Language of document : ECLI:EU:C:2024:521

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

an 18 Meitheamh 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Treoir 2011/95/AE – Airteagal 21(1) – Treoir 2013/32/AE – Airteagal 9(2) agus (3) – Stádas dídeanaí á dheonú go críochnaitheach ag Ballstát – Dídeanaí a bhfuil cónaí air i mBallstát eile tar éis an deontais sin – Iarraidh ar eiseachadadh ó thríú Stát, arb é tír thionscnaimh an dídeanaí sin é, ar an mBallstát cónaithe – Éifeacht an chinnidh stádas dídeanaí a dheonú ar an nós imeachta um eiseachadadh lena mbaineann – Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Cosaint an dídeanaí sin ar an eiseachadadh arna iarraidh)

I gCás C‑352/22,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Oberlandesgericht Hamm (Cúirt Uachtarach Réigiúnach Hamm, an Ghearmáin), trí bhreith an 19 Bealtaine 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 19 Meitheamh 2022, sna himeachtaí maidir leis an nós imeachta um eiseachadadh a bhaineann le

A.,

Tríú páirtí:

Generalstaatsanwaltschaft Hamm,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

comhdhéanta de K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Arabadjiev, K. Jürimäe (Rapóirtéir), E. Regan, T. von Danwitz, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Uachtaráin Dlísheomraí, M. Ilešič, J.–C. Bonichot, L. S. Rossi, I. Jarukaitis, A. Kumin, M. L. Arastey Sahún agus M. Gavalec, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus i dtaca le héisteacht an 12 Meitheamh 2023,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        A., ag H.-J. Römer agus U. Sommer, Rechtsanwälte,

–        Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus A. Hoesch, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó D. G. Pintus, avvocato dello Stato,

–        an Coimisiún Eorpach, ag A. Azéma, S. Grünheid agus J. Hottiaux, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 19 Deireadh Fómhair 2023,

an breithiúnas seo a leanas

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú leis an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 9(2) agus (3) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60), agus Airteagal 21(1) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh na cosanta coimhdí, agus inneachar na cosanta a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9.)

2        Rinneadh an iarraidh in imeachtaí a bhaineann le heiseachadadh A., náisiúnach Turcach a bhfuil stádas dídeanaí faighte san Iodáil aige agus a bhfuil cónaí air sa Ghearmáin, tar éis iarraidh ar eiseachadadh a chuir údaráis na Tuirce chuig údaráis na Gearmáine chun críocha imeachtaí coiriúla ina choinne.

 An dlí lena mbaineann

 An dlí idirnáisiúnta

 Coinbhinsiún na Ginéive

3        An Coinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe, arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 [Sraith de Chonarthaí na Náisiún Aontaithe, Iml. 189, lch. 150, Uimh. 2545 (1954)] agus a tháinig i bhfeidhm an 22 Aibreán 1954 (‘Coinbhinsiún na Ginéive’). Rinneadh forlíonadh air leis an bPrótacal maidir le Stádas Dídeanaithe, a tugadh i gcrích i Nua Eabhrac an 31 Eanáir 1967, agus tháinig sé i bhfeidhm an 4 Deireadh Fómhair 1967.

4        Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún na Ginéive. Mar sin féin, níl an tAontas Eorpach ina pháirtí conarthach sa Choinbhinsiún sin.

5        Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 1, Roinn (A) de Choinbhinsiún na Ginéive:

‘Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, beidh feidhm ag an téarma “dídeanaí” maidir le haon duine:

[...]

2)      a bhfuil, […], eagla air a bhfuil bunús maith léi, roimh ghéarleanúint mar gheall ar a chine, a reiligiún, a náisiúntacht, mar gheall ar a chomhaltas de ghrúpa sóisialta nó mar gheall ar thuairim pholaitiúil ar leith a bheith aige, atá lasmuigh de thír a náisiúntachta agus nach bhfuil ar a chumas leas a bhaint as cosaint na tíre sin nó, i ngeall ar an eagla sin, nach bhfuil toilteanach é sin a dhéanamh; nó, i gcás nach bhfuil náisiúntacht aige agus ina bhfuil sé lasmuigh den tír ina raibh gnáthchónaí air i ndiaidh imeachtaí den sórt sin, nach féidir leis filleadh ansin nó, mar gheall ar eagla den sórt sin, nach mian leis filleadh.

I gcás duine a bhfuil breis is náisiúntacht amháin aige, cuimsítear sa nath “de thír a náisiúntachta” gach tír dar náisiúnach é an duine sin. Ní mheasfar go bhfuil cosaint na tíre dar náisiúnach é á diúltú d’aon duine nár bhain leas, gan cúis mhaith bunaithe ar eagla a bhfuil bunús maith léi, as cosaint ó cheann de na tíortha dar náisiúnach é. ’

6        Déantar foráil mar seo a leanas in Airteagal 33(1) den Treoir sin:

‘Ní dhéanfaidh aon Stát Conarthach dídeanaí a dhíbirt nó a fhilleadh (‘refouler’) ar aon bhealach chuig teorainneacha na gcríoch ina mbeadh a shaol nó a shaoirse faoi bhagairt mar gheall ar a chine, a reiligiún, a náisiúntacht, mar gheall ar a chomhaltas de ghrúpa sóisialta nó mar gheall ar thuairim pholaitiúil ar leith a bheith aige.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 An Coinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh

7        Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 3(1) agus (2) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh, arna dhéanamh i bPáras ar an 13 Nollaig 1957:

‘1      Ní dheonófar eiseachadadh má mheasann an Páirtí iarrtha gur cion polaitiúil nó cion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil an cion a n‑iarrtar an t‑eiseachadadh ina leith.

