad mhíre d’Airteagal 23 de [Rialachán SRA], leagfar síos sa scéim réitigh arna glacadh ag BRA de bhun Airteagal 18 den Rialachán sin mionsonraí na n‑uirlisí réitigh atá le cur i bhfeidhm maidir leis an institiúid faoi réiteach nach mór do na húdaráis réitigh náisiúnta a chur chun feidhme i gcomhréir le forálacha ábhartha Threoir 2014/59 arna trasuí sa dlí náisiúnta.

119      Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 9 den scéim réitigh [atá faoi cheist], is faoi FROB atá sé na bearta uile is gá a dhéanamh chun an cinneadh sin a fhorghníomhú agus a chur chun feidhme. Ní mór do FROB, inter alia, díol Banco Popular a chur chun feidhme i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa scéim réitigh [atá faoi cheist]. Foráiltear le hAirteagal 10 den scéim réitigh freisin nach mór do BRA faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na scéime réitigh [sin] ag FROB i gcomhréir le hAirteagal 28 de [Rialachán SRA].

120      Dá réir sin, ní mór a mheas, i bhfianaise a substainte, go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha ag an scéim réitigh [atá faoi cheist].

121      Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 86(1) de [Rialachán SRA] go bhféadfar agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh arna dhéanamh ag an bPainéal Achomhairc nó, i gcás nach bhfuil aon cheart achomhairc ann chuig an bPainéal Achomhairc, ag an mBord os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE. De réir Airteagal 86(2) de [Rialachán SRA], féadfaidh Ballstáit agus institiúidí an Aontais, mar aon le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, achomharc a thaisceadh le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne chinntí an Bhoird, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.

122      I ndáil leis sin, tá sé ráite ag an gCúirt go bhforáiltear le hAirteagal 86(2) de [Rialachán SRA] go bhféadfaidh Ballstáit agus institiúidí an Aontais Eorpaigh, chomh maith le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE, caingean a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcoinne chinntí BRA, agus tagairt á déanamh d’eisiamh aon institiúide, comhlachta, oifige nó gníomhaireachta eile de chuid an Aontais Eorpaigh (breithiúnas an 6 Bealtaine 2021, ABLV Bank agus páirtithe eile v BCE, C‑551/19 P agus C‑552/19 P, EU:C:2021:369, mír 56).

123      Chinn an Chúirt freisin nach mór an nós imeachta réitigh a mheas mar nós imeachta casta riaracháin a bhfuil baint ag roinnt údarás leis agus nach féidir ach an toradh deiridh, mar thoradh ar fheidhmiú a inniúlachta ag BRA, a bheith faoi réir an athbhreithnithe bhreithiúnaigh dá dtagraítear in Airteagal 86(2) den Rialachán sin (breithiúnas an 6 Bealtaine 2021, ABLV Bank agus páirtithe eile v BCE, C‑551/19 P agus C‑552/19 P, EU:C:2021:369, mír 66).’

33      Ar bhonn na mbreithnithe sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 124 den bhreithiúnas faoi achomharc, gur gníomh í an scéim réitigh atá i gceist a bhféadfaí caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh ina choinne.

34      Ar deireadh, mheas an Chúirt Ghinearálta nár caitheadh amhras ar an gconclúid sin leis na hargóintí a tharraing an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún anuas.

35      I ndáil leis sin, thug sí faoi deara, ar an gcéad dul síos, i mír 127 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, cé nach dtagann scéim réitigh i bhfeidhm ach amháin mar thoradh ar a formheas ag an gCoimisiún, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil sé d’éifeacht ag an bhformheas sin deireadh a chur le héifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha na scéime réitigh sin i bhfabhar éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha chinneadh an Choimisiúin amháin. I míreanna 128 go 130 den bhreithiúnas sin, agus í den tuairim gur céim riachtanach é formheas an Choimisiúin chun go dtiocfaidh an scéim réitigh i bhfeidhm agus go dtugtar feidhm dhlíthiúil léi, chinn an Chúirt Ghinearálta nach gciallaíonn comhlíonadh na bprionsabal a bhaineann le tarmligean na gcumhachtaí a leagtar síos i mbreithiúnas an 13 Meitheamh 1958, Meroni v an tArd-Údarás (9/56, ‘Meroni v an tArd-Údarás’, EU:C:1958:7), nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ach ag an gcinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Ina tuairim, is gá don Choimisiún an scéim réitigh a fhormhuiniú maidir lena gnéithe lánroghnacha chun go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aici, agus ar an gcaoi sin ‘aistriú freagrachta iarbhír’ a sheachaint de réir bhrí an chásdlí a eascraíonn as an mbreithiúnas sin. Ina theannta sin, chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl, i mír 132 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go bhfuil a inniúlacht féin ag an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar ghnéithe lánroghnacha na scéime réitigh, ach ní ar an gcumhacht na cumhachtaí a fhorchoimeádtar do BRA a fheidhmiú nó an scéim réitigh nó a héifeachtaí dlíthiúla a leasú.

36      Ar an dara dul síos, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don argóint nach bhfuil scéim réitigh ceangailteach ar an gCoimisiún agus gur gníomh ullmhúcháin é nach féidir agóid a dhéanamh ina choinne faoi Airteagal 263 CFAE. I ndáil leis sin, chinn sí, i mír 137 den bhreithiúnas faoi achomharc, nach féidir, i gcomhthéacs an nós imeachta casta riaracháin arna bhunú le Rialachán SRA, scéim réitigh a mheas mar ghníomh ullmhúcháin arb é is cuspóir dó cinneadh an Choimisiúin a ullmhú. Cé, faoi Airteagal 18(7) den Rialachán sin, go bhfuil sé d’éifeacht ag formheas na scéime réitigh ag an gCoimisiún í a thabhairt i bhfeidhm agus go bhféadfaidh an Coimisiún cur i gcoinne na scéime sin maidir lena gnéithe lánroghnacha, ní féidir leis cur i gcoinne a gnéithe teicniúla amháin ná iad a leasú.

37      Ar an tríú dul síos, i míreanna 140 go 142 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, chinn an Chúirt Ghinearálta gur léir ó Airteagal 86 de Rialachán SRA agus ó fhorálacha eile den Rialachán sin gur gníomh í scéim réitigh ar féidir caingean a thabhairt ina choinne. Tagraíonn Airteagal 86 ní hamháin do chinntí uathrialacha BRA, nach n‑éilíonn formheas an Choimisiúin, ach do chinntí uile BRA, cé is moite díobh siúd ar féidir agóid a dhéanamh ina gcoinne os comhair an Choiste Achomhairc. Dá bhrí sin, tagann scéim réitigh, de réir sainmhíniú, faoi chatagóir na gcinntí ar féidir, faoi Airteagal 86, agóid a dhéanamh ina gcoinne ar bhonn Airteagal 263 CFAE.

