Language of document :

Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Nollaig 2023 – Exxonmobil Petroleum & Chemical v an Coimisiún agus ECHA

(Cás T-121/23) 1

(Caingean le haghaidh neamhniú – REACH – Liosta substaintí a shainaithnítear lena n-áireamh sa deireadh in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 – Litir lena n-iarrann an Coimisiún go ndéanfaidh ECHA athbhreithniú ar liostú na substainte feanaintréine ar an liosta sin  – Diúltú an Choimisiúin d’iarraidh ar ECHA sainchomhad a ullmhú de bhun Iarscríbhinn XV de Rialachán Uimh. 1907/2006 – Gníomh nach bhfuil faoi réir achomhairc – Do-ghlacthacht)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Exxonmobil Petroleum & Chemical BVBA (Anvers, an Bheilg) (ionadaithe: H. Estreicher, A. Bartl agus M. Escorneboueu, Dlíodóirí)

Cosantóirí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Mifsud Bonnici agus E. Mathieu, Gníomhairí), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ionadaithe: M. Heikkilä, W. Broere agus S. Mahoney, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an litir ón gCoimisiún Eorpach dar dáta an 21 Nollaig 2022 lenar dhiúltaigh an institiúid sin d’iarraidh ar ECHA sainchomhad a ullmhú de bhun Iarscríbhinn XV de Rialachán Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO 2006, L 396, lch. 1, ceartúchán ar IO 2007, L 136, lch. 3) chun go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) athbhreithniú ar a Cinneadh ED/88/2018 an 19 Nollaig 2018 lenar liostaigh sí feanaintréine ar liosta na substaintí a shainaithnítear gur ábhar mór imní iad dá bhforáiltear in Airteagal 59 de Rialachán Uimh. 1907/2006.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.

Ordaítear do Exxonmobil Petroleum & Chemical BVBA a chostais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) a íoc.

____________

1     IO C 155, 2.5.2023