2      Beidh feidhm ag an riail chéanna má bhíonn forais shubstaintiúla ag an bPáirtí iarrtha chun a chreidiúint go bhfuil iarraidh ar eiseachadadh i leith gnáthchion coiriúil déanta chun duine a ionchúiseamh nó chun pionós a ghearradh air mar gheall ar a chine, a reiligiún, a náisiúntacht nó a thuairim pholaitiúil, nó go bhféadfaí dochar a dhéanamh do sheasamh an duine sin ar aon cheann de na cúiseanna sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Treoir 2011/95

8        Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in aithris 21 de Threoir 2011/95:

‘Is gníomh dearbhaitheach é stádas dídeanaí a aithint.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9        Tá na sainmhínithe seo a leanas in Airteagal 2 den Treoir sin:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

b)      ciallaíonn “tairbhí de chosaint idirnáisiúnta” duine dár deonaíodh stádas dídeanaí nó stádas cosanta coimhdí mar a shainmhínítear i bpointí (e) agus (g) iad;

[...]

d)      ciallaíonn “dídeanaí” náisiúnach ó thríú tír atá lasmuigh de thír a náisiúntachta de bharr eagla a bhfuil bunús maith léi roimh ghéarleanúint mar gheall ar chine, ar reiligiún, ar náisiúntacht, mar gheall ar a thuairim pholaitiúil nó mar gheall ar a chomhaltas de ghrúpa sóisialta áirithe agus nach bhfuil in ann nó, de bharr eagla den sórt sin, nach bhfuil toilteanach leas a bhaint as cosaint na tíre sin, nó duine gan stát atá lasmuigh den tír ina raibh gnáthchónaí air roimhe seo ar na cúiseanna sin a luaitear thuas agus nach bhfuil in ann nó, de bharr eagla den sórt sin, nach bhfuil toilteanach, filleadh ar an tír sin, sa chás gur duine é nach bhfuil feidhm ag Airteagal 12 maidir leis;

e)      ciallaíonn “stádas dídeanaí” an t‑aitheantas mar dhídeanaí a thabharfaidh Ballstát do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát;

[...]

i)      ciallaíonn “iarratasóir” náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta aige, nach bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta ina leith fós;

[...] ’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Áirítear Airteagail 9 go 12 i gCaibidil III de Threoir 2011/95, dar teideal ‘Cáilitheacht mar dhídeanaí’. Sainítear in Airteagail 11 agus 12 den Treoir sin, faoi seach, an cás ina scoireann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát de bheith ina dhídeanaí agus an cás ina ndéantar stádas dídeanaí a eisiamh ar náisiúnach tríú tír nó duine gan stát.

11      Tá Airteagail 13 agus 14 den Treoir sin i gCaibidil IV di, ar a bhfuil an ceannteideal ‘Stádas dídeanaí’.

12      De réir Airteagal 13 den Treoir chéanna sin:

‘Deonóidh na Ballstáit stádas dídeanaí do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát a cháilíonn mar dhídeanaí i gcomhréir le Caibidlí II agus III.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13      Baineann Airteagal 14 de Threoir 2011/95 le ‘stádas dídeanaí a chúlghairm, deireadh a chur leis nó diúltú dá athnuachan’. De réir fhoclaíocht an Airteagail sin:

‘1.      Maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna ndéanamh tar éis theacht i bhfeidhm Threoir 2004/83/CE [ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le caighdeáin íosta do cháiliú agus do stádas náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a mbeadh cosaint idirnáisiúnta ar dhóigh eile de dhíth orthu agus maidir le hinneachar na cosanta a thugtar (IO 2004 L 304, lch. 12)], déanfaidh na Ballstáit an stádas dídeanaí atá ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát arna dheonú ag comhlacht rialtais, riaracháin, breithiúnach nó garbhreithiúnach a chúlghairm, deireadh a chur leis nó diúltú dá athnuachan má scoir sé de bheith ina dhídeanaí i gcomhréir le hAirteagal 11.

2.      Gan dochar don dualgas atá ar an dídeanaí i gcomhréir le hAirteagal 4(1) na fíorais ábhartha uile a nochtadh agus na doiciméid ábhartha uile atá ar fáil dó a sholáthar, déanfaidh an Ballstát a dheonaigh an stádas dídeanaí a léiriú, de réir mar a bheidh an cás, nach bhfuil an duine lena mbaineann ina dhídeanaí a thuilleadh, nó nach raibh sé ina dhídeanaí riamh, de réir bhrí mhír 1 den Airteagal seo.

3.      Cúlghairfidh na Ballstáit an stádas dídeanaí atá ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, cuirfidh siad deireadh leis an stádas sin nó diúltóidh siad dá athnuachan, más rud é, tar éis stádas dídeanaí a bheith deonaithe dó, go gcruthaíonn an Ballstát lena mbaineann an méid seo a leanas:

a)      go bhfuil an dídeanaí eisiata nó gur cheart dó a bheith eisiata ó stádas dídeanaí, i gcomhréir le hAirteagal 12;

b)      gur thug sé míléiriú ar na fíorais, lena n‑áirítear doiciméid bhréagacha a úsáid, nó gur fhág sé fíorais ar lár, agus go raibh an méid sin ina thoisc chinntitheach chun an stádas dídeanaí a dheonú;

4.      Féadfaidh na Ballstáit an stádas arna dheonú do dhídeanaí ag údarás rialtais, riaracháin, breithiúnach nó garbhreithiúnach a chúlghairm, deireadh a chur leis nó diúltú dá athnuachan,

a)      go bhfuil foras réasúnta ann lena mheas go bhfuil sé ina chontúirt do shlándáil an Bhallstáit ina bhfuil sé i láthair;

b)      go bhfuil sé, tar éis a chiontaithe le breithiúnas críochnaitheach i gcoir a bhfuil tromchúis ar leith ag baint léi, ina chontúirt do phobal an Bhallstáit sin.

5.      Sna cásanna a ndéantar cur síos orthu i mír 4, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan stádas a dheonú do dhídeanaí, i gcás nach ndearnadh cinneadh den sórt sin go fóill.

6.      Daoine a bhfuil feidhm ag míreanna 4 nó 5 maidir leo, beidh na cearta a leagtar amach in Airteagail 3, 4, 16, 22, 31, 32 agus 33 de Choinbhinsiún na Ginéive nó cearta atá cosúil leo sin acu, sa mhéid go bhfuil siad i láthair sa Bhallstát.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14      Áirítear Airteagail 20 go 35 i gCaibidil VII den Treoir sin, dar teideal ‘Inneachar na Cosanta Idirnáisiúnta’.

15      Foráiltear le hAirteagal 21 den Treoir sin, dar teideal ‘Cosaint ar an refoulement’, i mír 1:

‘Urramóidh na Ballstáit prionsabal an nonrefoulement i gcomhréir lena n‑oibleagáidí idirnáisiúnta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

16      Leagtar amach an méid seo a leanas sa dara fomhír d’Airteagal 36 den Treoir sin:

‘Déanfaidh na Ballstáit, i ndáil leis an gCoimisiún [Eorpach], gach beart iomchuí chun comhar díreach agus malartú faisnéise a chur ar bun idir na húdaráis inniúla.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2013/32

17      Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 9 de Threoir 2013/32, dar teideal ‘An ceart chun fanacht sa Bhallstát go dtí go scrúdófar an t-iarratas’:

‘1.      Beidh cead ag iarratasóirí fanacht sa Bhallstát, chun críocha an nós imeachta agus chun na gcríoch sin amháin, go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás cinntitheach i gcomhréir leis na nósanna imeachta ag an gcéad chéim a leagtar amach i gCaibidil III. Ní hionann an ceart fanachta sin agus a bheith i dteideal cead cónaithe.