38      Ar an gceathrú dul síos, chinn an Chúirt Ghinearálta, i mír 147 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go mbeadh an léiriú contrártha ar neamhréir le prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na cosanta breithiúnaí éifeachtaí, a mhéid a bheadh aon duine a ndéanann cinneadh réitigh arna ghlacadh ag BRA difear dó faoi réir coinníoll maidir le hinghlacthacht a chaingne nár foráladh go sainráite dó.

39      Ar deireadh, i mír 148 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don argóint nach bhféadfaí an scéim réitigh a chur ar neamhní dá bhfanfadh cinneadh an Choimisiúin i bhfeidhm. Thug sí faoi deara i ndáil leis sin, dá gcuirfí an scéim réitigh ar neamhní, go mbainfí a cuspóir de chinneadh an Choimisiúin lena bhformhuinítear í.

40      Sna himthosca sin, agus í den tuairim, i mír 149 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, go mbíonn éifeachtaí dlíthiúla ag scéim réitigh arna glacadh ag BRA, a luaithe a fhormheasann an Coimisiún í, agus gur gníomh í a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do chaingean neamhspleách le haghaidh neamhniú, dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta, i mír 150 den bhreithiúnas sin, go raibh an chaingean le haghaidh neamhniú a tionscnaíodh sa chás seo inghlactha.

41      Maidir leis an tsubstaint, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta do na saincheisteanna dlí go léir a ardaíodh agus, dá bhrí sin, dhiúltaigh sí don chaingean toisc í a bheith gan bhunús.

 An tordú á lorg ag na páirtithe

42      Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní, a mhéid a dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta go raibh an chaingean le haghaidh neamhniú ag an gcéad chéim inghlactha;

–        a dhearbhú go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú a tugadh isteach ag an gcéad chéim i gCás T‑481/17 do-ghlactha agus, dá thoradh sin, diúltú di ina hiomláine;

–        a ordú do na hiarratasóirí ag an gcéad chéim na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún mar chuid de na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus i gcomhthéacs an achomhairc seo a íoc.

43      Iarrann SFL ar an gCúirt Bhreithiúnais an t‑achomharc a dhíbhe agus a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

44      Iarrann BRA ar an gCúirt an t‑achomharc a dhíbhe agus a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

45      Áitíonn an Pharlaimint, go bunúsach, gur cheart don Chúirt seasamh le hachomharc an Choimisiúin agus a ordú do na hiarratasóirí ag an gcéad chéim na costais a íoc.

46      Iarrann an Chomhairle ar an gCúirt, dá gcuirfeadh sí an breithiúnas atá faoi achomharc ar ceal, a dhearbhú nach gcaitheann aon rud amhras ar dhlíthiúlacht Rialachán SRA agus Threoir 2014/59.

 An tachomharc

47      Mar thaca lena achomharc, atá dírithe i gcoinne an bhreithiúnais atá faoi achomharc a mhéid a chinn an Chúirt Ghinearálta sa bhreithiúnas sin gur gníomh í an scéim réitigh atá i gceist ar féidir caingean a thionscnamh ina choinne faoi Airteagal 263 CFAE, ardaíonn an Coimisiún trí shaincheist dlí. Leis an gcéad saincheist dlí, líomhnaítear earráid dlí maidir le léiriú an cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE agus Airteagal 18(7) de Rialachán SRA. Leis an dara saincheist dlí, líomhnaítear earráid dlí maidir le léiriú an cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE agus sárú ar chearta cosanta an Choimisiúin. Leis an tríú saincheist dlí éilítear go bhfuil forais an bhreithiúnais atá faoi achomharc ag teacht salach ar a chéile.

 Inghlacthacht

48      Maíonn SFL nach bhfuil an t‑achomharc inghlactha. Cuireann sé in iúl nach féidir leis an ordú atá á lorg in iarratas ar idiragairt aon chuspóir eile a bheith aige seachas tacú leis an ordú atá á lorg ag ceann de na páirtithe agus tá sé mar thátal as sin nach féidir leis an gCoimisiún, a raibh stádas mar idiragraí aige ag an gcéad chéim, agóid maidir le do-ghlacthacht a dhéanamh go neamhspleách ag céim an achomhairc.

49      Tá an Coimisiún agus an Pharlaimint i gcoinne na hargóinte sin.

50      I ndáil leis sin, is léir ón mbreithiúnas atá faoi achomharc gur mhaígh an Coimisiún, os comhair na Cúirte Ginearálta, go raibh an chaingean ag an gcéad chéim do-ghlactha ar an bhforas nach gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne í an scéim réitigh atá i gceist. Thairis sin, agus mar a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl freisin i míreanna 112 agus 113 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, cé nach bhfuil sé d’inniúlacht ag idiragraí agóid do-ghlacthachta a dhéanamh, go neamhspleách, is iomchuí, maidir le bac iomlán ar dhul ar aghaidh, scrúdú a dhéanamh uaithi féin ar inghlacthacht na caingne (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Márta 1993, CIRFS agus páirtithe eilev an Coimisiúin, C‑313/90, EU:C:1993:111, míreanna 22 go 23). I míreanna 114 go 149 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, rinne an Chúirt Ghinearálta scrúdú den sórt sin uaithi féin ar inghlacthacht na caingne agus, ag deireadh an scrúdaithe sin, chinn sí go raibh an chaingean sin inghlactha, rud a d’fhág gur diúltaíodh go hintuigthe don phléadáil maidir le do-ghlacthacht a d’ardaigh an Coimisiún. Ní mór don Chúirt Bhreithiúnais athbhreithniú a dhéanamh ar an scrúdú sin i gcomhthéacs an achomhairc seo.

51      I ndáil leis sin, ní chiallaíonn an fíoras gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta, leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, don chaingean chéadchéime ar na tuillteanais go bhfuil an t‑achomharc seo do-ghlactha. I gcomhréir le cásdlí socair, tá achomharc arna dhéanamh i ndáil le breithiúnas de chuid na Cúirte Ginearálta inghlactha a mhéid a rinne sí, ag rialú uaithi féin nó ar phléadáil do-ghlacthachta arna déanamh ag páirtí i gcoinne caingne, an chaingean a dhíbhe toisc í a bheith do-ghlactha, ach, sa chuid eile den bhreithiúnas sin, gur dhiúltaigh sí don chaingean toisc í a bheith gan bhunús (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2009, an Coimisiún v Ente per le Ville Vesuviane agus Ente per le Ville Vesuviane v an Coimisiún, C‑445/07 P agus C‑455/07 P, EU:C:2009:529, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

52      Dá bhrí sin, ní mór diúltú do phléadáil SFL maidir le do-ghlacthacht an achomhairc.

 Substaint an cháis

 An chéad saincheist dlí

–       Argóintí na bpáirtithe

53      Lena chéad saincheist dlí, áitíonn an Coimisiún, le tacaíocht ón bParlaimint, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid ina léiriú ar an gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE agus ar Airteagal 18(7) de Rialachán SRA nuair a chinn sí, i míreanna 116 go 120, 127 agus 137 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne í an scéim réitigh atá i gceist a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha aige.