2.      Ní fhéadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ón riail seo ach amháin má dhéanann duine iarratas ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 41 nó má dhéantar duine, de réir mar a bheidh, a thabhairt suas nó a eiseachadadh chuig Ballstát eile de bhua oibleagáidí a eascraíonn as barántas gabhála Eorpach [...] nó ar chúiseanna eile, nó chuig tríú tír nó chuig cúirt nó binse c(h)oiriúil idirnáisiúnta.

3.      Ní fhéadfaidh Ballstát iarratasóir a eiseachadadh chuig tríú tír de bhun mhír 2 ach amháin i gcás ina mbeidh na húdaráis inniúla sásta nach ndéanfar refoulement díreach nó indíreach de shárú ar oibleagáidí idirnáisiúnta agus Aontais an Bhallstáit sin mar thoradh ar an gcinneadh eiseachadta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

18      Leagtar amach in Airteagail 44 agus 45 den Treoir sin na rialacha lena rialaítear an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar. Go sonrach, foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 45(1) agus (3) den Treoir sin:

‘1.      Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an údarás inniúil cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar ó náisiúnach tríú tír nó ó dhuine gan stát i gcomhréir le hAirteagal 14 nó le hAirteagal 19 de [Threoir 2011/95], go mbeidh na ráthaíochtaí seo a leanas ag an duine lena mbaineann:

a)      cuirfear in iúl dó i scríbhinn go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an údarás inniúil ar a cháiliú mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta agus na cúiseanna le hathbhreithniú den sórt sin; agus

b)      tabharfar an deis dó cúiseanna a thíolacadh, in agallamh pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 12(1)(b) agus le hAirteagail 14 go 17 nó i ráiteas i scríbhinn, maidir leis an bhfáth nár cheart a chosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar.

[...]

3.      Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar cinneadh an údaráis inniúil cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar a thabhairt i scríbhinn. Déanfar na cúiseanna sna fíorais agus sa dlí a lua sa Chinneadh agus tabharfar faisnéis i scríbhinn ar an mbealach chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

19      Faoin dara fomhír d’Airteagal 49 de Threoir 2013/32:

‘Déanfaidh na Ballstáit, i gcaidreamh leis an gCoimisiún [Eorpach], gach beart iomchuí chun comhar díreach agus malartú faisnéise a chur ar bun idir na húdaráis inniúla.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Gearmáine

20      Is mar seo a leanas mar atá an fhoclaíocht in Airteagal 6(2) de Gesetz über die internationale Rechtshilfe in Strafsachen (‘IRG’) (Dlí maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach idirnáisiúnta in ábhair choiriúla) an 23 Nollaig 1982 (BGBI. 1982 I, lch. 2071), sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí:

‘Eisiafar an t‑eiseachadadh má bhíonn cúiseanna tromchúiseacha ann lena chreidiúint go ndéanfar, i gcás eiseachadta, an phearsa aonair iarrtha a ionchúiseamh nó a phionósú ar a chine, a reiligiún, a náisiúntacht, mar gheall ar a chomhaltas de ghrúpa sóisialta nó mar gheall ar thuairim pholaitiúil ar leith a bheith aige nó go bhféadfaí dochar a dhéanamh do sheasamh an duine sin ar aon cheann de na cúiseanna sin.’

21      In Airteagal 6 den Asylgesetz (AsylG) (an Dlí maidir leis an gceart chun tearmainn) an 26 Meitheamh 1992 (BGBl. 1992 I, lch. 1126), sa leagan a foilsíodh ar 2 Meán Fómhair 2008 (BGBl. 2008 I, lch. 1798), arna leasú go deireanach le hAirteagal 9 den Gesetz zur Weiterentwicklung des Ausländerzentralregisters (Dlí maidir le clár lárnach na náisiúnach eachtrach a fhorbairt) an 9 Iúil 2021 (BGBl. 2021 I, lch. 2467), luaitear an méid seo a leanas:

‘Beidh an cinneadh maidir leis an iarratas ar thearmann ina cheangal i ngach cás lena mbaineann aithint an tearmainn nó deonú cosanta idirnáisiúnta de réir bhrí na chéad mhíre, pointe 2 d’Airteagal 1. Níl feidhm ag an bhforáil sin maidir leis an nós imeachta um eiseachadadh ná leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 58a den Gesetz über den Aufenthalt, die Erwerbstätigkeit und die Integration von Ausländern im Bundesgebiet (Aufenthaltsgesetz – AufenthG) (Dlí maidir le cónaí, gníomhaíocht ghairmiúil agus lánpháirtiú náisiúnach eachtrach ar chríoch na Cónaidhme) an 30 Iúil 2004 (BGBl. 2004 I, lch. 1950).’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

22      Is náisiúnach Turcach Coirdíneach é A. D’fhág sé an Tuirc in 2010.

23      Le cinneadh críochnaitheach an 19 Bealtaine 2010, dheonaigh údaráis na hIodáile stádas dídeanaí do A. ar an bhforas go raibh sé i mbaol géarleanúna polaitiúla ag údaráis na Tuirce mar gheall ar a thacaíocht do Pháirtí Lucht Oibre na Cordastáine (PKK). Beidh an stádas sin bailí go dtí an 25 Meitheamh 2030.

24      Tá A. ina chónaí sa Ghearmáin ó mhí Iúil 2019.

25      Ar bhonn barántas gabhála a d’eisigh cúirt de chuid na Tuirce an 3 Meitheamh 2020, bhí A. ina ábhar foláirimh d’Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol) maidir lena ghabháil d’fhonn é a eiseachadadh chuig an Tuirc chun críche ionchúisimh choiriúil i leith dúnmharú. Cúisítear é, an 9 Meán Fómhair 2009, i raidhfil a lámhach in Bingöl (an Tuirc), a bhuail a mháthair, tar éis iomarbhá lena athair agus lena dheartháir. Fuair máthair A. bás de dheasca a gortuithe.

26      Gabhadh A. sa Ghearmáin an 18 Samhain 2020 agus cuireadh faoi choinneáil shealadach é, agus ansin faoi choinneáil ar feitheamh eiseachadta go dtí an 14 Aibreán 2022.

27      Le hordú an 2 Samhain 2021, dhearbhaigh Oberlandesgericht Hamm (Cúirt Uachtarach Réigiúnach Hamm, an Ghearmáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur, go raibh eiseachadadh A. chun na Tuirce inghlactha. Bhí an chúirt sin den tuairim, faoi dhlí na Gearmáine, nach raibh éifeacht cheangailteach ag an gcinneadh arna ghlacadh ag údaráis na hIodáile stádas dídeanaí a dheonú ar an nós imeachta um eiseachadadh a rinneadh sa Ghearmáin, ach go bhféadfadh sé a bheith ina léiriú chun a chinneadh, chun críocha scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh ar eiseachadadh, an mbeadh baol tromchúiseach nithiúil ann go ndéanfaí géarleanúint pholaitiúil ar A. sa Tuirc. Dá bhrí sin, lean an chúirt sin le scrúdú neamhspleách ar an iarraidh sin ar eiseachadadh ar bhonn na n‑áiteamh a rinne A., ar an gcéad dul síos, i gcomhthéacs an nóis imeachta tearmainn arna leanúint san Iodáil, a raibh sí in ann a chur faoina bráid tar éis na doiciméid a bhaineann leis an nós imeachta sin a bheith tarchurtha, agus, ar an dara dul síos, i gcomhthéacs an nóis imeachta um eiseachadadh. Chuir sí na ráthaíochtaí arna dtabhairt ag údaráis na Tuirce san áireamh freisin, eadhon, go gcomhlíonfadh na himeachtaí coiriúla a dhéanfaí tar éis eiseachadadh na ceanglais maidir le triail chóir. Chinn an chúirt a rinne an tarchur nach raibh aon bhaol ann go ndéanfaí géarleanúint pholaitiúil air ná go raibh forais thromchúiseacha ann lena chreidiúint go ndearnadh an iarraidh ar eiseachadadh, bunaithe ar chion a dhéanamh faoin ngnáthdhlí, chun A. a ionchúiseamh nó a phionósú mar gheall ar a thuairimí polaitiúla nó go bhféadfaí a staid a ghéarú, i gcás tabhairt suas, ar na cúiseanna sin.

28      Chuir an Bundesverfassungsgericht (Cúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme, an Ghearmáin) an t‑ordú sin ar ceal, tar éis do A. achomharc bunreachtúil a dhéanamh. Dar leis an gcúirt sin, sháraigh an Oberlandesgericht Hamm (Cúirt Uachtarach Réigiúnach, Hamm) ceart bunúsach A. faoi Airteagal 101(1) den Grundgesetz (Dlí Bunúsach), ar dá réir nach féidir aon duine a bhaint ó dhlínse a bhreithimh dhleathaigh. I ndáiríre, mhainnigh an chúirt sin, de shárú ar an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE, an cheist nuálach agus riachtanach úd a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun réamhrialú a fháil an bhfuil, faoi dhlí an Aontais, aitheantas críochnaitheach ar stádas dídeanaí arna thabhairt ag Ballstát do náisiúnach tríú tír ina cheangal ar an nós imeachta um eiseachadadh arna leanúint ag údarás inniúil Ballstáit eile, ar iarratas a fháil ag an údarás sin ó thríú Stát tionscnaimh an dídeanaí úd.

29      Tar éis an tarchuir, as diaidh an neamhnithe sin, ar an gcás lena mbaineann chuig Oberlandesgericht Hamm (Cúirt Uachtarach Réigiúnach, Hamm), ní mór don chúirt sin rialú arís ar an iarraidh chun A. a eiseachadadh. Cuireann an chúirt sin in iúl go bhfuil an cheist dá dtagraítear sa mhír roimhe seo – nár chinn an Chúirt Bhreithiúnais ina leith – conspóideach sa litríocht dhlíthiúil.

30      De réir an chéad chur chuige, leanann sé ó Airteagal 9(3) de Threoir 2013/32, i gcás inar deonaíodh stádas dídeanaí do dhuine i mBallstát le cinneadh críochnaitheach, nach mbeadh eiseachadadh chuig tríú tír inghlactha a thuilleadh faoi dhlí an Aontais. Tacaítear leis an léiriú sin le hAirteagail 11, 12 agus 14 de Threoir 2011/95 agus le hAirteagail 44 agus 45 de Threoir 2013/32, lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le stádas dídeanaí a scor, a eisiamh agus deireadh a chur leis. Bheadh baol ann go dtiocfaí timpeall ar na rialacha agus na nósanna imeachta sin dá bhféadfadh údaráis Ballstáit amháin glacadh le hiarraidh ar eiseachadadh dídeanaí a n-aithníonn údaráis Ballstáit eile a bheith ina dhídeanaí.

31      De réir an dara cur chuige, mheas reachtas an Aontais go bhfuil na nósanna imeachta tearmainn agus eiseachadta neamhspleách ar a chéile, agus mar thoradh air sin nach féidir le cinneadh ó Bhallstát stádas dídeanaí a dheonú do náisiúnach tríú tír éifeacht cheangailteach a bheith aige ar an nós imeachta um eiseachadadh arna sheoladh, tráth iarraidh ó thríú Stát tionscnaimh an dídeanaí sin, ag údarás inniúil Ballstáit eile. D’fhéadfadh an nós imeachta um eiseachadadh sin a bheith ar an gcéad deis chun scrúdú a dhéanamh ar na forais maidir le heisiamh ó stádas dídeanaí, rud a d’fhéadfadh údar a thabhairt leis an stádas sin a chúlghairm. Mar sin féin, ba cheart a bheith airdeallach faoi phrionsabal an nonrefoulement a urramú, dá dtagraítear in Airteagal 21(1) de Threoir 2011/95.

32      Glacann an chúirt a rinne an tarchur an dara cur chuige sin agus, thairis sin, seasann sí leis na measúnuithe arna ndéanamh cheana féin ina hordú an 2 Samhain 2021.

33      Cuireann an chúirt sin in iúl nach bhforáiltear le haon fhoráil de Threoir 2011/95 agus de Threoir 2013/32 go bhfuil cinneadh lena ndeonaíonn Ballstát stádas dídeanaí do náisiúnach tríú tír ina cheangal ar an nós imeachta um eiseachadadh arna chur i gcrích, tráth a iarrann tríú Stát tionscnaimh an dídeanaí sin, ag údarás inniúil Ballstáit eile.

34      Dá n‑aithneofaí éifeacht den sórt sin, i gcás ina bhfionnfaí, le linn an nós imeachta um eiseachadadh sin, fianaise nua lena dtugtar údar le measúnú difriúil ar an mbaol géarleanúna polaitiúla ina bhfuil an duine iarrtha, bheadh sé riachtanach fanacht go dtí go ndéanfadh údarás an Bhallstáit a dheonaigh an stádas dídeanaí, i gcás inarb iomchuí, an stádas sin a tharraingt siar. Chuirfeadh sé sin fad leis an nós imeachta um eiseachadta sin, a bheadh ar neamhréir le prionsabal an bhrostaithe, a bhfuil feidhm aige go háirithe i gcás ina gcuirtear an duine iarrtha faoi choinneáil ar feitheamh eiseachadta.