54      Ar an gcéad dul síos, tugann an Coimisiún faoi deara gurb é féin nó, de réir mar a bheidh, an Chomhairle a thugann éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha do scéim réitigh chun ‘fíoraistriú freagrachta’ a sheachaint, de réir bhrí chásdlí in Meroni v an tArd-Údarás. Trína chur in iúl, i mír 132 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach bhfuil aon chumhacht ag an gCoimisiún maidir le scéim réitigh a leasú, sháraigh an Chúirt Ghinearálta an chéad fhomhír, an dara fomhír agus an seachtú fomhír d’Airteagal 18(7) de Rialachán SRA.

55      Ina dhiaidh sin, tá an léiriú go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha ag an scéim réitigh atá i gceist beag beann ar fhormheas an Choimisiúin nó, de réir mar a bheidh, na Comhairle, contrártha leis an gcásdlí a eascraíonn as an mbreithiúnas in Meroni v an tArd-Údarás. De réir an chásdlí sin, ní féidir cumhachtaí a bhaineann le feidhmiú cumhachtaí lánroghnacha a tharmligean chuig eintitis uathrialacha nach bhforáiltear dóibh sna Conarthaí. Mar riail ghinearálta, ba cheart glacadh cinntí ceangailteacha ag na heintitis sin a bheith teoranta d’ábhair theicniúla amháin, gan dul thar na teorainneacha cúnga a shainítear sa bhunghníomh. Is léir ó aithris 24 de Rialachán SRA gur threoraigh an cásdlí sin reachtas an Aontais agus an Rialachán sin á ghlacadh aige, lenar forchoimeádadh an t‑athbhreithniú ar ghnéithe lánroghnacha de scéim réitigh d’institiúidí an Aontais a bhfuil cumhachtaí acu maidir le beartas réitigh institiúidí creidmheasa.

56      Ina theannta sin, áitíonn an Coimisiún, trína chur in iúl, i míreanna 130, 132 agus 137 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, nach bhfuil air measúnú a dhéanamh ach ar ghnéithe lánroghnacha áirithe atá cinntitheach chun scéim réitigh a fhormheas, gur mhainnigh an Chúirt Ghinearálta a chur san áireamh go bhfuil dlúthnasc idir na gnéithe lánroghnacha agus na gnéithe níos teicniúla. Dá bhrí sin, nuair a dhéanann sé agóid i gcoinne gnéithe lánroghnacha de scéim réitigh, cuireann an Coimisiún i gcoinne na scéime sin ina hiomláine.

57      Le Rialachán SRA, bunaíodh nós imeachta casta riaracháin sa chiall, i gcomhréir le hAirteagal 18(7) den Rialachán sin, gurb é an toradh a bheadh ar an nós imeachta réitigh cinneadh ón gCoimisiún nó, de réir mar a bheidh, ón gComhairle lena bhformhuinítear an scéim réitigh a tíolacadh nó lena gcuirtear ina coinne. Os a choinne sin, ní dhéanann measúnú BRA réamhbhreith ar thoradh an nós imeachta sin. Dá bhrí sin, i gcomhthéacs an nós imeachta sin, ní gníomhartha ar féidir agóid a dhéanamh ina gcoinne iad ach bearta lena leagtar síos go cinntitheach seasamh an Choimisiúin nó na Comhairle ag deireadh an nós imeachta sin, agus ní bearta idirmheánacha iad arb é is cuspóir dóibh an bealach a réiteach don chinneadh críochnaitheach.

58      Ar deireadh, maidir leis an argóint a leagtar amach i míreanna 122, 124 agus 140 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, bunaithe ar an gceart imeachtaí a thionscnamh dá bhforáiltear in Airteagal 86 de Rialachán SRA i gcoinne chinntí BRA, meabhraíonn an Coimisiún nach féidir le forálacha an Rialacháin sin an córas leigheasanna dá bhforáiltear sna Conarthaí a athrú.

59      Tá SFL agus BRA i gcoinne na líne argóinte sin. Áitíonn siad go raibh sé de cheart ag an gCúirt Ghinearálta a chinneadh gur gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne é an scéim réitigh atá i gceist a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha aige.

60      Ar an gcéad dul síos, tugann siad faoi deara, inter alia, faoi Airteagal 7, Airteagal 18(1) agus Airteagal 20 de Rialachán SRA, go bhfuil BRA freagrach as an scéim réitigh a phleanáil, a dhearadh agus a ghlacadh. Os a choinne sin, de réir Airteagal 18(7) den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le haithrisí 24 agus 26 de, tá ról an Choimisiúin agus na Comhairle teoranta do rannpháirtíocht sa nós imeachta réitigh agus d’athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe lánroghnacha na scéime réitigh. I ndáil leis sin, deir SFL, in éagmais agóidí arna ndéanamh ag an gCoimisiún nó ag an gComhairle laistigh de 24 uair an chloig tar éis tharchur na scéime réitigh, go dtagann sí i bhfeidhm. Thairis sin, dá mba rud é nach n‑aontódh an Coimisiún nó an Chomhairle leis an scéim réitigh arna ceapadh ag BRA, is faoi BRA a bheadh sé an cinneadh críochnaitheach a dhéanamh i gcomhréir lena dtreoir.

61      Áitíonn BRA, cé go bhforchoimeádann Airteagal 18(7) de Rialachán SRA an fhreagracht dhlíthiúil agus pholaitiúil as gnéithe lánroghnacha na scéime réitigh don Choimisiún nó, de réir mar a bheidh, don Chomhairle, go gcuireann sé gnéithe eile na scéime réitigh de chúram ar BRA go sainráite. Is é an ról a bheadh ag na hinstitiúidí sin an scéim réitigh a fhormheas nó a dhiúltú, ach ní an scéim réitigh a dhearadh, a fhorbairt ná a chur chun feidhme ar bhealach ar bith. Chuir reachtas an Aontais de chúram ar shainghníomhaireacht BRA na measúnuithe an‑teicniúil is gá a dhéanamh chun scéim réitigh a ghlacadh. Dar leis go bhfuil BRA freagrach as bearta réitigh a phleanáil, a dhearadh agus a ghlacadh agus as faireachán a dhéanamh ar a gcur chun feidhme ag na húdaráis náisiúnta. Sna himthosca sin, ní féidir an ceart chun scéim réitigh a chosaint a shéanadh ar an iarratasóir, agus dá uireasa sin shárófaí a chearta cosanta.