35      Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, thairis sin, go bhfuil sé i gcomhréir leis an gcuspóir dlisteanach saoirse ó phionós a sheachaint a mheas, in ainneoin aitheantas cinntitheach a thabhairt do stádas dídeanaí an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann, go bhfuil a eiseachadadh chuig a thríú tír thionscnaimh inghlactha, a mhéid nach bhfuil an t‑eiseachadadh sin contrártha leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). I ndáil leis sin, sonraíonn an chúirt sin, in éagmais eiseachadadh, go gceadaítear le dlí na Gearmáine, go teoiriciúil, imeachtaí coiriúla a thionscnamh i gcoinne an duine aonair a éilítear. Measann sé, áfach, ó tharla na fíorais sa Tuirc, nach féidir ionchúiseamh den sórt sin a dhéanamh, sa chleachtas, i bhfianaise nach féidir le húdaráis forfheidhmithe dhlí na Gearmáine an fhianaise a fháil ná finnéithe sa Tuirc a scrúdú.

36      Sna himthosca sin, chinn Oberlandesgericht Hamm (Cúirt Uachtarach Réigiúnach Hamm) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘Ar cheart forálacha comhcheangailte d’Airteagal 9(2) agus (3) de Threoir 2013/32/AE agus Airteagal 21(1) de Threoir 2011/95/AE a léiriú sa chiall go bhfuil aitheantas cinntitheach [duine] mar dhídeanaí de réir bhrí [Choinbhinsiún na Ginéive], i mBallstát eile […], ina cheangal chun críocha an nóis imeachta um eiseachadadh sa Bhallstát ar iarradh air duine den sórt sin a eiseachadadh, mar gheall ar an oibleagáid faoi dhlí an Aontais an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir leis na treoracha (Airteagal 288, tríú mír, CFAE agus Airteagal 4(3) CAE), is é sin le rá, an bhfuil sé ceangailteach sa chaoi go bhfuil sé [dodhéanta go sainordaitheach] an duine a eiseachadadh chuig an tríú tír nó chuig an tír thionscnaimh go dtí go ndéanfar aitheantas mar dhídeanaí a chúlghairm nó go dtí go mbeidh sé imithe in éag ó thaobh ama de?’

 An cheist a tharchuirtear

37      Lena ceist aonair, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 9(2) agus (3) de Threoir 2013/32 agus Airteagal 21(1) de Threoir 2011/95 a léiriú sa chaoi, i gcás ina bhfuil náisiúnach tríú tír a bhfuil stádas dídeanaí faighte aige i mBallstát ina ábhar, i mBallstát eile, ar a bhfuil cónaí air, d’iarraidh ar eiseachadadh óna thríú Stát tionscnaimh, go bhfuil an Ballstát eile sin faoi cheangal, i gcomhthéacs scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh ar eiseachadadh sin, ag an gcinneadh lena ndeonaítear an stádas dídeanaí náisiúnta sin, agus mar thoradh air sin go gceanglaítear air leis an gcinneadh sin diúltú don eiseachadadh a iarradh.

38      Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, in éagmais coinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le heiseachadadh idir an tAontas Eorpach agus an tríú Stát lena mbaineann, sa chás seo Poblacht na Tuirce, go dtagann na rialacha ina leith sin faoi inniúlacht na mBallstát. Mar is léir ó chásdlí na Cúirte, áfach, ceanglaítear ar na Ballstáit an inniúlacht sin a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Aibreán 2020, Ruska Federacija, C‑897/19 PPU, EU:C:2020:262, mír 48).

39      Sula ndéanfar scrúdú ar na forálacha a ndearna an chúirt a rinne an tarchur tagairt shonrach dóibh, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, faoi Airteagal 13 de Threoir 2011/95, go ndeonóidh na Ballstáit stádas dídeanaí, de réir bhrí Airteagal 2(e) den Treoir sin, d’aon náisiúnach tríú tír nó d’aon duine gan stát a cháilíonn mar dhídeanaí i gcomhréir le Caibidlí II agus III den Treoir sin, agus nach bhfuil aon chumhacht discréideach acu ina leith sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Meitheamh 2015, T., C‑373/13, EU:C:2015:413, mír 63; an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm), C‑391/16, C‑77/17 agus C‑78/17, EU:C:2019:403, mír 89, agus an 16 Eanáir 2024, Intervyuirasht organ na DAB pri MS (Mná is íospartaigh foréigin teaghlaigh), C‑621/21, EU:C:2024:47, mír 72 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40      Mar is léir ó aithris 21 de Threoir 2011/95 tá gné dhearbhaitheach ag baint le haitheantas Ballstát ar stádas dídeanaí, agus ní hionann é sin agus stádas dídeanaí. Dá bhrí sin, faoin gcóras a bhunaítear leis an Treoir sin, tá stádas dídeanaí ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát a chomhlíonann na coinníollacha sin, ar an gcúis sin amháin, de réir bhrí Airteagal 2(d) den Treoir sin agus Airteagal 1(A) de Choinbhinsiún na Ginéive (féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm) (C‑391/16, C‑77/17 agus C‑78/17, EU:C:2019:403, míreanna 85 agus 86).

41      Ciallaíonn aitheantas foirmiúil a thabhairt do stádas dídeanaí, arb ionann é agus stádas dídeanaí a dheonú, go bhfuil an dídeanaí lena mbaineann, de bhun Airteagal 2(b) de Threoir 2011/95, ina thairbhí de chosaint idirnáisiúnta, de réir bhrí na Treorach sin, agus mar thoradh air sin go bhfuil na cearta agus na sochair uile dá bhforáiltear i gCaibidil VII den Treoir sin aige [féach, chuige sin, breithiúnas an 14 Bealtaine 2019, M agus páirtithe eile (Stádas dídeanaí a chúlghairm), (C‑391/16, C‑77/17 agus C‑78/17, EU:C:2019:403, mír 91).

42      É sin ráite, féadfar a chur ina luí ar Bhallstát – a bhfuil stádas dídeanaí aitheanta aige do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2011/95, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 44 agus 45 de Threoir 2013/32 – an stádas dídeanaí sin a chúlghairm nó a tharraingt siar, go háirithe i gcás inar cosúil nach bhfuil an stádas sin ag an dídeanaí a thuilleadh de bhun Airteagal 11 de Threoir 2011/95 nó go bhfuil sé nó gur cheart é a eisiamh ón stádas sin de bhun Airteagal 12 den Treoir sin.