62      Ina dhiaidh sin, áitíonn SFL agus BRA nach dtagann an measúnú go gcuireann cinneadh BRA deireadh leis an nós imeachta agus nach mór, dá bhrí sin, é a mheas mar an gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne i gcás réiteach institiúide airgeadais salach ar chásdlí i mbreithiúnas Meroni v an tArd-Údarás. Le Rialachán SRA, seachnaítear ‘fíoraistriú freagrachta’ de réir bhrí an chásdlí sin, trína áirithiú gur féidir leis an gCoimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, leis an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar aon ghné lánroghnach den chinneadh réitigh nó cur ina coinne fiú. Dar le BRA, níl aon chontrárthacht idir, ar thaobh amháin, an ceart chun caingean a thionscnamh i gcoinne BRA, mar údar na scéime réitigh, agus, ar an taobh eile, go bhfuil an Coimisiún agus, de réir mar a bheidh, an Chomhairle rannpháirteach sa chinneadh maidir leis an scéim réitigh sin, agus nach féidir leis teacht i bhfeidhm má chuireann na hinstitiúidí sin ina choinne. In aon chás, measann BRA nach ionann an chumhacht chun gach cinneadh réitigh a ghlacadh, a thugtar dó faoi Airteagal 7(2) de Rialachán SRA, agus inniúlacht a thugtar don Choimisiún leis an gConradh agus a chinn an Coimisiún a tharmligean, ach inniúlacht arna cruthú ag reachtas an Aontais sa Rialachán sin.

63      Ar deireadh, tugann SFL faoi deara go dtagraíonn aithrisí 90 agus 120 de Rialachán SRA agus Airteagail 7, 20 agus 86 den Rialachán sin do chumhachtaí BRA, agus sonraíonn sé ag an am céanna go bhféadfadh na cinntí a ghlacann sé a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach os comhair na Cúirte Breithiúnais. Dá bhrí sin, foráiltear le hAirteagal 86(2) den Rialachán sin d’athbhreithniú den sórt sin ar chinntí uile BRA nach féidir, amhail na cinntí sin a bhaineann le scéimeanna réitigh, a bheith ina n‑ábhar achomhairc os comhair an Phainéil Achomhairc. Tá argóint an Choimisiúin ina choinne sin ag teacht salach ar na haithrisí agus ar na hAirteagail sin den Rialachán sin agus, dá bhrí sin, is léiriú contra legem é.

–       Breithniú na Cúirte Breithiúnais

64      Baineann an chéad saincheist dlí leis an gceist an ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí, i míreanna 116 go 120, 127, 137, 149 agus 150 den bhreithiúnas faoi achomharc, gur gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne í an scéim réitigh atá i gceist de réir bhrí an cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE.

65      Tá sé socraithe sa chásdlí go bhféadfaidh aon fhorálacha nó bearta, is cuma cén fhoirm atá iontu, arna nglacadh ag na hinstitiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, a bheith faoi réir caingean le haghaidh neamhniú, faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE, arna léamh i gcomhar lena chéad mhír, ar forálacha agus bearta iad a bhfuil sé d’aidhm acu éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a thabhairt ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do leasanna duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, trína staid dhlíthiúil a mhodhnú go suntasach. Chun a chinneadh an mbeidh na héifeachtaí sin ag gníomh agus an féidir leis, dá bhrí sin, a bheith ina ábhar d’imeachtaí den sórt sin, ba cheart breathnú ar shubstaint an ghnímh sin agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí sin i bhfianaise critéir oibiachtúla, amhail inneachar an ghnímh sin, agus, i gcás inarb iomchuí, an comhthéacs inar glacadh an gníomh sin á chur san áireamh agus cumhachtaí na hinstitiúide a ghlac é (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Samhain 1981, IBM v an Coimisiún, 60/81, EU:C:1981:264, mír 9; an 6 Bealtaine 2021, ABLV Bank agus páirtithe eile v BCE, C‑551/19 P agus C‑552/19 P, EU:C:2021:369, míreanna 39 agus 41, agus an 12 Iúil 2022, Nord Stream 2 v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, C‑348/20 P, EU:C:2022:548, míreanna 62 go 64 agus an cásdlí dá dtagraítear).

66      Ar an gcéad dul síos, maidir le hábhar na scéime réitigh atá i gceist, is fíor go sonraítear sa scéim sin, ar an gcéad dul síos, in Airteagail 1 go 4 de, go ‘gcinneann’ BRA Banco Popular a chur faoi réiteach ar an bhforas go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 18(1) de Rialachán SRA, ar an dara dul síos, go gcinntear, in Airteagail 5 go 7, na huirlisí réitigh atá le cur i bhfeidhm agus, ar deireadh, go luaitear, in Airteagail 9 agus 10 de, gur faoi FROB a bheidh sé na bearta uile is gá a dhéanamh chun an cinneadh sin a chur chun feidhme agus go ndéanfaidh BRA monatóireacht ar an gcur chun feidhme sin.

67      Mar sin féin, foráiltear le hAirteagal 12(1) den scéim réitigh atá i gceist ‘go dtiocfaidh sí i bhfeidhm’ an 7 Meitheamh 2017, agus ní, mar a chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart i mír 117 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur ‘tháinig sí i bhfeidhm’ an dáta sin. Ina theannta sin, luaitear in Airteagal 13 den chuid oibríochtúil sin go bhfuil sí dírithe chuig FROB agus go dtabharfar fógra dó ina leith tar éis don Choimisiún nó don Chomhairle í a fhormheas.

68      Is léir ón bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír roimhe seo nach raibh an scéim réitigh atá i gceist arna glacadh ag BRA trí bhíthin Chinneadh SRB/EES/2017/08 dá sheisiún feidhmiúcháin an 7 Meitheamh 2017, arb é an gníomh faoi chonspóid os comhair na Cúirte Ginearálta sa chás seo, formheasta go fóill, mar a dhearbhaítear leis an bhfíoras, a tugadh faoi deara i míreanna 77 agus 78 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur tugadh fógra don Choimisiún, tar éis a ghlactha, an 7 Meitheamh 2017 ag 5.13 a.m. chun críocha a fhormheasta, a rinneadh an lá céanna ag 6.30 a.m. Leanann sé freisin ó na tásca sin go raibh teacht i bhfeidhm na scéime sin agus, dá bhrí sin, éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a bheith á dtáirgeadh aici ag brath ar a formheas.

69      Ar an dara dul síos, maidir leis an gcomhthéacs inar glacadh an scéim réitigh díospóide, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, mar atá léirithe sa bhrollach, gurb é Rialachán SRA, go háirithe Airteagal 18 de, a bhunús dlí. Tá an córas a bhunaítear leis an Rialachán seo bunaithe ar an bhfíoras, a leagtar amach go substaintiúil in aithris 24 agus in aithris 26 de, go dtagann feidhmiú na gcumhachtaí réitigh dá bhforáiltear leis an Rialachán sin faoi bheartas an Aontais maidir le réiteach, nach féidir ach le hinstitiúidí an Aontais a shainiú, agus go bhfuil lamháil discréide i nglacadh gach scéime réitigh ar leith, ag cur san áireamh an tionchair shuntasaigh a bhíonn ag cinntí réitigh ar chobhsaíocht airgeadais na mBallstát agus ar an Aontas féin, agus ar fhlaithiúnas buiséadach na mBallstát freisin. Is léir ó na haithrisí sin gur mheas reachtas an Aontais, ar na cúiseanna sin, gur ghá foráil a dhéanamh do rannpháirtíocht iomchuí na Comhairle agus an Choimisiúin, eadhon rannpháirtíocht lena neartaítear neamhspleáchas oibríochtúil riachtanach BRA agus prionsabail tharmligean na gcumhachtaí chuig gníomhaireachtaí a shainaithnítear sa bhreithiúnas in Meroni v an tArd-Údarás á n‑urramú agus a meabhraíodh i mbreithiúnas an 22 Eanáir 2014, an Ríocht Aontaithe v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑270/12, EU:C:2014:18).

70      Sna breithiúnais sin, chinn an Chúirt, go bunúsach, go bhfuil iarmhairtí tharmligean na gcumhachtaí an‑difriúil ag brath ar cé acu a thagraíonn nó nach dtagraíonn an tarmligean sin, ar thaobh amháin, do chumhachtaí cur chun feidhme atá sainithe go soiléir, a bhfuil a n‑úsáid faoi réir athbhreithniú dian dá bhrí sin i bhfianaise na gcritéar oibiachtúil arna leagan síos ag an údarás tarmligin nó, ar an taobh eile, ‘cumhacht lánroghnach lena dtugtar le tuiscint go bhfuil discréid leathan ann atá in ann fíorbheartas eacnamaíoch a léiriú, tríd an úsáid a bhaintear as’ (féach, chuige sin, breithiúnais in Meroni v an tArd-Údarás, leathanaigh 43, 44 agus 47, agus breithiúnas an 22 Eanáir 2014, an Ríocht Aontaithe v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑270/12, EU:C:2014:18, mír 41).

71      Ní féidir le tarmligean den chéad chineál iarmhairtí fheidhmiú na gcumhachtaí a ndéanann sé difear dóibh a athrú go suntasach, ach oibríonn tarmligean den dara cineál ‘fíoraistriú freagrachta’ trí roghanna an údaráis tharmligthe a chur in ionad roghanna an údaráis tarmligin (breithiúnas Meroni v an tArd-Údarás, leathanach 43, agus breithiúnas an 22 Eanáir 2014, an Ríocht Aontaithe v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑270/12, EU:C:2014:18, mír 42). In Meroni v an tArd-Údarás, chinn an Chúirt nach bhféadfaí a mheas go raibh tarmligean na gcumhachtaí atá i gceist sa chás sin, a mhéid a cheadaigh sé do na comhlachtaí lena mbaineann ‘discréid a raibh cumhacht lánroghnach leathan ag baint leis’, ag luí le ‘ceanglais an Chonartha’, agus á rá, trí gan ach an chumhacht chun formheas a dhiúltú do chinntí na gcomhlachtaí sin a fhorchoimeád dó féin, nár choinnigh an tArd-Údarás cumhachtaí leordhóthanacha chun aistriú freagrachta den sórt sin a sheachaint (féach, chuige sin, breithiúnas in Meroni v an tArd-Údarás, leathanach 47).

72       Is léir ó na breithnithe a leagtar amach ar leathanach 44 den bhreithiúnas in Meroni v an tArd-Údarás go bhfuil an cásdlí a eascraíonn as an mbreithiúnas sin bunaithe ar an mbonn gur ráthaíocht bhunúsach a dheonaítear leis na Conarthaí í cothromaíocht na gcumhachtaí, ar saintréith de struchtúr institiúideach an Aontais í, agus go mbainfeadh tarmligean cumhachta lánroghnaí leithne an bonn den ráthaíocht sin, sa mhéid go gcuireann sé an chumhacht sin de chúram ar údaráis seachas na húdaráis sin a bhunaítear leis na Conarthaí chun a fheidhmiú a áirithiú agus a rialú faoi chuimsiú a gcumhachtaí faoi seach. I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach ar leathanaigh 43 agus 46 den bhreithiúnas sin, baineann an cumhacht lánroghnach leathan dá dtagraítear sa chásdlí sin, go háirithe, le saincheisteanna bunúsacha an réimse beartais lena mbaineann, lena mbaineann lamháil discréide leathan chun cuspóirí éagsúla a thagann salach ar a chéile uaireanta a thabhairt chun réitigh.

73      Is léir, go háirithe, ón gcásdlí sin nach mbraitheann infheidhmeacht phrionsabail tharmligean na gcumhachtaí chuig gníomhaireachtaí a shainaithnítear leis an gcásdlí sin ar chineál aonair nó ginearálta na ngníomhartha a bhfuil sé de chumhacht ag na gníomhaireachtaí a ghlacadh, ach amháin ar cé acu an mbaineann an tarmligean le cumhacht lánroghnach leathan nó, os a choinne sin, le cumhachtaí cur chun feidhme atá teoranta go beacht (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Eanáir 2014, an Ríocht Aontaithe v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, C‑270/12, EU:C:2014:18, míreanna 54, 65 agus 66).

74      Mar is léir ó aithrisí 24 agus 26 de Rialachán SRA, tá an scéim a bhunaítear leis an Rialachán sin ceaptha léiriú nithiúil a thabhairt ar na prionsabail a leagtar síos i mbreithiúnas Meroni v an tArd-Údarás agus a meabhraíodh i mbreithiúnas an 22 Eanáir 2014, an Ríocht Aontaithe v an Pharlaimint agus an Chomhairle (C‑270/12, EU:C:2014:18).

75      Is fíor, faoi Airteagal 7(2) de Rialachán SRA, go bhfuil BRA freagrach as gach cinneadh réitigh a ghlacadh a bhaineann, inter alia, le hinstitiúidí agus grúpaí airgeadais a mheastar a bheith suntasach do chobhsaíocht airgeadais san Aontas Eorpach agus do ghrúpaí trasteorann eile. Chuige sin, foráiltear le hAirteagal 18(1) agus (6) de Rialachán SRA nach nglacfaidh BRA scéim réitigh i ndáil leis na heintitis agus na grúpaí sin ach amháin má mheasann sé, tar éis dó measúnú BCE a chur in iúl i dtaobh an bhfuil an t‑eintiteas lena mbaineann ag cliseadh nó ar dócha go gclisfidh sé nó ar a thionscnamh féin, go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le réiteach a shonraítear in Airteagal 18(1)(a) go (c) den Rialachán sin. Baineann na coinníollacha sin le cliseadh an eintitis nó gur dócha go gclisfidh air, le heaspa bearta malartacha ar an réiteach agus leis an ngá atá leis an réiteach ar mhaithe le leas an phobail.

76      I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha sin, glacfaidh BRA, ar bhonn Airteagal 18(6) de Rialachán SRA, scéim réitigh lena gcuirfear an t‑eintiteas lena mbaineann faoi réiteach agus lena gcinnfear cur i bhfeidhm na n‑uirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 22(2) den Rialachán sin agus úsáid an Chiste Réitigh Aonair maidir leis an eintiteas sin. Sonraítear in Airteagal 22(4) den Rialachán sin go bhféadfar na hionstraimí sin, cé is moite den uirlis deighilte sócmhainní, a chur i bhfeidhm ar leithligh nó i gcomhcheangal chun na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 14 den Rialachán sin a bhaint amach, i gcomhréir leis na prionsabail réitigh a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán sin.