43      Ar an dara dul síos, ní dhearna reachtas an Aontais, mar is léir ón gComhchóras Eorpach Tearmainn mar atá sé faoi láthair, an cuspóir a shaothraítear le hAirteagal 78(2)(a) CFAE a bhaint amach, eadhon stádas aonfhoirmeach tearmainn do náisiúnaigh tríú tír, a bheadh bailí ar fud an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, ní dhearna reachtas an Aontais prionsabal a leagan síos go dtí seo ar dá réir a cheanglófaí ar na Ballstáit cinntí lena ndeonaítear stádas dídeanaí arna nglacadh ag Ballstát eile a aithint go huathoibríoch, ná na rialacha mionsonraithe maidir le prionsabal den sórt sin a chur chun feidhme a shonrú (breithiúnas an 18 Meitheamh 2024, Bundesrepublik Deutschland (Éifeacht cinnidh lena ndeonaítear stádas dídeanaí), C‑753/22, EU:C:2024:XXX, mír 68).

44      Dá bhrí sin, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit, mar atá dlí an Aontais faoi láthair, aitheantas na gceart uile a bhaineann le stádas dídeanaí ar a gcríoch a chur faoi réir cinneadh nua a bheith glactha ag a n‑údaráis inniúla lena ndeonófaí an stádas sin (breithiúnas an 18 Meitheamh 2024, Bundesrepublik Deutschland (Éifeacht cinnidh lena ndeonaítear stádas dídeanaí), C‑753/22, EU:C:2024:XXX, mír 69).

45      Sna himthosca sin, is gá a chinneadh, ar an tríú dul síos, an bhféadfaí – faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint idirnáisiúnta – le cinneadh lena ndeonaítear stádas dídeanaí arna ghlacadh ag údarás inniúil Ballstáit – éifeacht cheangailteach a bheith aige ar nós imeachta um eiseachadta maidir leis an dídeanaí lena mbaineann agus arna leanúint ag údarás inniúil Ballstáit eile – tráth a thiocfadh iarraidh ó thríú Stát tionscnaimh an dídeanaí sin – a mhéid nach mór don údarás sin eiseachadadh an dídeanaí sin a dhiúltú ar an bhforas gurb ann do chinneadh den sórt sin.

46      Sa chomhthéacs sin, ní mór forálacha ábhartha uile dhlí an Aontais, lena n‑áirítear forálacha na Cairte, a chur san áireamh, chomh maith le forálacha Threoracha 2011/95 agus 2013/32, dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur ina ceist.

47      D’fhonn freagra úsáideach a thabhairt ar an gcúirt a tharchuir ceist le haghaidh réamhrialú, féadfaidh an Chúirt a mheas gur gá forálacha de dhlí an Aontais nár thagair an chúirt náisiúnta dóibh i bhfoclaíocht a ceiste a chur san áireamh (féach, chuige sin, breithiúnais an 20 Márta 1986, Tissier, 35/85, EU:C:1986:143, mír 9, agus an 2 Márta 2023, PrivatBank agus páirtithe eile, C‑78/21, EU:C:2023:137, mír 35).

48      I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, sonraítear in Airteagal 1 de Threoir 2013/32 ‘gurb é is cuspóir don Treoir sin nósanna imeachta coiteanna a bhunú chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar de bhun Threoir [2011/95]’.

49      Tá Airteagal 9 de Threoir 2013/32 i gCaibidil II den Treoir sin, ina leagtar amach bunphrionsabail agus ráthaíochtaí an nós imeachta um chosaint idirnáisiúnta. Le hAirteagal 9(1) den Treoir sin, tugtar an ceart don iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta fanacht ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann le linn don nós imeachta chun a iarratas a scrúdú a bheith ar siúl. Údaraítear le hAirteagal 9(2) den Treoir sin do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an gceart sin sna cásanna dá dtagraítear ann, lena n‑áirítear, go háirithe, eiseachadadh an iarratasóra chuig tríú Stát. Tá eiseachadadh den sórt sin ansin – i gcomhréir le hAirteagal 9(3) den Treoir sin – faoi réir an choinníll go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis inniúla an Bhallstáit sin nach ndéanfar refoulement díreach ná indíreach ar an duine aonair a éilítear de shárú ar oibleagáidí idirnáisiúnta agus oibleagáidí an Bhallstáit sin i leith an Aontais Eorpaigh mar thoradh ar an gcinneadh eiseachadta lena mbaineann.

50      Dá bhrí sin, is léir ó fhoclaíocht agus ó struchtúr Airteagal 9 de Threoir 2013/32, agus ón áit a bhfuil sé i scéim ghinearálta na Treorach sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 77 dá Thuairim, nach rialaítear leis an Airteagal sin ach an staid eiseachadta a tharlaíonn le linn an nóis imeachta chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú. Os a choinne sin, ní rialaítear, leis an Airteagal sin, an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, eadhon, eiseachadadh tar éis do Bhallstát an chosaint sin a dheonú.

51      Ar an dara dul síos, meabhraítear le hAirteagal 21(1) de Threoir 2011/95, atá i gCaibidil VII di, dar teideal ‘Ábhar na cosanta idirnáisiúnta’, an oibleagáid atá ar na Ballstáit prionsabal an nonrefoulement a urramú de bhua a n‑oibleagáidí idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is léiriú sonrach í an fhoráil sin ar phrionsabal an nonrefoulement a ráthaítear, mar cheart bunúsach, le hAirteagal 18 agus le hAirteagal 19(2) den Chairt, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 33 de Choinbhinsiún na Ginéive (féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Samhain 2022, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Aistriú Cannabas teiripeach), C‑69/21, EU:C:2022:913, mír 55, agus an 6 Iúil 2023, Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl (Dídeanaí a rinne coir thromchúiseach), C‑663/21, EU:C:2023:540, mír 49).

52      A mhéid a bheadh sé d’éifeacht ag cinneadh Ballstáit an iarraidh ar eiseachadadh arna heisiúint ag an Stát tionscnaimh i gcoinne náisiúnach tríú tír, amhail A., a bhfuil stádas dídeanaí faighte aige i mBallstát eile i gcomhréir le rialacha dhlí tánaisteach an Aontais maidir le cosaint idirnáisiúnta, na cearta agus na sochair dá bhforáiltear i gCaibidil VII de Threoir 2011/95 a bhaint den náisiúnach sin, ní mór a mheas go dtagann an nós imeachta um eiseachadta a dhéantar sa chéad Bhallstát faoi raon feidhme chur chun feidhme dhlí an Aontais, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt.