77      Mar sin féin, cé go dtugann na forálacha dá dtagraítear sa dá mhír roimhe seo cumhacht lánroghnach leathan do BRA maidir le cibé acu an gcaithfidh nó nach gcaithfidh an t‑eintiteas lena mbaineann a chur faoi réir réitigh agus cad iad na modhanna trína gcaithfidh sé a chur faoi réir réitigh, tá an chumhacht sin, faoi Airteagal 18(1) agus (4) go (6) de Rialachán SRA, teorannaithe le critéir agus coinníollacha oibiachtúla lena sainítear raon feidhme ghníomhaíocht BRA agus a bhaineann leis na coinníollacha agus leis na huirlisí réitigh araon. Ina theannta sin, foráiltear leis an Rialachán sin do rannpháirtíocht an Choimisiúin agus na Comhairle sa nós imeachta a mbeidh glacadh scéime réitigh mar thoradh air, ar scéim í nach mór don Choimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, don Chomhairle a fhormhuiniú chun go dtiocfaidh sí i bhfeidhm.

78      Dá réir sin, de réir Airteagal 30(1) agus (2) de Rialachán SRA, cuirfidh BRA an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh sé chun réiteach a ullmhú agus an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh a mhalartú leis an gCoimisiún agus leis an gComhairle. De bhun Airteagal 43(3) den Rialachán sin, ainmníonn an Coimisiún ionadaí atá i dteideal a bheith rannpháirteach i gcruinnithe BRA, i seisiún feidhmiúcháin agus i seisiún iomlánach, mar bhreathnadóir buan, agus tá an ceart ag an ionadaí sin páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí, agus rochtain a fháil ar na doiciméid uile.

79      Thairis sin, luaitear in Airteagal 18(7) de Rialachán SRA, sa chéad fhomhír de, go gceanglaítear ar BRA an scéim réitigh a tharchur chuig an gCoimisiún díreach tar éis a glactha agus, sa dara fomhír agus sa tríú fomhír de, go bhformhuiníonn an Coimisiún, laistigh de 24 uair an chloig ón tarchur sin, an scéim réitigh nó go ndéanfaidh sé agóid i gcoinne ghnéithe lánroghnacha na scéime sin, cé is moite díobh siúd a bhaineann le comhlíonadh chritéar leas an phobail agus an méid a leagtar síos le haghaidh úsáid an Chiste Réitigh Aonair. Maidir leis na gnéithe lánroghnacha deireanacha sin, luaitear sa tríú mír go bhféadfaidh an Coimisiún, laistigh de 12 uair an chloig ón tarchur sin, a mholadh don Chomhairle agóidí a dhéanamh. Ar deireadh, foráiltear leis an gcúigiú fomhír d’Airteagal 18(7) den Rialachán sin nach bhféadfaidh an scéim réitigh teacht i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid sainráite ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún laistigh de thréimhse 24 uair an chloig tar éis do BRA í a tharchur.

80      Dá bhrí sin, le forálacha Airteagal 18(7) de Rialachán SRA, cuirtear teacht i bhfeidhm na scéime réitigh faoi réir a formheasta ag an gCoimisiún, in éagmais agóidí ón gCoimisiún nó ón gComhairle. Nuair a fhormheasann an Coimisiún sásra den sórt sin, ní mór dó na freagrachtaí a thugtar dó leis na Conarthaí a ghlacadh chuige féin go hiomlán.

81      Is léir ó mhíreanna 75 go 80 den bhreithiúnas seo go bhfuil forálacha Airteagal 18 de Rialachán SRA, ar glacadh an scéim réitigh atá i gceist ar a mbonn, de chineál a sheachnaíonn ‘aistriú freagrachta’, de réir bhrí an chásdlí a eascraíonn as an mbreithiúnas in Meroni v an tArd-Údarás. Cé go dtugtar de chumhacht do BRA a mheas an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le scéim réitigh a ghlacadh sa chás agus na huirlisí is gá chun críocha scéime den sórt sin a chinneadh, leis na forálacha sin tugtar an fhreagracht don Choimisiún nó, de réir mar a bheidh, don Chomhairle measúnú deiridh a dhéanamh ar ghnéithe lánroghnacha na scéime sin a thagann faoi raon feidhme bheartas an Aontais maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus, mar is léir ó Airteagal 14 agus ó aithrisí 24, 26 agus 62 de Rialachán SRA, a bhfuil ualú cuspóirí agus leasanna éagsúla i gceist leo, a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh a chaomhnú agus sláine an mhargaidh inmheánaigh, agus flaithiúnas buiséadach na mBallstát agus cosaint leasanna scairshealbhóirí agus creidiúnaithe á gcur san áireamh.

82      Ar an tríú dul síos, maidir le cumhachtaí BRA, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtugann an léiriú arna ghlacadh ag an gCúirt Ghinearálta i míreanna 129 agus 130 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar dá réir a d’fhéadfadh éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a bheith ag scéim réitigh beag beann ar chinneadh formheasa an Choimisiúin, neamhaird ar na cumhachtaí a thugtar do BRA le Rialachán SRA agus ar an gcásdlí a eascraíonn as an mbreithiúnas in Meroni v an tArd-Údarás.

83      Cé go bhforáiltear le hAirteagail 7 agus 18 den Rialachán sin go bhfuil BRA freagrach as scéim réitigh a tharraingt suas agus a ghlacadh, ní thugann siad an chumhacht dó, áfach, gníomh a ghlacadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha aige. I gcomhthéacs an nós imeachta réitigh mar a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán SRA é, mar a chuir an Chúirt Ghinearálta in iúl go ceart i mír 128 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, is gné bhunriachtanach é formheas an Choimisiúin maidir le teacht i bhfeidhm na scéime réitigh.

84      Tá an formheas sin cinntitheach freisin maidir le hinneachar na scéime réitigh atá i gceist.

85      Cé go gceadaítear don Choimisiún le hAirteagal 18(7) de Rialachán SRA scéim den sórt sin a fhormheas gan agóid a dhéanamh i gcoinne na ngnéithe lánroghnacha di ná a mholadh don Chomhairle agóid a fhoirmliú, ceadaítear leis freisin don Choimisiún agus don Chomhairle a measúnú féin a chur in ionad mheasúnú BRA maidir leis na gnéithe lánroghnacha sin trí agóid a dhéanamh ina gcoinne, agus sa chás sin tá sé de cheangal ar BRA, faoin seachtú fomhír d’Airteagal 18(7), an scéim sin a leasú, laistigh de thréimhse ocht n‑uair an chloig, i gcomhréir leis na cúiseanna a thug an Coimisiún nó an Chomhairle, chun go dtiocfaidh an scéim sin i bhfeidhm.

86      Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, mar is léir ó Airteagal 18(8) den Rialachán sin, go bhfuil sé d’éifeacht ag agóid ón gComhairle de bhun an fhorais nach gcomhlíontar critéar leas an phobail cosc a chur, ar deireadh, ar réiteach faoin Rialachán sin an eintitis lena mbaineann, agus ní mór an t‑eintiteas sin a fhoirceannadh ansin ar bhealach ordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

87      Sa chás seo, le Cinneadh 2017/1246, rinne an Coimisiún an scéim réitigh atá i gceist a fhormhuiniú. Mar a cuireadh in iúl go sainráite in aithris 4 den Chinneadh sin, tríd an scéim sin a fhormhuiniú chuir an Coimisiún a ‘aontú’ in iúl lena hábhar agus leis ‘na cúiseanna a thugann BRA maidir leis an bhfáth a bhfuil gá le réiteach ar mhaithe le leas an phobail’. I ndáil leis sin, mar a thug an Coimisiún faoi deara ag an éisteacht, tá dlúthbhaint idir na gnéithe lánroghnacha de scéim réitigh – a bhaineann le bunú na gcoinníollacha réitigh agus le cinneadh na n‑uirlisí réitigh araon – agus na gnéithe níos teicniúla den réiteach. Murab ionann agus an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta i mír 137 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ní féidir, dá bhrí sin, idirdhealú a dhéanamh idir na gnéithe lánroghnacha sin agus na gnéithe teicniúla sin, chun an gníomh is féidir agóid a dhéanamh ina choinne a chinneadh i gcomhthéacs scéim réitigh arna formheas ina hiomláine ag an gCoimisiún.

88      Dá bhrí sin, is le cinneadh formheasa an Choimisiúin amháin a cinneadh go cinntitheach an ghníomhaíocht réitigh a ghlac BRA sa scéim réitigh atá i gceist agus a cruthaíodh éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha leis an mbeart sin, agus mar thoradh air sin, ag féachaint, go háirithe, do na prionsabail a sainaithníodh sa bhreithiúnas in Meroni v an tArd-Údarás, is é an Coimisiún, agus ní BRA, nach mór freagra a thabhairt ar an ngníomhaíocht réitigh sin os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh.

89      Dá bhrí sin, is léir óna ábhar, ó chomhthéacs a ghlactha agus ó chumhachtaí BRA nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha ag an scéim réitigh atá i gceist a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna duine dhlítheanaigh nó nádúrtha, agus mar thoradh air sin nach gníomh é ar féidir caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh ina choinne faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE.

90      Níl na breithnithe a leagann an Chúirt Ghinearálta amach i míreanna 121 go 123 den bhreithiúnas atá faoi achomharc den chineál gur féidir an measúnú roimhe seo a thabhairt faoi cheist.

91      I ndáil leis sin, contrártha leis an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta sna míreanna sin, ní féidir a thuiscint ó Airteagal 86(1) agus (2) de Rialachán SRA go bhféadfadh an scéim réitigh atá i gceist a bheith ina hábhar caingne le haghaidh neamhniú. Mar a thugann an Coimisiún le fios, ní féidir le forálacha Rialacháin athrú a dhéanamh ar an gcóras leigheasanna dá bhforáiltear le Conradh FAE. Thairis sin, is léir ó fhoclaíocht na bhforálacha sin de Rialachán SRA nach mór na caingne dá dtagraíonn siad a thabhairt os comhair na Cúirte ‘i gcomhréir le hAirteagal 263 [CFAE]’, lena nglactar leis go gcomhlíonann siad an coinníoll a leagtar amach ann gur gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne é an gníomh atá faoi chonspóid.

92      Is fíor gur chinn an Chúirt, i míreanna 56 agus 66 de bhreithiúnas an 6 Bealtaine 2021, ABLV Bank agus páirtithe eile v BCE (C‑551/19 P agus C‑552/19 P, EU:C:2021:369), go bunúsach, go bhféadfadh scéim réitigh, mar thoradh deiridh an nós imeachta réitigh casta, a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh. Sa chás as ar eascair an breithiúnas sin, áfach, iarradh ar an gCúirt Bhreithiúnais measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht cinnidh ón gCúirt Ghinearálta inar cinneadh caingne le haghaidh neamhniú a bheith do-ghlactha a tionscnaíodh, ní i gcoinne scéim den sórt sin, ach i gcoinne ghníomhartha ullmhúcháin BCE a chinn go raibh eintitis ag cliseadh nó gur dóigh dóibh cliseadh, de réir bhrí Airteagal 18(1) de Rialachán SRA. Dá bhrí sin, ní mór na breithnithe a leagtar amach i míreanna 56 agus 66 sin a léamh i bhfianaise chásdlí socair na Cúirte a bhaineann le nósanna imeachta casta, ar dá réir, i gcás ina nglactar gníomhartha i roinnt céimeanna nós imeachta, nach bhfuil i ngníomh a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do chaingean le haghaidh neamhniú, i bprionsabal, ach an beart lena leagtar síos go cinntitheach, ag deireadh an nós imeachta, seasamh institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht inniúil an Aontais, seachas bearta idirmheánacha arb é is cuspóir dóibh an beart cinntitheach sin a ullmhú agus nach bhfuil éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha acu (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Samhain 1981, IBM v an Coimisiún, 60/81, EU:C:1981:264, mír 10; an 3 Meitheamh 2021, an Ungáir v an Pharlaimint, C‑650/18, EU:C:2021:426, míreanna 43 agus 46, agus an 22 Meán Fómhair 2022, IMG v an Coimisiún, C‑619/20 P agus C‑620/20 P, EU:C:2022:722, mír 103).

93      I nós imeachta casta den sórt sin, ní féidir gníomhartha a ghlactar le linn chéimeanna ullmhúcháin ghlacadh an ghnímh chinntithigh, i gcás ina mbíonn éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha acu, a bheith faoi réir caingean le haghaidh neamhniú.

94      Contrártha leis an méid a chinn an Chúirt Ghinearálta i míreanna 122 go 124 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ní féidir a thuiscint, dá bhrí sin, ó Airteagal 86 de Rialachán SRA agus ó bhreithiúnas an 6 Bealtaine 2021, ABLV Bank agus páirtithe eile v BCE (C‑551/19 P agus C‑552/19 P, EU:C:2021:369), gur gníomh í an scéim réitigh a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do chaingean le haghaidh neamhniú os comhair na Cúirte Ginearálta, cé nárbh é toradh deiridh an nós imeachta réitigh atá i gceist é, agus nár tháinig an toradh sin chun cinn ach amháin le formheas na scéime sin ag an gCoimisiún, agus, mar is léir ón anailís roimhe seo, nár tháinig éifeachtaí dlíthiúla neamhspleácha as.