53      Dá réir sin, ní mór d’údarás an Bhallstáit atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar eiseachadadh ó thríú Stát a bhaineann le náisiúnach tríú tír a bhfuil stádas dídeanaí faighte aige i mBallstát eile na cearta bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt, agus go háirithe na cearta a ráthaítear in Airteagal 18 agus in Airteagal 19(2) di, a urramú go hiomlán.

54      Ní mór a chinneadh, dá bhrí sin, an gcuirtear cosc le hAirteagal 21(1) de Threoir 2011/95, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 agus Airteagal 19(2) den Chairt, ar eiseachadadh in imthosca amhail na himthosca atá i gceist sna príomhimeachtaí.

55      I ndáil leis sin, ní mór a chur in iúl ón tús nach féidir le húdarás inniúil an Bhallstáit iarrtha eiseachadadh náisiúnaigh tríú tír – ar dheonaigh Ballstát eile stádas dídeanaí dó – chuig an tríú tír sin a údarú, i gcás ina sáraítear Airteagal 21(1) de Threoir 2011/95, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 agus Airteagal 19(2) den Chairt leis an eiseachadadh sin.

56      Go sonrach, maidir leis na forálacha sin, ar an gcéad dul síos, faoi Airteagal 18 den Chairt, ‘ráthófar an ceart chun tearmainn i gcomhréir le rialacha [Choinbhinsiún na Ginéive], an [Phrótacail maidir le Stádas Dídeanaithe] agus i gcomhréir le [Conradh AE] agus [Conradh FAE] ’.

57      De réir chásdlí na Cúirte, is faoi na Ballstáit atá sé a ráthú go mbeidh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta agus tairbhithe na cosanta idirnáisiúnta in ann leas éifeachtach a bhaint as an gceart a chumhdaítear san fhoráil sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Ungáir (Dearbhú intinne roimh iarratas ar thearmann), C‑823/21, EU:C:2023:504, mír 52).

58      Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 47 dá Thuairim, fad is gur dídeanaí é an duine a éilítear de réir bhrí Airteagal 2(d) de Threoir 2011/95 agus Airteagal 1(A) de Choinbhinsiún na Ginéive, bheadh sé d’éifeacht ag eiseachadadh an duine sin chuig a thríú tír thionscnaimh go mbainfí tairbhiú éifeachtach an chirt den duine sin, a thugtar dó le hAirteagal 18 den Chairt. Dá bhrí sin, fad a chomhlíonann an duine sin na coinníollacha chun an stádas sin a bheith aige, cuirtear cosc le hAirteagal 18 den Chairt ar é a eiseachadadh chuig an tríú tír ónar theith sé agus ina bhfuil an baol ann go ndéanfar géarleanúint air.

59      Sa chás seo, ciallaíonn sé sin, fad atá baol ann go bhfulaingeodh A. i gcríoch a thríú Stát tionscnaimh, óna ndearnadh an iarraidh ar eiseachadadh, géarleanúint pholaitiúil ar thug údaráis na hIodáile stádas dídeanaí dó dá bharr, go gcoisctear a eiseachadadh chuig an tríú Stát sin faoi Airteagal 18 den Chairt.

60      I ndáil leis sin, ní leor, mar bhonn aonair, go bhfuil na himeachtaí coiriúla a n‑iarrtar eiseachadadh A. ina leith bunaithe ar ghníomhartha seachas an ghéarleanúint sin, chun an baol sin a chur as an áireamh.

61      Ar an taobh eile, toirmisctear le hAirteagal 19(2) den Chairt, i ndearbhthéarmaí, duine a dhíbirt chuig Stát ina bhfuil baol tromchúiseach ann go ndéanfar é a chur faoi phionós an bháis nó an céasadh nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach a chur air (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Iúil 2023, Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl (Dídeanaí a rinne coir thromchúiseach), C‑663/21, EU:C:2023:540, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

62      Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil an duine atá faoi réir iarraidh ar eiseachadadh ag brath ar bhaol tromchúiseach íde atá mídhaonna nó táireach i gcás eiseachadta, ní mór don Bhallstát iarrtha a fhíorú, sula ndéanfar aon eiseachadadh, nach sáróidh an t‑eiseachadadh sin na cearta dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Chairt (breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2016, Petruhhin, C‑182/15, EU:C:2016:630, mír 60, agus an 2 Aibreán 2020, Ruska Federacija, C‑897/19 PPU, EU:C:2020:262, mír 64).

63      Chun é sin a dhéanamh, ní féidir leis an mBallstát sin, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Chairt, lena dtoirmisctear íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach, gan ach ráitis a rinne an tríú Stát iarrthach nó glacadh an Stáit sin le conarthaí idirnáisiúnta lena ráthaítear, i bprionsabal, urraim do chearta bunúsacha a chur san áireamh. Chun críocha an fhíoraithe sin, ní mór d’údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha brath ar fhianaise oibiachtúil, iontaofa, shonrach agus nuashonraithe go cuí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh, go háirithe, ar chinntí breithiúnacha idirnáisiúnta, amhail breithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, cinntí breithiúnacha an tríú Stát iarrthach agus cinntí, tuarascálacha agus doiciméid eile arna dtarraingt suas ag comhlachtaí Chomhairle na hEorpa nó a thagann faoi raon feidhme chóras na Náisiún Aontaithe (breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2016, Petruhhin, C‑182/15, EU:C:2016:630, míreanna 55 go 59, agus an 2 Aibreán 2020, Ruska Federacija, C‑897/19 PPU, EU:C:2020:262, mír 65).

64      Chun measúnú a dhéanamh ar an mbaol go sárófar Airteagal 21(1) de Threoir 2011/95 agus Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) den Chairt, is toisc fhíorthromchúiseach é gur dheonaigh Ballstát eile stádas dídeanaí don duine iarrtha, i gcomhréir le Treoracha 2011/95 agus 2013/32, nach mór d’údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ní mór cinneadh chun stádas dídeanaí a dheonú, a mhéid nach ndearna an Ballstát a dheonaigh an stádas sin an stádas sin a chúlghairm nó a tharraingt siar, a thabhairt ar an údarás sin eiseachadadh a dhiúltú, i gcomhréir leis na forálacha sin.