95      Ní féidir léi ach oiread amhras a chaitheamh ar an measúnú a thagann roimh na breithnithe a leag an Chúirt Ghinearálta amach i míreanna 146 agus 147 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, ar dá réir a dhéanfaí sárú ar cheart na n-iarratasóirí ag an gcéad chéim chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil mar thoradh ar mhainneachtain a aithint gur féidir agóid a dhéanamh i gcoinne na scéime réitigh atá i gceist.

96      Tá saintréithe gnímh a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar caingne le haghaidh neamhniú faoin gceathrú mír d’Airteagal 263 CFAE i gcinneadh formheasa ón gCoimisiún, amhail Cinneadh 2017/1246. I gcaingean le haghaidh neamhniú arna tabhairt i gcoinne cinneadh den sórt sin, is féidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha lena mbaineann neamhdhleathacht na scéime réitigh arna formheas ag an institiúid sin a phléadáil, agus ar an gcaoi sin éifeachtaí dlíthiúla ceangailteacha a thabhairt di, ar éifeachtaí iad lena ráthaítear cosaint bhreithiúnach leordhóthanach dóibh (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Deireadh Fómhair 2011, Deutsche Post agus an Ghearmáin v an Coimisiún, C‑463/10 P agus C‑475/10 P, EU:C:2011:656, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear). I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, mar is léir ó mhíreanna 87 agus 88 den bhreithiúnas seo, go meastar go nglacann an Coimisiún, leis an bhformheas sin, na heilimintí agus na forais atá sa scéim sin, agus mar thoradh air sin nach mór dó, i gcás inarb iomchuí, freagra a thabhairt orthu os comhair Chúirteanna an Aontais Eorpaigh.

97      Leanann sé ó na breithnithe go léir roimhe seo nach gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne í an scéim réitigh atá i gceist de réir bhrí an cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE.

98      Dá bhrí sin, ní mór an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní a mhéid a dhearbhaigh sé go raibh an chaingean ag lorg neamhniú na scéime seo inghlactha.

 An dara agus an tríú saincheist

99      Ós rud é go gcuirtear an breithiúnas atá faoi achomharc ar neamhní ar bhonn na chéad saincheiste dlí, ní gá scrúdú a dhéanamh ar an dara saincheist dlí agus ar an tríú saincheist dlí.

 An chaingean os comhair na Cúirte Ginearálta

100    Faoin dara habairt den chéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás ina gcuirfear ar ceal breith na Cúirte Ginearálta, breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ar an díospóid má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí a leithéid.

101    Is amhlaidh atá sa chás seo, ós rud é go bhfuil an fhaisnéis uile is gá ag an gCúirt chun rialú a dhéanamh ar inghlacthacht na caingne céadchéime.

102    Ar na cúiseanna a leagtar amach i míreanna 66 go 97 thuas, ní gníomh ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne í an scéim réitigh atá i gceist de réir bhrí an cheathrú mír d’Airteagal 263 CFAE.

103    Sna himthosca sin, ní mór an chaingean arna tabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta ag Fundación agus SFL a dhíbhe toisc í a bheith do-ghlactha.

 Costais

104    I gcomhréir le hAirteagal 184(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, má tá bunús maith leis an achomharc agus má thugann an Chúirt féin an breithiúnas críochnaitheach sa chás, tabharfaidh sí breith i dtaobh na gcostas.

105    Foráiltear le hAirteagal 138(1) den Rialachán sin, arna dhéanamh infheidhme maidir leis an nós imeachta achomhairc de bhua Airteagal 184(1) díobh, go n‑ordófar d’aon pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n‑éireoidh leis.

106    Sa chás seo, ós rud é nár éirigh le SFL sna himeachtaí achomhairc, ní mór a ordú, ag féachaint don ordú atá á lorg ag an gCoimisiún, a chostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag an institiúid sin sna himeachtaí sin a íoc. Ós rud é nár éirigh le Fundación agus SFL sna himeachtaí ag an gcéad chéim, ní mór a ordú dóibh, i gcomhréir leis an ordú atá á lorg ag BRA agus Banco Santander, a gcostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú ag BRA agus Banco Santander sna himeachtaí sin a íoc.

107    I gcomhréir le hAirteagal 138(3) de na Rialacha Nós Imeachta, is infheidhme maidir le himeachtaí achomhairc de bhua Airteagal 184(1) de na Rialacha sin, i gcás ina n‑éiríonn le gach páirtí i roinnt de na pointí agus go dteipfidh orthu i roinnt eile, íocfaidh na páirtithe a gcostais féin. Ós rud é nár éirigh le BRA maidir le hinghlacthacht na caingne, arb é an t‑aon cheann atá i gceist san achomharc, ní mór dó a chostais féin a bhaineann leis an achomharc a íoc.

108    De bhun Airteagal 140(1) de na Rialacha Nós Imeachta, arna dhéanamh infheidhme maidir leis an nós imeachta achomhairc de bhua Airteagal 184(1) díobh, ordaítear do na Ballstáit agus na hinstitiúidí a rinne idiragairt sna himeachtaí a gcostais féin a íoc. Dá bhrí sin, ní mór do Ríocht na Spáinne, don Pharlaimint agus don Chomhairle, idiragraithe ag an gcéad chéim, a gcostais féin a bhaineann leis na himeachtaí ag an gcéad chéim agus leis an achomharc a íoc. Ordaítear don Choimisiún, mar idiragraí sna himeachtaí céadchéime, a chostais féin a bhaineann leis na himeachtaí seo a íoc.

Ar na forais sin, dearbhaíonn agus rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra):

1.      Tá breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 1 Meitheamh 2022, Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus SFL v BRA (T481/17, EU:T:2022:311) ar neamhní, a mhéid a dhearbhaíonn sé a bheith inghlactha an chaingean arna tionscnamh ag Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus Stiftung für Forschung und Lehre (SFL) ag iarraidh go gcuirfí Cinneadh SRB/EES/2017/08 ó Sheisiún Feidhmiúcháin an Bhoird Réitigh Aonair an 7 Meitheamh 2017 maidir le scéim réitigh a ghlacadh i leith Banco Popular Español SA ar neamhní.

2.      Diúltaítear d’achomharc an Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus an Stiftung für Forschung und Lehre (SFL) go ndéanfaí cinneadh SRB/EES/2017/08 a chur ar neamhní mar dho-ghlactha.

3.      Ordaítear don Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus Stiftung für Forschung und Lehre (SFL) a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag an mBord Réitigh Aonair (BRA) agus Banco Santander SA a bhaineann leis na himeachtaí céadchéime a íoc, i dteannta a gcostas féin. Ordaítear do SFL a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a bhaineann leis an achomharc sin a íoc.

4.      Ordaítear don Bord Réitigh Aonair a chostais féin a bhaineann leis an achomharc seo a íoc.

5.      Ordaítear do Ríocht na Spáinne, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh a gcostais féin a bhaineann leis an achomharc seo agus leis na himeachtaí ag an gcéad chéim a íoc. Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a bhaineann leis na himeachtaí céadchéime a íoc.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Spáinnis.