65      Tá an Comhchóras Eorpach Tearmainn, lena n‑áirítear critéir choiteanna chun daoine a shainaithint a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu i ndáiríre, mar a luaitear in aithris 12 de Threoir 2011/95, bunaithe ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí, ar dá réir nach mór a thoimhdiú, ach amháin in imthosca eisceachtúla, go gcomhlíontar ceanglais dhlí an Aontais leis an gcaoi a chaitear le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta i ngach Ballstát, lena n‑áirítear an Chairt, Coinbhinsiún na Ginéive, agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950 (féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Nollaig 2011, N.S. agus páirtithe eile, C‑411/10 agus C‑493/10, EU:C:2011:865, míreanna 78 go 80, agus an 19 Márta 2019, Ibrahim agus páirtithe eile, C‑297/17, C‑318/17, C‑319/17 agus C‑438/17, EU:C:2019:219, míreanna 84 agus 85).

66      Ina theannta sin, mar a tugadh chun cuimhne i mír 42 den bhreithiúnas seo, féadfaidh Ballstát a dheonaigh stádas dídeanaí do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát, i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2011/95, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 44 agus 45 de Threoir 2013/32, an stádas dídeanaí sin a chúlghairm nó a tharraingt siar, inter alia, i gcás ina ndealraíonn sé nach bhfuil an stádas sin aige a thuilleadh de bhun Airteagal 11 de Threoir 2011/95 nó go bhfuil sé nó gur cheart é a eisiamh ón stádas sin de bhun Airteagal 12 den Treoir sin. I ndáil leis sin, leagtar síos in Airteagal 45 de Threoir 2013/32 na rialacha nós imeachta a bhaineann le cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar, agus go háirithe na ráthaíochtaí nach mór a bheith ag an duine lena mbaineann i gcomhthéacs an nóis imeachta sin.

67      Thiocfaí timpeall ar na forálacha sin agus ar an nós imeachta dá bhforáiltear iontu dá bhféadfadh an Ballstát iarrtha náisiúnach tríú tír – a bhfuil stádas dídeanaí aitheanta ag Ballstát eile dó i gcomhréir leis na treoracha sin – a eiseachadadh chuig a thír thionscnaimh, dá mb’ionann an eiseachadadh sin, de facto, agus scor an stádais sin agus tairbhiú éifeachtach na cosanta a bheith á bhaint den duine lena mbaineann, a thugtar dó le hAirteagal 18 den Chairt, chomh maith leis na cearta agus na buntáistí dá bhforáiltear i gCaibidil VII de Threoir 2011/95 agus na ráthaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2013/32.

68      I bhfianaise a thábhachtaí atá cinneadh den sórt sin lena ndeonaítear stádas dídeanaí chun measúnú a dhéanamh ar iarraidh ar eiseachadadh ó thír thionscnaimh tairbhí de stádas dídeanaí, ní mór a mheas, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 112 dá Thuairim, ar bhonn phrionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(3) CAE, ar dá réir a thabharfaidh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit urraim agus cúnamh frithpháirteach dá chéile, chun na cúraimí a eascraíonn as na Conarthaí a chur i gcrích (breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2016, Petruhhin, C‑182/15, EU:C:2016:630, mír 42), agus a dtugtar léiriú sonrach dó in Airteagal 36 de Threoir 2011/95 agus in Airteagal 49 de Threoir 2013/32, nach mór don údarás atá inniúil chun an Ballstát iarrtha a eiseachadadh tús a chur, a luaithe is féidir, le malartú faisnéise le húdarás an Bhallstáit eile a dheonaigh an stádas dídeanaí don duine iarrtha. I ndáil leis sin, is faoin údarás sin atá sé an iarraidh ar eiseachadadh a bhaineann leis an duine aonair sin a chur in iúl don údarás deireanach sin, a thuairim maidir leis an iarraidh sin a sheoladh chuige agus a iarraidh go dtarchuirfear, laistigh de thréimhse réasúnta, an fhaisnéis atá ina sheilbh as ar eascair deonú an stádais sin agus a chinneadh maidir le stádas dídeanaí a chúlghairm nó a tharraingt siar ón duine aonair sin.

69      Ar an gcéad dul síos, is é is aidhm don mhalartú faisnéise sin a chur ar chumas údarás inniúil eiseachadta an Bhallstáit iarrtha na deimhnithe a cheanglaítear air a dhéanamh faoi Airteagal 18 agus Airteagal 19(2) den Chairt a dhéanamh ar bhealach iomlán feasach.

70      Ar an dara dul síos, cuireann an malartú faisnéise ar chumas údarás inniúil an Bhallstáit eile stádas dídeanaí a chúlghairm nó a tharraingt siar, de réir mar a bheidh, ar bhonn Airteagal 14 de Threoir 2011/95, agus na ráthaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 45 de Threoir 2013/32 á gcomhlíonadh go hiomlán.

71      I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ní chuirfí cosc ar eiseachadadh le dlí an Aontais ach amháin má chinneann údarás inniúil an Bhallstáit a dheonaigh an stádas dídeanaí iarrtha an stádas sin a chúlghairm nó a tharraingt siar ar bhonn Airteagal 14 de Threoir 2011/95 agus ar choinníoll go gcinneann údarás eiseachadta inniúil an Bhallstáit iarrtha nach dídeanaí é an duine sin nó nach dídeanaí a thuilleadh é agus nach bhfuil aon bhaol tromchúiseach ann, i gcás eiseachadadh an duine sin chuig an tríú Stát iarrthach, go gcuirfí an duine aonair céanna faoi phionós an bháis, faoi réir céasadh nó íde nó pionós eile atá mídhaonna nó táireach.

72      I bhfianaise na gcúiseanna go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear ná nach mór Airteagal 21(1) de Threoir 2011/95, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 agus Airteagal 19(2) den Chairt, a léiriú sa chaoi, i gcás ina bhfuil náisiúnach tríú tír – ar tugadh stádas dídeanaí dó i mBallstát amháin – faoi réir iarraidh ar eiseachadadh óna thír thionscnaimh ar Bhallstát eile – a bhfuil cónaí air ar a chríoch – nach féidir leis an mBallstát iarrtha eiseachadadh a údarú gan malartú faisnéise a bheith tionscanta leis an údarás a dheonaigh an stádas sin don duine iarrtha agus in éagmais chúlghairm an stádais sin arna déanamh ag an údarás sin.

 Costais

73      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

Maidir le hAirteagal 21(1) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 agus Airteagal 19(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina bhfuil náisiúnach tríú tír – ar tugadh stádas dídeanaí dó i mBallstát amháin – faoi réir iarraidh ar eiseachadadh óna thír thionscnaimh ar Bhallstát eile – a bhfuil cónaí air ar a chríoch – ní féidir leis an mBallstát iarrtha eiseachadadh a údarú gan malartú faisnéise a bheith tionscanta leis an údarás a dheonaigh an stádas sin don duine iarrtha agus in éagmais chúlghairm an stádais sin arna déanamh ag an údarás sin.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Ghearmáinis.